|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1055 |
11.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1055 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh. |
|
(3) |
I bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin, agus i bhfianaise go háirithe an Rúis a bheith ag díbirt leanaí Úcránacha go córasach agus go neamhdhleathach agus á n-aistriú le forneart chuig Cónaidhm na Rúise agus laistigh de chríocha atá faoi fhorghabháil shealadach, chomh maith le bheith á n-uchtú go héigeantach agus ag cur athoideachas éigeantach orthu, ar gníomhartha iad sin a sháraíonn go tromchúiseach an dlí idirnáisiúnta agus ar sárú iad ar chearta bunúsacha an linbh, agus é mar aidhm leo féiniúlacht na hÚcráine a scriosadh agus an bonn a bhaint de chaomhnú na nglúnta atá le teacht, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh. |
|
(4) |
Measann an Chomhairle gur cheart 16 dhuine agus 7 n-eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn i a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO a GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn i a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn i a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘2032. |
Lilya Valerievna SHVETSOVA Rúisis: Лилия Валерьевна ШВЕЦОВА |
Feidhm: Ceann an champa “Red Carnation” (Coróineach Dhearg) (ar a dtugtar freisin Krasnaya Gvozdika) in Berdyansk atá faoi fhorghabháil Dáta breithe: 11.7.1984 Inscne: baineann Seoladh: Zaporizhia region, g. Melitopol, ul. Grizodubova 48, k. 28 |
Is í Lilya Shvetsova Ceann an champa “Coróineach Dhearg”, brainse de International Children’s Centrer “Artek” (an Lárionad Idirnáisiúnta do Leanaí, “Artek”), institiúid oideachais bhuiséadach de chuid an stáit cónaidhme a oibríonn laistigh de chóras oideachais phoiblí Chónaidhm na Rúise i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach. Ina ról mar Cheann an Champa, déanann Lilya Shvetsova maoirseacht ar fheidhmiú agus ar chlársceidealú an champa, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar thuairimí polaitiúla agus idé-eolaíocha leanaí atá i láthair ag an tsaoráid a mhúnlú, lena n-áirítear leanaí ón Úcráin. Áirítear i gclár an champa gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna lena gcuirtear chun cinn insintí atá ar son na Rúise, teachtaireachtaí tírghrácha, agus gnéithe de theagasc tírghrách míleata. Dá bhrí sin, tá Lilya Shvetsova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2033. |
Elena Vasilievna ROMANOVSKAYA Rúisis: Елена Васильевна РОМАНОВСКАЯ |
Feidhm: Leas-Chathaoirleach Chomhairle Airí Phoblacht na Crimé – Aire Saothair agus Cosanta Sóisialta Phoblacht na Crimé, agus comhalta de Choiste Eagrúcháin Cónaidhme “Artek” Dáta breithe: 5.3.1966 Áit bhreithe: Bakhchisarai district, Crimean region Náisiúntacht: Rúiseach agus Úcránach Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 910221857002 |
Tá Elena Romanovskaya ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Airí Phoblacht na Crimé, mar a ghairtear di, agus ina “Aire Saothair agus Cosanta Sóisialta” i bPoblacht na Crimé, mar a ghairtear di, arna ceapadh ag údaráis forghabhála na Rúise, agus is comhalta í de Choiste Eagrúcháin Cónaidhme de International Children’s Centre, “Artek”, [an Lárionad Idirnáisiúnta do Leanaí, “Artek”], institiúid oideachais bhuiséadach de chuid an stáit cónaidhme a oibríonn laistigh de chóras oideachais phoiblí Chónaidhm na Rúise i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach. Sa cháil sin, is minic a ghlacann sí páirt in imeachtaí ag Artek, lena gcinntítear cur chun feidhme clár oideachais agus sóisialta don óige. Feidhmíonn sí freisin mar idirghabhálaí idir lucht riaracháin forghabhála na Crimé agus institiúidí leanaí ar leibhéal na cónaidhme, agus déanann sí maoirseacht freisin ar dháileadh na n-áiteanna ar leanaí chun freastal ar Artek agus ar champaí eile. Dá bhrí sin, tá Elena Romanovskaya ag cur gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach. |
11.5.2026 |
|
2034. |
Andrey Pavlovich SABINOV Rúisis: Андрей Павлович САБИНОВ |
Feidhm: Teachta de chuid an “Dúma Réigiúnaigh”, a dhéanann maoirseacht ar an lárionad “Warrior” (ar a dtugtar freisin Voin Centre) in Kherson. Cuireann an lárionad sin é féin in iúl mar “lárionad d’oiliúint spóirt mhíleata agus d’oideachas tírghrách don óige.” Dáta breithe: 17.4.1975 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Andrey Sabinov ar dhuine de Theachtaí an “Dúma Réigiúnaigh”, mar a ghairtear de, i réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil shealadach, a ceapadh faoi riarachán forghabhála na Rúise, agus tá sé ina cheann ar chraobh Lárionad Warrior in Kherson. Is eagraíocht óige Rúiseach faoi stiúir an stáit é an lárionad Warrior a bunaíodh i gCónaidhm na Rúise chun oideachas tírghrách agus míleata a chur chun cinn i measc daoine óga. Bíonn sé ag gabháil do theagasc míleata, oiliúint arm agus oiliúint oirbheartaíochta a shamhlófaí le daltaí airm. Oibríonn sé le tacaíocht ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise, a thug treoir don Lárionad Warrior comhoibriú go dlúth le rannpháirtithe i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Déanann Andrey Sabinov maoirseacht ar chláir atá dírithe ar oiliúint idé-eolaíoch agus pharaimíleata mionaoiseach agus cuireann sé na cláir sin chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena gcomhcheanglaítear oiliúint fhisiciúil le teachtaireachtaí tírghrácha ar son na Rúise. Dá bhrí sin, tá Andrey Sabinov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2035. |
Aleksandra Aleksandrovna BONDAREVA Rúisis: Александра Александровна БОНДАРЕВА |
Feidhm: An tOmbudsman um Chearta Leanaí in Oblast Astrakhan Dáta breithe: 4.8.1968 Áit bhreithe: Astrakhan, RSFSR, APSS Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 301702698650 |
Is í Aleksandra Bondareva an tOmbudsman um Chearta Leanaí in Oblast Astrakhan i gCónaidhm na Rúise, agus í freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leas na mionaoiseach laistigh den réigiún. Ina cáil oifigiúil, bhí baint ag Bondareva le leanaí Úcránacha a aistríodh go héigeantach ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach a ghlacadh agus a lonnú i dteaghlaigh Rúiseacha. Comhordaíonn sí le húdaráis réigiúnacha agus le comhlachtaí caomhnóireachta chun na haistrithe sin a phróiseáil. Dá bhrí sin, tá Aleksandra Bondareva ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2036. |
Alevtina Vasilievna ANDREEVA Rúisis: Алевтина Васильевна АНДРЕЕВА |
Feidhm: An Coimisinéir um Chearta Leanaí i Murmansk region Dáta breithe: 6.3.1983 Áit bhreithe: Republic of Karelia RSFSR, APSS Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Seoladh: Lenina Avenue 75, Murmansk 183006 |
Is í Alevtina Andreeva an Coimisinéir um Chearta Leanaí i réigiún Murmansk i gCónaidhm na Rúise agus tá sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bheartais agus institiúidí réigiúnacha a bhaineann le mionaoisigh. Sa cháil sin, tacaíonn sí le glacadh, lonnú, oideachas agus “lánpháirtiú” leanaí, lena n-áirítear mionaoisigh a aistrítear ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, agus comhordaíonn sí an méid sin, trí chomhar leis na húdaráis réigiúnacha, le hinstitiúidí oideachais agus le comhlachtaí caomhnóireachta. Éascaíonn sí agus formhuiníonn sí cláir lena gcuirtear chun cinn athoideachas idé-eolaíoch, tírghrá ar son na Rúise, an Rúisis agus insintí atá ailínithe le beartas stáit na Rúise, agus ar an gcaoi sin cuireann sí le creimeadh fhéiniúlacht náisiúnta na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Alevtina Andreeva ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach ó chríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2037. |
Alina Sergeevna NIKISHAEVA Rúisis: Алина Сергеевна НИКИШАЕВА |
Feidhm: Ceann chlub tírghrách-míleata Simferopol “Battalion Forpost” Leas-Cheannasaí den 147ú reisimint airtléire féinghluaiste Simferopol d’Fhórsaí Armtha na Rúise (aonad míleata 73966) Comhalta den pháirtí United Russia (“An Rúis Aontaithe”) Dáta breithe: 21.11.2001 Náisiúntacht: Rúiseach agus Úcránach Inscne: baineann |
Is í Aline Nikishaeva Ceann chlub tírghrách-míleata Simferopol “Battalion Forpost”, atá ag feidhmiú i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach faoi thionscnaimh oideachais óige agus tírghrácha Rúiseacha a fhaigheann tacaíocht ón stát. Cuireann an club tírghrá ar son na Rúise agus luachanna míleataithe chun cinn i measc leanaí agus déagóirí, rud a chuireann le síolteagasc idé-eolaíoch mionaoiseach, lena n-áirítear leanaí agus déagóirí a thagann ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil. Sa cháil sin, déanann Aline Nikishaeva maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a chuireann oiliúint thírghrách mhíleata agus oideachas idé-eolaíoch ar fáil do mhionaoisigh, i gcomhréir le hinsintí agus luachanna stáit na Rúise. Glacann an club páirt i dtionscadail le Yunarmia (Arm Óige na Rúise), lena ndéantar cláir óige na Rúise atá faoi stiúir an stáit a leabú a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá Alina Nikishaeva ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2038. |
Igor Valerievich ZHURAVLEV Rúisis: Игорь Валерьевич ЖУРАВЛЁВ |
Feidhm: Stiúrthóir ar All-Russian Children’s Centre “Smena” (Lárionad Uile-Rúiseach um Leanaí “Smena”) Dáta breithe: 1972 Áit bhreithe: Krasnozavodsk, Russian Soviet Federative Socialist Republic (RSFSR), APSS Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Igor Zhuravlev ina Stiúrthóir ar All-Russian Children’s Centre “Smena” (Lárionad Uile-Rúiseach um Leanaí “Smena”), saoráid atá nasctha le hAireacht Oideachais na Rúise. Ina cháil mar Stiúrthóir, bainistíonn Igor Zhuravlev lárionad “Smena”, ina ndéantar mionaoisigh Úcránacha a aistríodh ó chríocha faoi fhorghabháil a óstáil. Tá lárionad “Smena” mar chuid de líonra arna chomhordú ag an stát lena gcuirtear chun feidhme cláir lena ndéantar leanaí na hÚcráine a asamhlú agus a nochtadh do shíolteagasc idé-eolaíoch, agus d’oideachas míleataithe i gcomhréir le beartais stáit na Rúise. Trí ghníomhaíochtaí Lárionad Uile-Rúiseach um Leanaí “Smena” a stiúradh agus a mhaoirsiú, tá Igor Zhuravlev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach ó chríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2039. |
Andranik Sarkisovich GASPARYAN Rúisis: Андраник Саркисович ГАСПАРЯН |
Feidhm: Ceannasaí Centre for Military and Patriotic Training and Education of Youth “Warrior” (Lárionad um Oiliúint agus Oideachas Míleata agus Tírghrách don Óige, “Warrior”); Coirnéal i bhFórsaí Armtha na Rúise Dáta breithe: 11.9.1983 Áit bhreithe: Leninakan, Armenian SSR, an tAontas Sóivéadach (Gyumri, an Airméin, anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach sinsearach míleata Rúiseach é Andranik Gasparyan agus feidhmíonn sé faoi láthair mar Cheannasaí ar Centre for Military and Patriotic Training and Education of Youth “Warrior” (an Lárionad um Oiliúint agus Oideachas Míleata agus Tírghrách don Óige Warrior) agus mar Leas-cheann bhord maoirseachta an Larionaid “Warrior”. Is eagraíocht óige faoi stiúir stát na Rúise é Larionad Warrior a bunaíodh i gCónaidhm na Rúise chun oideachas tírghrách agus míleata chun oideachas tírghrách agus míleata a chur chun cinn i measc daoine óga. Bíonn sé ag gabháil do theagasc míleata, oiliúint arm agus oiliúint oirbheartaíochta a shamhlófaí le daltaí airm. Oibríonn sé le tacaíocht ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise, a thug treoir do Lárionad Warrior a bheith ag obair i ndlúthchomhar leo siúd a ghlacann páirt i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Déanann Lárionad ‘Warrior gníomhaíochtaí freisin i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, trí bhrainsí áitiúla. Tuairiscítear go bhfuil mionaoisigh Úcránacha ó chríocha faoi fhorghabháil faoi réir oideachas míleataithe agus oiliúint daltaí airm. Dá bhrí sin, tá Andranik Gasparyan ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme.. |
11.5.2026 |
|
2040. |
Igor VOROBYOV Rúisis: Игорь ВОРОБЬЕВ |
Feidhm: Ceann chraobh réigiúnach Volgograd den Centre for Military and Patriotic Training and Education of Youth “Warrior” (Lárionad um Oiliúint agus Oideachas Míleata agus Tírghrách don Óige, “Warrior”), eagraíocht atá nasctha le stát na Rúise Iaroifigeach de chuid Sheirbhís Pheannaideach Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Iarshaighdiúir a bhí páirteach in oibríochtaí Fhórsaí Armtha na Rúise san Úcráin (rannpháirtí deonach san “oibríocht mhíleata speisialta”) IarLeifteanant-Choirnéal sa tseirbhís inmheánach Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ceann chraobh áitiúil Volgograd den Centre for Military and Patriotic Training and Education of Youth “Warrior” is ea Igor Vorobyov. Is eagraíocht óige faoi stiúir stát na Rúise é an Lárionad Warrior a bunaíodh i gCónaidhm na Rúise chun oideachas tírghrách agus míleata a chur chun cinn i measc daoine óga. Bíonn sé ag gabháil do theagasc míleata, oiliúint arm agus oiliúint oirbheartaíochta a shamhlófaí le daltaí airm. Oibríonn sé le tacaíocht ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise, a thug treoir don Lárionad Warrior a bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Déanann Lárionad Warrior gníomhaíochtaí freisin i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, trí bhrainsí áitiúla. Dá bhrí sin, tá Igor Vorobyov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2041. |
Egor Andreevich LOGUNOV Rúisis: Егор Андреевич ЛОГУНОВ |
Feidhm: “An tAire Beartais Óige”, mar a ghairtear de, in Aireacht Beartais Óige Réigiún Zaporizhzhia, mar a ghairtear di, a bhunaigh údaráis forghabhála na Rúise i gcríoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach Dáta breithe: 1988 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: Melitopol, Zaporizhzhia Region, Interkulturnaya Street 2/2 |
Is é Egor Logunov an tAire Beartais Óige, mar a ghairtear de, in Aireacht Beartais Óige Réigiún Zaporizhzhia, mar a ghairtear di, a bhunaigh údaráis forghabhála na Rúise i gcríoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach. Ina cháil oifigiúil, déanann Logunov maoirseacht ar chur chun feidhme an bheartais óige i Réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, a dhíríonn ar leanaí agus ar ógánaigh na hÚcráine trí chláir lena gcuirtear síolteagasc tírghrách Rúiseach, Rúisiú idé-eolaíoch, agus ullmhúchán do sheirbhís ar son stát na Rúise chun cinn. Tá na gníomhaíochtaí sin mar chuid d’iarracht chórasach chun féiniúlacht na hÚcráine a chreimeadh i measc daoine óga sa chríoch faoi fhorghabháil. Faoina cheannaireacht, eagraíonn an aireacht imeachtaí, tionscadail agus tionscnaimh a bhaineann le pearsanra míleata na Rúise, lena n-áirítear “Comhráite le Laochra” agus cláir oideachais mhíleata-thírghrácha eile, agus tacaíonn sí leo sin, agus bíonn sí rannpháirteach nuair a dhéantar leanaí a sheoladh chuig imeachtaí agus cláir atá faoi rialú na Rúise agus atá ceaptha chun dílseacht do Chónaidhm na Rúise a chothú. Dá bhrí sin, tá Egor Logunov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2042. |
Marina Yuryevna SLONCHENKO Rúisis: Марина Юрьевна СЛОНЧЕНКО |
Feidhm: Ceann “Roinn Gnóthaí Óige Chathair Sevastopol”, mar a ghairtear di Dáta breithe: 31.3.1991 Áit bhreithe: Sevastopol, an Úcráin Náisiúntacht: Rúiseach agus Úcránach Inscne: baineann Seoladh: Lenin Street, Building 2, 299011, Sevastopol, an Úcráin |
Is í Marina Slonchenko ceann Roinn Gnóthaí Óige Chathair Sevastopol, mar a ghairtear di, údarás feidhmiúcháin forghabhála a bunaíodh faoi rialú na Rúise i gcríoch Sevastopol atá faoi fhorghabháil shealadach. Sa cháil sin, tá údarás aici ar bheartas na hóige agus ar chláir shóisialta ghaolmhara a chuirtear chun feidhme faoi choimirce lucht riaracháin na forghabhála. Mar cheann na Roinne Gnóthaí Óige, stiúrann Marina Slonchenko cláir agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear insintí tírghrácha agus idé-eolaíocha na Rúise chun cinn i measc leanaí agus daoine óga sa chríoch atá faoi fhorghabháil shealadach, lena n-áirítear oideachas tírghrách, feachtais chultúrtha, agus tionscnaimh slógtha ógánach, agus tacaíonn sí leis na cláir agus na gníomhaíochtaí sin. Spreagann sí agus éascaíonn sí rannpháirtíocht na hóige in imeachtaí atá ailínithe leis an bhforghabháil agus a thacaíonn le “Oibríocht Mhíleata Speisialta” na Rúise, lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chineál deonach amhail líonta duaithníochta agus soláthairtí leighis a chruthú d’fhórsaí na Rúise, agus tionscadail bholscaireachta a scaipeadh, mar shampla míreanna faisnéise lena ndéantar iarrachtaí míleata na Rúise a mhóradh. Trína ceannaireacht agus trí bheartas na hóige a fhorghníomhú in Sevastopol, tá Marina Slonchenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2043. |
Natalya Dadadzhonovna SHEVCHUK Rúisis: Наталья Дададжоновна ШЕВЧУК |
Feidhm: Stiúrthóir ar an mBrainse Réigiúnach den Eagraíocht Stáit-Phoiblí Uile-Rúise “DOSAAF” i gcathair Sevastopol Stiúrthóir ar an Eagraíocht Neamhthráchtála Uathrialach Oideachasúil Ghairmiúil “Scoil Tiomána an Bhrainse Réigiúnaigh den Eagraíocht Stáit-Phoiblí Uile-Rúise ‘DOSAAF’ i gcathair Sevastopol” Stiúrthóir ar an Eagraíocht Neamhthráchtála Uathrialach Oideachais Ghairmiúil Breise ‘Club Eitlíochta agus Spóirt na hEagraíochta Stáit-Poiblí Uile-Rúise “DOSAAF” Stiúrthóir ar an ANCPO (Eagraíocht Neamhthráchtála Uathrialach Ghairmiúil) “Club Spóirt agus Teicniúil Cathrach na hEagraíochta Stáit-Poiblí Uile-Rúise ‘DOSAAF’ i gcathair Sevastopol” Stiúrthóir ar an ANO APE (Eagraíocht Neamhthráchtála Uathrialach Oideachasúil Ghairmiúil Breise) “Lárionad Nuálaíochta Muirí an Bhrainse Réigiúnaigh den Eagraíocht Stáit-Phoiblí Uile-Rúise ‘DOSAAF’ i gcathair Sevastopol” Náisiúntacht: Úcránach Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 920250977251 |
Tá Natalya Shevchuk ina ceann ar roinnt clubanna agus eagraíochtaí míleata-tírghrácha a oibríonn i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach faoi údaráis forghabhála na Rúise. Sa cháil sin, éascaíonn Natalya Shevchuk athoideachas, síolteagasc idé-eolaíoch agus míleatú leanaí mar a bheadh “athshlánú, áineas agus oideachas” i gceist, lena n-áirítear cláir a chuirtear i láthair mar thionscnaimh dhaonnúla nó cothaithe síochána. Cuireann sí insintí chun cinn ina léirítear Cónaidhm na Rúise mar ghníomhaí “síochánaíochta” agus mar ghníomhaí daonnúil, agus idé-eolaíocht atá ar son na Rúise á scaipeadh aici agus an bonn á bhaint aici d’fhéiniúlacht náisiúnta na hÚcráine i measc mionaoiseach i gcríoch faoi fhorghabháil. Dá bhrí sin, tá Natalya Shevchuk ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2044. |
Evgeniya Alexandrovna GRICHENKOVA Rúisis: Евгения Александровна ГРИЧЕНКОВА |
Feidhm: Ceann an champa “Korsun” (cuid de Artek) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is í Evgenia Grichenkova Ceann an champa “Korsun”, brainse den International Children’s Centre “Artek” (an Lárionad Idirnáisiúnta do Leanaí, “Artek”), institiúid oideachais stát-bhuiséadach cónaidhme a oibríonn faoi chuimsiú chóras oideachais phoiblí Chónaidhm na Rúise i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach. Ina cáil mar Cheann champa “Korsun”, stiúrann agus maoirsíonn Evgenia Grichenkova gníomhaíochtaí an champa, ina ndéantar mionaoisigh Úcránacha a aistríodh ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil a óstáil. Tá Campa “Korsun” mar chuid den Larionad Idirnáisiúnta do Leanaí, “Artek”, atá comhtháite i gcóras, arna chomhordú ag an stát, lena gcuirtear chun feidhme cláir atá dírithe ar shíolteagasc idé-eolaíoch agus ar Rúisiú leanaí i gcomhréir le beartais stáit na Rúise. Dá bhrí sin, tá Evgenia Grichenkova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach agus asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2045. |
Dmitriy Evgenievich SHEVCHENKO ar a dtugtar freisin Dmitry Evgenievich SHEVCHENKO Rúisis: Дмитрий Евгеньевич ШЕВЧЕНКО |
Feidhm: Stiúrthóir ar an Lárionad Warrior (“Voin”) IarLeas-Aire Oideachais agus Eolaíochta i nDaon-Phoblacht Luhansk Dáta breithe: 20.2.1984 Áit bhreithe: réigiún Astrakhan (PCSS na Rúise roimhe seo (an Rúis anois)) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: 346780, Rostov Region, Azov, Petrovsky Boulevard, 21/99 Uimhir aitheantais chánach: 2502069338 |
Tá Dmitriy Shevchenko ina Stiúrthóir ar an Larionad “Voin” (Warrior) agus is iar-Leas-Aire Oideachais agus Eolaíochta é i nDaon-Phoblacht Luhansk, mar a ghairtear di. Is eagraíocht óige faoi stiúir an stáit é an Lárionad “Voin” a bunaíodh i gCónaidhm na Rúise chun oideachas tírghrách agus míleata a chur chun cinn i measc daoine óga. Faoina cheannaireacht, osclaíodh brainse den Lárionad i mí Aibreáin 2025 in Luhansk, áit a gcuireann sé oiliúint mhíleata-thírghrách ar mhórscála ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear láimhseáil arm tine agus oibríocht drón. Oibríonn an Lárionad i gcomhar le hAireacht Oideachais na Rúise agus cuireann sé cláir óige bhreise chun feidhme amhail “Time of Young Heroes.”. Déanann Dmitriy Shevchenko maoirseacht ar chláir atá dírithe ar oiliúint idé-eolaíoch agus pharaimíleata mionaoiseach agus cuireann sé na cláir sin chun cinn. Ghlac níos mó ná 5 000 leanbh scoile agus scoláire páirt sna gníomhaíochtaí sin, ina measctar oiliúint fhisiciúil agus mhíleata le teachtaireachtaí tírghrácha ar son na Rúise. Dá bhrí sin, tá Dmitriy Shevchenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
2046. |
Aleksey Sergeevich ZINCHENKO Alexey Sergeevich ZINCHENKO Rúisis: Алексей Сергеевич ЗИНЧЕНКО Úcráinis: Олексій Сергійович ЗIНЧЕНКО |
Feidhm: Ceann Choiste Stáit um Beartas Óige Phoblacht na Crimé, mar a ghairtear de (ó mhí Iúil 2022) Comhalta den pháirtí United Russia (“An Rúis Aontaithe”) Dáta breithe: 24.2.1995 Áit bhreithe: Simferopol Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 910225574502 |
Tá Aleksey Zinchenko ina Chathaoirleach ar Choiste Stáit um Beartas Óige Phoblacht na Crimé ó mhí Iúil 2022. De bhua a fheidhme, tá ról tábhachtach aige i síolteagasc agus i míleatú an oideachais sa Chrimé. Tá sé ar dhuine de na daoine is tábhachtaí i mbeartas na Rúise i leith daoine óga ón gCrimé. Tá sé i gceannas freisin ar thionscadail réigiúnacha “We are together” agus “Russia – country of opportunities”. Arís agus arís eile, chuir sé imeachtaí chun cinn agus chomheagraigh sé imeachtaí a dhírigh ar “seasamh cuí saoránach” agus tírghrá a chothú laistigh d’aos óg na Crimé. Tá “aistir thírghrácha” á n-eagrú aige idir an Chrimé agus críocha eile na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis chomh maith le himeachtaí a bhaineann le hinsintí na Rúise a chur chun cinn. Tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag “Movement of the First” agus d’fhormheas sé roinnt tionscadal a bhaineann le gníomhaíochtaí tírghrácha agus míleata. Faoina cheannaireacht, tá an Coiste Stáit um Beartas na hÓige ag spreagadh daoine óga ón gCrimé chun dul isteach in arm na Rúise agus molann Aleksey Zinchenko féin saighdiúirí Rúiseacha agus an t-arm ar a chuntais phearsanta líonra sóisialta. Dá bhrí sin, tá Aleksey Zinchenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. Tá sé ag tacú freisin le gníomhaíochtaí nó beartais, nó tá sé á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
11.5.2026 |
|
2047. |
Anastasia Pavlovna AKKURATOVA Rúisis: Анастасия Павловна АККУРАТОВА |
Feidhm: Leas-Stiúrthóir ar an Roinn Beartais Stáit i Réimse Chosaint Chearta an Linbh in Aireacht Oideachais Chónaidhm na Rúise Stiúrthóir ar Institiúid Bhuiséadach an Stáit Chónaidhme “Centre for the Protection of Children’s Rights and Interests” (An Lárionad um Chearta agus Leasanna Leanaí a Chosaint) Dáta breithe: 21.5.1978 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 621403768879 Uimhir ghutháin: +79142704363 |
Tá Anastasia Akkuratova ina Leas-Stiúrthóir ar an Roinn Beartais Stáit i Réimse Chosaint Chearta an Linbh in Aireacht Oideachais na Rúise. Déanann an Roinn maoirseacht ar bheartas stáit maidir le caomhnóireacht agus cosaint dílleachtaí, lena n-áirítear bainistiú a dhéanamh ar bhanc sonraí feidearálach leanaí nach bhfuil cúram tuismitheora acu agus comhordú a dhéanamh le húdaráis réigiúnacha. Glacann Anastasia Akkuratova páirt i gcruinnithe agus i bpróisis riaracháin chun nósanna imeachta caomhnóireachta agus clárúcháin a oiriúnú chun uchtú mionaoiseach Úcránach chuig teaghlaigh Rúiseacha agus a n-athlonnú chun na Rúise a dhlisteanú. Tá baint ag Anastasia Akkuratova le doiciméid a chomhordú agus le liostaí de leanaí fuadaithe ón Úcráin a athlonnaíodh chuig an Rúis a bhainistiú, agus lena n-áireamh i mbunachar sonraí dílleachta stáit na Rúise agus lena socrúchán le teaghlaigh Rúiseacha. Tá údaráis na Rúise tar éis go leor leanaí Úcránacha a díbríodh a athaicmiú mar dhílleachtaí, dlús a chur lena n-uchtú nó athrú a dhéanamh ar a dtaifid aitheantais. Dá bhrí sin, tá Anastasia Akkuratova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sí á gcur chun feidhme. |
11.5.2026’; |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘688. |
All Russian Children’s Centre “Smena” ar a dtugtar freisin All-Russian Children’s Centre “Change” ar a dtugtar freisin Federal State Budgetary Educational Institution All Russian Children’s Centre “Smena” Rúisis: Всеросийский детский еентр “Смена” ar a dtugtar freisin ФГБОУ ВДДД “Смена” |
Seoladh: An Rúis, 353407, Krasnodar Krai, Anapa Municipality, Sukko village, Territory of VDC “Smena”, building 1 An cineál eintitis: Institiúid Oideachais Stát-Bhuiséadach Cónaidhme Áit chlárúcháin: An Rúis Dáta clárúcháin: 1.6.1985 |
Saoráid atá nasctha le hAireacht Oideachais na Rúise atá in All Russian Children’s Centre “Smena” (Lárionad Leanaí Uile-Rúise “Smena”), ina ndéantar mionaoisigh Úcránacha arna n-aistriú go héigeantach ó chríocha faoi fhorghabháil a óstáil, agus mar a mbíonn siad faoi réir síolteagasc idé-eolaíoch, “Rúisiú”, agus oideachas de chineál míleataithe. Tá lárionad “Smena” mar chuid de líonra, arna chomhordú ag an stát, lena gcuirtear chun feidhme cláir lena ndéantar leanaí na hÚcráine a asamhlú agus a nochtadh do shíolteagasc idé-eolaíoch agus d’oideachas míleataithe i gcomhréir le beartais stáit na Rúise. Trí na gníomhaíochtaí sin a óstáil agus a oibriú, tá lárionad “Smena” ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach, asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
689. |
Avangard Military Camp ar a dtugtar freisin Avangard Military-Patriotic Training Centre Rúisis: Воено-патриотический центр “Авангард” |
Seoladh: Volgograd Oblast, Cónaidhm na Rúise An cineál eintitis: Saoráid stát-nasctha oiliúna míleata-tírghráiche do mhionaoisigh Áit chlárúcháin: An Rúis |
Is saoráid é Avangard Military Camp (Campa Míleata Avangard) atá nasctha le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus ina ndéantar mionaoisigh Úcránacha a aistríodh ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil a óstáil. Cuirtear na leanaí sin i dtimpeallachtaí ina nochtar iad do chláir atá ailínithe le beartais stáit na Rúise, lena n-áirítear síolteagasc polaitiúil agus gníomhaíochtaí atá comhsheasmhach le creataí oideachais míleataithe a shamhlófaí le daltaí airm, amhail oiliúint mhíleata agus smacht míleata. Dá bhrí sin, tá Campa Míleata Avangard ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le díbirt, aistriú éigeantach agus asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, mionaoiseach Úcránach ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
690. |
Regional Branch of DOSAAF Russia in the City of Sevastopol Rúisis: Региональное отделение ДОСААФ России г. Севастополя |
Seoladh:15 General Ostryakov Avenue, Sevastopol, 299029, an Rúis/an Chrimé atá faoi fhorghabháil shealadach (Rúisis: д. 15, проспект Генерала Острякова, 299029, г. Севастополь) An cineál eintitis: Saoráid stát-nasctha oiliúna míleata-tírghráiche do mhionaoisigh Áit chlárúcháin: Sevastopol, an Chrimé Uimhir aitheantais chánach: 9204010042 Uimhir Chlárúcháin: 1149204019843 |
Oibríonn DOSAAF Centre in Sevastopol (Lárionad DOSAAF in Sevastopol) roinnt clubanna míleata-tírghrácha, tionscnaimh oideachais, agus eagraíochtaí óige i gcríoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach. Is é Uachtarán Chónaidhm na Rúise a chruthaigh an Lárionad go díreach agus tacaíonn sé leis. Tá Lárionad DOSAAF freagrach as athoideachas, síolteagasc idé-eolaíoch agus míleatú leanaí. Déantar amhlaidh, inter alia, trí chláir oideachais lena scaiptear idé-eolaíocht atá ar son na Rúise agus lena mbaintear an bonn d’fhéiniúlacht náisiúnta na hÚcráine agus trí oiliúint mhíleata-thírghrách agus theicniúil-mhíleata a eagrú, lena n-áirítear cláir aerárthaí gan foireann agus cláir réamhchoinscríofa, chun ógánaigh i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach a ullmhú le haghaidh seirbhís amach anseo i bhfórsaí armtha agus i struchtúir chleamhnaithe Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Lárionad DOSAAF ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme.. |
11.5.2026 |
|
691. |
Military-Patriotic Club “Patriot” ar a dtugtar freisin Autonomous Non-Commercial Organization Military-Patriotic Club “Patriot” ar a dtugtar freisin Ano Military-Patriotic Club “Patriot” |
Seoladh: 297408, an Úcráin, temporarily occupied territory of the Republic of Crimea, Yevpatoria street, Vilna 9 An cineál eintitis: Saoráid stát-nasctha oiliúna míleata-tírghráiche do mhionaoisigh Áit chlárúcháin: An Rúis Uimhir aitheantais chánach: 9110021761 Uimhir Chlárúcháin: 1179102030326 |
Is eintiteas é Military-Patriotic Club “Patriot” atá ag feidhmiú i gcríoch na Crimé atá faoi fhorghabháil shealadach agus faoi chuimsiú na dtionscnamh oideachais mhíleata-thírghrách a fhaigheann tacaíocht ó stát na Rúise. Bíonn an eagraíocht ag gabháil d’athoideachas, síolteagasc idé-eolaíoch agus míleatú mionaoiseach i riocht cláir dhaonnúla agus cothaithe síochána, agus scaipeann sí insintí lena léirítear Cónaidhm na Rúise mar ghníomhaí “síochánaíochta” agus mar ghníomhaí daonnúil agus lena mbaintear an bonn d’fhéiniúlacht náisiúnta na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Military-Patriotic Club “Patriot” ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
692. |
Federal State Public Educational Institution “Nakhimov Naval School of the Order of Honor of the Ministry of Defense of the Russian Federation” Nakhimov Naval School NVMU Rúisis: Федеральное государственное казённое общеобразовательное учреждение “Нахимовское военно-морское ордена Почёта училище Министерства обороны Российской Федерации” ar a dtugtar freisin Нахимовское военно-морское училище ar a dtugtar freisin НВМУ |
Seoladh: 197046, Cónaidhm na Rúise, Cathair Pheadair, Petrogradskaya Embankment, 2-4 Cineál eintitis: Institiúid Oideachais Poiblí an Stáit Cónaidhme Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 11.6.1996 Uimhir chlárúcháin: 1037828008206 Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: https://nvmu.mil.ru/ R-phost: nvmu@mil.ru Teil.: +7 (812) 232-64-10 Facs: +7 (812) 232-64-10 INN/TIN: 7813054936 KPP: 781301001 |
Is scoil oideachais mhíleata í Nakhimov Naval School (NVMU), arna bunú agus arna hoibriú ag Cónaidhm na Rúise trína hAireacht Cosanta, a ullmhaíonn mionaoisigh le haghaidh seirbhís mhíleata. Oibríonn brainsí NVMU in Sevastopol agus Mariupol go dlúth le haonaid mhíleata na Rúise chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus déanann siad mionaoisigh Úcránacha a lánpháirtiú agus a earcú i gcláir atá dírithe ar chúrsaí míleata, rud a chothaíonn dílseacht don Rúis. I mbrainsí Sevastopol agus Mariupol de NVMU, cuirtear teagasc Rúisise, druileanna míleata, oiliúint arm, agus síolteagasc idé-eolaíoch ar leanaí Úcránacha, agus nochtar iad do chultúr míleata na Rúise, agus glacann siad páirt in imeachtaí lena ndéantar gníomhaíochtaí míleata na Rúise a mhóradh. Dá bhrí sin, tá Nakhimov Naval School ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le asamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc, nó oideachas míleataithe mionaoiseach Úcránach, agus tá sé á gcur chun feidhme. |
11.5.2026 |
|
693. |
Federal State Budgetary Educational Institution All Russian Children’s Center “Orlyonok” ar a dtugtar freisin All Russian Children’s Center “Orlyonok” ar a dtugtar freisin (Rúisis: Всероссийский детский центр “Орлёнок” ar a dtugtar freisin Федеральное государственное бюджетное образовательное учреждение “Всероссийский детский центр “Орлёнок” ФГБОУ ВДЦ “Орлёнок”) |
Seoladh: 352842, Cónaidhm na Rúise, Krasnodar region, Tuapse Cineál eintitis: Institiúid Oideachais Buiséadach an Stáit Cónaidhme Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 7.7.2000 BIN/OGRN: 1022304917095 Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: https://center-orlyonok.ru; https://orlyonok.ru R-phost: orlyonok@orlyonok.ru Teil.: +7 86167 91 2 37 Facs: +7 86167 92 7 08 INN/TIN: 2355004390 KPP: 236501001 |
Is institiúid oideachais chónaidhme é All-Russian Children’s Center “Orlyonok” a bhunaigh Rialtas Chónaidhm na Rúise agus Aireacht Oideachais na Rúise. Comhordaíonn Orlyonok cláir le húdaráis forghabhála agus le gníomhaireachtaí cónaidhme na Rúise chun mionaoisigh ó réigiúin san Úcráin atá faoi fhorghabháil a óstáil. Cuidíonn na cláir sin leis an smacht ar réigiúin faoi fhorghabháil a chomhdhlúthú agus le hinsintí stáit na Rúise a chur chun cinn. Óstálann Orlyonok gníomhaíochtaí oideachais mhíleata-thírghrách agus cruinnithe le comhraiceoirí, agus béim á leagan aige ar dhualgas, ar sheirbhís agus ar ailíniú le luachanna stáit na Rúise. Dá bhrí sin, tá All-Russian Children’s Center “Orlyonok” ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le hasamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc mionaoiseach Úcránach, agus tá na gníomhaíochtaí agus beartais sin á gcur chun feidhme aige. |
11.5.2026 |
|
694. |
Federal State Budgetary Educational Institution ‘All-Russian Children’s Center “Scarlet Sails” ar a dtugtar freisin All-Russian Children’s Center “Scarlet Sails” ar a dtugtar freisin All Russian Children’s Center “Alye Parusa” (Rúisis: Федеральное государственное бюджетное образовательное учреждение “Всероссийский детский центр “Алые паруса” ar a dtugtar freisin Всероссийский детский центр “Алые паруса” |
Seoladh: 297408, an Úcráin, Poblacht na Crimé, mar a ghairtear di, Yevpatoria, Lenin Ave., 23/26 Cineál eintitis: Institiúid Oideachais Buiséadach an Stáit Cónaidhme Áit chlárúcháin: An Úcráin Dáta clárúcháin: 1.12.2014 BIN/OGRN: 1149102101774 Príomháit ghnó: An Úcráin Suíomh gréasáin: https://ap-evp.ru R-phost: endo@ap-evp.ru Teil.: +7 (978) 170-20-72 INN/TIN: 9110005664 KPP: 911001001 |
Is institiúid oideachais an stáit cónaidhme é All-Russian Children’s Center “Scarlet Sails” faoi Aireacht Oideachais na Rúise, atá lonnaithe sa Chrimé atá faoi fhorghabháil. Eagraítear cláir an Ionaid i gcomhar le húdaráis forghabhála agus comhlachtaí cónaidhme na Rúise. Cuirtear síolteagasc ar son na Rúise ar leanaí Úcránacha, síolteagasc a mbíonn imeachtaí tírghrácha, oideachas idé-eolaíoch, agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar chúrsaí míleata san áireamh ann. Dá bhrí sin, tá All-Russian Children’s Center “Scarlet Sails” ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena rannchuidítear le hasamhlú éigeantach, lena n-áirítear síolteagasc mionaoiseach Úcránach, agus tá na gníomhaíochtaí agus beartais sin á gcur chun feidhme aige.’ |
11.5.2026’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1055/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)