|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1034 |
18.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1034 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2026
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Eastóin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2553)
(Is é an téacs Eastóinise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2), agus go háirithe Airteagal 58(3) de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (3), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann. |
|
(2) |
An 12 Meitheamh 2024, ghlac an Coimisiún spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’, 2025-2029). Leagadh síos na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
An 1 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Eastóin dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh TT4 faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis don Choimisiún iomláine an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhíorú, chuir an Eastóin dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta (‘an dréachtphlean feidhmíochta’) isteach an 15 Samhain 2024. |
|
(4) |
Chinn an Coimisiún maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta atá leagtha síos ag an Eastóin sa dréachtphlean feidhmíochta i leith a limistéir muirearaithe faoi bhealach, nach gcomhlíonann siad na critéir mheasúnaithe a leagtar síos i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 |
|
(5) |
Dá bhrí sin, an 16 Bealtaine 2025 thug an Coimisiún fógra don Eastóin faoi na torthaí maidir le neamhréireacht na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in aithris 4 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún (5). Sa Chinneadh sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí don Eastóin d’fhonn comhsheasmhacht a spriocanna feidhmíochta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a áirithiú. |
|
(6) |
An 18 Lúnasa 2025, chuir an Eastóin dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT4 isteach lena mheasúnú ag an gCoimisiún. Tar éis iomláine an phlean sin a fhíorú, chuir an Eastóin leagan cothrom le dáta den dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe (‘an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe’) isteach an 6 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hEastóine ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha. |
|
(8) |
Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le hathbhreithniú ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Mar sin féin, tá leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt dá dtagraítear i bpointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 faoi réir athbhreithniú ar leithligh ón gCoimisiún bunaithe ar fhaisnéis bhreise a fuarthas ón Eastóin i mí na Nollag 2025. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, i leith chomhlíonadh phointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ag an modheolaíocht sin maidir le leithdháileadh costas. |
|
(9) |
Chuir an Bord um Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘BAF’), a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/2803, a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hEastóine maidir le comhsheasmhacht na spriocanna sin leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Tá na torthaí a leagtar amach sa Chinneadh seo bunaithe ar an measúnú teicniúil mionsonraithe a leagtar amach i dtuairim BAF (7). |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
|
(10) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(11) |
Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta a mholann an Eastóin i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta agus arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(12) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Eastóin le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ‘EANS’ agus na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh gach bliana de TT4. |
|
(13) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta sonracha le haghaidh EANS chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail saineolas tiomnaithe maidir le tosca daonna a ionchorprú san eagraíocht agus infheistíocht a dhéanamh i gcórais ar féidir leo tacú le hanailísíocht sonraí níos forbartha le haghaidh faireachán ar threochtaí sábháilteachta |
|
(14) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 11, 12 agus 13, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(15) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna comhshaoil a mholann an Eastóin i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (8) agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta a mholann an Eastóin i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT4 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mholann an Eastóin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana de TT4. |
|
(18) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil aerspás saorbhealaigh trasteorann curtha chun feidhme ag an Eastóin in éineacht leis an Laitvia, leis an bhFionlainn, leis an tSualainn, leis an Danmhairg agus leis an Iorua, ar príomhbheart é chun na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla a bhaint amach. |
|
(19) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 16, 17 agus 18, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar na spriocanna acmhainneachta
|
(20) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir leis an meánmhoill i mbainistíocht na sreibhe aerthráchta (‘BSAT’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna acmhainneachta a mholann an Eastóin i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024. |
|
(21) |
Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Eastóin le haghaidh TT4, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra:
|
|
(22) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta a mholann an Eastóin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana de TT4. Míníonn an Eastóin sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe nach bhfuil gá le bearta breise chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach le linn TT4, i bhfianaise dhea-fheidhmíocht stairiúil EANS i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta agus an laghdaithe shuntasaigh ar thrácht mar gheall ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé beartaithe ag an Eastóin líon comhchosúil rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) a choinneáil ag obair in ionad rialaithe limistéir Thaillinn le linn TT4 i gcomparáid le TT3, rud a chuireann solúbthacht ar fáil chun freastal ar athruithe tobanna a d’fhéadfadh a bheith ann ar shreabha tráchta. |
|
(23) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 21 agus 22, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. |
Measúnú ar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta
|
(24) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 go raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hEastóine a cuireadh isteach in 2024 ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Mhol an Eastóin spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach mar chuid dá dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. |
|
(25) |
Léirítear sa tábla thíos na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe atá beartaithe ag an Eastóin sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.
|
|
(26) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Eastóin athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh gach bliana de TT4, rud a fhágann, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2024, go bhfuil laghdú ar an gcostas aonaid arna shuí (‘CAAS’) le haghaidh gach bliana de TT4. Thairis sin, nuashonraigh an Eastóin an luach bonnlíne CAAS le haghaidh na bliana 2024 freisin chun na costais iarbhír a tabhaíodh in 2024 a léiriú. |
|
(27) |
An laghdú ar an CAAS dá dtagraítear in aithris 26, is toradh é ar an athbhreithniú anuas ar na costais arna suí agus ar na toimhdí tráchta cothrom le dáta le haghaidh TT4 a chuir an Eastóin i bhfeidhm i gcomhréir le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol ó mhí Feabhra 2025. Cuirtear i láthair sa tábla thíos an líon aonad seirbhíse faoi bhealach a réamh-mheastar sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh gach bliana de TT4.
|
|
(28) |
Sa tábla thíos léirítear costais athbhreithnithe arna suí na hEastóine le haghaidh TT4, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022 (‘EUR2022’).
|
|
(29) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe a mholann an Eastóin, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(30) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa an treocht CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá, -0,6 %, ná an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,2 %. |
|
(31) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa an treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn na tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) agus TT4, mar atá +2,6 %, ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %. |
|
(32) |
Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur chaill an Eastóin sciar suntasach de na traseitiltí a bhfreastalaíodh sí orthu go stairiúil, mar thoradh ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Leanann an laghdú tráchta sin ar aghaidh le linn TT4 chun tionchar mór a imirt ar fheidhmíocht costéifeachtúlachta sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta na hEastóine agus, go háirithe, bíonn tionchar diúltach aige ar threocht fhadtéarmach CAAS na hEastóine arna ríomh le linn TT3 agus TT4 le chéile |
|
(33) |
Dá bhrí sin, is gá agus is iomchuí scrúdú a dhéanamh, chun críoch an chritéir measúnaithe dá dtagraítear in aithris 31, an gcomhlíonfadh an Eastóin an treocht fhadtéarmach CAAS ar fud an Aontais in éagmais na n-imthosca dá dtagraítear in aithris 32. |
|
(34) |
Chuige sin, rinne an Coimisiún treocht fhadtéarmach CAAS na hEastóine le linn TT3 agus TT4 a athríomh i bhfianaise an chaillteanais struchtúraigh tráchta a mheastar a bheidh ann don Eastóin mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, arna thomhas in aonaid seirbhíse faoi bhealach. Is é an toradh atá ar an athríomh sin treocht fhadtéarmach choigeartaithe CAAS le haghaidh na hEastóine de -4,0 %, rud a sháraíonn an treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,0 %. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go gcomhlíonann an Eastóin an critéar measúnaithe dá dtagraítear in aithris 31 tar éis éifeacht an laghdaithe shuntasaigh tráchta mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin a chur san áireamh. |
|
(35) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne EUR 49,55 le haghaidh CAAS na hEastóine in EUR2022 5,6 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, is é sin EUR 52,48 in EUR2022, a leagtar amach in Airteagal 7, pointe (d), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688. |
|
(36) |
Mar a leagtar amach in aithris 35, is léir go bhfuil luach bonnlíne CAAS na hEastóine le haghaidh 2024 níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha. Thairis sin, mar a leagtar amach in aithrisí 32, 33 agus 34, agus tionchar diúltach na n-athruithe tráchta a d’eascair as an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin á chur as an áireamh, comhlíonann an Eastóin an treocht fhadtéarmach CAAS ar fud an Aontais le haghaidh TT4. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bac é an diall ón treocht CAAS ar fud an Aontais le haghaidh TT4 dá dtagraítear in aithris 30 ar spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta na hEastóine a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais. |
|
(37) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 25 go 36, measann an Coimisiún gur thug an Eastóin aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla. Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin gur cheart a mheas go bhfuil na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe a chuir an Eastóin sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
CONCLÚIDÍ
|
(38) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na hEastóine comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Eastóin isteach le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na hEastóine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/549/oj.
(2) IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.
(3) IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2025 agus dar críoch an 31 Nollaig 2029 (IO L, 2024/1688, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1688/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2025 maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá san áireamh sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, Lucsamburg, an Ísiltír agus an tSlóvaic isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais do cheathrú tréimhse thagartha scéim feidhmíochta agus muirearaithe an Aerspáis Eorpaigh Aonair (IO L, 2025/1040, 23.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1040/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj).
(7) Tuairim Uimh. 1-2026 ón mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (TT4), an 28 Eanáir 2026.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/123/oj).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe arna chur isteach ag an Eastóin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, a cinneadh a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
An Eastóin |
Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA |
|||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
EANS |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
D |
D |
D |
D |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
An Eastóin |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
6,54 % |
6,53 % |
6,52 % |
6,51 % |
6,50 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA
Meánmhoill BSAT faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte
|
An Eastóin |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte |
0,06 |
0,04 |
0,03 |
0,02 |
0,02 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid arna shuí le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEastóine |
Luach bonnlíne 2019 |
Luach bonnlíne 2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022) |
38,12 EUR |
49,55 EUR |
46,29 EUR |
46,99 EUR |
48,00 EUR |
48,10 EUR |
48,18 EUR |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1034/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)