European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/907

29.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/907 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Aibreán 2026

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE)Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm chaighdeánach lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1013 ón gCoimisiún

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2284)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 le húsáid ag na Ballstáit chun an fhaisnéis is gá a chur in iúl don Choimisiún, gach 2 bhliain, chun tuarascáil a ullmhú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus maidir le forbairtí sna réimsí a chumhdaítear leis na Rialacháin sin.

(2)

Le hAirteagal 26(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ceadaítear do na Ballstáit, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, cártaí sealadacha tiománaí a eisiúint do thiománaithe nach bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát ná i Stát ar páirtí conarthach é sa Chomhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (AETR) (3). De bhun Airteagal 26(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, ar bhonn sonraí arna soláthar ag na Ballstáit, tuairisceoidh an Coimisiún a thorthaí maidir le cártaí tiomána gach 2 bhliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar chúiseanna áisiúlachta riaracháin agus faireacháin éifeachtaigh ar rialacha an Aontais do na Ballstáit na sonraí sin a sholáthar trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(3)

Forlíontar na forálacha maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), dá bhforáiltear in Airteagal 2(4) di, lena leagtar síos rialacha maidir le gnéithe eile den am oibre. Le hAirteagal 13(1) de Threoir 2002/15/CE ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme na Treorach sin a chur in iúl don Choimisiún gach 2 bhliain. Cumhdaítear leis an tréimhse tuairiscithe 2 bhliain sin an tréimhse chéanna a leagtar síos in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar chúiseanna áisiúlachta riaracháin, faireachán éifeachtach a dhéanamh ar rialacha an Aontais sa réimse a bhaineann le hiompar de bhóthar, agus d’fhonn cur chuige coiteann a chur chun cinn, an fhaisnéis ábhartha a thuairisciú trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach de bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(4)

Le Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 trí oibleagáidí a thabhairt isteach, in Airteagail 8 agus 8a, ar ghnóthais iompair aon chostas a bhaineann le cóiríocht lasmuigh den fheithicil a chumhdach agus obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi gur féidir le tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar áit chónaithe na dtiománaithe, laistigh de gach tréimhse ceithre seachtaine as a chéile chun tréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh. Leis na seiceálacha a bhaineann le tiománaithe nó leis na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ar áitribh gnóthas, ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí nua sin a fhíorú freisin. Chun cur chuige coiteann a chur chun cinn, ba cheart torthaí na seiceálacha sin a thuairisciú san fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(5)

Le Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leasaíodh Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) trí raon feidhme na seiceálacha agus na rialuithe cois bóthair ag áitreabh gnóthas iompair a leathnú chun rialuithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le ham oibre a leagtar síos i dTreoir 2002/15/CE a chuimsiú. Ba cheart torthaí na rialuithe sin a thuairisciú don Choimisiún trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(6)

Ceanglaítear le hAirteagal 9 de Rialachán 2006/22/CE, maidir le rátáil riosca na ngnóthas, atá bunaithe ar líon coibhneasta agus ar a thromchúisí atá aon sárú a dhéanfar ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 nó ar fhorálacha lena dtrasuitear Treoir 2002/15/CE, go dtógfar san áireamh í le linn seiceálacha a bheidh spriocdhírithe níos fearr. Seiceálacha ar ghnóthais arna spreagadh ag a rátáil riosca féin i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Rialachán (AE) Uimh. 165/2014] agus Threoir 2002/15/CE agus an líon sáruithe ar na gníomhartha sin, ba cheart iad a thuairisciú, dá bhrí sin, san fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1013 ón gCoimisiún (8), a thabhairt cothrom le dáta chun na ceanglais nua dá dtagraítear in aithrisí 2 go 6 a chur san áireamh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1013 a aisghairm.

(9)

Chun comhsheasmhacht na n-oibleagáidí tuairiscithe a éascú agus a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún uirlis dhigiteach iomchuí a scrúdú agus a fhorbairt lena gceadófar do na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach san fhoirm chaighdeánach tuairiscithe a bhunaítear leis an gCinneadh seo a chur isteach.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a suíodh le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh 561/2006 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1013.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón tréimhse tuairiscithe a bhaineann leis na blianta 2027-2028.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Apostolos TZITZIKOSTAS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 102, 11.4.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/561/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj).

(3)   IO L 95, 8.4.1978, lch. 1.

(4)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/15/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1054/oj).

(6)  Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1057/oj).

(7)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/22/oj).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1013 ón gCoimisiún an 30 Márta 2017 lena dtarraingítear suas an fhoirm chaighdeánach tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 153, 16.6.2017, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/1013/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   BALLSTÁT

2.   TRÉIMHSE THAGARTHA

Ón (dáta): 01/01/…. Go dtí (dáta): 31/12/….

3.   RÍOMH NA SEICEÁLACHA ÍOSTA LE DÉANAMH

(Airteagal 2 de Threoir 2006/22/CE)

(a)

Líon iomlán laethanta oibre gach tiománaí i rith na tréimhse tagartha …

(b)

Líon iomlán na bhfeithiclí atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 561/2006:

(b1)

Líon iomlán na bhfeithiclí earraí (1)

(b2)

Líon iomlán na bhfeithiclí paisinéirí (2)

(c)

Líon iomlán na laethanta a oibríodh [(a) * (b)]: …

(d)

Seiceálacha íosta [3 % ó Eanáir 2010]: …

4.   SEICEÁLACHA COIS BÓTHAIR

4.1.    Líon na dtiománaithe a seiceáladh cois bóthair de réir thír a gcláraithe agus príomh-chineál iompair

Príomh-chineál iompair

AE/LEE/an Eilvéis

Tríú Tíortha

Náisiúnaigh

Neamhnáisiúnaigh

Iompar paisinéirí

 

 

 

Iompar earraí

 

 

 

Iomlán

 

 

 

4.2.    Líon na bhfeithiclí a stopadh cois bóthair de réir thír a gcláraithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

A

B

BG

CY

CZ

D

DK

E

EST

F

FIN

GR

H

HR

I

IRL

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

L

LT

LV

M

NL

P

PL

RO

S

SK

SLO

FL

IS

N

CH

Tríú tíortha

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.3.    Líon na bhfeithiclí a stopadh cois bóthair de réir chineáil a dtacagraif

Cineál tacagraif

AE/LEE/an Eilvéis

Tríú Tíortha

Náisiúnaigh

Neamhnáisiúnaigh

Analógach

 

 

 

Digiteach (neamhchliste) (3)

 

 

 

Cliste (4)

 

 

 

Iomlán

 

 

 

(3)  Feithiclí atá feistithe le

tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme go dtí 30 Meán Fómhair 2011;

tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme go dtí 1 Deireadh Fómhair 2011;

tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme go dtí 1 Deireadh Fómhair 2012.

(4)  Feithiclí atá feistithe le tacagraf cliste leagan 1 agus a chomhlíonann Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún is infheidhme go dtí 20 Lúnasa 2023 (IO L 139, 26.5.2016, lch.1). Feithiclí atá feistithe le tacagraf cliste leagan 2 agus a chomhlíonann Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1228 agus le Rialachán (AE) 2023/980.

4.4.    Líon na laethanta oibre a seiceáladh cois bóthair de réir phríomh-chineál iompair agus tír a gcláraithe

Príomh-chineál iompair

AE/LEE/an Eilvéis

Tríú Tíortha

Náisiúnaigh

Neamhnáisiúnaigh

Iompar paisinéirí

 

 

 

Iompar earraí

 

 

 

Iomlán

 

 

 

4.5.    Cionta - líon agus cineál na gcionta braite cois bóthair

(R – cion i gcoinne Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, T – cion i gcoinne Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, D – cion i gcoinne Treoir 2002/15/CE)

Airteagal

Cineál ciona

Iompar paisinéirí

Iompar earraí

AE/LEE/an Eilvéis

Tríú Tíortha

AE/LEE/an Eilvéis

Tríú Tíortha

Náisiúnaigh

Neamhnáisiúnaigh

Náisiúnaigh

Neamhnáisiúnaigh

R. 6(1), (2) agus (3)

Am tiomána sáraithe:

 

 

 

 

 

 

teorainn laethúil

 

 

 

 

 

 

teorainn sheachtainiúil

 

 

 

 

 

 

teorainn choicísiúil

 

 

 

 

 

 

R 7

Sosanna neamhleora

 

 

 

 

 

 

R. 8(2), (5) agus (6)

Tréimhsí scíthe neamhleora:

 

 

 

 

 

 

íostréimhse laethúil

 

 

 

 

 

 

íostréimhse sheachtainiúil

 

 

 

 

 

 

R 8(6b)

Níl aon scíth chúitimh i leith dhá thréimhse scíthe sheachtainiúla laghdaithe as a chéile

 

 

 

 

 

 

R 8(6a)

Téitear thar 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile i ndiaidh scíth sheachtainiúil rialta roimhe sin

 

 

 

 

 

 

T 32(1) T 33(1)

T 3(1), (4), (4a) agus T(22)

Trealamh taifeadta:

 

 

 

 

 

 

feidhmiú mícheart

 

 

 

 

 

 

droch-úsáid nó ionramháil

 

 

 

 

 

 

leagan mícheart den tacagraf a úsáid (5)

 

 

 

 

 

 

D 4(a)

Sárú ar an uastréimhse oibre sheachtainiúil 60 uair an chloig

 

 

 

 

 

 

(5)  Feisteofar le tacagraif chliste v.2 (Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014):

feithiclí nua-chláraithe ón 21 Lúnasa 2023;

feithiclí a bhí feistithe roimhe sin le tacagraf neamh-chliste digiteach nó analógach arna n-oibriú i mBallstát seachas ceann a gcláraithe faoin 31 Nollaig 2024;

feithiclí a bhí feistithe roimhe sin le tacagraf cliste v.1 arna n-oibriú i mBallstát seachas ceann a gcláraithe faoin 18 Lúnasa 2025;

Feithiclí Tráchtála Éadroma (LCV) i mbun oibríochtaí idirnáisiúnta nó cabatáiste faoin 1 Iúil 2026.

5.   SEICEÁLACHA AG ÁITREABH GNÓTHAIS

5.1.    Líon na dtiománaithe a seiceáladh agus líon na laethanta oibre a seiceáladh ag áitreabh gnóthais

Cineál iompair

Líon na dtiománaithe a seiceáladh

Líon na laethanta oibre a seiceáladh

I.

Tíopeolaíocht

Iompar paisinéirí

 

 

Iompar earraí

 

 

II.

Tíopeolaíocht

Iompar ar fruiliú nó ar luaíocht

 

 

Iompar ar a chuntas féin

 

 

5.2.    Cionta — líon agus cineál na gcionta braite ag an áitreabh

(R – cion i gcoinne Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, T – cion i gcoinne Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, D – cion i gcoinne Treoir 2002/15/CE)

Airteagal

Cineál ciona

Iompar paisinéirí

Iompar earraí

R. 6(1), (2) agus (3)

Am tiomána sáraithe:

 

 

teorainn laethúil

 

 

teorainn sheachtainiúil

 

 

teorainn choicísiúil

 

 

R 7

Sosanna neamhleora

 

 

R. 8(2), (5) agus (6)

Tréimhsí scíthe neamhleora:

 

 

íostréimhse laethúil

 

 

íostréimhse sheachtainiúil

 

 

R 8(6b)

Níl aon scíth chúitimh i leith dhá thréimhse scíthe sheachtainiúla laghdaithe as a chéile

 

 

R 8(8) (*1)

Scíth sheachtainiúil rialta nó aon tréimhse scíthe sheachtainiúil ar níos mo í ná 45 uair a thógtar i bhfeithicil nó mura gcumhdaítear costas chóiríocht an tiománaí

 

 

R 8(8a) (*1)

Teip chun obair na dtiománaithe a eagrú chun ligean dóibh filleadh ar lárionad oibríochta an fhostóra nó áit chónaithe na dtiománaithe

 

 

R 8(6a)

Téitear thar 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile i ndiaidh scíth sheachtainiúil rialta roimhe sin

 

 

T 33(2) (*1)

Easpa taifid a choimeád ag an ngnóthas

 

 

T 32(1) T 33(1)

T 3(1), (4), (4a) agus T(22)

Trealamh taifeadta:

 

 

feidhmiú mícheart

 

 

droch-úsáid nó ionramháil

 

 

leagan mícheart den tacagraf a úsáid (6)

 

 

D 4, 5 agus 7

Teip chun cloí leis seo:

 

 

uastréimhse mheánach oibre sheachtainiúil 48 uair (*1)

 

 

uastréimhse ama oibre 60 uair

 

 

íos-sosanna (*1)

 

 

ceanglais maidir le hobair oíche (*1)

 

 

(*1)  Cionta nach féidir a sheiceáil i bprionsabal ach amháin ag an áitreabh

(6)  Feisteofar feithiclí le tacagraif chliste v.2:

feithiclí nua-chláraithe ón 21 Lúnasa 2023;

feithiclí a bhí feistithe roimhe sin le tacagraf neamh-chliste digiteach nó analógach in oibríochtaí idirnáisiúnta faoin 31 Nollaig 2024;

feithiclí feistithe le tacagraif chliste v.1 in oibríochtaí idirnáisiúnta faoin 18 Lúnasa 2025;

Feithiclí Tráchtála Éadroma (LCV) i mbun oibríochtaí idirnáisiúnta faoin 1 Iúil 2026.

5.3.    Líon na ngnóthas agus tiománaithe a seiceáladh ag áitreabh an ghnóthais de réir méid fhlít an ghnóthais

Méid an fhlít

Líon na ngnóthas a seiceáladh

Líon na dtiománaithe a seiceáladh

Líon na gcionta braite

1-50

 

 

 

51-500

 

 

 

Os cionn 500

 

 

 

Nóta:

Ba cheart go mbeidh líon iomlán na gcionta braite arna dtuairisciú i dtáblaí 5.1 agus 5.2 ar thaobh amháin agus 5.3 ar an taobh eile mar an gcéanna

6.   CÁRTAÍ SEALADACHA TIOMÁNAÍ EISITHE DE BHUN AIRTEAGAL 26(4) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 165/2014

6.1    Faisnéis ghinearálta faoi chártaí sealadacha tiománaí a eisíodh

 

I rith na chéad bhliana den tréimhse tuairiscithe

I rith an dara bliain den tréimhse tuairiscithe

Líon iomlán na gcartaí sealadacha tiománaí a eisíodh

 

 

Sciar na gcártaí sealadacha tiománaí as méid iomlán na gcartaí sealadacha tiománaí eisithe sa bhliain chéanna: (

Formula

 

 

6.2    Tíortha ar gnátháit chónaithe na dtiománaithe iad dár eisíodh cártaí sealadacha tiománaí

 

I rith na chéad bhliana den tréimhse tuairiscithe

I rith an dara bliain den tréimhse tuairiscithe

Tír ar gnátháit chónaithe í do na tiománaithe leis an líon eisithe is airde de chártaí sealadacha tiománaí (agus líon na gcártaí a eisíodh)

 

 

Tír ar gnátháit chónaithe í do na tiománaithe leis an dara líon eisithe is airde de chártaí sealadacha tiománaí (agus líon na gcártaí a eisíodh)

 

 

Tír ar gnátháit chónaithe í do na tiománaithe leis an tríú líon eisithe is airde de chártaí sealadacha tiománaí (agus líon na gcártaí a eisíodh)

 

 

[an oiread sin línte agus is gá] Tír ar gnátháit chónaithe í do na tiománaithe leis an [X] líon eisithe is airde de chártaí sealadacha tiománaí (agus líon na gcártaí a eisíodh)

 

 

6.3    Tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar mhargadh an tsaothair ag eisiúint cártaí sealadacha tiománaí

(a)

Coinníollacha sonracha arna bhforáil i reachtaíocht náisiúnta chun cárta sealadach tiománaí a eisiúint chomh maith leo siúd a shonraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014: …

(b)

Faoin reachtaíocht náisiúnta, an bhfuil sé indéanta cárta sealadach tiománaí a eisiúint don tiománaí céanna níos mo ná uair amháin? (Tá/Níl)

(c)

Ar thug do Bhallstát dá aire aon tionchar ar mhargadh an tsaothair náisiúnta mar gheall ar chártaí sealadacha tiománaí den chineál sin?

7.   SEICEÁLACHA ARNA SPREAGADH AG RÁTÁIL RIOSCA NA gGNÓTHAS FAOIN gCÓRAS RÁTÁLA RIOSCA (7)

(Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE)

Líon na seiceálacha spriocdhírithe spreagtha ag an gcóras rátála riosca cois bóthair

 

Líon na seiceálacha spriocdhírithe spreagtha ag an gcóras rátála riosca ag an áitreabh

 

Líon iomlán na seiceálacha bunaithe ar an gcóras rátála riosca

 

8.   SEICEÁLACHA GLANA (8)

Líon na seiceálacha glana cois bóthair

 

Líon na seiceálacha glana ag an áitreabh

 

Líon iomlán na seiceálacha glana

 

9.   ACMHAINNEACHT FHORFHEIDHMITHE NÁISIÚNTA

(a)

Líon na n-oifigeach rialaithe páirteach sna seiceálacha cois bóthair agus ag an áitreabh

 

(b)

Líon na n-oifigeach rialaithe atá oilte chun anailís a dhéanamh ar shonraí ó thacagraif chliste

 

(c)

Líon na n-aonad trealaimh arna soláthar d’oifigigh rialaithe le híoslódáil, léamh agus anailís a dhéanamh ar shonraí ó thacagraif chliste

 

(d)

Líon an trealaimh cian-luathbhrathadóireachta arna soláthar d’oifigigh rialaithe chun gur féidir cumarsáid a dhéanamh ar na sonraí agus chun seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a éascú (9)

 

(9)  I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, déanfaidh Ballstáit a n-údaráis rialaithe a fheistiú leis an trealamh cian-luathbhrathadóireachta is gá leis an gcumarsáid sonraí a cheadú, agus chun seiceálacha sprioc-dhírithe cois bóthair a éascú faoi Lúnasa 2024.

10.   TIONSCNAIMH NÁISIÚNTA AGUS IDIRNÁISIÚNTA

10.1.    Náisiúnta

(a)

Reachtach (lena n-áirítear úsáid na n-eisceachtaí faoi Airteagal 13(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006)

(b)

Riaracháin

(c)

Eile (lena n-áirítear úsáid na n-eisceachtaí faoi Airteagal (14) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006)

10.2.    Idirnáisiúnta

 

I rith na chéad bhliana den tréimhse tuairiscithe

I rith an dara bliain den tréimhse tuairiscithe

Dátaí na seiceáil chomhbheartaithe, tíortha comhoibríocha agus na hábhair rialaithe

 

 

11.   PIONÓIS

(Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006)

8.1.

Scálaí sa bhliain tagartha

8.2.

Athruithe i ar phionóis i rith na tréimhse tagartha

(a)

Dáta agus cineál na n-athruithe is déanaí (bunaithe ar an mbliain tagartha)

(b)

Tagairtí riaracháin nó dlíthiúla

12.   CEISTEANNA AGUS NÓTAÍ TRÁCHTA, LENA nÁIRÍTEAR AON FHORBAIRT SNA RÉIMSÍ I gCEIST

Cúiseanna le hathruithe móra; luaigh an chúis, má tá athruithe móra ar an líon in aon chatagóir.

13.   TUARASCÁIL AR CHUR CHUN FEIDHME NA TREORACH UM AM OIBRE 2002/15/CE

(a)

An chaoi lenar ullmhaíodh agus lenar táirgeadh an tuarascáil agus na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo;

(b)

Faireachán ar chur chun feidhme:

Comhlachtaí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha

 

Modhanna úsáidte san fhaireachán

 

Fadhbanna a tháinig chun cinn agus na réitigh a cuireadh i bhfeidhm

 

Má tá siad ar fáil, líon na seiceálacha a rinneadh:

 

a)

cois bóthair

b)

ag an áitreabh

an t-idirdhealú a rinneadh idir iompar paisinéirí agus earraí

 

(c)

Tuiscint bhreithiúnach:

Cinntí cúirte ar an leibhéal náisiúnta nó lena gcuirtear i bhfeidhm aon Treoir maidir le hábhair mhóra

 

Príomh-phointí dlíthiúla i ndáil leis an ábhar

 

14.   AINM AN DUINE ATÁ FREAGRACH AS TIOMSÚ NA TUARSCÁLA SEO

Ainm: …

Post: …

Eagraíocht: …

Seoladh riaracháin: …

Teil./Facs: …

Ríomhphost: . …

Dáta: …


(1)  Ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, beidh feidhm freisin ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le hearraí arna n-iompar in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta nó in oibríochtaí cabatáiste i gcás inar mó ná 2,5 tona an uasmhais incheadaithe, lena n-áirítear leantóir, nó leath-leantóir, ach nach mó ná 3,5 tona í.

(2)  Feithiclí atá tógtha nó curtha in oiriúint chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun na críche sin.

(7)  I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán 2006/22/CE, tabharfaidh na Ballstáit isteach córas rátála riosca do ghnóthais agus beidh sé bunaithe ar líon coibhneasta agus ar dhéine choibhneasta gach sárú a dhéanfaidh gnóthas aonair ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 nó ar fhorálacha lena dtrasuitear Treoir 2002/15/CE.

(8)  Seiceálacha nár braitheadh aon sárú leo.

(9)  I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, déanfaidh Ballstáit a n-údaráis rialaithe a fheistiú leis an trealamh cian-luathbhrathadóireachta is gá leis an gcumarsáid sonraí a cheadú, agus chun seiceálacha sprioc-dhírithe cois bóthair a éascú faoi Lúnasa 2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/907/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)