|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/959 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 39/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/959]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/885 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh a chosc, a bhrath agus a thuairisciú, na teimpléid atá le húsáid chun drochúsáid mhargaidh amhrasta a thuairisciú, agus na nósanna imeachta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith i gcásanna drochúsáide margaidh trasteorann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31rzg (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31rzh. |
32025 R 0885: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/885 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh a chosc, a bhrath agus a thuairisciú, na teimpléid atá le húsáid chun drochúsáid mhargaidh amhrasta a thuairisciú, agus na nósanna imeachta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith i gcásanna drochúsáide margaidh trasteorann (IO L, 2025/885, 20.8.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/885 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/885, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/885/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/959/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)