|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/913 |
5.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/913 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 14 Márta 2025, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne Lanxess Deutschland GmbH agus Radici Chimica S.p.A (‘na gearánaigh’) an 28 Eanáir 2025. Ba é tionscal aigéid aidipigh an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1041 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 16 Deireadh Fómhair 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. |
|
(5) |
Fuarthas barúlacha ó dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, Tangshan Zhonghao Chemical Co., Ltd, Tangshan, an tSín (‘Zhonghao’) agus Chongqing Huafon Chemical Co., Ltd, Chongqing, an tSín (‘Huafon’), a thug faoi deara earráid chléireachais i ríomh an ghnáthluacha. Tar éis anailís a dhéanamh, glacadh leis na barúlacha sin. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire earráid ríofa i ríomh an tagarmhairc le haghaidh gaile. Rinne an Coimisiún na corrlaigh dhumpála a athríomh dá réir sin. |
|
(6) |
Níor bhain barúil amháin eile ó Zhonghao le cruinneas na ríomhanna ach leis an modheolaíocht a úsáideadh chun an tagarmharc le haghaidh uisce a ríomh. Dá bhrí sin, breithníodh é tar éis bearta sealadacha a nochtadh agus tugtar aghaidh air in aithris (55) den Rialachán seo. |
|
(7) |
An 13 Samhain 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2287 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh na Síne. |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(8) |
Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir na gearánaigh, Allnex Italy s.r.l (‘Allnex’) agus COIM S.p.A. Chimica Organica (‘COIM’), dhá úsáideoir aigéid aidipigh, agus na táirgeoirí sampláilte de chuid na Síne, Zhonghao agus Huafon, aighneachtaí i scríbhinn isteach inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach. |
|
(9) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Tionóladh éisteacht le Allnex. |
|
(10) |
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(11) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(12) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Níor iarradh aon éisteacht tar éis an nochta deiridh. |
1.5. Maímh maidir leis an tionscnamh
|
(13) |
In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí (7) go (11) den Rialachán sealadach. |
1.6. Sampláil
|
(14) |
In éagmais aon bharúil maidir le sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus táirgeoirí onnmhairiúcháin, deimhnítear aithrisí (12) go (17) den Rialachán sealadach. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(15) |
In éagmais aon bharúil maidir le freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin, deimhnítear aithrisí (18) go (21) den Rialachán sealadach. |
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(16) |
Mar a luaitear i roinn 1.7 den Rialachán sealadach, leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil cumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(17) |
Mar a leagtar amach i roinn 2 den Rialachán sealadach, is éard atá sa táirge atá faoi imscrúdú aigéad aidipeach, ar a dtugtar aigéad heicsindé-óch freisin, a thagann faoi Seirbhísí na gCoimrithe Ceimiceacha (‘CAS’) faoi uimhir 124-04-9 agus a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 2917 12 00 (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(18) |
Is éard atá sa táirge lena mbaineann aigéad aidipeach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 2917 12 00 (cód TARIC 2917 12 00 10) (‘an táirge lena mbaineann’). |
|
(19) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an táirge comhchosúil agus raon feidhme an táirge, deimhnítear aithrisí (26) go (28) den Rialachán sealadach. |
3. DUMPÁIL
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(20) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, deimhnítear na torthaí in aithrisí (29) go (36) den Rialachán sealadach. |
3.2. An Gnáthluach
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(21) |
In éagmais aon bharúil maidir le saobhadh suntasach a bheith ann, deimhnítear na torthaí in aithrisí (37) go (81) den Rialachán sealadach. |
3.2.2. Tír ionadaíoch
|
(22) |
In éagmais aon bharúil maidir le rogha na tíre ionadaíche, deimhnítear na torthaí in aithrisí (82) go (94) den Rialachán sealadach. |
3.2.3. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(23) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, rinne na páirtithe leasmhara maímh maidir leis na tagarmharcanna iomchuí le haghaidh cioglaiheacsán amh, gaile, uisce agus saothair. Ina theannta sin, bhraith an Coimisiún earráid chléireachais i ríomh an tagarmhairc gáis agus cheartaigh sé ina dhiaidh sin í. |
3.2.3.1.
|
(24) |
Ag an gcéim shealadach, chinn an Coimisiún go raibh dhá chineál seachtháirge cioglaiheacsáin ann: cioglaiheacsán íon agus cioglaiheacsán amh. Is iondúil go mbíonn cioglaiheacsán íon 99 % íon (suas le 99,9 %), an grád is gá chun aigéad aidipeach a tháirgeadh. Rinne an Coimisiún cioglaiheacsán ag a bhfuil íonacht níos lú ná 99 % (agus nach bhfuil oiriúnach lena úsáid go díreach i dtáirgeadh aigéid aidipigh) a lipéadú mar ‘amh’ chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus an cioglaiheacsán íon scagtha. |
|
(25) |
Mhaígh na gearánaigh go raibh an tagarmharc a d’úsáid an Coimisiún le haghaidh cioglaiheacsán amh mícheart, ós rud é 1) nach raibh praghas margaidh seachtrach suite ag cioglaiheacsán amh agus nár trádáladh é mar thráchtearra go ginearálta agus, 2) go raibh an mhodheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ag brath go mícheart ar na praghsanna/costais chéanna de chuid na Síne a measadh a bheith róshaofa chun bheith mar bhonn d’athríomh an ghnáthluacha ag an tús, agus as ar eascair cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) san imscrúdú seo. |
|
(26) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis na ráitis sin. Le linn an imscrúdaithe, fuair agus d’fhíoraigh an Coimisiún fianaise a sholáthair na cuideachtaí sampláilte gur dhíol siad méideanna móra cioglaiheacsáin amh le cuideachtaí neamhchomhlachaithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, deimhníodh gur díoladh cioglaiheacsán ag a raibh íonacht níos lú ná 99 % sa cháil sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(27) |
Deimhníodh san imscrúdú freisin gur féidir cioglaiheacsán ag íonacht níos lú ná 99 % a úsáid fós ar bhealaí éagsúla. Is féidir é a úsáid mar sin i bpróisis cheimiceacha i gcás nach bhfuil an leibhéal íonachta is airde riachtanach, e.g. mar thuaslagóir, easbhainteoir péinte, comhpháirteanna cumaisc le haghaidh sruthanna hidreacarbóin (i gcás inar féidir úsáid a bhaint as íonacht chomh híseal le 90 %) (5), nó is féidir é a dhriogadh a thuilleadh chun leibhéal íonachta níos airde a bhaint amach. An leibhéal íonachta níos ísle agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le tuilleadh driogtha, léirítear iad sin i margadhluach níos ísle cioglaiheacsáin amh, i gcomparáid le cioglaiheacsán íon. |
|
(28) |
Mar a luaigh na gearánaigh, níl aon tagarmharc (idirnáisiúnta) suite ann don seachtháirge sin, go háirithe ós rud é go bhféadfadh an comhdhéanamh agus an leibhéal íonachta a bheith éagsúil. Ag an gcéim shealadach, d’úsáid an Coimisiún, dá bhrí sin, an cóimheas idir praghas na gcuideachtaí féin ar chioglaiheacsán amh agus íon agus chuir sé i bhfeidhm é ar an tagarmharc le haghaidh cioglaiheacsán íon, chun tagarmharc a shuí le haghaidh cioglaiheacsán amh (aithris (107) den Rialachán sealadach). |
|
(29) |
Mar gheall ar an bhfoclaíocht sa rialachán sealadach, bhí na gearánaigh in ann a cheistiú ar bhain an Coimisiún úsáid as costas nó praghas cioglaiheacsáin chun an tagarmharc sin a shuí. Deimhníonn an Coimisiún leis seo go raibh an tagarmharc bunaithe go deimhin ar an difríocht sa phraghas, i.e. an cóimheas idir praghas díola cioglaiheacsáin íon agus praghas díola cioglaiheacsáin amh le haghaidh gach cuideachta sampláilte. |
|
(30) |
Mhaígh na gearánaigh ina n-aighneacht nár cheart don Choimisiún praghsanna chuideachtaí na Síne a úsáid chun an tagarmharc sin a shuí, ós rud é go raibh an t-imscrúdú bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, toisc gur suíodh go bhfuil costais agus praghsanna intíre na Síne saofa. Dá bhrí sin, ní féidir an cóimheas de dhá phraghas shaofa de chuideachta táirgthe aigéid aidipigh de chuid na Síne a mheas, de réir na ngearánach, mar mhodheolaíocht choigeartaithe dhlisteanach. |
|
(31) |
Mheas an Coimisiún, áfach, nach ndéanann an saobhadh foriomlán i ngeilleagar na Síne difear do chóimheas na bpraghsanna cioglaiheacsáin amh agus íon. Úsáidtear an mhodheolaíocht chéanna in imscrúduithe faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh e.g. tomhaltáin agus forchostais, i gcás inarb é cleachtas seanbhunaithe an Choimisiúin ítimí den sórt sin a shloinneadh mar chéatadán de chostas na n-amhábhar bunaithe ar chostais na gcuideachtaí Síneacha féin, agus ina gcuirtear i bhfeidhm í ina dhiaidh sin ar na costais neamhshaofa. |
|
(32) |
Mhaígh na gearánaigh freisin, ós rud é, dar leo, go bhfuil an mhodheolaíocht chun an tagarmharc a shuí le haghaidh cioglaiheacsán amh lochtach, gur cheart don Choimisiún modh difriúil a aimsiú chun tagarmharc den sórt sin a shuí nó neamhaird iomlán a thabhairt ar an seachtháirge sin. Mar sin féin, níor sholáthair na gearánaigh aon rogha mhalartach ar thagarmharc den sórt sin ós rud é, dar leo, nach bhfuil aon luach tráchtála seachtrach ag an táirge. Thairis sin, ós rud é, mar a luaitear in aithris (26), gur deimhníodh leis an imscrúdú go raibh luach tráchtála ag cioglaiheacsán amh agus gur díoladh é iarbhír le páirtithe neamhchomhlachaithe, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an seachtháirge sin. |
|
(33) |
I bhfianaise an mhéid seo: (i) is táirge indíolta é cioglaiheacsán amh a dhíolann an dá chuideachta shampláilte de chuid na Síne le custaiméirí neamhchomhlachaithe agus, dá bhrí sin, tá luach cruthaithe aige; (ii) níor thairg na gearánaigh ná aon pháirtí eile modheolaíocht mhalartach chun tagarmharc a shuí le haghaidh cioglaiheacsán amh agus dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh na ngearánach. |
|
(34) |
Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh na gearánaigh a maímh maidir leis an tagarmharc mícheart líomhnaithe a úsáideadh le haghaidh cioglaiheacsán amh. Go háirithe, d’athdhearbhaigh siad nach bhfuil praghas margaidh seachtrach suite ag cioglaiheacsán amh agus go raibh an mhodheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ag brath ar phraghsanna agus ar chostais shaofa na Síne. |
|
(35) |
Thug an Coimisiún dá aire nach ndearna na maímh sin ach na hargóintí a cuireadh isteach cheana ag an gcéim shealadach a athrá agus gur tugadh aghaidh orthu in aithrisí (25) go (33) den Rialachán sealadach. Níor chuir na gearánaigh aon fhianaise nua ar fáil, ná níor thug siad bunús breise lena líomhaintí ná níor thug siad aghaidh ar thorthaí an Choimisiúin a leagtar amach ag an gcéim shealadach agus ag an nochtadh deiridh. |
|
(36) |
Go háirithe, níor chuir na gearánaigh in aghaidh chinneadh an Choimisiúin gur dhíol an dá chuideachta shampláilte de chuid na Síne cioglaiheacsán amh i méideanna móra le custaiméirí neamhchomhlachaithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a léirigh go bhfuil luach tráchtála ag an táirge. Níor sholáthair siad aon mhodheolaíocht mhalartach ach oiread chun tagarmharc a shuí le haghaidh seachtháirge cioglaiheacsáin amh. |
|
(37) |
Thairis sin, níor bhréagnaigh na gearánaigh míniú an Choimisiúin gur mhodheolaíocht choigeartaithe iomchuí é cóimheas praghais idir cioglaiheacsán amh agus cioglaiheacsán íon a úsáid. Go háirithe, níor léirigh siad go ndéanfadh an saobhadh a sainaithníodh i gcomhthéacs Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán difear ábhartha don chóimheas sin. |
|
(38) |
In éagmais aon argóint nó fianaise nua, agus ós rud é nár thug na gearánaigh aghaidh ar réasúnaíocht an Choimisiúin a leagtar amach in aithrisí (25) go (33) den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí. |
|
(39) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh na ngearánach. |
3.2.3.2.
|
(40) |
D’áitigh Zhonghao go raibh an tagarmharc a úsáideadh le haghaidh gaile mícheart dá chuideachta, ós rud é go raibh an tagarmharc bunaithe ar ghás nádúrtha a úsáid chun gal a tháirgeadh, agus d’úsáid Zhonghao gual. Tar éis an nochta shealadaigh, chuir an chuideachta fianaise infhíoraithe ar fáil chun tacú lena maíomh. Go háirithe, chuir an chuideachta faisnéis ar fáil maidir leis an gcineál guail a úsáideadh, a luach calrach, a ráta úsáide, an cineál próisis táirgthe a úsáideadh chun gal a ghiniúint agus fianaise ar a sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear teochtaí teasa agus brú, chomh maith le roinnt fíricí infhíoraithe eile. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus d’úsáid sé an fhaisnéis a soláthraíodh chun an tagarmharc le haghaidh gaile a athríomh. Ba é [250-300] RMB in aghaidh ghal MT an tagarmharc a d’eascair as sin le haghaidh Zhonghao. Rinneadh na corrlaigh dhumpála a athríomh agus an tagarmharc nua sin á chur san áireamh. |
|
(41) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir Zhonghao barúlacha breise isteach maidir leis an tagarmharc a úsáideadh le haghaidh guail i ríomh an chostais gaile. Cé gur díol sásaimh di gur ghlac an Coimisiún le gual mar an t-ionchur teasa iomchuí, mhaígh an chuideachta go raibh an tagarmharc ar a rabhthas ag brath fós míchuí, toisc go líomhnaítear go raibh sé bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin nach ndearna idirdhealú idir cineálacha éagsúla guail. |
|
(42) |
Go háirithe, d’áitigh Zhonghao go n-áirítear gual cóic agus gual teirmeach araon sa tagarmharc, a dhíorthaítear ó staitisticí allmhairiúcháin faoi chód CC 2701 12 agus, dá bhrí sin, go ndéantar áibhéil ann maidir le praghas an ghuail a úsáideann an chuideachta iarbhír, a mhaíonn sé a bheith go heisiach ina ghual teirmeach. |
|
(43) |
Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús gur cuireadh an maíomh maidir le sainiúlacht an tagarmhairc do ghual a d’úsáid an chuideachta isteach ag céim an-déanach den imscrúdú. Níor ardaigh an chuideachta an tsaincheist sin tar éis an chéad nó an dara nóta maidir le tosca táirgeachta, ná tar éis an nochta shealadaigh, d’ainneoin gur nochtadh an ghné mhodheolaíoch atá i gceist don chuideachta cheana féin ag na céimeanna éagsúla sin den imscrúdú. Cé go ndearna an Coimisiún scrúdú ar na hargóintí mar sin féin, chinn sé nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht. |
|
(44) |
Mheabhraigh an Coimisiún, in éagmais praghsanna intíre iontaofa mar gheall ar shaobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, nach mór an gnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. I ndáil leis sin, is foinse oiriúnach iad staitisticí allmhairiúcháin ó thír ionadaíoch iomchuí, toisc go léiríonn siad na costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí. |
|
(45) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin gur measadh gurbh iomchuí sonraí faoi chód CC 2701 12 a úsáid toisc gur roghnaíodh é mar an leibhéal is mionsonraithe atá ar fáil go héasca i dtacair sonraí iontaofa. Ós rud é go bhféadfadh fochatagóirí éagsúla táirgí a bheith san áireamh sna sonraí sin, ní fhágann sé sin, ann féin, go bhfuil an tagarmharc míchuí, go háirithe i gcás nach bhfuil rochtain ar shonraí atá níos gráinní agus atá ar fáil go comhsheasmhach. |
|
(46) |
Thairis sin, níor léirigh Zhonghao go mbeadh saobhadh ábhartha ar an tagarmharc in imthosca sonracha an cháis mar thoradh ar chineálacha éagsúla guail a áireamh laistigh den chatagóir CC roghnaithe. Tá argóintí na cuideachta bunaithe ar dhifríochtaí ginearálta idir praghsanna guail cóic agus praghsanna guail theirmigh ar an leibhéal domhanda ach ní shuíonn siad nach bhfuil na sonraí allmhairiúcháin sonracha a úsáideann an Coimisiún ionadaíoch ar an gcineál guail a úsáidtear i nginiúint gaile. |
|
(47) |
Maidir leis an rogha mhalartach atá beartaithe, is é sin Bileog bhándearg an Bhainc Dhomhanda (6), mheas an Coimisiún nach tagarmharc níos iomchuí a bhí inti. Cé go soláthraíonn sonraí den sórt sin treochtaí táscacha praghsanna idirnáisiúnta, níl siad bunaithe ar idirbhearta allmhairiúcháin isteach i dtír ionadaíoch agus d’fhéadfadh sé nach léiríonn siad saintréithe sonracha an táirge, luachanna calracha, ná dálaí margaidh atá ábhartha don ionchur a úsáideann an chuideachta. |
|
(48) |
Ina theannta sin, dá n-úsáidfí meán de shraitheanna praghsanna idirnáisiúnta roghnaithe, mar a mhol Zhonghao, thabharfaí isteach sraith bhreise toimhdí agus coigeartuithe, rud a laghdódh iontaofacht agus trédhearcacht an tagarmhairc i gcomparáid le húsáid staitisticí allmhairiúcháin iarbhír. |
|
(49) |
Tar éis na hiarrata ar fhaisnéis bhreise maidir le ceannacháin ghuail, chuir an chuideachta aighneacht ar fáil, inar tugadh le fios gur cheannaigh sí naoi gcineál éagsúla guail le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, i bhfianaise éagsúlacht na gcineálacha guail a tuairiscíodh agus in éagmais faisnéis atá mionsonraithe agus infhíoraithe go leor lena bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ní fhéadfadh an Coimisiún tagarmharcanna cineál-shonracha a shuí. In éagmais na faisnéise sin, agus ós rud é nár cuireadh aon fhianaise ar fáil a léiríonn go mbeadh saobhadh ábhartha mar thoradh ar mheán-tagarmharc a úsáid, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí brath ar an tagarmharc a suíodh ar dtús. |
|
(50) |
In éagmais fianaise a bhfuil bunús leordhóthanach léi lena léirítear go bhfuil an tagarmharc a d’úsáid an Coimisiún míchuí nó go mbeadh an rogha mhalartach atá beartaithe níos iontaofa agus níos ionadaíche, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
3.2.3.3.
|
(51) |
D’athdhearbhaigh Huafon a mhaímh a rinneadh in aithris (101) den Rialachán sealadach go raibh an tagarmharc a úsáideadh le haghaidh uisce míréasúnta ard, ós rud é go raibh tionchar ag triomaigh fhoircneacha sa Bhrasaíl air le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chomh maith le príobháidiú na cuideachta uisce a úsáideann an Coimisiún, Companhia de Saneamento Básico do Estado de São Paulo (‘SABESP’). Ní dhíospóideann an Coimisiún go raibh triomaigh i roinnt réigiún sa Bhrasaíl le blianta beaga anuas, ná ní dhíospóideann sé go ndearnadh SABESP a phríobháidiú i mí Iúil 2024. Mar sin féin, tharla sé arís nár sholáthair Huafon fianaise gur tháinig méadú chomh mór sin ar na taraifí uisce mar thoradh ar na tosca sin gur cheart a mheas go bhfuil na praghsanna sin míréasúnta chun críoch na húsáide mar thagarmharc faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(52) |
Níor léirigh na hailt a luaigh Huafon ina aighneacht gur tháinig méaduithe ar phraghsanna mar thoradh ar an triomach nó ar an bpríobháidiú. Míníodh san alt maidir le triomaigh agus falscaithe (7) a bheith ann an tionchar ar na daoine atá ina gcónaí in Amazonas, go háirithe mná, chomh maith lena mbarra agus a mbeostoc. Ní dhearnadh aon tagairt do phraghsanna méadaithe san alt sin, ná níor sholáthair Huafon fianaise chainníochtúil eile ar mhéaduithe ar phraghsanna a d’fhágfadh go mbeadh an tagarmharc míréasúnta. |
|
(53) |
An t-alt a luadh maidir le méadú praghais tar éis phríobháidiú SABESP (8), foilsíodh é i mí Aibreáin 2023, dá bhrí sin, foilsíodh roimh an bpríobháidiú é agus níl baint aige leis. Go deimhin, méadaíonn SABESP praghas an uisce gach bliain go ginearálta mar gheall ar ‘bhoilsciú, fachtóir éifeachtúlachta, innéacs cáilíochta, athbhreithniú taraife agus coigeartú cúiteach’, mar a luaitear san alt céanna sin. Maidir leis na héifeachtaí ar phraghsanna an phríobháidithe, dhearbhaigh Rúnaí Comhshaoil, Bonneagair agus Lóistíochta Sao Paulo ní hamháin gur dócha go laghdódh príobháidiú na taraifí uisce, ach go n-úsáidfeadh an rialtas stáit uasteorainn ionas nach dtiocfadh méadú ar an gcostas don daonra (9). Is ó mhí na Nollag 2024 an t-alt a luaigh Huafon ina luaitear méadú féideartha 200 % ar tharaifí uisce amach anseo, agus níl aon ábharthacht aige don tréimhse imscrúdúcháin ar a bhfuil an tagarmharc bunaithe. Go deimhin, is cosúil gur tharla an chéad mhéadú ar phraghsanna (an méadú bliantúil rialta bunaithe ar bhoilsciú) ó rinneadh SABESP a phríobháidiú ón 1 Eanáir 2026 amháin, rud atá tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (10). |
|
(54) |
Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, diúltaíodh do na maímh a rinne Huafon maidir leis an tagarmharc uisce. |
|
(55) |
Mhaígh Zhonghao go raibh cáin 6,9030 % san áireamh sa tagarmharc uisce a d’úsáid an Coimisiún. Mhaígh an chuideachta gur cheart an cháin sin a asbhaint ón tagarmharc, toisc gur tuairiscíodh costas an uisce do Zhonghao féin gan cháin freisin. Mar sin féin, an cháin PIS/Cofins ar thagair Zhonghao di, ba chánacha iad a d’íoc na cuideachtaí uisce iarbhír agus nach raibh faoi réir aisíocaíochtaí. Dá bhrí sin, ba é an praghas ab iníoctha ar uisce sa Bhrasaíl an praghas lena n-áirítear an cháin sin. |
|
(56) |
Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Zhonghao. |
3.2.3.4.
|
(57) |
D’athdhearbhaigh Huafon a mhaíomh a rinneadh in aithris (99) den Rialachán sealadach go raibh an tagarmharc do shaothar a d’úsáid an Coimisiún neamhleanúnach, míréasúnta agus neamhiontaofa ós rud é go raibh sé bunaithe ar bhunachair sonraí iomadúla chomh maith le sonraí staidrimh náisiúnta ó 2023. De réir na cuideachta, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’) le haghaidh 2024, seachas úsáid a bhaint as na staitisticí ó IBGE (Instituto Brasileiro de Geografia a Estatistica) le haghaidh 2023 a tugadh cothrom le dáta leis an innéacs praghsanna do tháirgeoirí, agus líon na meánuaireanta oibre á dhíorthú ó EIS ag an am céanna. D’áitigh Huafon gur cur chuige níos comhleanúnaí a bheadh ann gan ach bunachar sonraí amháin a úsáid mar fhoinse pá agus uaireanta an chloig oibrithe, agus luaigh sé ina leith sin imscrúdú a rinne an Coimisiún roimhe seo ina ndearnadh ráiteas den sórt sin. |
|
(58) |
Mar sin féin, san imscrúdú a luaigh Huafon (ar eistir fosfáite ailcile áirithe), úsáideadh an mhodheolaíocht cheannann chéanna agus an mhodheolaíocht a leanadh san imscrúdú reatha agus in imscrúduithe eile (11): Sonraí IBGE maidir le pá, arna dtabhairt cothrom le dáta le hinnéacs praghsanna agus trí úsáid a bhaint as uaireanta oibre arna soláthar ag EIS. I gcás na n-eistear fosfáite ailcile, míníodh go raibh úsáid sonraí IBGE, cé go raibh siad as dáta agus, dá bhrí sin, tugtha cothrom le dáta le hinnéacs praghsanna, in éineacht le sonraí EIS, níos iontaofa ná sonraí EIS amháin a úsáid (12). Níor sholáthair EIS an leibhéal céanna sonraí agus a sholáthair IBGE toisc gur chomhlánaigh sé sonraí le haghaidh na hearnála monaraíochta ina hiomláine, gan beann ar mhéid agus foghrúpa gníomhaíochta na gcuideachtaí, agus dá bhrí sin mheas sé gur foinse sonraí níos iontaofa é IBGE chun costas saothair neamhshaofa a shuí. San imscrúdú atá idir lámha, úsáideadh réasúnaíocht chomhchosúil chun sonraí IBGE a úsáid: i mbunachar sonraí EIS, rinneadh sonraí a chomhiomlánú le haghaidh earnáil iomlán na gceimiceán, ach bhí sonraí IBGE sonrach le haghaidh ceimiceáin orgánacha, lena n-áirítear aigéad aidipeach. Ina theannta sin, níor áiríodh i dtacar sonraí EIS gnéithe amhail go bhfuair oibrithe na Brasaíle 13 mhí de thuarastal in aghaidh na bliana oibre nó coigeartuithe sóisialta iomlána. |
|
(59) |
Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
3.2.3.5.
|
(60) |
Tar éis an nochta shealadaigh, thug an Coimisiún dá aire dhá earráid chléireachais i ríomh an tagarmhairc le haghaidh gáis. Tar éis na hearráidí sin a cheartú, ba é 4,25 CNY in aghaidh an m3 gáis an tagarmharc a d’eascair as sin. Rinneadh na corrlaigh dhumpála a athríomh agus an tagarmharc nua sin á chur san áireamh. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(61) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin, deimhnítear na torthaí in aithrisí (130) go (132) den Rialachán sealadach. |
3.4. Comparáid
|
(62) |
D’athdhearbhaigh Huafon a mhaíomh a rinneadh ag an gcéim shealadach agus thug sé aghaidh air i roinn 3.5.1 den Rialachán sealadach, is é sin, chun comparáid chothrom a áirithiú, gur cheart costais dáileacháin a asbhaint ó chostais SGA an táirgeora ionadaíoch. Dúirt Huafon go gcuireann réamhrá Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán oibleagáid go soiléir ar an údarás imscrúdúcháin, i.e. an Coimisiún, comparáid chothrom a áirithiú. De réir Huafon, dá bhrí sin, bhí an dualgas cruthúnais ar an gCoimisiún a léiriú nach raibh costais dáileacháin san áireamh i gcostais SGA. |
|
(63) |
Thug an Coimisiún dá aire, cé go gceanglaítear ar an gCoimisiún le réamhrá Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán comparáid chothrom a dhéanamh, gur ar na páirtithe a éilíonn lamháltais den sórt sin atá an dualgas cruthúnais maidir leis na lamháltais atá le tabhairt chun comparáid chothrom den sórt sin a bhaint amach. D’admhaigh Huafon é sin ina aighneacht. Dá bhrí sin, leanann sé go loighciúil de bheith d’oibleagáid ar an bpáirtí a éilíonn coigeartú ar chostais SGA le haghaidh costais dáileacháin a chruthú gur chuir an Coimisiún na costais sin san áireamh sna costais SGA a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh. |
|
(64) |
De réir Huafon, áirítear costais dáileacháin ‘de ghnáth’ sa cheannteideal ‘receitas (despesas) operacionais’ a luaitear i ráitis airgeadais Rhodia Brasil. Mar sin féin, níor chuir Huafon fianaise ar fáil gur áiríodh costais dáileacháin iarbhír sna costais SGA a d’úsáid an Coimisiún, agus nach mbaineann costais dáileacháin leis an leibhéal díreach ón monarcha. Níor léirigh Huafon ach oiread go mbeadh méid le haghaidh chostais SGA mar thoradh ar na costais a d’úsáid an Coimisiún nach mbeadh ‘réasúnta’ ar an leibhéal trádála sin, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(65) |
Mar a shonraítear in aithrisí (40) agus (60), tar éis maímh ó na páirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála. |
|
(66) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(67) |
In éagmais aon barúil maidir le tionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais agus maidir le margadh ábhartha an Aontais a chinneadh, deimhnítear aithrisí (147) go (154) den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(68) |
In éagmais aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais, deimhnítear aithrisí (155) go (159) den Rialachán sealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tSín
|
(69) |
In éagmais aon bharúil maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann, deimhnítear aithrisí (160) go (162) den Rialachán sealadach. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais
|
(70) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an sladghearradh praghais agus an scoitheadh praghsanna le hallmhairí ón tSín, deimhnítear aithrisí (163) go (169) den Rialachán sealadach. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(71) |
In éagmais aon bharúil maidir leis na barúlacha ginearálta i ndáil leis an scrúdú díobhála, deimhnítear aithrisí (170) go (174) den Rialachán sealadach. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1.
|
(72) |
D’athdhearbhaigh COIM a mhaíomh a cuireadh isteach tráth an tionscnaimh agus ar tugadh aghaidh air cheana in aithris (177) den Rialachán sealadach, nach raibh acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ag tionscal an Aontais chun freastal ar éileamh iomlán an Aontais ar aigéad aidipeach. D’ardaigh COIM gur thug an Coimisiún le fios in aithris (177) den Rialachán sealadach gur tháinig laghdú thart ar 100 000 tona ar an acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán in 2022 gan a shonrú cén táirgeoir de chuid an Aontais a bhfuil an laghdú sin inchurtha ina leith. Ós rud é gur fhógair ceann de tháirgeoirí an Aontais, BASF, go poiblí laghdú ar a tháirgeacht aigéid aidipigh ar an méid céanna i mí Feabhra 2023, chuir COIM amhras in iúl maidir le cruinneas an mheastacháin acmhainneachta a léirigh laghdú cheana féin in 2022. Thairis sin, mhaígh COIM nár chuir an Coimisiún príomhfhorbairt san áireamh ina mheasúnú ar an easpa dóchúlachta go mbeadh ganntanas soláthair ann, is é sin dúnadh ghléasra BASF in Ludwigshafen a fógraíodh ó dheireadh 2025, ar caillteanas substaintiúil buan é d’acmhainneacht táirgeachta an Aontais. |
|
(73) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur suíodh acmhainneacht thionscal an Aontais bunaithe ar na sonraí comhiomlána ó fhreagraí tháirgeoirí sampláilte an Aontais chomh maith le táirgeoirí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear BASF. Ní thagann an fhaisnéis atá ar fáil go poiblí arna hagairt ag COIM salach ar na figiúirí a thuairiscítear sa Rialachán sealadach, go háirithe an treocht fhoriomlán agus méid an laghdaithe ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(74) |
A mhéid a bhaineann le dúnadh ghléasra táirgthe BASF in Ludwigshafen a fógraíodh faoi dheireadh 2025, tá sé le tabhairt faoi deara, ós rud é go bhfuil an tréimhse sin lasmuigh den tréimhse imscrúdúcháin, nach bhfuil faisnéis fhíoraithe ag an gCoimisiún maidir le forbairt macratháscairí, lena n-áirítear tomhaltas an Aontais. Mar sin féin, de réir na faisnéise poiblí atá ar fáil (13), ní hamháin go mbíonn tionchar ag an dúnadh a tuairiscíodh in 2025 ar tháirgeadh aigéid aidipigh ach ar tháirgeadh a tháirgí iartheachtacha freisin, is iad sin Ciogladóideacánón (CDon) agus Cioglaipeinteanón (CPon). Ós rud é go raibh an chuid is mó de tháirgeacht BASF [sa raon 60 % go 70 %] le linn na tréimhse faoi bhreathnú dírithe ar úsáid/díolacháin faoi chuing, tá sé sábháilte a thoimhdiú go dtiocfadh laghdú ar éileamh an Aontais i gcion comhchosúil tar éis dhúnadh an ghléasra. Má ghlactar leis go dtiocfaidh laghdú ar thomhaltas an Aontais atá cothrom leis an úsáid faoi chuing/na díolacháin faoi chuing a thuairiscigh BASF in 2024, meastar gur cheart do na táirgeoirí eile de chuid an Aontais a bheith fós in ann tomhaltas measta iomlán an Aontais a chumhdach. Fiú dá nglacfaí leis nach bhfuil aon athrú ar thomhaltas an Aontais - bheadh an tionscal de chuid an Aontais atá fágtha fós in ann formhór mór thomhaltas measta an Aontais a chumhdach. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire nár thug COIM aon fhianaise ar aghaidh a léiríonn go mbeadh ganntanais soláthair mar thoradh ar dhúnadh ghléasra BASF. Thairis sin, mar a léirítear i roinn 5.2.1 den Rialachán sealadach, tá foinsí malartacha aigéid aidipigh ó thríú tíortha eile ar fáil freisin, amhail an Bhrasaíl, an Chóiré Theas agus SAM. Ar deireadh, i bhfianaise leibhéal measartha na ndleachtanna chomh maith leis na hacmhainneachtaí breise atá ar fáil sa tSín, meastar go leanfar d’allmhairí ón tSín isteach san Aontas tar éis dleachtanna a fhorchur. Ar bhonn a bhfuil thuas, chloígh an Coimisiún lena thorthaí maidir le hacmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais i dtaca leis an tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear in aithrisí (175) go (178) den Rialachán sealadach. A mhéid a bhaineann leis an tréimhse ó 2025, mheas an Coimisiún nach dtacaíonn fianaise sa chomhad leis an maíomh maidir le ganntanais soláthair, fiú faoin meastachán is leithne ar thomhaltas an Aontais. |
4.4.2.2.
|
(75) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an méid díolachán agus an sciar den mhargadh, deimhnítear aithrisí (179) go (183) den Rialachán sealadach. |
4.4.2.3.
|
(76) |
In éagmais aon bharúil maidir le fás, deimhnítear aithris (184) den Rialachán sealadach. |
4.4.2.4.
|
(77) |
In éagmais aon bharúil maidir le fostaíocht agus táirgiúlacht, deimhnítear aithrisí (185) go (187) den Rialachán sealadach. |
4.4.2.5.
|
(78) |
In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí (188) go (189) den Rialachán sealadach. |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1.
|
(79) |
In éagmais aon bharúil maidir le praghsanna agus costas aonaid thionscal an Aontais, deimhnítear aithrisí (190) go (193) den Rialachán sealadach. |
4.4.3.2.
|
(80) |
In éagmais aon bharúil maidir le costais saothair, deimhnítear aithrisí (194) go (195) den Rialachán sealadach. |
4.4.3.3.
|
(81) |
In éagmais aon bharúil maidir le fardail, deimhnítear aithrisí (196) go (197) den Rialachán sealadach. |
4.4.3.4.
|
(82) |
In éagmais aon bharúil maidir leis na táscairí airgeadais, deimhnítear aithrisí (198) go (203) den Rialachán sealadach. |
4.5. Conclúid maidir le díobháil
|
(83) |
In éagmais aon bharúil eile maidir leis an gconclúid ar dhíobháil, deimhnítear aithrisí (204) go (207) den Rialachán sealadach. |
5. CÚISÍOCHT
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(84) |
In éagmais aon bharúil maidir le héifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte, deimhnítear aithrisí (208) go (212) den Rialachán sealadach. |
5.2. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(85) |
In éagmais aon bharúil maidir le hallmhairí ó thríú tíortha, deimhnítear aithrisí (213) go (216) den Rialachán sealadach. |
5.3. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(86) |
In éagmais aon bharúil maidir le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, deimhnítear aithrisí (217) go (219) den Rialachán sealadach. |
5.4. Méaduithe costas ar amhábhair agus ar phraghsanna fuinnimh
|
(87) |
In éagmais aon bharúil maidir le méaduithe costas, deimhnítear aithrisí (220) go (222) den Rialachán sealadach. |
5.5. Tomhaltas
|
(88) |
In éagmais aon bharúil maidir le cúisíocht, deimhnítear aithrisí (223) go (230) den Rialachán sealadach. |
5.6. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(89) |
In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí (231) go (233) den Rialachán sealadach. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(90) |
In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí (234) go (236) den Rialachán sealadach. |
6.1. Corrlach gearrdhíola
|
(91) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an gcorrlach gearrdhíola, deimhnítear aithrisí (237) go (245) den Rialachán sealadach. |
6.2. Scrúdú ar an gcorrlach a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais
|
(92) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an scrúdú ar an gcorrlach atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil, deimhnítear aithrisí (246) go (247) den Rialachán sealadach. |
6.3. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(93) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(94) |
In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithris (249) den Rialachán sealadach. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(95) |
In éagmais aon bharúil maidir le leas thionscal an Aontais, deimhnítear aithrisí (250) go (254) den Rialachán sealadach. |
7.2. Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe
|
(96) |
In éagmais aon bharúil maidir le leas na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, deimhnítear aithrisí (255) go (261) den Rialachán sealadach. |
7.3. Leas na n-úsáideoirí, na dtomhaltóirí agus na soláthróirí
|
(97) |
Mhaígh COIM gur theip ar an gCoimisiún ina mheasúnú ar leas an Aontais aghaidh a thabhairt ar chomhchruinniú méadaitheach thionscal an Aontais. D’áitigh COIM gur laghdaigh forbairtí a rinneadh le déanaí líon na dtáirgeoirí de chuid an Aontais agus, dá bhrí sin, foinsí soláthair ar mhargadh atá thar a bheith comhchruinnithe cheana féin. I ndáil leis sin, luaigh COIM dúnadh ghléasra táirgthe BASF in Ludwigshafen in 2025, bailchríoch a chur ar éadáil na scaireanna atá fágtha ag BASF, ar scaireanna iad atá i seilbh DOMO Chemicals ina gcomhfhiontar, Alsachimie JV agus éadáil Radici ag Lone Star, ar gnólacht cothromais phríobháidigh é. Mar thoradh air sin, faoi 2025, tháinig laghdú ar an líon táirgeoirí de chuid an Aontais ó cheithre tháirgeoir le linn na tréimhse imscrúdúcháin go trí tháirgeoir ina dhiaidh sin. |
|
(98) |
Luaigh COIM freisin nach raibh míniú leordhóthanach ná bunús le conclúid an Choimisiúin in aithris (267) den Rialachán sealadach, is é sin go bhfuil úsáideoirí brabúsach ar an meán agus go bhfanfadh siad amhlaidh fiú ar an leibhéal is airde dleachtanna agus, dá bhrí sin, gur cheart go mbeidís in ann na méaduithe ar phraghsanna a ionsú. Go háirithe, d’áitigh COIM nár chuir an Coimisiún san áireamh na míbhuntáistí iomaíocha a bheadh roimh úsáideoirí an Aontais i gcomparáid le táirgeoirí tríú tír. I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh COIM a mhaímh maidir leis an tionchar diúltach a bheadh ag dleachtanna ar iomaíochas úsáideoirí ar mhargadh na dtáirgí iartheachtacha, mar a thuairiscítear in aithris (264) den Rialachán sealadach. |
|
(99) |
A mhéid a bhaineann leis an gcomhchruinniú ar mhargadh an Aontais, mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh sin, toisc nár sholáthair sé aon fhianaise mar bhonn taca leis an maíomh go mbeadh tionchar diúltach ag an laghdú ó cheithre tháirgeoir go trí tháirgeoir de chuid an Aontais ar leasanna úsáideoirí, seachas an laghdú ar an acmhainneacht a bhí ar fáil ar tugadh aghaidh air cheana i roinn 4.4.2.1 thuas. I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún nach raibh an laghdú ar líon na dtáirgeoirí de chuid an Aontais ó cheithre tháirgeoir go trí tháirgeoir, ann féin, ina léiriú ar ar a bhonn a d’fhéadfaí a chinneadh go raibh forchur dleachtanna in aghaidh leas an Aontais. |
|
(100) |
Os a choinne sin, mheas an Coimisiún gur toradh iad na hathruithe sin ar na deacrachtaí eacnamaíocha a bhí ag tionscal an Aontais mar gheall ar an iomaíocht éagórach a forchuireadh le hallmhairí dumpáilte ón tSín. Léiríonn na hatheagruithe agus na héadálacha a dhéantar iarracht thionscal an Aontais oiriúnú agus leanúint de bheith iomaíoch agus, dá bhrí sin, is léiriú iad ar a athléimneacht. |
|
(101) |
A mhéid a bhaineann leis an anailís ar staid na n-úsáideoirí agus ar staid an mhargaidh iartheachtaigh, mar a mhínítear in aithrisí (262) agus (263) den Rialachán sealadach, chuir an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis uile a chuir úsáideoirí ar aghaidh lenar cumasaíodh measúnú mionsonraithe ar thionchar na mbeart. San anailís ar sheacht bhfreagra ar an gceistneoir (arb é atá iontu thart ar 91 % de mhéid allmhairí an táirge lena mbaineann ag úsáideoirí comhoibríocha) agus lena n-áirítear COIM, léiríodh go leanfaidh úsáideoirí de bheith brabúsach ar na táirgí ina n-ionchorpraítear aigéad aidipeach, fiú dá méadófaí praghas aigéid aidipigh leis na dleachtanna iarmharacha (agus dá nglacfaí leis go leanfadh úsáideoirí de bheith ag ceannach ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa chion céanna a tuairiscíodh sa tréimhse imscrúdúcháin) ar an meán. Tá réimse leathan táirgí ann ina n-ionchorpraítear aigéad aidipeach agus d’fhéadfadh tionchar na mbeart a bheith éagsúil ó tháirge amháin go táirge eile, ach tá cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le hidirghabháil chun leasa an Aontais bunaithe ar thuiscint ar na leasanna éagsúla uile ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais agus úsáideoirí nó allmhaireoirí. Mar a mhínítear in aithris (269) den Rialachán sealadach, cé go bhféadfadh méadú ar a gcostais a bheith roimh úsáideoirí, go háirithe agus iad ag leanúint d’aigéad aidipeach a fhoinsiú ón tSín, ní dócha go mbeadh na bearta ina gcúis le caillteanas dóibh, agus ar an taobh eile, is dócha go spreagfadh neamh-fhorchur na mbeart tionscal an Aontais amach as an margadh go hiomlán, rud a d’fhágfadh go mbeadh spleáchas ar allmhairí ón tSín atá go soiléir in aghaidh leas an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh ó COIM. |
|
(102) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, agus in éagmais aon mhaíomh breise, deimhnítear aithrisí (262) go (269). |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(103) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, deimhníonn an Coimisiún a chonclúid a leagtar amach in aithris (270) den Rialachán sealadach, nach raibh aon chúis láidir ann a léiríonn nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh na Síne. |
7.5. Iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh
|
(104) |
D’iarr Allnex díolúine úsáide deiridh faoi Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais (14) maidir le haigéad aidipeach a úsáid chun Roisíní Brataithe Púdair Poileistir (‘PPCR’) a tháirgeadh. |
|
(105) |
Mhaígh Allnex nach bhfuil aon ionadú inmharthana ann d’aigéad aidipeach i dtáirgeadh PPCR agus go ndéanfadh dleachtanna dochar díréireach do tháirgeoirí iartheachtacha, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad den chuid is mó. D’áitigh Allnex, bunaithe ar shonraí faisnéise margaidh, go raibh go leor imscrúduithe frithdhumpála nua ann ar cheimiceáin amhábhar eile atá á n-ullmhú, a ndéanfadh a n-éifeacht chomhcheangailte baint de bhrabúsacht Allnex. Mhínigh Allnex freisin go mbeadh táirgeoirí PPCR a chosaint ailínithe le beartais inbhuanaitheachta an Aontais, ós rud é gur bunchloch é an táirge sin de bhailchríoch dromchla atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, trí bheith ina tháirge in-athshlánaithe íseal-VOC atá tíosach ar fhuinneamh agus ró-sprae. Ar deireadh, d’áitigh Allnex freisin nach mbainfeadh díolúine úsáide deiridh le haghaidh PPCR an bonn d’éifeachtúlacht na ndleachtanna toisc nach bhfuil in PPCR ach cuid an-bheag den éileamh iomlán ar aigéad aidipeach san Aontas. |
|
(106) |
Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise a chuir Allnex i láthair agus chinn sé nach bhfuil grád/cineál speisialta aigéid aidipigh ag teastáil ó Allnex chun PPCR a tháirgeadh agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé é a fhoinsiú ó aon táirgeoir san Aontas nó in aon tríú tír eile. I bhfocail eile, ní raibh aon fhianaise ann a thug le fios nach bhféadfadh Allnex aigéad aidipeach a fhoinsiú ach amháin ón tSín nó ó sholáthróir sonrach. Thairis sin, bunaithe ar an anailís ar an bhfreagra ar an gceistneoir chomh maith leis an aighneacht éisteachta, chinn an Coimisiún go mbeadh tionchar teoranta ag na dleachtanna a fhorchuirtear ar aigéad aidipeach ar bhrabúsacht Allnex. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú, nach mór conclúidí an imscrúdaithe frithdhumpála atá ann faoi láthair (agus aon imscrúdú frithdhumpála) a bheith bunaithe ar fhianaise atá ar fáil (agus infhíoraithe) ar comhad. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh i dtionchar líomhnaithe imscrúduithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith le cuspóirí beartais níos leithne de chuid an Aontais, ach tionchar hipitéiseach amháin agus nár tugadh bunús leis le fianaise infhíoraithe. Dá réir sin, níorbh fhéidir na breithnithe sin a chur san áireamh san anailís ar thionchar na ndleachtanna. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh. |
|
(107) |
Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Allnex a iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh bunaithe ar na hargóintí céanna a cuireadh i láthair agus a thuairiscítear roimhe seo in aithris (105). Ina theannta sin, shonraigh Allnex nár thug an Coimisiún aghaidh ar an togra malartach atá aige maidir le córas cuótaí. |
|
(108) |
A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh, measann an Coimisiún nár tugadh aon argóint nua chun cinn a bhréagnódh príomhthorthaí a mheasúnaithe mar a mhínítear in aithris (106) thuas, ar ar a mbonn a diúltaíodh don mhaíomh sin. Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún leis an seasamh sin. A mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh córas cuótaí, mar a leagtar amach in aithris (103) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann lena léiriú nach raibh sé chun leas an Aontais dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh na Síne. Sa chomhthéacs sin, scrúdaigh an Coimisiún freisin staid na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí, mar a leagtar amach go mionsonraithe i roinn 7.3 den Rialachán sealadach, nach gá, dá bhrí sin, na dleachtanna a mhodhnú i bhfoirm cuóta. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(109) |
Ar bhonn na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(110) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(111) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhiú de na rátaí sin agus ba cheart go mbeidís faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(112) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a dhíriú chuig an gCoimisiún (15). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(113) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme go dtí go gcuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(114) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(115) |
Má thagann méadú mór ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(116) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’ ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(117) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) gur onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann tar éis na tréimhse sin nó go ndeachaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe cainníochtaí substaintiúla a onnmhairiú. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(118) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
8.3. Bailiú cúlghabhálach
|
(119) |
Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(120) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(121) |
De réir Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán, ceann de na coinníollacha maidir le dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach is ea a shuí go bhfuil ardú suntasach breise ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh in anailís an Choimisiúin, áfach, nach raibh aon mhéadú suntasach eile ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (i.e. mí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2025) agus na meánmhéideanna allmhairí sa tréimhse chéanna den tréimhse imscrúdúcháin (i.e. mí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2024). Léiríodh sa chomparáid gur tháinig laghdú ar na méideanna allmhairí ó 9 621 thona/mí ar an meán go 7 774 thona/mí. Fuarthas treochtaí comhchosúla nuair a rinneadh comparáid idir na meánmhéideanna allmhairí míosúla sa tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2025, agus na meánmhéideanna míosúla foriomlána le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar fad, inar tháinig laghdú ar na meánmhéideanna allmhairí ó 8 590 tona/mí sa tréimhse imscrúdúcháin go 7 774 thona/mí. |
|
(122) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh ceann de na coinníollacha dlíthiúla is gá chun an dleacht chinntitheach a thobhach go cúlghabhálach le haghaidh na tréimhse clárúcháin. |
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(123) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(124) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid aidipigh, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 2917 12 00 (cód TARIC 2917 12 00 10) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach |
Cód breise TARIC |
|
Chongqing Huafon Chemical Co., Ltd |
29,1 % |
89ZW |
|
Tangshan Zhonghao Chemical Co., Ltd |
42,3 % |
89ZX |
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
31,5 % |
Féach an Iarscríbhinn |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
42,3 % |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) de (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir leis na hallmhairí eile uile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2287, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
Airteagal 3
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón tSín a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C /2025/1608, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1608/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1041 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2025 lena gcuirtear allmhairí aigéid aidipeach de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2025/1041, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1041/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2287 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí aigéid aidipigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/2287, 13.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2287/oj).
(5) Féach mar shampla https://www.univarsolutions.com/cyclohexane-2008000; https://www.dcceew.gov.au/environment/protection/npi/substances/fact-sheets/cyclohexane. Léiríonn na cineálacha cuideachtaí a cheannaíonn an cioglaiheacsán amh ó na cuideachtaí sampláilte de chuid na Síne gurb iad sin go deimhin na deighleoga tionscail ar spéis leo cioglaiheacsán atá níos lú ná íon.
(6) https://openknowledge.worldbank.org/server/api/core/bitstreams/c579e19c-83a7-4d94-abda-77e4810b4ea4/content.
(7) https://reliefweb.int/report/brazil/acaps-thematic-report-brazil-impact-drought-brazilian-amazon-and-2025-outlook-28-january-2025.
(8) https://www.metropoles.com/sao-paulo/conta-de-agua-da-sabesp-vai-subir-956-a-partir-de-maio-em-sp?utm.
(9) https://exame.com/brasil/tarifa-de-agua-sera-mais-barata-com-privatizacao-da-sabesp-e-tera-um-teto-diz-secretaria/.
(10) https://en.clickpetroleoegas.com.br/sabesp-privatizada-tera-aumento-na-conta-de-agua-em-2026-mhbb01/.
(11) Féach mar shampla Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1404 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 169, 4.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1404/oj).
(12) Féach aithrisí 309 – 312 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1064 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/1064, 10.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1064/oj), agus roinn 3.4.2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2415 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/2415, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2415/oj).
(13) Tá ailt nuachta BASF curtha sa chomhad faoi t25.012092.
(14) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
(15) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Brussel/Bruxelles, BELGIË/BELGIQUE.
(16) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte
|
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
China Pingmei Shenma Energy Chemical Group International Trading Co., Ltd. |
89ZY |
|
Hengli Petrochemical (Dalian) Chemical Co., Ltd. |
8Z00 |
|
Shandong Hualu-Hengsheng Chemical Co., Ltd. |
8Z01 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/913/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)