European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1106

19.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2026/1106 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Bealtaine 2026

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar Chinneadh 2013/255/CBES, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 7 n-eintiteas a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin. Ina theannta sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 11 duine nádúrtha atá ar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/255/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

(i)

i roinn ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 18, 48, 51, 234, 287, 291, 295, 342, 350, 355 agus 358:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘18.

Mohammed (محمد) HAMCHO (حمشو)

Dáta breithe: 20.5.1966;

Uimhir Phas: 002954347;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, a bhfuil leasanna aige in earnálacha na hinnealtóireachta agus na tógála, na meán, an fháilteachais agus na sláinte. Tá leas airgeadais aige agus/nó tá poist shinsearacha agus feidhmiúcháin aige i roinnt cuideachtaí sa tSiria, go sonrach in Hamsho International, in Hamsho Communication, in Mhg International, Jupiter for Investment and Tourism Project agus Syria Metal Industries.

Bhí poist thábhachtacha aige i bpobal gnó sa Siria mar ardrúnaí Chomhlachas Tráchtála na Damaisce, mar chathaoirleach ar Chomhairlí Déthaobhacha Gnó na Síne-na Siria agus mar chathaoirleach ar Chomhairle Miotail agus Cruach na Siria.

Tá dlúthchaidreamh gnó aige le pearsana tábhachtacha in iar-réimeas al-Assad, lena n-áirítear Maher al-Assad.

I ngeall ar an ról tábhachtach atá aige agus ar an dlúthbhaint atá aige le hiar-réimeas al-Assad, lena leasanna gnó agus lena bhonn sócmhainní mór, baineann sé tairbhe fós as iar-réimeas al-Assad, tugann sé tacaíocht i gcónaí dó, agus tá sé comhlachaithe le daoine a bhaineann tairbhe as an réimeas sin agus a thugann tacaíocht dó.

27.1.2015

48.

Samir HASSAN (سمير حسن)

Dáta breithe: 10.8.1953;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, a bhfuil leasanna agus/nó gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Tá leasanna aige in Amir Group agus in Cham Holding agus/nó tá tionchar suntasach aige orthu, dhá ilchuideachta a bhfuil leasanna acu in earnálacha na réadmhaoine, na turasóireachta, an iompair agus an airgeadais. Uachtarán Chomhairle Gnó na Siria-na Rúise agus ról nach beag aige sa chaidreamh eacnamaíoch le Cónaidhm na Rúise trí Chomhairle Gnó na Siria-na Rúise.

I ngeall ar an ról tábhachtach atá aige agus ar an mbonn sócmhainní mór atá aige, tá sé fós ina dhuine gnó mór le rá a bhfuil dlúthcheangal aige le hiar-réimeas al-Assad.

Tá baint ag Samir Hassan le daoine a bhaineann tairbhe as iar-réimeas al-Assad nó a thacaíonn leis. Go háirithe, tá baint aige le Rami Makhlouf agus Issam Anbouba, atá ainmnithe ag an gComhairle agus a bhaineann tairbhe as iar-réimeas al-Assad.

27.9.2014

51.

Issam (عصام) ANBOUBA (أنبوبا)

Dáta breithe: 18.3.1952;

Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá gníomhach in earnálacha éagsúla de gheilleagar na Siria, mar shampla talmhaíocht, réadmhaoin, ola agus baincéireacht. Tá sé fós ag baint tairbhe as an impireacht ghnó a bhí sé in ann a bhunú mar gheall ar a dhlúthchaidreamh le hiar-réimeas al-Assad, trína chuideachtaí amach ón gcósta sa Liobáin. Tá caidreamh airgeadais aige le scothaicme ghnó na Siria agus le baill ardchéime d’iar-réimeas al-Assad, inter alia trína róil in “Siloserv” agus mar Chomhbhunaitheoir Cham Holding.

2.9.2011

234.

Duraid DURGHAM

Dáta breithe: 27.12.1964;

Inscne: fireann

IarGhobharnóir Bhanc Ceannais na Siria.

Is é a bhí freagrach as tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chur ar fáil d’iar-réimeas al-Assad ina cháil mar Ghobharnóir Bhanc Ceannais na Siria.

14.11.2016

287.

Hussam AL QATARJI ar a dtugtar freisin Hussam/Hossam Ahmed/Mohammed/Muhammad al-Katerji) (حسام القطرجي)

Dáta breithe: 1.1.1982;

Áit bhreithe: Raqqa, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Katerji Group (ar a dtugtar freisin Al Qatarji, Al Qatarji Company/Qatirji Company/Khatirji Group/Katerji International Group);

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus a bhfuil baint aige le hiar-réimeas al-Assad, tacaíonn Hussam Al Qatarji le hiar-réimeas al-Assad agus baineann sé tairbhe as freisin trí chomhaontuithe trádála maidir le hola agus cruithneacht le hiar-réimeas al-Assad a éascú agus brabús a dhéanamh astu.

Fuair Hussam Al Qatarji, in éineacht lena theaghlach, ceadúnas chun banc nua a chruthú, an National Islamic Bank. Tá gléasra stroighne nua faighte acu freisin ón rialtas, trí cheann dá gcuideachtaí, Nabd Contracting and Construction. Chuaigh siad isteach san earnáil turasóireachta freisin agus an chuideachta Arman Hotel and Tourist Management LLC cruthaithe acu. Chomh maith leis sin, chuaigh siad i mbun comhfhiontar leis an aireacht turasóireachta “Bere Aleppo Private JSC”. Tá mílíste in Aleppo á stiúradh ag Hussam Al Qatarji agus a mhuintir freisin. I mí Dheireadh Fómhair 2021, shínigh BS Company for Oil Services de chuid Al Qatarji socrú le hiar-réimeas al-Assad chun breosla a sholáthar do stáisiúin gháis i limistéir atá i seilbh iar-réimeas al-Assad.

21.1.2019

291.

Amer FOZ (ar a dtugtar freisin Amer Zuhair Fawz) (عامر فوز)

Dáta breithe: 11.3.1976;

Áit bhreithe: Homs, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach; San Críostóir-Nimheas;

Uimh. Náisiúnta: 06010274747;

Uimhir Phas: 002-14-L169340;

Cárta cónaithe UAE: 784-1976-7135283-5

Post: Bunaitheoir District 6 Company; Comhpháirtí bunaitheoir Easy life Company;

Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Samer Foz; Leas-Chathaoirleach Asas Steel Company; Aman Holding;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó a bhfuil baint aige le hiar-réimeas al-Assad agus a bhfuil leasanna gnó agus gníomhaíochtaí pearsanta agus teaghlaigh aige san iliomad earnálacha de gheilleagar na Siria. Baineann sé tairbhe airgeadais as rochtain ar dheiseanna tráchtála agus tacaíonn sé le hiar-réimeas al-Assad.

Tá baint aige freisin lena dheartháir Samer Foz, arna ainmniú ag an gComhairle ó Eanáir 2019 mar mhórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, de dheasca na tacaíochta a thugann sé d’iar-réimeas al-Assad agus de dheasca na tairbhe a bhaineann sé as. In éineacht lena dheartháir, tá sé ag gabháil do shó-mhaoin a cheannach in Dubai. Ina theannta sin, is comhpháirtí é sa chuideachta “Solid 1 Offshore” in Dubai, atá faoi úinéireacht a dhearthár, Samer Foz. Dá bhrí sin, tá baint aige lena dheartháir Samer Foz i gcomhthéacs comhleasanna gnó.

17.2.2020

295.

Adel Anwar AL-OLABI (ar a dtugtar freisin Adel Anouar el-Oulabi, Adil Anwar al-Olabi) (عادل أنور العلبي)

Dáta breithe: 10.1.1976;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Cathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC); iarGhobharnóir na Damaisce;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá ag baint tairbhe as iar-réimeas al-Assad agus ag tacú leis. Cathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC), géag infheistíochta Ghobharnóireacht na Damaisce chun maoin Ghobharnóireacht na Damaisce a bhainistiú agus tionscadal Marota City a chur chun feidhme.

Ina cháil mar iarGhobharnóir ar an Damaisc agus Cathaoirleach ar DCHC, is é atá freagrach as iarrachtaí chun beartais iar-réimeas al-Assad a chur chun feidhme maidir le talamh a díshealbhaíodh a fhorbairt sa Damaisc (lena n-áirítear Foraithne Uimh. 66 agus Dlí Uimh. 10), go háirithe trí thionscadal Marota City, agus ar an gcaoi sin tacaíonn sé leis an iar-réimeas.

17.2.2020

342.

Samer AL-DIBIS سامر الدبس

(ar a dtugtar freisin Samer AL-DIBS, Samir)

Dáta breithe: 30.3.1962;

Áit bhreithe: An Damaisc, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Naher Street, Rawda, an Damaisc, an tSiria;

Inscne: fireann

Is mórphearsa ghnó é Samer al-Dibis atá ag feidhmiú sa tSiria agus a bhfuil baint aige le hiar-réimeas al-Assad, atá gníomhach i roinnt earnálacha éagsúla den gheilleagar, go háirithe i dtionscal na gceimiceán agus sa réadmhaoin. Is iarchomhalta é de Bhord Stiúrthóirí Chomhairle Ghnó na Siria-na Síne agus tá sé ina iarchathaoirleach ar Chumann Tionscail na Damaisce agus Dhúiche na Damaisce. Is iar-fheisire parlaiminte agus dlúthchomhlach de chuid Maher-al-Assad freisin é. Sna feidhmeanna sin, tá Samer al-Dibis ag baint tairbhe as iar-réimeas al-Assad agus ag tacú leis.

24.4.2023

350.

Osama RAMADAN ar a dtugtar freisin Usama أسامة رمضان

Dáta breithe: 19.12.1973;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Saraya 36 Building, 3rd Floor;

Comhlach gnó: Ahmad Ali Taher;

Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;

Faisnéis aitheantais eile: Athair: Hassan Ramadan;

Inscne: fireann

Tá scaireanna ag Osama Ramadan in Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le hiar-réimeas al-Assad. Tá baint aige freisin le Maher al-Assad.

24.4.2023

355.

Bilal al-Naal (ar a dtugtar freisin al-Na’al)

Dáta breithe: 14.4.1975;

Áit bhreithe: An Damaisc, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is bunaitheoir agus comhpháirtí san iliomad cuideachtaí trádála agus infheistíochta sa tSiria é Bilal al-Naal. Le linn chogadh cathartha na Siria, thug sé tacaíocht airgeadais do mhílíste Shabiha.

Is ball de Chomhairle Gnó na Siria-na Rúise é, rud a chiallaíonn go bhfuil ról tábhachtach aige i ndáil leis na naisc eacnamaíocha idir an Rúis agus iar-réimeas al-Assad. Is iar-fheisire de pharlaimint na Siria é al-Naal chomh maith agus is iarchomhalta de chomhairle ghobharnóireacht na Damaisce é. Dá bhrí sin, is mórphearsa ghnó é Bilal al-Naal sa tSiria, atá ag baint tairbhe as iar-réimeas al-Assad agus a mhílíste agus ag tacú leo. Tá baint aige freisin le Fadi Saqr, Cham Holding agus Bishr al-Sabban.

22.1.2024

358.

Firas al-Akhras

Dáta breithe: 1.3.1978;

Áit bhreithe: Londain, an Ríocht Aontaithe;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is deartháir le Asma al-Assad é Firas al-Akhras. Is comhúinéir in Takamol LLC é, cuideachta atá freagrach as an gclár “cártaí cliste leictreonacha” a bhainistiú, ar clár é atá in úsáid ó 2014 i leith chun bia fóirdheonaithe agus táirgí eile a dháileadh sa tSiria faoi scáth na hAireachta um Thrádáil Intíre agus um Chosaint Tomhaltóirí. Go sonrach, tuilleann Takamol LLC táille as gach idirbheart a dhéantar tríd an gcárta cliste.

Dá bhrí sin, tá Firas al-Akhras ag baint tairbhe as iar-réimeas al-Assad agus ag tabhairt tacaíochta dó. Tá baint aige freisin le duine de mhuintir al-Assad.

22.1.2024’;

(ii)

i roinn ‘B. Eintitis’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

5.

Political Security Directorate (an Stiúrthóireacht um Slándáil Pholaitiúil);

6.

General Intelligence Directorate (an Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Ghinearálta);

7.

Military Intelligence Directorate (an Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata);

8.

Air Force Intelligence Agency (Gníomhaireacht Faisnéise an Aerfhórsa);

42.

Ministry of Defence (An Aireacht Cosanta);

43.

Ministry of Interior (an Aireacht Gnóthaí Baile);

60.

Higher Institute for Applied Sciences and Technology (Ard-Institiúid na nEolaíochtaí Feidhmeacha agus na Teicneolaíochta).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1106/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)