|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1057 |
11.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1057 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Bealtaine 2026
lena gceaptar seachtar comhaltaí malartacha, arna mholadh ag Poblacht na Portaingéile, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Portaingéile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. |
|
(3) |
Tá suíocháin cúigear comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Pedro Alexandre ANTUNES FAUSTINO PIMPÃO DOS SANTOS, do João Maria ARANHA GRILO, agus do Cristina Lasalete CARDOSO VIEIRA éirí as oifig, agus tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Rogério Conceição BACALHAU COELHO agus Nuno José GONÇALVES MASCARENHAS a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Hugo Manuel DOS SANTOS MARTINS agus José Manuel GONÇALVES mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún. |
|
(5) |
Mhol rialtas na Portaingéile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030: José Carlos DAS DORES ZORRINHO, Presidente da Câmara Municipal de Figueira de Évora (Méara Évora), João Carlos FERREIRA VALÉRIO, Presidente da Câmara Municipal de Oliveira de Frades (Méara Oliveira de Frades), Inácio José LUDOVICO ESPERANÇA, Presidente da Câmara Municipal de Vila Viçosa (Méara Vila Viçosa), Amadeu Albertino MARQUES SOARES ALBERGARIA, Presidente da Câmara Municipal de Santa Maria da Feira (Méara Santa Maria da Feira), Carlos Manuel MARTINS CONDESSO, Presidente da Câmara Municipal de Figueira de Castelo Rodrigo (Méara Figueira de Castelo Rodrigo), Pedro Miguel MOURO LOURENÇO, Presidente da Câmara Municipal de São Pedro do Sul (Méara São Pedro do Sul) agus Hélio Jorge SIMÕES FAZENDEIRO, Presidente da Câmara Municipal de Covilhã (Méara Covilhã), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030:
|
— |
José Carlos DAS DORES ZORRINHO, Presidente da Câmara Municipal de Évora (Méara Évora), |
|
— |
João Carlos FERREIRA VALÉRIO, Presidente da Câmara Municipal de Oliveira de Frades (Méara Oliveira de Frades), |
|
— |
Inácio José LUDOVICO ESPERANÇA, Presidente da Câmara Municipal de Vila Viçosa (Méara Vila Viçosa), |
|
— |
Amadeu Albertino MARQUES SOARES ALBERGARIA, Presidente da Câmara Municipal de Santa Maria da Feira (Méara Santa Maria da Feira), |
|
— |
Carlos Manuel MARTINS CONDESSO, Presidente da Câmara Municipal de Figueira de Castelo Rodrigo (Méara Figueira de Castelo Rodrigo), |
|
— |
Pedro Miguel MOURO LOURENÇO, Presidente da Câmara Municipal de São Pedro do Sul (Méara São Pedro do Sul), agus |
|
— |
Hélio Jorge SIMÕES FAZENDEIRO, Presidente da Câmara Municipal de Covilhã (Méara Covilhã). |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13 (ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1057/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)