European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1027

11.5.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1027 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Bealtaine 2026

lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a dhéanann iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Márta 2014 ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear den chéad uair maolú ar Airteagal 13(1), an chéad fhomhír de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus an doimhneacht le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine, a chuaigh in éag an 23 Márta 2017. Deonaíodh síntí breise leis an maolú sin le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 (3) agus (AE) 2022/511 (4) ón gCoimisiún. An síneadh is déanaí a cuireadh leis an maolú, bunaíodh é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/974 ón gCoimisiún (5).

(2)

An 29 Deireadh Fómhair 2025 fuair an Coimisiún iarraidh ón tSlóivéin síneadh a chur leis an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/974. Rinne an tSlóivéin plean bainistíochta athbhreithnithe, a glacadh an 26 Márta 2026 (6), agus tuarascáil ar fhaireachán agus ar chur chun feidhme an phlean bainistíochta a chur ar fáil, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/974, lenar tugadh údar cuí le síneadh a chur leis an maolú, i gcomhréir le ceanglais Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(3)

Le linn an 80ú seisiún iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) (8) a tionóladh i mí na Samhna 2025, rinne CETEI measúnú ar an iarraidh síneadh breise a chur leis an maolú agus ar an tuarascáil cur chun feidhme. Tháinig CETEI ar an gconclúid maidir leis an bplean bainistíochta a tugadh cothrom le dáta gur plean cuimsitheach é lena dtugtar aghaidh ar fhormhór na mbarúlacha a thug CETEI cheana. I bhfianaise na faisnéise nua a chuir an tSlóivéin ar fáil, tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil coinníollacha an mhaolaithe fós á gcomhlíonadh.

(4)

Comhlíonann an maolú a d’iarr an tSlóivéin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(5)

Go háirithe, tá srianta sonracha geografacha ann, ós rud é nach mbaineann uiscí teorann na Slóivéine doimhneacht 50 méadar amach in áit ar bith. In éagmais maolú, dá bhrí sin, ní bheadh trálaeir ‘volantina’ in ann oibriú ach níos mó ná 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, áit a bhfuil teorann suntasach ar mheánna iascaireachta óir is le haghaidh bealaí loingseoireachta tráchtála an limistéar sin.

(6)

Thairis sin, ráthaítear i bplean bainistíochta na Slóivéine nach dtiocfaidh aon mhéadú ar an iarracht iascaireachta amach anseo.

(7)

Baineann an iarraidh le gníomhaíochtaí iascaireachta atá údaraithe cheana féin ag an tSlóivéin agus 11 soitheach atá údaraithe cheana féin ag an tSlóivéin le hiascaireacht a dhéanamh, a chuimsítear i liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún.

(8)

Tá cuntas teiste san iascach ag na soithí sin ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana.

(9)

Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ós rud é nach n-oibríonn an t-iascach os cionn grinnill féar farraige, agus Posidonia oceanica go háirithe, ná os cionn fanaragaim farraige eile.

(10)

A mhéid a bhaineann leis an gceanglas mogallmhéideanna íosta a chomhlíonadh, comhlíonann an maolú a iarradh le hAirteagal 8(1)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ar cuireadh Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/1241 agus roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis ina ionad, ós rud é nach n-úsáidtear mogall cearnógach is lú ná 40 mm i rigín lín ‘volantina’.

(11)

Ní cheadaítear an t-iascach tráil ‘volantina’, arb iascach de chineál measctha é, a dhéanamh le haon trealamh eile ach amháin an ‘tartana’ atá níos troime, ach d’fhéadfaí teagmháil bhreise a bheith ann, áfach, le grinneall na farraige dá thoradh sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh gabhálacha breise speiceas grinnill ann, agus ní chuireann sé isteach ar threalaimh eile ach amháin tráil, saighní nó líonta tarraingthe dá samhail.

(12)

Cé go rialaítear trálaeir ‘volantina’ lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, thug CETEI dá aire go bhfuil líon ghabhálacha tuairiscithe na speiceas sin fós substaintiúil. Mar sin féin, ós rud é gur méid teoranta atá san iascach ‘volantina’, tháinig sé ar an gconclúid gurb éard atá i méid iomlán na ngabhálacha sin cothrom le roinnt deicheanna tonaí, ar méid an-bheag é de ghabhálacha iomlána na speiceas sin i Muir Aidriad Thuaidh,.

(13)

Ní dhíríonn trálaeir ‘volantina’ ar cheifileapóid. Cé go bhfuil cion na ngabhálacha ceifileapód san iascach sin sách ard, tháinig CETEI ar an gconclúid, bunaithe ar an tuarascáil cur chun feidhme is déanaí de chuid an phlean, nach bhfuil ann ach codán beag de ghabhálacha iomlána na speiceas sin i Muir Aidriad Thuaidh, agus gur foinse ábhartha ioncaim é do chabhlach iascaireachta na Slóivéine an tráth céanna.

(14)

Le plean bainistíochta na Slóivéine, áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus in Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (9).

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart an síneadh leis an maolú a iarradh a dheonú.

(16)

Ba cheart teorannú a bhunú maidir le fad tréimhse an mhaolaithe chun gur féidir bearta bainistíochta ceartaithí tapa a chur i bhfeidhm i gcás go léirítear sa tuarascáil chuig an gCoimisiún go bhfuil drochstádas caomhantais ag na stoic a shaothraítear, agus raon á sholáthar chun feabhas a chur ar an mbunús eolaíoch le plean bainistíochta feabhsaithe.

(17)

Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/974 in éag an 27 Márta 2026, d’fhonn leanúnachas dlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 28 Márta 2026. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maolú

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 laistigh d’uiscí teorann na Slóivéine, gan beann ar an doimhneacht, idir 1,5 agus 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, maidir le trálaeir ‘volantina’ atá in úsáid ag soithí a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil an chláruimhir acu a luaitear i bplean bainistíochta na Slóivéine arna ghlacadh ag an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006;

(b)

go bhfuil cuntas teiste san iascach acu ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus nach mbeidh aon mhéadú amach anseo ar an iarracht iascaireachta a dhéantar;

(c)

go bhfuil údarú iascaireachta acu agus go bhfeidhmíonn siad faoin bplean bainistíochta a ghlac an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

Airteagal 2

Plean faireacháin agus tuairisciú

Cuirfidh an tSlóivéin tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh sa phlean bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl don Choimisiún laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus an tréimhse cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2026 go dtí an 27 Márta 2029.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 409, 30.12.2006, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1967/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 82, 20.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/277/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2017 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 340, 20.12.2017, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2383/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/511 ón gCoimisiún an 30 Márta 2022 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 103, 31.3.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/511/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/974 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 132, 17.5.2023, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/974/oj).

(6)  Cinneadh Uimh. 34200-2/2026/6 an 26 Márta 2026.

(7)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj).

(8)   An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – an 80ú Tuarascáil Iomlánach (STECF-PLEN-25-03), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025 (https://stecf.ec.europa.eu/document/download/0ad54569-90a8-4b1d-8a23-8bd648296112_en).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1027/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)