|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1031 |
18.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1031 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2026
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Laitvia isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2558)
(Is é an téacs Laitvise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2), agus go háirithe Airteagal 58(3) de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (3), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá na Ballstáit le pleananna a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áireofar sna pleananna sin spriocanna feidhmíochta áitiúla atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann. |
|
(2) |
An 12 Meitheamh 2024, ghlac an Coimisiún spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’, 2025-2029). Leagadh síos na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
An 1 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Laitvia dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh TT4 faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis don Choimisiún iomláine an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhíorú, chuir an Laitvia dréachtphlean feidhmíochta cothrom le dáta (‘an dréachtphlean feidhmíochta’) isteach an 15 Samhain 2024. |
|
(4) |
Chinn an Coimisiún maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta atá leagtha síos ag an Laitvia sa dréachtphlean feidhmíochta i leith a limistéir muirearaithe faoi bhealach, nach gcomhlíonann siad na critéir mheasúnaithe a leagtar síos i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, an 16 Bealtaine 2025 thug an Coimisiún fógra don Laitvia faoi na torthaí maidir le neamhréireacht na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in aithris 4 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún (5). Sa Chinneadh sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí don Laitvia d’fhonn comhsheasmhacht a spriocanna feidhmíochta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a áirithiú. |
|
(6) |
An 18 Lúnasa 2025, chuir an Laitvia dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT4 isteach lena mheasúnú ag an gCoimisiún. Tar éis iomláine an phlean sin a fhíorú, chuir an Laitvia leagan cothrom le dáta den dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe (‘an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe’) isteach an 3 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha. |
|
(8) |
Chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le hathbhreithniú ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Mar sin féin, tá leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt dá dtagraítear i bpointe 2.1(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 faoi réir athbhreithniú ar leithligh ón gCoimisiún bunaithe ar fhaisnéis bhreise a fuarthas ón Laitvia i mí Eanáir 2026. Dá bhrí sin, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid, ag an gcéim seo, i leith chomhlíonadh phointí (e) agus (f) d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ag an modheolaíocht sin maidir le leithdháileadh costas. |
|
(9) |
Chuir an Bord um Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘BAF’), a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/2803, a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le comhsheasmhacht na spriocanna sin leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Tá na torthaí a leagtar amach sa Chinneadh seo bunaithe ar an measúnú teicniúil mionsonraithe a leagtar amach i dtuairim BAF (7). |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na spriocanna sábháilteachta
|
(10) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(11) |
Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta a mholann an Laitvia i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta agus arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(12) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Laitvia le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ‘LGS’ agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2025 go 2029, cé is moite den chuspóir ‘bainistiú riosca sábháilteachta’ a bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice uile-Aontais a bhaint amach ina leith sa bhliain 2029. |
|
(13) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta le haghaidh LGS chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail maoirseacht leanúnach ar spriocanna sábháilteachta, tuairisciú soiléir ar chur chun feidhme na mbeart sábháilteachta, measúnú tráthrialta ar rioscaí a bhaineann le tuirse, modhanna sonraíbhunaithe chun rioscaí a shainaithint agus arduirlisí chun faireachán a dhéanamh ar ghuaiseacha. |
|
(14) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11), (12) agus (13), agus de bhrí go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 le baint amach faoi bhliain dheireanach TT4, is é sin 2029, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
Measúnú ar na spriocanna comhshaoil
|
(15) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna comhshaoil a mholann an Laitvia i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (8) agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta comhshaoil a mholann an Laitvia le haghaidh TT4 mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha ó Phlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mholann an Laitvia agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana féilire de TT4. |
|
(18) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Laitvia, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear aerspás saorbhealaigh trasteorann a chur chun feidhme, feabhas a chur ar struchtúir limistéar ainlithe críochfoirt, úsáid sholúbtha aerspáis agus comhordú sibhialta-míleata feabhsaithe i gcomhthéacs trasteorann. |
|
(19) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 16, 17 agus 18, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Laitvia comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
Measúnú ar na spriocanna acmhainneachta
|
(20) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir leis an meánmhoill i mbainistíocht na sreibhe aerthráchta (‘BSAT’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna acmhainneachta a mholann an Laitvia i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún agus a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, is é sin an 2 Iúil 2024. |
|
(21) |
Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mholann an Laitvia le haghaidh TT4, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra:
|
|
(22) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta a mholann an Laitvia agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana féilire de TT4. |
|
(23) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Laitvia, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach, amhail struchtúir aerspáis a athchumrú tráth buaicéilimh tráchta agus rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) breise a earcú agus a oiliúint. |
|
(24) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 21, 22 agus 23, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i dtaca le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Laitvia comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
Measúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta
|
(25) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 go raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Mhol an Laitvia spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach mar chuid dá dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. |
|
(26) |
Léirítear sa tábla thíos na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.
|
|
(27) |
Tugann an Coimisiún dá aire go ndearnadh spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta na Laitvia a athbhreithniú anuas le haghaidh gach bliana den tréimhse thagartha, ar feabhas é i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2024. Rinne an Laitvia athbhreithniú aníos ar na toimhdí tráchta is bun leis na spriocanna le haghaidh TT4, i gcomhréir le réamhaisnéis bhonnlíne STATFOR Eurocontrol ó mhí Feabhra 2025. Ar an taobh eile, tá na costais athbhreithnithe arna suí le haghaidh TT4 níos ísle ná na costais arna suí a cuireadh i láthair ar dtús sa dréachtphlean feidhmíochta. Dá bhrí sin, chuir an t-athbhreithniú ar fhigiúirí tráchta agus costais sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe leis an gcostas aonaid bliantúil arna shuí (‘CAAS’) feabhsaithe, níos ísle. |
|
(28) |
Léirítear sa tábla thíos na costais athbhreithnithe arna suí arna sloinneadh in EUR i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022 (‘EUR2022’) agus an réamhaisnéis tráchta cothrom le dáta le haghaidh an limistéir muirearaithe, mar a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe:
|
|
(29) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Laitvia, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(30) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa an treocht CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT4, mar atá, +5,2 %, ná an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,2 %. |
|
(31) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa an treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe idir 2019 agus 2029, mar atá +6,7 %, ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais le linn na tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) agus TT4, le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,0 %. |
|
(32) |
Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur chaill an Laitvia sciar suntasach de na traseitiltí a bhfreastalaíodh sí orthu go stairiúil, mar thoradh ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Leanann an laghdú tráchta sin ar aghaidh le linn TT4 chun tionchar mór a imirt ar fheidhmíocht costéifeachtúlachta sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta na Laitvia agus, go háirithe, bíonn tionchar diúltach aige ar threocht fhadtéarmach CAAS na Laitvia arna ríomh le linn TT3 agus TT4 le chéile. |
|
(33) |
Dá bhrí sin, is gá agus is iomchuí scrúdú a dhéanamh, chun críoch an chritéir measúnaithe dá dtagraítear in aithris (31), an gcomhlíonfadh an Laitvia an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais in éagmais na n-imthosca dá dtagraítear in aithris 32. |
|
(34) |
Chuige sin, rinne an Coimisiún treocht fhadtéarmach CAAS na Laitvia a athríomh i bhfianaise an chaillteanais struchtúraigh tráchta a mheastar a bheidh ann don Laitvia mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, arna thomhas in aonaid seirbhíse faoi bhealach. Is é an toradh atá ar an athríomh sin treocht fhadtéarmach choigeartaithe CAAS le haghaidh na Laitvia de -1,1 %, rud a sháraíonn an treocht fhadtéarmach CAAS ar fud an Aontais de -1,0 %. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go gcomhlíonann an Laitvia an critéar measúnaithe dá dtagraítear in aithris (31) tar éis éifeacht an laghdaithe shuntasaigh tráchta mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin a chur san áireamh. |
|
(35) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne EUR 39,90 le haghaidh CAAS na Laitvia in EUR2022 27,3 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, is é sin EUR 54,89 in EUR2022, a leagtar amach in Airteagal 7, pointe (d), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688. |
|
(36) |
Mar a leagtar amach in aithris 35, is léir go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Laitvia le haghaidh 2024 i bhfad níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha. Thairis sin, mar a léirítear in aithrisí 32, 33 agus 34, agus tionchar diúltach na n-athruithe tráchta a d’eascair as an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin á chur as an áireamh, comhlíonann an Laitvia an treocht fhadtéarmach CAAS ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bac é an diall ón treocht CAAS ar fud an Aontais le haghaidh TT4 dá dtagraítear in aithris 30 ar spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta na Laitvia a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais. |
|
(37) |
Ar bhonn 26 go 26, measann an Coimisiún gur thug an Laitvia aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla. Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin gur cheart a mheas go bhfuil na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe a chuir an Laitvia sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4. |
CONCLÚIDÍ
|
(38) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Laitvia comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Laitvia isteach le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’), agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh TT4 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Laitvia a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/549/oj.
(2) IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.
(3) IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2025 agus dar críoch an 31 Nollaig 2029 (IO L, 2024/1688, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1688/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1040 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2025 maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe atá san áireamh sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, Lucsamburg, an Ísiltír agus an tSlóvaic isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais do cheathrú tréimhse thagartha scéim feidhmíochta agus muirearaithe an Aerspáis Eorpaigh Aonair (IO L, 2025/1040, 23.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1040/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj).
(7) Tuairim Uimh. 1-2026 ón mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha (TT4), an 28 Eanáir 2026.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/123/oj).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe arna chur isteach ag an Laitvia de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, a cinneadh a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an cheathrú tréimhse thagartha
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
An Laitvia |
Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna léiriú mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA |
|||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
LGS |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
An Laitvia |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna léiriú mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
7,96 % |
7,95 % |
7,94 % |
7,93 % |
7,92 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA
Meánmhoill BSAT faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte
|
An Laitvia |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna léiriú i nóiméid moille BSAT in aghaidh na heitilte |
0,06 |
0,05 |
0,03 |
0,02 |
0,02 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid arna shuí le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Laitvia |
Luach bonnlíne 2019 |
Luach bonnlíne 2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
|
Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha de réir phraghsanna 2022) |
28,57 EUR |
39,90 EUR |
40,80 EUR |
44,77 EUR |
49,34 EUR |
51,27 EUR |
51,36 EUR |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1031/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)