|
(2)
|
faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1)’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 15, 17, 20, 21, 22, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, 36, 37, 38, 40, 43, 46, 47, 48, 56, 88, 90, 93, 94, 96, 97, 98, 100, 102 agus 103:
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘15.
|
Min Aung Hlaing
|
Dáta breithe: 3.7.1956;
Áit bhreithe: Tavoy, Maenmar/Burma;
Náisiúntacht: Maenmar;
Uimhir aitheantais náisiúnta: 12/SAKHANA(N)020199;
Inscne: fireann
|
Tá Min Aung Hlaing ina Ardcheannasaí ar Myanmar Armed Forces (Fórsaí Armtha Mhaenmar) (Tatmadaw) ó 2011. Tá sé ina Chathaoirleach ar State Security and Peace Commission (an Coimisiún Stáit um Shlándáil agus Síocháin) (SSPC), a raibh an fheidhm chéanna aige in State Administration Council (SAC) go dtí gur tháinig SSPC ina ionad an 31 Iúil 2025. Is comhalta é chomh maith de National Defence and Security Council (an Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála) (NDSC). D’fhógair Min Aung Hlaing é féin ina “Príomh-Aire” an 1 Lúnasa 2021. An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin ag Min Aung Hlaing, chuir NDSC síneadh go foirmiúil leis an staid éigeandála trí shíntí as a chéile go dtí an 31 Iúil 2025.
Trí gach cumhacht uile a chomhchruinniú ina lámha féin agus ina cháil mar Chathaoirleach SAC/SSPC, bhí baint dhíreach ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC/SSPC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC/SSPC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha acu ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar Chathaoirleach ar SAC/SSPC, tá an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Ardcheannasaí ar Tatmadaw ó 2011 i leith, tá Min Aung Hlaing freagrach go díreach as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Róihinse.
|
22.3.2021
|
|
17.
|
Soe Win
|
Dáta breithe: 1.3.1960;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Tá Soe Win ina Leas-Ardcheannasaí ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) ó 2011 i leith. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoimisiún Stáit um Shlándáil agus Síocháin (SSPC), a raibh an fheidhm chéanna aige sa State Administration Council (SAC) roimhe sin go dtí gur tháinig SSPC ina ionad an 31 Iúil 2025. Is comhalta é chomh maith den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC). An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Soe Win páirt sa chruinniú a bhí ag NDSC an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála trí shintí as a chéile go dtí an 31 Iúil 2025.
Ina cháil mar Leas-Chathaoirleach ar SAC/SSPC, bhí baint dhíreach ag an Leas-Ardcheannasaí Soe Win leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC/SSPC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC/SSPC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha acu ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.
Mar Leas-Chathaoirleach ar SAC/SSPC, tá an Leas-Ardcheannasaí Soe Win freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Leas-Ardcheannasaí ar Tatmadaw ó 2011 i leith, tá Soe Win freagrach as na sáruithe tromchúiseacha agus as an mí-úsáid thromchúiseach sin i gcoinne phobal Róihinse.
|
22.3.2021
|
|
20.
|
Mya Tun Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 4.5.1961 nó 5.5.1961;
Inscne: fireann
|
Is comhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é an Ginearál Mya Tun Oo. Bhí sé ina Aire Cosanta ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2023, agus bhí sé ina chomhalta den State Administrative Council (SAC) go dtí gur díscaoileadh é an 31 Iúil 2025. An 1 Feabhra 2023, ceapadh ina Leas-Phríomh-Aire é freisin. An 1 Lúnasa 2023, ghlac sé ról Aire Iompair agus Cumarsáide an Aontais freisin. Déanann sé maoirseacht freisin ar chomhlachtaí maoirseachta eile atá faoi rialú giunta a bhfuil baint aige le hinfheistíocht eachtrach agus trádáil eachtrach.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Mya Tun Oo páirt i gcruinniú na Comhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Agus é ina chomhalta de NDSC agus de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.
Mar iar-chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil mar iarAire Cosanta, is ar Mya Tun Oo atá an fhreagracht as na hionsaithe a rinne na fórsaí míleata i stát Kayah an 25 Nollaig 2021 tráth a maraíodh breis is 30 duine, lena n-áirítear leanaí agus pearsanra daonnúil, agus as ollmharuithe agus céasadh sibhialtach ar fud Mhaenmar/Bhurma. Ina cháil mar Aire Cosanta, bhí an Ginearál Mya Tun Oo freagrach freisin as buamáil, aer-ruathair agus cásanna eile d’fhoréigean ar mórscála a rinne fórsaí armtha Mhaenmar le linn 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.
In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Ba é Mya Tun Oo a bhí ina Chomhcheann Foirne d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), an tríú post is sinsearaí sa Tatmadaw, ó mhí Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é ina Aire Cosanta. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar oibríochtaí míleata a rinneadh i stát Rakhine agus rinne sé comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach dá bhrí sin as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.
|
22.3.2021
|
|
21.
|
Dwe Aung Lin
|
Dáta breithe: 31.5.1962;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Tá an Leifteanant-Ghinearál Dwe Aung Lin ina chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus bhí sé ina Rúnaí ar an State Administration Council (SAC) go dtí gur tháinig an Coimisiún Stáit um Shlándáil agus Síocháin (SSPC) ina ionad an 31 Iúil 2025. Is chomhalta é de SSPC ón 31 Iúil 2025 i leith.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Ceapadh an Leifteanant-Ghinearál Dwe Aung Lin mar Rúnaí ar SAC an 2 Feabhra 2021, agus is é a d’eisigh orduithe SAC. I dteannta le daoine nach é, d’ordaigh sé daoine aonair a chur as oifig dar cheap an rialtas a toghadh go dlíthiúil iad, mar aon le foireann eile a chur ar an gcoimisiún toghcháin i Maenmar.
Mar chomhalta de SAC/SSPC agus mar iar-Rúnaí ar SAC, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant-Ghinearál Dwe Aung Lin leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC/SSPC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC/SSPC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha acu ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.
Mar chomhalta de SAC/SSPC agus mar iar-Rúnaí ar SAC, tá an Leifteanant-Ghinearál Dwe Aung Lin freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
22.3.2021
|
|
22.
|
Ye Win Oo
|
Dáta breithe: 21.2.1966;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Tá an Leifteanant-Ghinearál Ye Win Oo ina chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus bhí sé ina Chomhrúnaí ar an State Administration Council (SAC) go dtí gur tháinig an Coimisiún Stáit um Shlándáil agus Síocháin (SSPC) ina ionad. Tá sé ag feidhmiú mar Rúnaí ar an SSPC ó tháinig sé in ionad SAC.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
An 2 Feabhra 2021, ceapadh an Leifteanant-Ghinearál Ye Win Oo mar Chomhrúnaí ar SAC. An 31 Iúil 2025, tháinig SSPC in ionad SAC agus ceapadh Ye Win Oo ina Rúnaí ar SSPC.
Mar chomhalta agus Comhrúnaí/Rúnaí de SAC/SSPC, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant-Ghinearál Ye Win Oo leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC/SSPC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag fórsaí agus údaráis slándála Mhaenmar a oibríonn faoi rialú SAC/SSPC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha acu ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.
Mar chomhalta de agus mar Chomhrúnaí/Rúnaí ar SAC/SSPC, tá an Leifteanant-Ghinearál Ye Win Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
22.3.2021
|
|
26.
|
Mahn Nyein Maung
(ar a dtugtar freisin P’do, Phado Man Nyein Maung)
|
Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;
Dáta breithe: ca. 1947;
Áit bhreithe: Maungdaw, Maenmar;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Mahn Nyein Maung, chomh maith le hiar-chomhalta den State Administrative Council (SAC).
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Mahn Nyein Maung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, tá Mahn Nyein Maung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
27.
|
Thein Nyunt
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 26.12.1944;
Áit bhreithe: Kawkareik (Karen State) Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Uimhir aitheantais: 12/THAGAKA(NAING)012432;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council; Cathaoirleach an New National Democracy Party (NNDP)
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Thein Nyunt, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Thein Nyunt leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Thein Nyunt freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
28.
|
Khin Maung Swe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 24.7.1942;
Áit bhreithe: Ngathaingchaung, Pathein District, Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council; Cathaoirleach National Democratic Force party (NDF) (Páirtí an Fhórsa Dhaonlathaigh Náisiúnta)
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Khin Maung Swe, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Khin Maung Swe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Khin Maung Swe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
29.
|
Aye Nu Sein
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 24.3.1957;
Áit bhreithe: Sittwe, Rakhine State, Maenmar/Burma;
Inscne: baineann;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council; Leas-Chathaoirleach Arakan National Party
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach í Aye Nu Sein, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach í.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Aye Nu Sein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus í freagrach as an gcinnteoireacht sin, agus dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Aye Nu Sein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
30.
|
Jeng Phang Naw Htaung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council (SAC); Aire Gnóthaí Eitneacha
|
Ón 31 Iúil 2025 i leith, is é Jeng Phang Naw Htaung an tAire Spóirt agus Gnóthaí Óige agus tá sé ina Aire Óstán agus Turasóireachta in Union Government (Rialtas an Aontais). Is iar-chomhalta é chomh maith de State Administrative Council (SAC) é, agus bhí sé ina Aire Gnóthaí Eitneacha.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Ina cháil mar Aire Spóirt agus Gnóthaí Óige, mar Aire Óstán agus Turasóireachta i Rialtas an Aontais, agus mar iar-chomhalta de SAC agus mar Aire Gnóthaí Eitneacha, bhí baint dhíreach ag Jeng Phang Naw Htaung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir..
Ina cháil mar Aire Spóirt agus Gnóthaí Óige, mar Aire Óstán agus Turasóireachta i Rialtas an Aontais, agus mar iar-chomhalta de SAC agus mar Aire Gnóthaí Eitneacha, tá Jeng Phang Naw Htaung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine
|
19.4.2021
|
|
31.
|
Maung Ha
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council (SAC); Comhalta de Lárchomhlacht Comhairleach SAC
|
Ba chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Maung Ha.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Maung Ha leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Maung Ha freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
32.
|
Sai Long Hseng
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 18.4.1947;
Áit bhreithe: Kengtung, Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Cárta fíorúcháin saoránachta: Katana (Naing) 0052495;
Uimhir NRC: 13/KATANA (N)-005249;
Feidhm: iarChomhalta de State Administrative Council
|
Ba chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Sai Long Hseng.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Sai Long Hseng leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Sai Long Hseng freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
33.
|
Saw Daniel
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 25.11.1957;
Áit bhreithe: Loikaw (Kayah State) Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Saw Daniel, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Saw Daniel leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna Stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Saw Daniel freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
34.
|
Dr Banyar Aung Moe
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 14.8.1947;
Inscne: fireann;
Cárta aitheantais náisiúnta: 10RAMANAN202348;
Feidhm: Comhalta de State Administrative Council
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Banyar Aung Moe, chomh maith le bheith ina iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Banyar Aung Moe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach chomh maith, tá Banyar Aung Moe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
19.4.2021
|
|
36.
|
Soe Htut
|
Dáta breithe: 29.3.1960;
Áit bhreithe: Mandalay, Maenmar/Burma;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Bhí an Leifteanant-Ghinearál Soe Htut ina chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) agus ina chomhalta de State Administrative Council (SAC) faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Ceapadh Soe Htut ina Aire Gnóthaí Baile an 1 Feabhra 2021. Ghlac Soe Htut páirt i gcruinniú na Comhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Leis an gcinneadh sin agus toisc gur comhalta de SAC é, baineann a ghníomhaíochtaí agus a bheartais an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Tá an tAire Gnóthaí Baile freagrach as Fórsa Póilíneachta, Seirbhís Dóiteáin agus Seirbhís Príosúin Mhaenmar). Ar fheidhmeanna na hAireachta Gnóthaí Baile tá slándáil an stáit agus an t-ord poiblí. Sa cháil sin, tá an Leifteanant-Ghinearál Soe Htut freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne póilíní Mhaenmar ó bhí coup míleata ann an 1 Feabhra 2021, lena n-áirítear sibhialtaigh agus lucht agóide neamharmtha a mharú, sáruithe ar shaoirse comhlachais agus ar chomhthionól síochánta, gabhálacha treallacha agus ceannairí freasúra agus lucht agóide síochánta a choinneáil agus sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
Ina theannta sin, mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant-Ghinearál Soe Htut leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar/Bhurma, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.
|
21.6.2021
|
|
37.
|
Tun Tun Naung
(ar a dtugtar freisin Tun Tun Naing; ar a dtugtar freisin Htun Htun Naung)
|
Dáta breithe: 30.4.1963;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann
|
Is comhalta de na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) é an Leifteanant-Ghinearál Tun Naung agus ba Cheannasaí dá gcuid é tráth. Is é an tAire Gnóthaí Baile agus tá sé in chomhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC), chomh maith le bheith ina iarAire Gnóthaí Teorann. In 2013, ba é Tun Tun Naung Ceannasaí an Tuaiscirt a rinne maoirseacht ar choinbhleacht lucht míleata Mhaenmar leis an Kachin Independence Army (Arm Shaoirse Kachin). Sa choinbhleacht sin, rinne trúpaí Mhaenmar a bhí faoi cheannas Tun Tun Naung sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. In 2017, ba é Tun Tun Naung oifigeach ceannais an “1st Bureau of Special Operations” (1ú Biúró Oibríochtaí Speisialta). Agus é i gceannas, rinne trúpaí ainghníomhartha agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcoinne mionlaigh eitneacha i stát Rakhine le linn “oibríochtaí dhíothú Róihinse”. Cuireadh tús leis na hoibríochtaí sin an 25 Lúnasa 2017 agus bhain siad le maruithe treallacha, mí-úsáid fhisiciúil, céasadh, foréigean gnéasach agus daoine de bhunadh Róihinse a choinneáil. Ina cháil mar Cheannasaí in 2013 agus 2017, bhí Tun Tun Naung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh i Maenmar/Burma.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. Le linn na n-imeachtaí sin, ghlac Tun Tun Naung le ceapachán mar Aire Gnóthaí Teorann i Rialtas an Aontais an 1 Feabhra 2021 agus leis sin, le suíochán sa Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NSDC). Ghlac Tun Tun Naung páirt sa chruinniú a bhí ag NDSC an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Leis an gcinneadh sin agus mar chomhalta de Rialtas an Aontais agus mar Aire Gnóthaí Baile, agus ina iarAire Gnóthaí Teorann, tá Tun Tun Naung freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre sin i mbaol.
|
21.6.2021
|
|
38.
|
Win Shein
(ar a dtugtar freisin U Win Shein)
|
Dáta breithe: 31.7.1957;
Áit bhreithe: Mandalay, Maenmar/Burma;
Náisiúntacht: Maenmar;
Inscne: fireann;
Pasuimhir: DM001478 (Maenmar/Burma) a eisíodh an 10.9.2012, agus a rachaidh in éag an 9.9.2022;
Cárta aitheantais náisiúnta: 12DAGANA011336
|
Ba é Win Shein an Leas-Phríomh-Aire ón 1 Feabhra 2023 go dtí an 31 Iúil 2025 agus an tAire Pleanála agus Airgeadais i Rialtas an Aontais ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 31 Iúil 2025 agus é ceaptha ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Min Aung Hlaing.
Le linn dó a bheith ina Aire Pleanála agus Airgeadais agus ina Leas-Phríomh-Aire i Rialtas an Aontais, agus trína ról tábhachtach i gceapadh beartas eacnamaíoch an réimis, bhí sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.6.2021
|
|
40.
|
Tin Aung San
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 16.10.1960;
Inscne: fireann;
Cárta aitheantais náisiúnta: 12/La Ma Na (N) 89 489
|
Is é an tAimiréal Tin Aung San Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar agus Aire Oifig an Phríomh-Aire. Bhí sé ina chomhalta de State Administration Council (SAC) go dtí gur díscaoileadh é sin an 31 Iúil 2025. Ón 5 Lúnasa 2025 i leith, tá sé ina Chomhairleoir Slándála Náisiúnta freisin. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Iompair agus Cumarsáide agus ina Aire Cosanta.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar Aire Rialtais Iompair agus Cumarsáide, bhí sé freagrach as cumarsáid agus líonraí agus ar an gcaoi sin rinne sé cinntí agus chuir sé beartais chun feidhme lena ndearnadh saoirse rochtana ar líne ar shonraí a shainiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, is iomaí múchadh agus moilliú d’aon ghnó ar an idirlíon a tharla, chomh maith le horduithe do sholáthraithe cosc a chur ar Facebook, Twitter agus Instagram ar líne. I mí Eanáir 2022, scaipeadh dréacht nua den bhille cibearshlándála, lenar féidir mí-úsáid a bhaint as teicneolaíocht faireachais chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine aonair agus díriú orthu, agus, ar an gcaoi sin, a tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chomh maith le rochtain ar fhaisnéis a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá sé freagrach go díreach as srian a chur le saoirse an phreasa agus le rochtain ar fhaisnéis ar líne, agus as ceart chun príobháideachais mhuintir Mhaenmar a shárú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tá an bonn á bhaint aige den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
Ina cháil mar Leas-Phríomh-Aire agus Comhairleoir Slándála Náisiúnta chomh maith le hiarAire Cosanta agus comhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Tin Aung San leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar/Bhurma, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.
|
21.6.2021
|
|
43.
|
Zaw Min Tun
|
Áit bhreithe: Yenanchaung, Maenmar;
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ba é an Briogáidire-Ghinearál Zaw Min Tun an Ceannaire ar Fhoireann Preasa State Administrative Council (SAC) agus an Leas-Aire Faisnéise. Is é iarcheann True News Information Team Tatmadaw é.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Cheap SAC faoi Ardcheannasaí Min Aung Hlaing é mar cheannaire ar Fhoireann Preasa SAC an 5 Feabhra 2021 agus mar Leas-Aire Faisnéise an 7 Feabhra 2021.
Mar urlabhraí SAC, bhí an Briogáidire-Ghinearál Zaw Min Tun i gceannas ar phreasagallaimh uile SAC, arb é atá mar aidhm acu leagan SAC a chur in iúl agus a chosaint i ndáil leis an coup agus le gníomhaíochtaí an ghiunta ó shin i leith.
Mar Leas-Aire Faisnéise an Rialtais, tá freagracht dhíreach air as na meáin atá faoi úinéireacht stáit agus dá réir sin as craoladh agus foilsiú na nuachta oifigiúla. Ó ainmníodh Chit Naing mar Aire Faisnéise agus Zaw Min Tung mar a Leas-Aire, tá na nuachtáin lán le hailt i bhfabhar an airm. Dá réir sin, tá Zaw Min Tun freagrach as bolscaireacht an ghiunta agus as bréagaisnéis a scaipeadh trí mheáin stáit, ar meáin iad nach bhfuil tuairisc chruinn á tabhairt acu. Tá sé freagrach freisin as cinntí ba chúis leis an gcniogbheartaíocht ar na meáin i Maenmar/Burma. Áirítear leis sin treoracha, lenar ordaíodh do na meáin neamhspleácha gan na téarmaí “coup”, “réimeas míleata” ná “giunta” a úsáid, agus lenar cuireadh cosc ar fhoinsí áitiúla nuachta sa tír agus lenar gabhadh iriseoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ina chuid ráiteas, tugann sé tacaíocht phoiblí don coup míleata. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas i Maenmar/Burma agus as srian a chur ar shaoirse an phreasa agus ar rochtain ar fhaisnéis ar líne agus as líne araon.
Mar iar-chomhalta de SAC agus de rialtas an ghiunta, tá an Briogáidire-Ghinearál Zaw Min Tun páirteach i ngníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus tá sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí agus na beartais sin, chomh maith le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol.
|
21.6.2021
|
|
46.
|
Thet Thet Khine
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 19.8.1967;
Áit bhreithe: Mogok, Maenmar/Burma;
Inscne: baineann;
Seoladh: 127A Dhamazadei Road, Kamayut, Yangon, Maenmar/Burma;
Pasuimhir: MB132403 (Maenmar/Burma) a eisíodh an 7.5.2015, arna dhul in éag an 6.5.2020;
Cárta aitheantais náisiúnta: 9MAKANAN034200
|
Bhí Thet Thet Khine ina hAire Leasa Shóisialaigh, Fóirithinte agus Athlonnaithe ón 4 Feabhra 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2023 agus ina hAire Óstán agus Turasóireachta ón 3 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2025. Ba é State Administrative Council (SAC), arb é an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing a cheannaire agus a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021, a cheap í.
Tá tacaíocht tugtha don coup aici arís agus arís eile go poiblí. Ina cáil mar iarAire Rialtais, is cuid í den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina ráitis agus ina gníomhartha, thacaigh sí go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear sa ráiteas uaithi gur eagraigh an t-arm an coup mar thoradh ar chalaois toghcháin. Ina theannta sin, shéan sí go ndearna an t-arm cinedhíothú in aghaidh dhaonra Róihinse.
Dá bhrí sin, tá sí ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol, agus tugann sí tacaíocht do na gníomhaíochtaí agus beartais sin.
|
21.2.2022
|
|
47.
|
Maung Maung Ohn
(ar a dtugtar freisin U Maung Maung Ohn)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is é Maung Maung Ohn an tAire Faisnéise ón 1 Lúnasa 2021. Ba é State Administrative Council (SAC), arb é an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing a cheannaire agus a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021, a cheap é. Bhí sé ina Aire Óstán agus Turasóireachta roimhe sin, tar éis dó a bheith ceaptha an 7 Feabhra 2021.
Mar Aire Rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina cháil mar Aire Faisnéise, tá smacht aige ar na meáin atá faoi úinéireacht an Stáit (MWD, MRTV, as na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, as Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News), agus dá bhrí sin, tá craoladh agus foilsiú na nuachta oifigiúla faoi rialú ag Maung Maung Ohn. Lean sé de na beartais cur faoi chois tar éis an coup míleata, agus neartaigh sé iad, go sonrach trí leasú a dhéanamh ar an Dlí Craolacháin Teilifíse agus Raidió, trí shrianta breise a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse an phreasa, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí choiriúlú iriseoireachta agus trí iriseoirí a chur i bpríosún. Ina theannta sin, thug sé treoir do chomhaltaí Chomhairle Meán Mhaenmar, comhlacht neamhspleách, cuspóirí an rialtais a chur chun feidhme.
Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
48.
|
Shwe Kyein
(ar a dtugtar freisin U Shwe Kyein)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Shwe Kyein, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) é.
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag U Shwe Kyein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna Stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine á ndéanamh go leanúnach ón 1 Feabhra 2021 ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata atá faoi rialú ag SAC, trí agóideoirí sibhialta neamharmáilte a mharú, trí na céadta míle duine a easáitiú, trí shibhialtaigh a dhó, a chéasadh agus a mharú agus trí rochtain chomhionann ar chabhair dhaonnúil a dhiúltú. Tá srian curtha ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata, atá ag feidhmiú faoi rialú ag SAC, leis an tsaoirse comhthionóil agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh trí rochtain ar an idirlíon a chosc, agus trí ghabháil agus choinneáil threallach a dhéanamh ar cheannairí den fhreasúra agus orthu siúd atá in aghaidh an coup agus trína gciontú. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, agus ceadaítear don arm údarás iomlán a fheidhmiú ar an limistéar sonraithe, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, ceiltear orthu an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear an ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, tá U Shwe Kyein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
21.2.2022
|
|
56.
|
Than Soe
(ar a dtugtar freisin U Than Soe)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ainmníodh Than Soe ina chomhalta de Union Election Commission (UEC) an 26 Feabhra 2021 agus tá sé ag feidhmiú mar Chathaoirleach UEC ón 31 Iúil 2025 i leith. Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta de UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iar-chomhaltaí de UEC, bhí baint dhíreach ag Than Soe le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
88.
|
Moe Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Grád: Aimiréil
|
Ba é an tAimiréal Moe Aung Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar. Tá sé ar dhuine de na hoifigigh is airde céim i bhFórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), agus tá dlúthbhaint aige le réimeas State Administrative Council (SAC)/an Choimisiúin Stáit um Shlándáil agus Síocháin, lena n-áirítear an tArdcheannasaí, Min Aung Hlaing agus an Leas-Ardcheannasaí Soe Win agus an Rialtas. Ó bhí an 8 Eanáir 2024 ann, tá sé ina Aire ar Aireacht 4 ag Oifig Chathaoirleach SAC agus tá sé ina Chomhairleoir Slándála Náisiúnta.
Glacann Moe Aung páirt freisin i rialachas Myanmar Economic Holdings Public Company Ltd (MEHL) agus Myanmar Economic Corporation Limited (MEC), dhá ilchuideachta faoi úinéireacht mhíleata a sholáthraíonn acmhainní eacnamaíocha agus ábharacha don arm chun a ngníomhaíochtaí a éascú. Faoina údarás agus i gcomhar leis an Aireacht Iompair agus Cumarsáide, iompraíodh saighdiúirí agus airm de bháid nó de longa go dtí an chuid thuaidh den tír ar uiscebhealaí.
Mar aire, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Moe Aung a bhaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol. Tá sé freagrach as an iliomad sáruithe ar chearta an duine freisin.
|
20.2.2023
|
|
90.
|
Myo Myint Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Grád: Leifteanantchoirnéal
|
Tá an Leifteanantchoirnéal Myo Myint Aung ina Aire Eacnamaíoch de Réigiún Yangon ón 2 Meán Fómhair 2022. Mar Aire Réigiún Yangon, tá baint dhíreach aige le cinnteoireacht maidir le réigiún Yangon agus tá sé freagrach as an gcinnteoireacht sin.
Ina theannta sin, ba Cheannasaí Earcaíochta Míleata Yangon agus Breitheamh Míleata é roimhe sin ó bunaíodh na cúirteanna míleata go dtí Meán Fómhair 2022.
Sa cháil sin, líomhnaíodh go raibh baint aige le daoradh agus cur chun báis ceathrar gníomhaithe daonlathais i mí Iúil 2022. Le linn a thréimhse mar Bhreitheamh Míleata, daoradh cuid mhór de chomhaltaí den fhreasúra chun báis agus gearradh téarmaí príosúin acu.
Dá bhrí sin, sna cáileanna sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ó bhí coup 2021 ann.
|
20.2.2023
|
|
93.
|
Myo Myint Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Ba é Myo Myint Oo Aire Fuinnimh an Aontais ón 5 Lúnasa 2022 go dtí mí Lúnasa 2023. Mar iarAire Rialtais, tá sé mar chuid den réimeas míleata.
Faoina údarás, ghin Myanmar Oil and Gas Enterprise (MOGE), eintiteas atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ioncam do State Administrative Council (SAC) atá liostaithe ag an Aontas agus Myanmar Petroleum Enterprise, atá i mbun breosla eitlíochta a allmhairiú agus a dháileadh, lena n-áirítear aerárthaí troda agus aerárthaí míleata eile.
Mar Aire Fuinnimh, bhí sé i gceannas ar infheistíocht agus ar chomhar a eagrú le comhpháirtithe eachtracha sna hearnálacha ola agus gáis, rud a chruthaíonn ioncam do SAC, agus, ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a chinntiú agus le breosla eitlíochta a allmhairiú don arm, agus mar gheall air sin, is féidir aerionsaithe míleata a dhéanamh i gcoinne sibhialtach.
Ina cháil mar iarAire Fuinnimh an Aontais, dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Myo Myint Oo a bhaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol.
|
20.2.2023
|
|
94.
|
Aung Kyaw Min
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: circa 1958;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administration Council
|
Bhí Aung Kyaw Min ina chomhalta de State Administration Council (SAC) ón 1 Feabhra 2023 go dtí an 2 Lúnasa 2023. Is iarPhríomh-Aire de Stát Rakhine é freisin. Bhí SAC faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a ghlac chuige féin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 1 Feabhra 2021, rud a chuir cosc ar an rialtas, a toghadh go daonlathach, a shainordú a chomhlíonadh.
Agus é ina iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Aung Kyaw Min leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021, inar maraíodh agóideoirí sibhialta agus neamharmtha, agus inar cuireadh srian leis an tsaoirse comhthionóil agus tuairimí a nochtadh.
Mar iar-chomhalta de SAC, tá Aung Kyaw Min freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
20.7.2023
|
|
96.
|
Myint Kyaing
(ar a dtugtar freisin U Myint Kyaing)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 17.4.1957;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: An tAire Aontais um Inimirce agus Daonra
|
Is é Myint Kyaing an tAire Aontais um Inimirce agus Daonra ón 19 Lúnasa 2021. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Aontais um Shaothar tar éis an coup an 1 Feabhra 2021. Ba chomhalta de State Administration Council (SAC) é go dtí gur díscaoileadh í an 31 Iúil 2025, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit trí bhíthin coup míleata an 1 Feabhra 2021.
Mar Aire rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina cháil mar Aire Aontais, comhlíonann sé dualgais chun tacú le beartas diansmachta an réimis mhíleata um inimirce agus daonra mar shampla srianta ar shaoránaigh chun taisteal laistigh den tír chomh maith le beartas an réimis i leith mhionlach Róihinse, ar sárú ar chearta an duine é. Ina cháil mar Aire Inimirce agus Daonra, glacann sé páirt freisin sna hullmhúcháin do na toghcháin a d’fhógair an t-arm chun an coup neamhdhleathach a dhlisteanú i mí Feabhra 2021.
Tá Myint Kyaing freagrach dá bhrí sin as an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol.
|
20.7.2023
|
|
97.
|
Porel Aung Thein
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1960í-1970í (thart ar 60 bliain d’aois);
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administration Council
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Porel Aung Thein, agus is iar-chomhalta de State Administration Council (SAC) é. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP) (Páirtí um Dhlúthpháirtíocht agus Fhorbairt an Aontais).
Bhí SAC faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing agus ghlac sé chuige féin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021, rud a chuir cosc ar an rialtas, a toghadh go daonlathach, a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Porel Aung Thein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 2 Feabhra 2021, inar maraíodh agóideoirí sibhialta agus neamharmtha, agus inar cuireadh srian leis an tsaoirse comhthionóil agus tuairimí a nochtadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, tá Porel Aung Thein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
20.7.2023
|
|
98.
|
Pwint San
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 13.7.1961;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Aire Aontais um Shaothar
|
Bhí Pwint San ina Aire Aontais um Shaothar ón 19 Lúnasa 2022 go dtí an 2 Lúnasa 2023. Ba é State Administration Council (SAC), faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a ghlac cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuige féin ón 2 Feabhra 2021, a cheap é.
Ceapadh é roimhe sin mar Aire Aontais um Thráchtáil don tréimhse ón 3 Feabhra 2021 go dtí an 19 Lúnasa 2022.
Mar iarAire rialtais, ba chuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Faoina údarás, tá sárú córasach déanta ar chearta oibrithe, go háirithe cearta na n-oibrithe sin atá cleamhnaithe le gluaiseacht an fhreasúra. Mar Aire um Thráchtáil, d’éascaigh Pwint San allmhairiú earraí atá riachtanach chun cumhacht an réimis a choinneáil (e.g. ola bhreosla a allmhairiú). Thairis sin, trína ghníomhaíochtaí náisiúnta agus trína theagmhálacha idirnáisiúnta, rannchuidíonn sé le cumhacht neamhdhlisteanach an réimis mhíleata a chobhsú a thuilleadh. Ag an am céanna, chuir an aireacht a bhí faoina húdarás leis na bristí soláthair laistigh den tír roimhe sin trí rialuithe allmhairiúcháin a fhorchur agus trí aistriú seoltán a shrianadh.
Dá bhrí sin, ina cháil mar iarAire Aontais um Shaothar agus mar iarAire Aontais Tráchtála, is duine nádúrtha é Pwint San a mbaineann a ghníomhartha, a bheartais agus a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus atá i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol.
|
20.7.2023
|
|
100.
|
Nyo Saw
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Príomh-Aire, Comhalta de State Administration Council (SAC) agus Comhairleoir do Min Aung Hlaing (Cathaoirleach SAC);
Grád: Leifteanant-Ghinearál;
Grád polaitiúil: Aire an Aontais
|
Ón 31 Iúil 2025 i leith, tá an Leifteanant-Ghinearál Nyo Saw ina Phríomh-Aire. Ó mhí Mheán Fómhair 2023, bhí sé ina chomhalta de State Administration Council tar éis dó a bheith ceaptha ina chomhairleoir sinsearach do Chathaoirleach State Administration Council (SAC), an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing (atá ainmnithe ón 22.3.2021) ar grád Aire de chuid an Aontais, go dtí gur tháinig an Coimisiúin Stáit um Shlándáil agus Síocháin (SSPC) in ionad SAC an 31 Iúil 2025. Is chomhalta é den SSPC ón 31 Iúil 2025 i leith. Tá sé i gceannas freisin ar choiste a bhfuil sé de chúram air breosla a allmhairiú ón Rúis, príomhsholáthraí arm an réimis. Chuaigh Nyo Saw ar scor ón arm in 2020 mar ardcheathrúnach. Tá sé ina chomhalta freisin den Choiste um Maoirseacht ar Mhalartaí Eachtracha (FESC) agus ina chathaoirleach ar an ilchuideachta Myanmar Economic Corporation (MEC) atá faoi úinéireacht mhíleata, agus gineann an dá cheann acu ioncam don réimeas. Tá sé ina chomhalta de ghrúpa pátrúnachta Myanmar Economic Holdings Ltd (MEHL) freisin. Mar chomhalta de SAC agus mar chomhairleoir do Chathaoirleach SAC, tá ról lárnach ag Nyo Saw maidir leis an deachtóireacht mhíleata i Maenmar a chothabháil agus a eagrú, ar deachtóireacht í a d’urghabh cumhacht trí coup míleata in 2021, agus an rialtas a toghadh go daonlathach á threascairt aige. Trína róil i stiúradh fiontar faoi úinéireacht mhíleata agus i mbainistiú allmhairí breosla ón Rúis, lena n-áirítear le haghaidh úsáid mhíleata, cuireann sé tacaíochtaí eacnamaíocha agus ioncam ar fáil don réimeas míleata freisin. Tá baint ag Nyo Saw le hiarchomhaltaí réimeas an ghiunta agus le comhaltaí reatha.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Nyo Saw ar lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Bhurma i mbaol. Ina theannta sin, tá baint ag Nyo Saw le daoine atá ainmnithe faoi Chinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) 401/2013 ón gComhairle, go háirithe an Ginearál Min Aung Hlaing.
|
11.12.2023
|
|
102.
|
Hmu Htan
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe:
Idir 1960 agus 1975;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administration Council (SAC)
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Hmu Htan, agus is iar-chomhalta de State Administration Council (SAC) é. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP) (Páirtí um Dhlúthpháirtíocht agus Fhorbairt an Aontais).
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Hmu Htan leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, tá agóideoirí neamharmtha sibhialta maraithe acu, srian curtha ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíocht fhoréigneach na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Ina cháil mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, tá Hmu Htan freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
11.12.2023
|
|
103.
|
Wunna Maung Lwin
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 30.5.1952;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta de State Administration Council (SAC); iarAire Gnóthaí Eachtracha an -ghiunta
|
Is comhalta den Chomhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Wunna Maung Lwin, agus is iar-chomhalta de State Administrative Council (SAC) é. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP) (Páirtí um Dhlúthpháirtíocht agus Fhorbairt an Aontais).
An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, agus mar iar-chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Wunna Maung Lwin leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith; mharaigh siad agóideoirí neamharmtha agus sibhialtaigh, chuir siad srian ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Ina cháil mar chomhalta de NDSC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach chomh maith le hiar-chomhalta de SAC agus iarAire Gnóthaí Eachtracha an ghiunta, tá Wunna Maung Lwin freagrach go díreach as cinntí diansmachta agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, chomh maith le gníomhaíochtaí darb aidhm iad a dhlisteanú go hidirnáisiúnta.
|
11.12.2023’;
|
|