European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1042

18.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1042 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2026

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir Éire isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2554)

(Is iad na téacsanna Béarla agus Gaeilge amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2), agus go háirithe Airteagal 58(3) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (3), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (‘FABanna’), lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

An 12 Meitheamh 2024, ghlac an Coimisiún spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’, 2025-2029). Leagadh síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún (4).

(3)

An 1 Deireadh Fómhair 2024, chuir Éire dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh TT4 faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis don Choimisiún iomláine an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhíorú, chuir Éire dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta (‘an dréachtphlean feidhmíochta’) isteach an 18 Samhain 2024.

(4)

Chinn an Coimisiún maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta atá beartaithe ag Éire sa dréachtphlean feidhmíochta i leith a limistéar muirearaithe faoi bhealach, nach gcomhlíonann siad na critéir mheasúnaithe a leagtar síos i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

(5)

Dá bhrí sin, an 16 Bealtaine 2025 thug an Coimisiún fógra d’Éirinn faoi na torthaí maidir le neamhréireacht na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in aithris 4 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún (5). Sa cinneadh sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí d’Éirinn d’fhonn comhsheasmhacht a spriocanna feidhmíochta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a áirithiú.

(6)

An 18 Lúnasa 2025, chuir Éire dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT4 isteach lena mheasúnú ag an gCoimisiún. Tar éis iomláine an phlean sin a fhíorú, chuir Éire leagan nuashonraithe den dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe (‘an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe’) isteach an 8 Deireadh Fómhair 2025.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh, i gcás inarb ábhartha.

(8)

Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le hathbhreithniú ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Mar sin féin, tá leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt dá dtagraítear i bpointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 faoi réir athbhreithniú ar leithligh ón gCoimisiún bunaithe ar fhaisnéis bhreise a fuarthas ó Éirinn i mí na Nollag 2025. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, maidir lena mhéid a chomhlíonann an mhodheolaíocht sin maidir le leithdháileadh costas pointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(9)

Chuir an Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘BAF’), a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/2803, a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann maidir le comhsheasmhacht na spriocanna sin leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Tá na torthaí a leagtar amach sa Chinneadh seo bunaithe ar an measúnú teicniúil mionsonraithe a leagtar amach i dtuairim BAF (7).

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna sábháilteachta

(10)

Maidir leis an bpríomhréimse feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann Éire i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna léiriú mar leibhéil cur chun feidhme:

Éire

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

Soláthraí seirbhíse

aerloingseoireachta

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2025

2026

2027

2028

2029

AirNav Ireland

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

D

D

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

C

(12)

Tá sé suite ag an gCoimisiún gurb ionann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann Éire le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ‘AirNav Ireland’ agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2025 go 2029.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta le haghaidh AirNav Ireland chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail sainaithint agus taifeadadh guaise a fheabhsú, bogearraí a cheannach chun anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le leibhéil tuirse rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) agus anailísithe sábháilteachta a earcú chun athbhreithniú a dhéanamh ar athruithe ar phróisis bhainistíochta.

(14)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 11, 12 agus 13, tá na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla le haghaidh 2029 atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomhréir leis na spriocanna comhfhreagracha uile-Aontais a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

Measúnú ar na spriocanna comhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna comhshaoil a mholann Éire i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (8) agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(16)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta comhshaoil a mholann Éire le haghaidh TT4 mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha ó Phlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

Éire

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna i príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,42 %

1,40 %

1,38 %

1,36 %

1,34 %

Luachanna tagartha

1,42 %

1,40 %

1,38 %

1,36 %

1,34 %

(17)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mholann Éire agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire le linn TT4.

(18)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag Éire, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear córas nua bainistithe aerthráchta (‘BAT’) a chur i bhfeidhm agus aerspás saorbhealaigh trasteorann a chur chun feidhme lena n-áirítear feabhsuithe breise a d’fhéadfaí a shainaithint le linn TT4.

(19)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 16, 17 agus 18, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Measúnú ar na spriocanna acmhainneachta

(20)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (‘BSAT’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna acmhainneachta a mholann Éire i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024.

(21)

Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann Éire le haghaidh TT4, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra:

Éire

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna léiriú i nóiméid moille BSAT faoi bhealach in aghaidh na heitilte

0,03

0,03

0,02

0,02

0,02

Luachanna tagartha

0,08

0,06

0,05

0,03

0,03

(22)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na spriocanna acmhainneachta a mholann Éire níos ísle ná na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana féilire le linn TT4.

(23)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir Éire i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach, lena n-áirítear earcú agus oiliúint ATCOnna breise agus pearsanra leictreonaice sábháilteachta aerthráchta (‘ATSEP’), earnáiliú feabhsaithe, agus réadú infheistíochtaí i gcórais agus i mbonneagair lena gcumasaítear acmhainneacht fheabhsaithe.

(24)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur bhunaigh Éire, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, dhá phríomhtháscaire feidhmíochta (‘PTFanna’) breise agus spriocanna feidhmíochta breise gaolmhara i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) agus Airteagal 10(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún. Is é is cuspóir do na PTFanna breise sin rianú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart ag AirNav Ireland chun a leibhéil foirne ATCO agus pearsanra leictreonaice sábháilteachta aerthráchta a neartú arna dtomhas i gcoibhéisí lánaimseartha (‘FTEnna’). Tá an méadú ar an líon FTEnna sna catagóirí foirne sin ríthábhachtach chun acmhainneacht aerspáis a fheabhsú agus chun tacú le cur chun feidhme tráthúil na n-infheistíochtaí atá beartaithe i sócmhainní seasta.

(25)

Tá scéimeanna dreasachta de chineál airgeadais curtha ar bun ag Éire freisin, i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, chun tacú leis na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta breise dá dtagraítear in aithris 24 a bhaint amach.

(26)

Ag tagairt d’aithrisí 24 agus 25, is díol sásaimh don Choimisiún na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta breise agus na scéimeanna dreasachta airgeadais gaolmhara a bhunaigh Éire sa dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na dreasachtaí airgeadais nasctha leis an éabhlóid tráchta iarbhír le linn TT4 agus gurbh é ab aidhm dóibh na costais a íocann úsáideoirí aerspáis a mhaolú i gcás nach gcuirfear earcú beartaithe ATCOnna agus ATSEPanna chun feidhme ina iomláine. Measann an Coimisiún go bhfuil údar leis na dreasachtaí airgeadais a leagtar síos don soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ina leith sin agus go bhfuil siad comhréireach i bhfianaise na gcostas suntasach a bhaineann le hearcú beartaithe ATCOnna agus ATSEPanna breise le linn TT4.

(27)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 21 go 26, maidir leis na spriocanna i dtaca le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann agus dá dtagraítear in aithris 21, ba cheart a mheas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Athbhreithniú ar na spriocanna acmhainneachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(28)

I gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, d’athbhreithnigh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

Measúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta

(29)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 nach raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann a cuireadh isteach in 2024 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Mhol Éire spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(30)

Léirítear sa tábla thíos na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe atá beartaithe ag Éirinn sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hÉireann

Luach bonnlíne 2019

Luach bonnlíne 2024

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022)

27,61 EUR

26,89 EUR

28,49 EUR

29,51 EUR

29,49 EUR

29,56 EUR

29,85 EUR

(31)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil costas aonaid arna shuí (‘CAAS’) na hÉireann le haghaidh gach bliana de TT4 beagán níos ísle ná mar atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2024, ar feabhas é.

(32)

Léirítear sa tábla thíos na costais arna suí arna sloinneadh in EUR i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022 (‘EUR2022’) agus na toimhdí tráchta le haghaidh an limistéir muirearaithe, mar a shocraíonn Éire sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hÉireann

2025

2026

2027

2028

2029

Costais athbhreithnithe arna suí i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

147 M EUR

155 M EUR

158 M EUR

161 M EUR

165 M EUR

Réamhaisnéis tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina mílte d’aonaid seirbhíse faoi bhealach

5 175

5 256

5 349

5 458

5 544

(33)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe a mhol Éire bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4.(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(34)

Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá +2,1 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,2 %.

(35)

Maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an treocht CAAS faoi bhealach fhadtéarmach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) agus TT4, mar atá +0,9 %, níos measa ná an treocht fhadtéarmach uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %.

(36)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne EUR 26,89 le haghaidh CAAS na hÉireann in EUR2022 5,4 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, is é sin EUR 28,43 in EUR2022, a leagtar amach in Airteagal 7, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.

(37)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún scrúdú chun a chinneadh an féidir a mheas go bhfuil na dialltaí dá dtagraítear in aithrisí 34 agus 35 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, rinne an Coimisiún measúnú chun a chinneadh an bhfuil na dialltaí a breathnaíodh ón treocht CAAS uile-Aontais agus ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais dá dtagraítear in aithrisí 34 agus 35 i ngeall, go heisiach, ar chostais bhreise arna suí a bhaineann leis na bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta a bhaint amach nó ar chostais athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(38)

Ríomh BAF na difríochtaí measta idir na costais arna suí le haghaidh TT4 atá leagtha amach ag Éire sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus na costais arna suí a éileofaí chun an treocht CAAS uile-Aontais le haghaidh TT4 a chomhlíonadh agus an treocht CAAS uile-Aontais fhadtéarmach le haghaidh TT3 agus TT4 le chéile a chomhlíonadh. Ar bhonn thorthaí BAF, tá na costais iomlána arna suí le haghaidh TT4 a mhol Éire thart ar EUR 92,9 M in EUR 2022 níos lú ná an leibhéal is gá chun an treocht CAAS uile-Aontais a chomhlíonadh, rud a léiríonn meánbhearna bhliantúil EUR 18,6 M in EUR2022. Feictear difríocht chomhchosúil ar fiú thart ar EUR 98,0 M in EUR2022 í le linn TT4 ar fad in aghaidh an leibhéil is gá chun an treocht CAAS fhadtéarmach uile-Aontais a chomhlíonadh, rud a chomhfhreagraíonn do mheánbhearna bhliantúil EUR 19,6 M in EUR2022.

(39)

Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go dtagraíonn Éire sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe do na costais bhreise arna suí arna dtabhú le linn TT4 ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta AirNav Ireland i ndáil leis na bearta is gá chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta (‘bearta acmhainneachta’) a bhaint amach.

(40)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil ocht mbeart acmhainneachta curtha i láthair agus cainníochtaithe ag Éirinn, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, arb é EUR 104,1 M a luach iomlán le linn TT4 arna shloinneadh i dtéarmaí réadacha in EUR 2022.

(41)

Cuimsíonn na bearta acmhainneachta sin, ar an gcéad dul síos, oiliúint agus fostú foirne breise, go háirithe ATCOnna agus ATSEPanna, ag AirNav Ireland:

—

Tá sé beartaithe ag AirNav Ireland an líon ATCOnna in oibríochtaí ag lárionad rialaithe limistéar na Sionainne a mhéadú le linn TT4 faoi 30 coibhéis lánaimseartha (‘FTE’), rud a thabharfaidh an líon iomlán ATCOnna in oibríochtaí ag an lárionad rialaithe limistéar go 225 FTE in 2029. Míníonn Éire go mbeidh leibhéil foirne ATCO AirNav Ireland leordhóthanach chun freastal ar an éileamh tráchta agus go ndéanfar athléimneacht a cuid oibríochtaí a mhéadú an tráth céanna, leis an mbeart seo. Mar thoradh air sin, tá coinne ag AirNav Ireland go laghdóidh sé go mór an leas a bhaineann ATCOnna as ragobair.

—

A mhéid a bhaineann le ATSEPanna breise a fhostú, míníonn Éire go dtacódh an méadú ar leibhéil foirne innealtóirí le tionscadail infheistíochta caipitil a sheachadadh agus le córas BAT nua a chur chun feidhme le linn TT4, agus i dtréimhsí tagartha roimhe seo ní raibh an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta in ann cur in úsáid iomlán infheistíochtaí a bhaint amach mar gheall ar easpa acmhainní do phoist ATSEP. Thairis sin, tá sé d’aidhm ag AirNav Ireland 83 bhall foirne bainistíochta oibríochtaí agus tacaíochta ghinearálta a fhostú faoi 2029, rud a scaoilfidh ATCOnna ó chúraimí neamhoibríochtúla, agus a mhéadóidh táirgiúlacht agus éifeachtúlacht na ATCOnna fostaithe.

(42)

Agraíonn Éire freisin mar bheart acmhainneachta infheistíochtaí i gcórais agus i mbonneagar, córas nua BAT a fháil agus a chur in úsáid, rud a sholáthróidh feabhsuithe feidhmiúla agus teicniúla:

—

Tiocfaidh an córas nua BAT in ionad an chórais oidhreachta atá in úsáid faoi láthair le 17 mbliana anuas. Leis an gcóras BAT nua, cumasófar feidhmiúlachtaí teicniúla feabhsaithe chun tacú le cinnteoireacht ATCO, táirgiúlacht ATCO fheabhsaithe agus uathoibriú gnáthchúraimí.

—

Tá sé beartaithe ag AirNav Ireland freisin córas teagmhasach BAT nua a chur chun feidhme agus a fhoirgnimh lárionaid rialaithe limistéir a leathnú. Leis an infheistíocht seo, beifear in ann saoráidí an chórais nua BAT a chruthú agus a thástáil, acmhainneacht a mhéadú agus leanúnachas seirbhíse a áirithiú.

—

Thairis sin, déanfaidh AirNav Ireland uasghrádú ar a bhonneagar radair, lena n-áirítear athsholáthar comhpháirteanna teicniúla a suiteáladh idir 2005 agus 2008, a bhfuil deireadh a ré bainte amach acu. Is é cuspóir na hinfheistíochta seo cumhdach radair iontaofa, agus acmhainneacht agus táirgiúlacht fheabhsaithe a sholáthar.

(43)

Tá anailís mhionsonraithe déanta ag BAF ar na bearta acmhainneachta a d’agair Éire. Ina anailís, chuir BAF san áireamh na réasúnuithe breise a sholáthraítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus na scéimeanna dreasachta breise, dá dtagraítear in aithrisí 25 agus 26, a bhunaigh Éire i ndáil le cur chun feidhme na hearcaíochta atá beartaithe do ATCOnna agus ATSEPanna le linn TT4. I bhfianaise an mhéid sin, mheas BAF go bhfuil na bearta acmhainneachta arna n-agairt ag Éirinn riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(44)

Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag BAF, maidir leis na costais bhreise arna dtuairisciú ag Éirinn le haghaidh na mbeart acmhainneachta dá dtagraítear in aithrisí 39 go 43, tá siad níos mó ná na dialltaí ó na treochtaí costéifeachtúlachta uile-Aontais arna ríomh ag CAF agus arna gcur i láthair in aithris 38.

(45)

I bhfianaise na mbreithnithe in aithrisí go 44, cinneann an Coimisiún gur cheart a mheas go bhfuil an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil le hÉirinn maidir leis an diall ón treocht CAAS uile-Aontais dá dtagraítear in aithris 34 agus maidir leis an diall ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais dá dtagraítear in aithris 35. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur thug Éire aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla.

(46)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 30 go 45, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta atá sa dréachtphlean feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4.

Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(47)

I gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, d’athbhreithnigh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann i leith na n-aerfort dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Fuarthas amach nach bhfuil na spriocanna sin ina gcúis imní.

CONCLÚIDÍ

(48)

I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hÉireann comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir Éire isteach le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.

Airteagal 2

Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Apostolos TZITZIKOSTAS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/549/oj.

(2)   IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.

(3)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2025 agus dar críoch an 31 Nollaig 2029 (IO L, 2024/1688, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1688/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2025 maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá san áireamh sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, Lucsamburg, an Ísiltír agus an tSlóvaic isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais do cheathrú tréimhse thagartha scéim feidhmíochta agus muirearaithe an Aerspáis Eorpaigh Aonair (IO L, 2025/1040, 23.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1040/oj).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj).

(7)  Tuairim Uimh. 1-2026 ón mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (TT4), an 28 Eanáir 2026.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/123/oj).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe arna chur isteach ag Éire de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, a cinneadh a bheith i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

Éire

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2025

2026

2027

2028

2029

AirNav Ireland

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

D

D

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig iarbhír

Éire

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,42 %

1,40 %

1,38 %

1,36 %

1,34 %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

Meánmhoill BSAT faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

Éire

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna léiriú i nóiméid moille ATFM in aghaidh na heitilte

0,03

0,03

0,02

0,02

0,02

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuí le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hÉireann

Luach bonnlíne 2019

Luach bonnlíne 2024

2025

2026

2027

2028

2029

Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe, arna léiriú mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022)

27,61 EUR

26,89 EUR

28,49 EUR

29,51 EUR

29,49 EUR

29,56 EUR

29,85 EUR


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1042/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)