European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1098

19.5.2026

CINNEADH UIMH. 1/2026 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 2 Feabhra 2026

lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2026/1098]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor.

(2)

De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme agus tá na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na cinntí sin agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar.

(3)

Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (3), cé go bhfuil sé infheidhme de bhun Airteagal 13(3) de Chreat Windsor, is forálacha iad a bhfuil fágtha d’fhorálacha an Rialacháin sin de ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020, cuirfear le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor é, faoi phointe 14 ‘Táirgí tógála, innealra, cáblabhealaí, trealamh cosanta pearsanta’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Londain, an 2 Feabhra 2026.

Maroš ŠEFČOVIČ

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Nick THOMAS-SYMONDS


(1)   IO AE L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(2)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L AE 102, 17.4.2023, lch. 87).

(3)   IO AE L, 2025/14, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/14/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1098/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)