European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/969

21.5.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 43/2026

an 6 Feabhra 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/969]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1886 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoiliúint tosaigh agus bhreise d’oifigigh um rialú maidir leis an anailís ar na sonraí a thaifeadtar agus seiceáil tacagraf (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21bc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/548 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21bd.

32024 R 1886: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1886 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoiliúint tosaigh agus bhreise d’oifigigh um rialú maidir leis an anailís ar na sonraí a thaifeadtar agus seiceáil tacagraf (IO L, 2024/1886, 11.7.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1886 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1886, 11.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1886/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/969/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)