|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1039 |
7.5.2026 |
CINNEADH Uimh. 146/25/COL Ó CHOISTE POLAITIÚIL CSTE an 9 Meán Fómhair 2025 lena nglactar Treoirlínte don Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate mar a bunaíodh faoi Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (*1) [2026/1039]
RÉAMHRÁ
Treoir 2001/95/CE (‘an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí’), arna hoiriúnú don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘an Comhaontú LEE’) le Prótacal 1 a ghabhann leis, tháinig sí i bhfeidhm i Stáit CSTE an 1 Márta 2004 (1). San Aontas, rinneadh an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) 2023/988 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (‘an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí’) ina hionad le héifeacht ón 13 Nollaig 2024, féach Airteagal 50(1) den Rialachán. Mar sin féin, faoi mhí Mheán Fómhair 2025, níor ionchorpraíodh an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí i gComhaontú LEE. Dá réir sin, tá an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí fós infheidhme i Stáit CSTE faoi láthair.
I gcomhréir le hAirteagal 11(1), an tríú fomhír den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, agus pointe 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi, tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) chun treoirlínte maidir le bainistiú Chórais an Chomhphobail um Mearfhaisnéis (‘RAPEX’) a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Mar sin féin, leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, athraíodh an t-ainm RAPEX go ‘Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate’ (‘Safety Gate’). Ós rud é gurb é Safety Gate ainm oifigiúil an chórais rabhaidh sin anois, is iomchuí é a úsáid sna Treoirlínte seo, cé nár tháinig an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí i bhfeidhm in LEE go fóill (2).
Le Cinneadh 2004/418/CE an 29 Aibreán 2004, ghlac an Coimisiún, den chéad uair, Treoirlínte chun Treoir 2001/95/CE a fhorlíonadh maidir le bainistiú RAPEX agus maidir le fógraí a cuireadh i láthair i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir sin. Rinneadh Cinneadh 2004/418/CE a aisghairm le Cinneadh 2010/15/AE an 16 Nollaig 2009. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 (3) uaidh an 8 Samhain 2018 (‘Cinneadh (AE) 2019/417’), ghlac an Coimisiún Treoirlínte nua (‘Treoirlínte an Choimisiúin’) agus leis sin rinneadh Cinneadh 2010/15/AE a aisghairm. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/975 (4) uaidh an 15 Bealtaine 2023 (‘Cinneadh (AE) 2023/975’), leasaigh an Coimisiún Cinneadh (AE) 2019/417 agus, dá bhrí sin, na Treoirlínte is infheidhme maidir le Ballstáit den Aontas Eorpach. Ó mhí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, níl Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/975 i bhfeidhm a thuilleadh. San Aontas, cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3173 ón gCoimisiún ina ionad (5).
Glacadh na Treoirlínte is infheidhme faoi láthair ó Údarás Faireacháin CSTE (‘an tÚdarás’) le Cinneadh Uimh. 447/14/COL an 5 Samhain 2014 (6). Cuirtear na Treoirlínte seo ina n-ionad sin. Beidh siad fós infheidhme i Stáit CSTE nuair a thiocfaidh an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí i bhfeidhm i gComhaontú LEE, agus go dtí go leasóidh an tÚdarás iad nó go dtí go gcuirfear Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún atá ábhartha maidir le LEE ina n-ionad faoin Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí.
Tá na Treoirlínte seo dírithe chuig na húdaráis náisiúnta i Stáit CSTE atá ainmnithe mar phointí teagmhála sa líonra Safety Gate agus atá i gceannas ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Airteagal 11 den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí. Tá an tÚdarás chun na Treoirlínte seo a úsáid mar dhoiciméad tagartha maidir le Safety Gate a oibriú agus an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Airteagal 11 faoin Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí.
CUID I
RAON FEIDHME AGUS SEOLAITHE NA dTREOIRLÍNTE
1. Forbhreathnú, raon feidhme, cuspóirí agus nuashonrú
1.1. Forbhreathnú - raon feidhme
Faoi Airteagal 11 den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ní mór do Stáit CSTE an tÚdarás a chur ar an eolas faoi bhearta arna ndéanamh lena gcuirtear srian ar tháirgí a chur ar an margadh — nó lena gceanglaítear iad a tharraingt siar nó a aisghairm — a mhéid nach gceanglaítear faisnéis den sórt sin le hAirteagal 12 den Treoir ná le haon reachtaíocht LEE shonrach eile.
Déantar foráil le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (7), i gcás ina ndéanfaidh Stát CSTE beart nó i gcás ina mbeidh sé beartaithe aige beart a dhéanamh lena gcuirfear cosc agus srian le margú agus úsáid na dtáirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach do shláinte, sábháilteacht agus leasanna poiblí ábhartha eile na n-úsáideoirí deiridh nó lena bhforchuirfear coinníollacha sonracha ar mhargú agus úsáid na dtáirgí sin, nach mór dó fógra a thabhairt don Údarás láithreach faoin mbeart sin trí úsáid a bhaint as Safety Gate.
Déantar foráil le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nach mór do Stáit CSTE an fhaisnéis atá ar fáil dóibh, agus nár cuireadh ar fáil cheana faoi Airteagal 22, a chur ar fáil don Údarás, maidir le táirgí a bhfuil riosca (nach bhfuil chomh tromchúiseach sin) ag baint leo.
Déantar foráil le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 (8), i gcás ina ndéanfaidh údarás faireachais margaidh beart nó i gcás ina mbeidh sé beartaithe aige beart a dhéanamh, rud a fhágfaidh go ndéanfaí táirgí a mbaineann riosca tromchúiseach leo a tharraingt siar nó a aisghairm, é sin nó go gcuirfí toirmeasc ar na táirgí sin a chur ar an margadh, go tabharfaidh sé fógra láithreach faoi sin don Údarás trí úsáid a bhaint as Safety Gate.
Le hAirteagal 16 den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí déantar foráil maidir le hoibleagáid ar Stáit CSTE agus ar an Údarás faisnéis i dtaca le rioscaí do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Dá bhrí sin, ba thráthúil an fhaisnéis ar fad faoi bhearta arna nglacadh a bhaineann le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, sa mhéid atá sábháilteacht táirgí i gceist, a bheith sa chóras atá beartaithe chun na críche sin, is é sin Safety Gate. Dá bhrí sin, moltar do Stáit CSTE na bearta arna nglacadh in aghaidh táirgí a bhfuil riosca ag baint leo agus a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí nó Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a chur ar fáil do Safety Gate. Is féidir an fhaisnéis a chur ar fáil go díreach in Safety Gate. I gcás inar gá fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis i gcóras faisnéise eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, (9) is féidir le Stát CSTE fógra Safety Gate a ghiniúint ó laistigh den chóras faisnéise.
Cé nach bhfuil feidhm ag an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí ach maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 freisin maidir le táirgí gairmiúla a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (amhail feistí leighis áirithe agus trealamh muirí áirithe). Cumhdaítear leis freisin raon feidhme níos leithne riosca, chomh maith leis na rioscaí sin a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, amhail rioscaí slándála agus comhshaoil. Dá bhrí sin, is féidir le riosca a bheith bainteach ní hamháin le tomhaltóirí ach freisin, i gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, le ‘húsáideoirí deiridh’ eile.
Is cuid lárnach de Threoirlínte an Choimisiúin iad na Treoirlínte maidir le Measúnú Riosca i bhFoscríbhinn 6 i gCuid III de Threoirlínte an Choimisiúin. Cumasaítear leo leibhéal riosca táirge a chinneadh agus, dá bhrí sin, tugann siad cuidiú na bearta atá le glacadh a shainaithint.
Tagraíonn na Treoirlínte maidir le Measúnú Riosca don leibhéal riosca chomh maith leis na gortuithe a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca táirge aonair. Ní mór bainistiú fónta riosca a bheith ag gabháil leis an measúnú riosca maidir le táirge aonair. Mar shampla, d’fhéadfadh an leibhéal riosca maidir le fearas leictreach teaghlaigh lochtach lena mbaineann riosca dóiteáin a bheith ‘íseal’, rud a chiallaíonn gur lú ná uair sa mhilliún an dóchúlacht go mbeadh fearas aonair ina chúis le dóiteán marfach le linn shaolré an fhearais sin. Mar sin féin, má chuirtear na milliúin fearas lochtach ar an margadh, tá sé beagnach dosheachanta go dtarlóidh dóiteáin mharfacha mura ndéanfar bearta iomchuí.
1.2. Cuspóirí
Chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach sna Treoirlínte ón gCoimisiún, is iad seo a leanas cuspóirí na dTreoirlínte seo:
|
(a) |
a áirithiú go gcuirfear Treoirlínte an Choimisiúin i bhfeidhm go haonfhoirmeach, i Stáit CSTE freisin; |
|
(b) |
tuairisc a thabhairt ar láimhseáil fógraí agus fógraí leantacha ag pointí teagmhála Stáit CSTE agus an Údaráis, agus na hoiriúnuithe a eascraíonn as Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE á gcur san áireamh. |
1.3. Nuashonraigh
Tabharfaidh an tÚdarás na Treoirlínte seo cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir le nuashonruithe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn taithí agus forbairtí nua i réimse na sábháilteachta táirgí agus i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach.
2. Seolaithe na dTreoirlínte
Tá na Treoirlínte seo dírithe ar údaráis Stáit CSTE atá ag gníomhú maidir le sábháilteacht táirgí agus atá rannpháirteach sa líonra Safety Gate, lena n-áirítear údaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí le ceanglais sábháilteachta agus údaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha.
Úsáidfidh an tÚdarás na Treoirlínte seo mar thagairt chun bainistiú a dhéanamh, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar Safety Gate agus ar na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear thuas.
CUID II
CUR I BHFEIDHM NA dTREOIRLÍNTE I nDÁIL LEIS AN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE
3. Cúraimí agus ról Phointí Teagmhála náisiúnta Safety Gate Stát CSTE
3.1. Ginearálta
Tá cúraimí agus ról Phointí Teagmhála náisiúnta Safety Gate Stát CSTE coibhéiseach le cúraimí agus ról phointí teagmhála náisiúnta Safety Gate na mBallstát den Aontas Eorpach.
Leagtar amach a ról agus a gcúraimí i dTreoirlínte an Choimisiúin.
3.2. Cúraimí bailíochtaithe náisiúnta – Stáit CSTE
Is iad Pointí Teagmhála náisiúnta Safety Gate Stát CSTE atá freagrach as an bpróiseas bailíochtaithe náisiúnta.
Le linn an phróisis bailíochtaithe, is gá do Phointí Teagmhála náisiúnta Safety Gate Stát CSTE fógra a thabhairt do Phointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis go bhfuil fógra nó fógra leantach ar feitheamh, trí ríomhphost a sheoladh chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil Phointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis: safetygate@eftasurv.int. Is é an tÚdarás, trí Phointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis, an comhlacht inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhógraí agus frithghníomhartha ó Stáit CSTE de bhun Airteagail 11(2)-12(2) den Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, i gcomhréir leis na hoiriúnuithe a eascraíonn as Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE.
Tá Pointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis le freagra a thabhairt ar an bhfógra a sheol an Pointe Teagmhála náisiúnta Safety Gate laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó fógra a fháil, má fhaightear é ar lá oibre laistigh d’uaireanta oibre (10). Mura bhfaightear freagra ná togra le haghaidh leasú ar fhógra nó fógra leantach laistigh den tréimhse ama thuasluaite, féadfaidh an Pointe Teagmhála náisiúnta Safety Gate an fógra a bhailíochtú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach trí Safety Gate.
I gcásanna práinne, tá Pointí Teagmhála náisiúnta Safety Gate Stát CSTE le teagmháil dhíreach a dhéanamh le Pointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis a luaithe is féidir chun a áirithiú nach bhfuil aon agóid ag an Údarás in aghaidh an fhógra ná an fhrithghnímh atá á uaslódáil ar an gcóras Safety Gate, sula ndéanfar é a bhailíochtú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún.
Ní dhéanfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Safety Gate Stát CSTE, in aon chás, fógra ná frithghníomh a bhailíochtú ná a sheoladh chuig an gCoimisiún gan fógra cuí a thabhairt do Phointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis agus a sheiceáil nach bhfuil aon ábhar imní aige maidir leis an bhfógra nó leis an bhfrithghníomh, de réir na míreanna roimhe seo.
4. Gealltanais bhreise
Déanfar gach iarracht chun a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás agus Pointí Teagmhála Stát CSTE an córas Safety Gate a bhainistiú ar bhealach rianúil éifeachtúil.
(*1) Arna cheartú le Cinneadh 037/26/COL ón gColáiste.
(1) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4). Ionchorpraíodh an Gníomh i gComhaontú LEE i bpointe 3h de Chaibidil XIX d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.
(2) De réir Aithris 68 den Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ‘Is tráthúil an t-ainm giorraithe a athrú ó RAPEX go Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus for-rochtain níos fearr do thomhaltóirí’. Úsáidtear an t-ainm nua ar fud an Rialacháin, go háirithe i gCaibidil VI ‘AN CÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE AGUS SAFETY BUSINESS GATEWAY’. Tá an t-ainm Safety Gate curtha in ionad an ainm Rapex ar leathanach gréasáin poiblí an Choimisiúin maidir le sábháilteacht táirgí: https://ec.europa.eu/safety-gate/#/screen/pages/productSafetyLegislation.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/975 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 132, 17.5.2023, lch. 77).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3173 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chóras sin, ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca, (IO L, 2024/3173, 13.12.2024).
(6) Doic. Uimh. 724664.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 2018, 13.8.2008, lch. 30). Ionchorpraíodh an Gníomh i gComhaontú LEE i bpointe 3b de Chaibidil XIX d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú. Rinneadh Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a aisghairm le hAirteagal 39(1)(4) de Rialachán (AE) 2019/1020. Mar sin féin, níor ionchorpraíodh an Rialachán deireanach sin i gComhaontú LEE go fóill, cf. fonóta 8.
(8) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). Ionchorpraíodh an Gníomh i gComhaontú LEE i bpointe 9 de Chaibidil XVII, pointí 3b agus 3v de Chaibidil XIX agus pointe 1 de Chaibidil XXI d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, le Cinneadh 317/2023 ó Chomhchoiste LEE an 8 Nollaig 2023, atá faoi láthair, faoi Mheán Fómhair 2025, ar feitheamh ceanglais bhunreachtúla agus, dá bhrí sin, níor tháinig sé i bhfeidhm go fóill i gComhaontú LEE.
(9) An Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (‘ICSMS’). Is é is aidhm don ardán sin cumarsáid a éascú idir comhlachtaí um fhaireachas margaidh san Aontas agus i dtíortha CSTE maidir le táirgí neamhchomhlíontacha.
(10) Tuigtear leis an téarma ‘laethanta oibre’ Luan go hAoine ach amháin na laethanta sin a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar laethanta saoire poiblí an Údaráis, ach tuigtear leis an téarma ‘uaireanta oibre’ an t-am idir 07:00 agus 16:30 AUL+ 1. Má fhaigheann Pointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis an fógra ag pointe ama nach bhfuil ar lá oibre laistigh d’uaireanta oibre, mar shampla ar lá saoire poiblí, ar an Satharn nó ar an Domhnach, nó ar an Aoine ag 17:00 AUL+ 1, déanfar an sprioc-am freagartha 24 uair an chloig le haghaidh Phointe Teagmhála Safety Gate an Údaráis a chomhaireamh ón gcéad uair oibre eile ar an gcéad lá oibre eile, tar éis an fógra a fháil go hiarbhír.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1039/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)