|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1097 |
18.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1097 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2026
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na hÍsiltíre,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Willemina Roziena Catharina STERK a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hÍsiltíre Gijs DE KRUIF, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Gedeputeerde, Lid van Gedeputeerde Staten van de provincie Utrecht (Aire Réigiúnach chúige Utrecht), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Gijs DE KRUIF, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Gedeputeerde, Lid van Gedeputeerde Staten van de provincie Utrecht (Aire Réigiúnach, Comhalta d’Fheidhmeannas Cúige Utrecht), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. MICHAELIDOU
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1097/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)