European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1015

4.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1015 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2026

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2967)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair a choimeád.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Chuir an Rómáin an Coimisiún ar an eolas faoin staid atá ann faoi láthair maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar ar a críoch tar éis ráig, a tuairiscíodh an 24 Aibreán 2026, den ghalar sin i mbunaíocht ina gcoimeádtar ainmhithe de speicis liostaithe i gcontae Mureș. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Rómáin criosanna srianta, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

(4)

Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá suíomh agus fad an chreasa shrianta sin i gcás na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais.

(5)

Tá méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Rómáine, agus ar an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Tá caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (4) curtha san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh.

(6)

Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Rómáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. Cuirtear san áireamh i bhfad an réigiúnaithe sin na híostréimhsí le haghaidh na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(7)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair ón mbunaíocht atá buailte sa Rómáin go codanna eile den Bhallstáit sin nó go Ballstáit eile nó go tríú tíortha, is iomchuí feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunóidh an Rómáin criosanna srianta, lena gcuimseofar criosanna cosanta agus faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, criosanna ina gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá faoin Rialachán Tarmligthe sin i bhfeidhm ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Cuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais sin na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn ar a laghad.

Airteagal 2

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/ .


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é

Mureș county

RO-CAPRIPOX-2026-00001

Protection zone:

Those parts of Mureș county, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1).

28.5.2026

Surveillance zone:

Those parts of Mureș and Bistrița-Năsăud Counties, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1), excluding the areas contained in the protection zone.

12.6.2026

Surveillance zone:

Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1).

29.5.2026-12.6.2026


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1015/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)