European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1070

12.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1070 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Bealtaine 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste CETA a bunaíodh faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh mar tháirgí íocshláinte nó drugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don chlár comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le dea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle (1), déantar foráil maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú an 30 Deireadh Fómhair 2016.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle (3), déantar foráil maidir le codanna den Chomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, lena n-áirítear bunú Chomhchoiste CETA. Tá codanna den Chomhaontú á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 21 Meán Fómhair 2017 ann.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 26.1(5)(c) den Chomhaontú, féadfaidh Comhchoiste CETA leasuithe ar an gComhaontú a mheas nó a chomhaontú.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 30.2 den Chomhaontú go bhféadfaidh Comhchoiste CETA a chinneadh na prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. De bhun Airteagal 26.3(3) den Chomhaontú, is de chomhthoil na bPáirtithe atáthar leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

(5)

De bhun Airteagal 15(5) den Phrótacal maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don chlár comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le dea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta, prótacal a ghabhann le CETA (‘an Prótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta’), tá an Grúpa Comhpháirteach Earnála le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta arna iarraidh sin do na Páirtithe sa Chomhaontú agus forbróidh sé moltaí maidir lena leasú lena mbreithniú ag Comhchoiste CETA.

(6)

De bhun Airteagal 15(6), an 15 Nollaig 2022 rinne an Grúpa Earnála Comhpháirteach athbhreithniú ar raon feidhme oibríochtúil an Phrótacail maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta agus mhol sé go ndéanfaí comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, a liostaítear faoi láthair i mír 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta agus a bhfuil ceanglais agus cláir chomhlíontachta an dá Pháirtí coibhéiseach leo, a áireamh ar liosta na dtáirgí íocshláinte nó na ndrugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Prótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta chomh maith.

(7)

Tá Comhchoiste CETA le cinneadh a ghlacadh maidir leis na comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh i raon feidhme oibríochtúil na dtáirgí íocshláinte nó na ndrugaí a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste CETA a bhunú ar bhonn an dréachtchinnidh ó Chomhchoiste CETA atá i gceangal a mhéid a bhaineann le comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh mar tháirgí íocshláinte nó mar dhrugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste CETA a mhéid a bhaineann le comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh mar tháirgí íocshláinte nó drugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Dea-chleachtais Mhonaraíochta a ghabhann leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste CETA atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)  Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/37/oj).

(2)   IO L 11, 14.1.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/37/oj.

(3)  Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1080, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/38/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2026 Ó CHOMHCHOISTE CETA

an …

a mhéid a bhaineann le comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh mar tháirgí íocshláinte nó drugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don chlár comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le dea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta

TÁ COMHCHOISTE CETA,

Ag féachaint d’Airteagal 26.1 den Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 30 Deireadh Fómhair 2016 (‘an Comhaontú’),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi fhorálacha Airteagal 30.7.3(a) den Chomhaontú, tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 21 Meán Fómhair 2017 ann.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 26.1.5(c) den Chomhaontú go bhféadfaidh Comhchoiste CETA leasuithe a mheas nó a chomhaontú mar a fhoráiltear sa Chomhaontú.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 30.2(2) den Chomhaontú go bhféadfaidh Comhchoiste CETA a chinneadh na prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(4)

Foráiltear le míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 15 den Phrótacal maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don chlár comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le dea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta (‘an Prótacal’) go bhfuil an Grúpa Comhpháirteach Earnála le hathbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme oibríochtúil táirgí íocshláinte nó drugaí faoi mhír 2 d’Iarscríbhinn 1, d’fhonn na táirgí íocshláinte nó na drugaí sin a liostaítear i mír 1 d’Iarscríbhinn 1 a áireamh.

(5)

Rinne an Coimisiún Eorpach agus Health Canada meastóireachtaí ar na cláir is infheidhme de chuid Cheanada agus an Aontais maidir le Dea-Chleachtais Mhonaraíochta le haghaidh comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus tháinig siad ar an gconclúid go bhfuil a gcreat rialála agus forfheidhmiúcháin sa réimse sin coibhéiseach lena chéile.

(6)

Dá bhrí sin, ar mholadh ón nGrúpa Comhpháirteach Earnála do Chomhchoiste CETA, ba cheart an Prótacal a leasú trí chomhábhair ghníomhacha chógaisíochta a áireamh mar tháirgí íocshláinte nó drugaí a liostaítear i mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal.

(7)

Ní gá aon nós imeachta eile faoi dhlíchóras an Aontais Eorpaigh chun go dtiocfaidh an Chinnidh seo i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme oibríochtúil táirgí íocshláinte nó drugaí

Maidir le mír 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don chlár comhlíontachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le dea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta, leasófar í mar a leanas:

(a)

ag deireadh na hiontrála le haghaidh phointe (f), bainfear an focal ‘agus’;

(b)

ag deireadh na hiontrála le haghaidh phointe (g), cuirfear ‘; agus’ in ionad an lánstad; agus,

(c)

i ndiaidh na hiontrála le haghaidh phointe (g), cuirfear isteach an iontráil seo a leanas: ‘(h) comhábhair ghníomhacha chógaisíochta.’.

Airteagal 2

Stádas dlíthiúil an leasaithe

Ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, déanfar cuid den Phrótacal den leasú a leagtar amach in Airteagal 1. Aithníonn na Páirtithe, ós rud é go gcuirtear an Comhaontú, lena n-áirítear an Prótacal, i bhfeidhm go sealadach, go gcuirfear an leasú i bhfeidhm go sealadach freisin go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm.

Airteagal 3

Téacsanna barántúla

Déantar an Cinneadh seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis do Cheanada fógra i scríbhinn a thabhairt don Aontas Eorpach lena ndeimhnítear go bhfuil a cheanglais agus a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm tugtha chun críche aige.

Arna dhéanadh in/sa …, …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1070/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)