European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/942

21.5.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 54/2026

an 6 Feabhra 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/942]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/842 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena gceartaítear roinnt leaganacha teanga de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21apj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 0842: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/842 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 (IO L, 2025/842, 7.5.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/842 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/842, 7.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/842/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/942/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)