European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1022

1.7.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/1022 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2026

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le sainmhínithe, dearbhuithe custaim agus eilimintí sonraí a bhaineann leis an dleacht chustaim shealadach EUR 3 ar chiandíol earraí allmhairithe i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 7, pointe (a), Airteagal 131, pointí (a), (b) agus (c) agus Airteagail 160 agus 175 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 143a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (2) maidir le dearbhú custaim a thaisceadh maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht ina bhfuil an tacar sonraí sonrach agus laghdaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin (‘dearbhú H7’) i leith coinsíneacht a bhaineann tairbhe as faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (3). Le Rialachán (AE) 2026/382 ón gComhairle (4) leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 trí Airteagail 23 agus 24 de a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Mar thoradh air sin, tá earraí nach mó ná EUR 150 in aghaidh na coinsíneachta a luach intreach faoi réir dleachtanna custaim anois, agus tá údaráis chustaim le dleachtanna custaim a bhailiú ar earraí i gcoinsíneacht den sórt sin gan beann ar a luach fógartha.

(2)

Le Rialachán (AE) 2026/382 tugtar isteach dleacht chustaim shealadach EUR 3 in aghaidh na hítime i gcoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 150 san iomlán, i gcás ina bhfuil allmhairiú na n-earraí díolmhaithe ó CBL i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (ca), de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (5), nó i gcás ina bhfuil na hearraí i gcoinsíneacht phoist mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (‘dleacht chustaim EUR 3’). Dá bhrí sin, is gá na rialacha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 maidir le húsáid dhearbhú H7 a thabhairt cothrom le dáta, chun a áirithiú nach bhféadfar ach earraí atá faoi réir na dleachta custaim EUR 3 a dhearbhú i ndearbhú den sórt sin.

(3)

Chun cur i bhfeidhm ceart na dleachta custaim EUR 3 a áirithiú, is gá an sainmhíniú ar ‘earraí i gcoinsíneacht phoist’ dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú chun a shoiléiriú cé na hearraí a bhfuil feidhm ag dleacht chustaim EUR 3 maidir leo, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme dhearbhú H7.

(4)

Is gá sainmhíniú foirmiúil ar ‘ítim’ a bhunú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an dleacht chustaim EUR 3 maidir le gach ceann de na hítimí nuair a dhearbhófar earraí mar ítimí ar leithligh. Tarlaíonn sé sin freisin nuair a dhearbhaítear dhá ítim chomhionanna nó níos mó ar línte ar leithligh i ndearbhú, cé go gceadaítear na hítimí comhionanna sin a ghrúpáil agus iad a dhearbhú ar an aon líne amháin.

(5)

Ní bhaineann dearbhú H7 ach le hearraí i gcoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 150 san iomlán, a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE. Ós rud é nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú sin ach earraí a allmhairítear chuig custaiméir san Aontas, ní gá earraí a bhfuil a n-allmhairiú díolmhaithe ó CBL i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 143(1) de Threoir 2006/112/CE (nós imeachta custaim 42, mar a thugtar air), a bhaineann le hallmhairí ‘gnólacht le gnólacht’, a eisiamh go sainráite ó raon feidhme Airteagal 143a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

(6)

Tá feidhm ag dleacht chustaim EUR 3, áfach, gan beann ar cé acu a dhearbhaítear na hearraí i gcórais dearbhaithe H1, H6 nó H7 nó nach ndearbhaítear. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar chur i bhfeidhm na ndearbhuithe sin maidir le hearraí a dhíoltar i gciandíol.

(7)

Leis an athrú ar an sainmhíniú ar ‘earraí i gcoinsíneacht phoist’ a dhéantar leis an Rialachán seo is gá leasuithe comhfhreagracha a dhéanamh, trí ‘earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist’ a chur ina ionad sin i leith Dearbhuithe Iontrála Achomair, an dearbhaithe custaim dá dtagraítear in Airteagal 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, agus gníomhartha a mheastar a bheith ina ndearbhuithe custaim i gcomhréir le hAirteagal 141 den Rialachán Tarmligthe sin.

(8)

Chun teorainn a chur leis na himpleachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an éascaithe a leagtar síos in Airteagal 148(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach, a dhíoltar trí chiandíol earraí allmhairithe, a thugtar ar ais tar éis iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart iad a eisiamh ón incháilitheacht chun na dearbhuithe custaim lena mbaineann a neamhbhailíochtú.

(9)

Leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 na ceanglais choiteanna sonraí le haghaidh dearbhuithe custaim, lena n-áirítear dearbhuithe H1, H6 agus H7.

(10)

Ar an gcéad dul síos, ba cheart an fhreagracht a bheith ar an dearbhóir, i.e. na hardáin agus na díoltóirí, nó ar an iompróir nó ar an ngníomhaire a dhearbhaíonn na hearraí do na húdaráis chustaim, an dleacht chustaim EUR 3 a íoc i gceart ar theacht isteach san Aontas. Ní féidir le daoine eile – lena n-áirítear an tomhaltóir – na hearraí a dhearbhú ach go hiarmharach amháin. Ar an gcúis sin, ba cheart coincheapa an duine inchánach atá faoi dhliteanas i leith CBL ar allmhairí de bhun Threoir 2006/112/CE agus coincheap fhéichiúnaí an fhéich custaim de bhun Airteagal 77 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a ailíniú a thuilleadh i gcás ciandíol earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach. Dá bhrí sin, is gá an dearbhóir a mhodhnú chun críocha dhearbhuithe H1, H6 agus H7 in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. Tá gá freisin le leasuithe comhfhreagracha ar ainmneacha cholúin an Dearbhaithe Iontrála Achomair san Iarscríbhinn sin chun ailíniú leis na hathruithe ar an sainmhíniú ar ‘earraí i gcoinsíneacht phoist’.

(11)

Chun feabhas a chur ar rialuithe ar earraí a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe, ba cheart sainmhínithe nua agus ceanglais nua maidir le sainaitheantóirí táirge a thabhairt isteach. D’fhonn an gá atá le coigeartuithe TF sna Ballstáit a íoslaghdú, is iomchuí na ceanglais a áireamh san eilimint sonraí ‘Doiciméad Tacaíochta’ in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

(12)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun é a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2026/382.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (24) agus (25):

‘(24)

ciallaíonn ‘earraí i gcoinsíneacht phoist’ earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach, a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE, cé is moite d’earraí a bhfuil a n-allmhairiú díolmhaithe ó CBL i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (ca), den Treoir sin, agus earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear i gcomhaontuithe aontais custaim;

(25)

ciallaíonn ‘oibreoir poist’ oibreoir atá bunaithe i mBallstát agus atá ainmnithe ag Ballstát chun seirbhísí idirnáisiúnta a sholáthar atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún Poist Uilechoiteann a glacadh an 10 Iúil 1984 faoi choimirce Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus atá freagrach as ítimí comhfhreagrais agus earraí atá i mbeartán nó i bpacáiste poist a iompar;’;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(57)

ciallaíonn ‘sainaitheantóir táirge’ cód alfa-uimhriúil uathúil a shanntar do shamhail shonrach, do bhaisc shonrach nó d’earra sonrach, ar aon leibhéal pacáistithe, lena n-áirithítear sainaithint agus inrianaitheacht bheacht gan débhrí na samhla, na baisce nó an earra sin ag gach céim sa slabhra soláthair, óna t(h)airiscint lena d(h)íol, lena n-áirítear díolachán ar líne nó ciandíol, go dtí an díol agus an soláthar, agus go dtí gníomhaíochtaí iarmhargaidh;

(58)

ciallaíonn ‘sainaitheantóir táirge an cheannaitheora’ aitheantóir táirge arna shannadh ag díoltóir, margadh nó ardán ar líne;

(59)

ciallaíonn ‘sainaitheantóir táirge neamhchaighdeánaithe an mhonaróra’ sainaitheantóir táirge arna shannadh ag monaróir, táirgeoir nó soláthróir táirge ar sainaitheantóir táirge é nach mbraitheann ar chaighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

(60)

ciallaíonn ‘sainaitheantóir táirge caighdeánaithe an mhonaróra’ sainaitheantóir táirge arna shannadh ag monaróir, táirgeoir nó soláthróir táirge ar sainaitheantóir táirge é a bhraitheann ar chaighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

(61)

ciallaíonn ‘ítim’ earra amháin nó níos mó i gcoinsíneacht leis an rangú taraife céanna, an tuairisc chéanna agus, má sholáthraítear í i gcomhréir leis na ceanglais sonraí is infheidhme maidir leis an dearbhú custaim ábhartha nó maidir leis na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim, an tionscnamh céanna.’;

(2)

I dTeideal III, Caibidil 3, Roinn 1, scriostar ceannteideal Fhoroinn 1;

(3)

In Airteagal 104, scriostar mír 2;

(4)

In Airteagal 106, scriostar mír 4;

(5)

Leasaítear Airteagal 113a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás nach gcuireann an t-oibreoir poist na sonraí atá ag teastáil le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair maidir le hearraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist ar fáil d’iompróir a bhfuil sé d’oibleagáid air an chuid eile de shonraí an dearbhaithe a thaisceadh tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfaidh oibreoir poist an chinn scríbe i gcásanna ina gcoinsínítear na hearraí chuig an Aontas, nó oibreoir poist Bhallstát na céadiontrála i gcásanna ina bhfuil na hearraí ar idirthuras tríd an Aontas, na sonraí sin a sholáthar d’oifig custaim na céadiontrála i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chód.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás nach gcuireann oibreoir poist an tríú tír na sonraí atá ag teastáil le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair maidir le hearraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist ar fáil d’iompróir a bhfuil sé d’oibleagáid air an chuid eile de shonraí an dearbhaithe a thaisceadh tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfaidh oibreoir poist an tríú tír i dtír an tseolta na sonraí sin a sholáthar d’oifig custaim na céadiontrála i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chód, má dhéantar na hearraí a thrasloingsiú tríd an Aontas.’

(6)

In Airteagal 138, scriostar pointe (f);

(7)

In Airteagal 140(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist nó earraí i mearchoinsíneacht nach mó a luach ná EUR 1 000 agus nach bhfuil faoi dhliteanas i leith dleacht ar onnmhairí;’;

(8)

Leasaítear Airteagal 141 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist nach mó a luach ná EUR 1 000 agus nach bhfuil faoi dhliteanas i leith dleacht ar onnmhairí, measfar go mbeidh siad dearbhaithe lena n-onnmhairiú trína n-imeacht ó chríoch chustaim an Aontais.’

;

(9)

In Airteagal 142, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

earraí a ndéantar iarratas ar aisíoc dleachta nó muirear eile ina leith mura mbaineann an t-iarratas sin le neamhbhailíochtú an dearbhaithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht earraí atá faoi réir faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009;’;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 143a:

‘Airteagal 143a

Dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach a dhíoltar i gciandíol

(Airteagal 6(2) den Chód)

Earraí i gcoinsíneacht ar mó ná EUR 150 a luach intreach, a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE, féadfar iad a dhearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht ar bhonn an tacair sonraí shonraigh dá dtagraítear i gcolún H7 d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil na hearraí sa choinsíneacht sin faoi réir toirmeasc ná srianta.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 144:

‘Airteagal 144

Dearbhú custaim le haghaidh earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist

(Airteagal 6(2) den Chód)

Féadfaidh oibreoir poist dearbhú custaim a thaisceadh maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht ina bhfuil an tacar sonraí laghdaithe dá dtagraítear i gcolún H6 d’Iarscríbhinn B i leith earraí a iompraítear faoina fhreagracht i gcás ina gcomhlíonann na hearraí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach mó a luach ná EUR 1 000;

(b)

nach bhfuil siad faoi réir toirmeasc ná srianta.’

;

(12)

In Airteagal 148(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ciandíol earraí allmhairithe mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach.’;

(13)

Leasaítear Iarscríbhinn B i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.

3.   De mhaolú ar mhír 2, pointe (2), beidh feidhm ag litreacha (a) agus (b) den Iarscríbhinn ón 1 Samhain 2026. Mar sin féin, féadfaidh oibreoirí na sonraí de réir phointe (2), litreacha (a) agus (b) den Iarscríbhinn a sholáthar go deonach ón 1 Iúil 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais, (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1186/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2026/382 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur (IO L, 2026/382, 18.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/382/oj).

(5)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

leasaítear Caibidil I mar a leanas:

(a)

i gCaibidil 2, Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna a bhaineann le colúin F40, F41, F42, F43, F44, F45, H1, H6 agus H7:

‘F40

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – Faisnéis ón bpríomhdhoiciméad iompair de bhóthar

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘F41

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – Faisnéis ón bpríomhdhoiciméad iompair d’iarnród

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘F42

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – Príomhbhille iompair aeir ina bhfuil faisnéis riachtanach ón mbille iompair aeir a taisceadh i gcomhréir leis na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis an gcóir iompair lena mbaineann

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘F43

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – An tacar sonraí íosta a taisceadh roimh an luchtú i gcomhréir le hAirteagal 106(1), an dara fomhír, agus i gcomhréir le hAirteagal 113 (2)

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘F44

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – Uimhir aitheantais an ghabhdáin a taisceadh roimh an luchtú i gcomhréir le hAirteagal 106(1), an dara fomhír, agus i gcomhréir le hAirteagal 113(2)

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘F45

Dearbhú iontrála achomair – Earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist – Tacar sonraí páirteach – Príomhbhille luchta amháin

Airteagal 5(9) agus Airteagal 127 den Chód’

‘H1

Dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus an Nós imeachta speisialta – Úsáid shonrach – Dearbhú maidir le húsáid deiridh.

Dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht: Airteagail 5 (12), 162 agus 201 den Chód

Dearbhú le haghaidh úsáid deiridh: Airteagail 5(12), 162, 210 agus 254 den Chód’

‘H6

Dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist

Airteagail 5(12), 162 agus 201 den Chód’

‘H7

Dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach

Airteagail 5(12), 162 agus 201 den Chód’

(b)

leasaítear Caibidil 3 mar a leanas:

(i)

i Roinn 11, leasaítear an tábla ‘Tábla ceanglas sonraí – Allmhairiú’ mar a leanas:

(1)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 12 10 000 000 (Íocaíocht iarchurtha), i gcolún H7, scriostar ‘[54]’;

(2)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 038 000 (Modh íocaíochta), i gcolún H7, scriostar ‘[54]’;

(3)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 039 000 (Cineál cánach), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(4)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 040 000 (Bonn cánach), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(5)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 040 006 (Cainníocht), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(6)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 040 014 (Méid), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(7)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 040 041 (Ráta cánach), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(8)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 03 040 043 (Méid cánach), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(9)

sa ró a bhaineann le E.S. Uimh. 14 16 000 000 (Méid iomlán dleachtanna agus cánacha), i gcolún H7, cuirtear ‘B’ isteach;

(ii)

i Roinn 13, leasaítear an tábla ‘Nótaí’ mar a leanas:

(1)

sa ró a bhaineann le Nóta uimhir [34], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún a bhaineann le Tuairisc ar an nóta:

‘Ná húsáid i gcás coinsíneachtaí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist nó i gcás iompar ag suiteálacha iompair seasta.’;

(2)

sa ró a bhaineann le Nóta uimhir [37], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún a bhaineann le Tuairisc ar an nóta:

‘Ná húsáid i gcás coinsíneachtaí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist nó i gcás iompar ag suiteálacha iompair seasta nó iompar d’iarnród.’;

(3)

sa ró a bhaineann le Nóta uimhir [54], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún a bhaineann le Tuairisc ar an nóta:

‘Gan úsáid’;

(4)

sa ró a bhaineann le Nóta uimhir [57], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún a bhaineann le Tuairisc ar an nóta:

‘Níl an fhaisnéis seo ag teastáil i gcásanna earraí iomadúla a phacáiltear le chéile ná le haghaidh earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist.’;

(2)

Leasaítear Teideal II (Nótaí maidir le ceanglais sonraí) mar a leanas:

(a)

sna nótaí a bhaineann leis an eilimint sonraí ‘12 03 000 000 Doiciméad tacaíochta’, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘Colúin H1 agus H6 den tábla ceanglas sonraí:

Déanfar sainaitheantóir táirge an cheannaitheora, sainaitheantóir táirge neamhchaighdeánaithe an mhonaróra agus, más ann dó don ítim, sainaitheantóir táirge caighdeánaithe an mhonaróra, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointí (58), (59) agus (60), faoi seach, den Rialachán seo, a sholáthar le haghaidh gach ítime maidir le hearraí a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE.

Colún H7 den tábla ceanglas sonraí:

Déanfar sainaitheantóir táirge an cheannaitheora, sainaitheantóir táirge neamhchaighdeánaithe an mhonaróra agus, más ann dó don ítim, sainaitheantóir táirge caighdeánaithe an mhonaróra, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointí (58), (59) agus (60), faoi seach, den Rialachán seo, a sholáthar le haghaidh gach ítime maidir le hearraí a dhíoltar i gciandíol earraí allmhairithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE.’;

(b)

sna nótaí a bhaineann leis an eilimint sonraí ‘12 03 001 000 Uimhir thagartha’, cuirtear an mhír seo a leanas isteach roimh an mír ‘Colún I1 den tábla ceanglas sonraí’:

‘Colúin H1, H6, H7 den tábla ceanglas sonraí:

Cuir isteach na sonraí sonracha atá ag teastáil mar ‘Doiciméad tacaíochta’ a bhaineann le dearbhuithe a chumhdaítear leis an gcolún seo.’;

(c)

sna nótaí a bhaineann leis an eilimint sonraí ‘13 05 000 000 Dearbhóir’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:

‘Úsáidtear na colúin ábhartha uile den tábla ceanglas sonraí, seachas H7:

Úsáidtear an eilimint sonraí seo chun faisnéis ábhartha a sholáthar a bhaineann leis an dearbhóir.

Colúin H1, H6, H7 den tábla ceanglas sonraí:

Úsáidtear an eilimint sonraí seo chun faisnéis ábhartha a sholáthar a bhaineann leis an dearbhóir, i gcás earraí i gcoinsíneacht nach mó ná EUR 150 a luach intreach agus i gciandíol earraí allmhairithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE.

Ceann díobh seo a leanas a bheidh ina dhearbhóir:

(a)

an duine a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4 de Threoir 2006/112/CE nó a ionadaí nó a hionadaí indíreach;

(b)

an duine a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as na socruithe speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 7 de Threoir 2006/112/CE nó a ionadaí nó a hionadaí indíreach;

(c)

ionadaí indíreach an allmhaireora, i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (a) ná (b);

(d)

i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (a), (b) ná (c), aon duine eile atá in ann an fhaisnéis uile a sholáthar atá ag teastáil chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith a chur i bhfeidhm agus atá in ann na hearraí atá i gceist a chur i láthair do chustam nó atá in ann féachaint chuige go gcuirfear i láthair iad do lucht custaim.’;

(d)

sna nótaí a bhaineann leis an eilimint sonraí 18 05 000 000 (Tuairisc ar na hearraí),

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte ‘Colúin B1, B2, H1 go H5, H8 agus I1 den tábla ceanglas sonraí’:

‘Colúin B1, B2, H1 go H8 agus I1 den tábla ceanglas sonraí’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte ‘Colúin D3, G4, G5, H6 agus H7 den tábla ceanglas sonraí’:

‘Colúin D3, G4 agus G5 den tábla ceanglas sonraí’

(e)

sna nótaí a bhaineann leis an eilimint sonraí 18 10 000 000 (Cineál earraí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte ‘Agus cód ábhartha an Aontais á úsáid, cuir isteach an cineál earraí i gcoinsíneacht phoist’:

‘Agus cód ábhartha an Aontais á úsáid, cuir isteach an cineál earraí a iompraítear faoi fhreagracht oibreora poist.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/1022/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)