European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/898

22.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/898 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Aibreán 2026

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/888.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na hiontrálacha do sheachtar a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/888 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Aibreán 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 114, 2.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/888/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888, faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 5, 8, 10, 12, 15 agus 21:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Ilan Mironovich SHOR

ar a dtugtar freisin

Ilan Mironovici ȘOR

Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”)

Dáta breithe: 6.3.1987

Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Iosraelach

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0971007884125 (Poblacht na Moldóive)

Is polaiteoir Moldóvach é Ilan Shor (ceannaire an pháirtí pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Sular fógraíodh é a bheith míbhunreachtúil i mí an Mheithimh 2023, bhí baint ag an bPáirtí ȘOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive.

Le cinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chísineá pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír.

Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Císineá, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhí á n-íoc ag an bPáirtí ȘOR, le linn 2022 agus 2023. Ó fógraíodh Páirtí Șor a bheith míbhunreachtúil, lean Ilan Shor de thionchar na Rúise ar an ardán polaitiúil i bPoblacht na Moldóive a éascú, trí pháirtithe eile a mhaoiniú go neamhdhleathach agus iarracht a dhéanamh breab a thabhairt do pholaiteoirí. Trí cheannach vótaí agus feachtais bhréagaisnéise a mhaoiniú, chuir sé isteach freisin ar thoghcháin uachtaránachta 2024, an reifreann bunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas agus ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 i bPoblacht na Moldóive.

Tríd an gcomhlachas neamhrialtasach Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis, agus tríd an mBloc Polaitiúil “Victory/Pobeda” (“an Bua”), cuireann Ilan Shor insintí bolscaireachta na Rúise chun cinn agus comhordaíonn sé gníomhaíochtaí maoiniúcháin atá dírithe ar thionchar a imirt ar an staid pholaitiúil i bPoblacht na Moldóive.

Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, agus trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a threascairt, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aige le Evrazia.

30.5.2023

5.

Vladimir Gheorghe PLAHOTNIUC

ar a dtugtar freisin Vladimir ULINICI

ar a dtugtar freisin Vladimir PLAKHOTNYUK

ar a dtugtar freisin Vladislav Vladimir NOVAK

ar a dtugtar freisin Mihail TAUȘANOV / Mikhail TAUSHANOV

(Владимир (Влад) Георгиевич ПЛАХОТНЮК)

Feidhm: fear gnó, polaiteoir

Dáta breithe: 1.1.1966 nó 25.12.1965

Áit bhreithe: Pitușca, Călărași, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach, Rúiseach

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962706018030 (Poblacht na Moldóive)

Uimhir an phas: AB 0671328; AA 1203658 (Poblacht na Moldóive)

Tá Vladimir Plahotniuc faoi réir go leor imeachtaí coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le coireanna i ndáil le cistí Stáit Phoblacht na Moldóive a chúigleáil agus na cistí sin a aistriú go neamhdhleathach lasmuigh de Phoblacht na Moldóive. Cúisíodh é i bPoblacht na Moldóive sa chás “Calaois Bhainc”, cás a bhfuil a éifeachtaí eacnamaíocha fós ag cur isteach ar an tír. Tá sé á imscrúdú freisin as iar-uachtarán Phoblacht na Moldóive a bhreabadh le mála airgid mar mhalairt ar fhabhair pholaitiúla. Ina theannta sin, thionóil sé cruinnithe leis an gCreimil chun tacaíocht a fháil dá chur isteach ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 i bPoblacht na Moldóive.

Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil agus tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive, tá Vladimir Plahotniuc freagrach as gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive.

30.5.2023

8.

Arina Evgheni CORȘICOVA

Dáta breithe: 28.12.1974

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962011898118

Bhí Arina Corșicova i gceannas ar roinnt iontaobhas meán cumarsáide i bPoblacht na Moldóive, a bhfuil dhá chainéal teilifíse ag ceann acu, “Accent TV” agus “Primul în Moldova”, ar chuir Poblacht na Moldóive a gceadúnais chraolacháin ar fionraí as faisnéis mhícheart a scaipeadh maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus maidir le himeachtaí polaitiúla atá ar siúl faoi láthair i bPoblacht na Moldóive. D’ainneoin a cheadúnas craolacháin a chailleadh, leanann “Primul în Moldova” de ráitis bhréagacha a scaipeadh atá dírithe ar ord bunreachtúil Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú.

Sa chomhthéacs sin, tá Arina Corșicova freagrach as an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive trí fheachtas bréagaisnéise a stiúradh agus trí thacaíocht pholaitiúil a fháil ó Ilan Shor, ar duine liostaithe é.

Ina theannta sin, is comhlach í le fada an lá de Ilan Shor, tar éis di a fheachtais toghcháin a mhaoiniú san am a chuaigh thart agus a bheith ina scairshealbhóir indíreach de chuid “Banca Socială”, a bhfuil baint aige leis an gcás “Calaois Bhainc”.

Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an ord bunreachtúil a dhíchobhsú, tá Arina Corșicova freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den chobhsaíocht i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus tacaíonn sí leo. Ina theannta sin, tá baint aici le Ilan Shor.

22.2.2024

10.

Maria ALBOT

Comhairleoir um chaidreamh seachtrach ag Bashkan Gagauzia

Riarthóir na Fondúireachta “Miron Shor”

Scairshealbhóir i “Banca Socială”

Dáta breithe: 21.1.1986

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2000088038487

Is comhlach iontaofa le fada an lá í Maria Albot de Ilan Shor, ar duine liostaithe é. Tá ról ceannasach aici faoi láthair i gceann dá fhondúireachtaí, an Fhondúireacht “Miron Shor”, agus tá baint aici leis an gcás “Calaois Bhainc” a rinne difear do chobhsaíocht airgeadais Phoblacht na Moldóive. Roimhe seo, bhí poist aici i gcuideachtaí nó i bhfondúireachtaí eile faoi úinéireacht Ilan Shor nó a bhí bainteach leis. Tá baint aici faoi láthair le hoibríochtaí faoi stiúir Ilan Shor chun bolscaireacht, slógadh agus agóidí comhordaithe a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú.

Dá bhrí sin, tá baint aici le Ilan Shor.

22.2.2024

12.

Evghenia GUȚUL

Feidhm: iarGhobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia

Dáta breithe: 5.9.1986

Áit bhreithe: Etulia, Vulcănești, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Is í Evghenia Guțul iarGhobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia i bPoblacht na Moldóive. D’oibrigh sí roimhe sin do pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), atá toirmiscthe anois, agus bhí baint aici lena mhaoiniú neamhdhleathach. Mhol sí roinnt comhpháirtithe de chuid Shor chun poist ar Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia a líonadh, in ainneoin nach bhfuil naisc ag na daoine sin le Gagauzia.

Thug sí cuairt fhoirmiúil ar Chónaidhm na Rúise agus bhuail sí le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, in ainneoin nach raibh an inniúlacht bhunreachtúil aici, mar Ghobharnóir, é sin a dhéanamh. D’iarr sí dearbhú ar Putin go dtacaíonn an Rúis le cearta, údarás agus seasaimh Gagauzia agus fuair sí an dearbhú sin.

Ó cuireadh Evghenia Guțul faoi choinneáil i mí an Mhárta 2025, tá Ilia Uzun ag gníomhú mar Ghobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia ina hionad agus tá sé tar éis a bheith á dhearbhú go poiblí go bhfuil gach ábhar a bhaineann le feidhmiú an Choiste Feidhmiúcháin á chomhordú le Evghenia Gutul trína dlíodóirí, cé nach bhforáiltear i ndlí Phoblacht na Moldóive do nósanna imeachta lena bhféadfaí ábhair a chomhordú le hiar-Bashkan nuair nach bhfuil a dualgais á gcomhlíonadh aici a thuilleadh.

Trí scarúnachas agus dlúthnaisc le Cónaidhm na Rúise a chur chun cinn in Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, tá Evghenia Guțul ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol.

14.10.2024

15.

Ilia UZUN

Feidhm: Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, Comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia

Dáta breithe: 16.5.1967

Áit bhreithe: Chioselia Rusă, Comrat, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0961607975268

Is comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia é Ilia Uzun agus is é Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra (Bashkan) Evghenia Guțul in Gagauzia a phlé. Ó cuireadh Evghenia Guțul faoi choinneáil i mí an Mhárta 2025, tá Ilia Uzun ag gníomhú mar Ghobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia ina hionad, agustá sé tar éis a bheith á dhearbhú go poiblí go bhfuil gach ábhar a bhaineann le feidhmiú an Choiste Feidhmiúcháin á chomhordú le Evghenia Guțul trína dlíodóirí, cé nach bhforáiltear i ndlí Phoblacht na Moldóive do nósanna imeachta lena bhféadfaí ábhair a chomhordú le hiar-Bashkan nuair nach bhfuil a dualgais á gcomhlíonadh aici a thuilleadh.

Tá bolscaireacht na Rúise á scaipeadh ag Ilia Uzun, bolscaireacht a sheol foireann Ilan Shor. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe, d’fhreastail sé orthu agus bhí sé i gceannas orthu. Thacaigh sé go poiblí le Ilan Shor nó lena ghníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige le Ilan Shor agus Evghenia Guțul.

14.10.2024

21.

Alexei LUNGU

Feidhm: Iriseoir, Uachtarán an Pháirtí Pholaitiúil “Șansă” (Seans)

Dáta breithe: 19.11.1983

Áit bhreithe: Poblacht na Moldóive

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Is é Alexei Lungu ceannaire an pháirtí pholaitiúil “Șansă”, atá ar cheann de na páirtithe a tháinig in áit an pháirtí pholaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir an duine liostaithe Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor bloc polaitiúil Victory/Pobeda (“an Bua”) Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear Șansă.

Mar cheannaire ar Șansă, déanann Alexei Lungu ionadaíocht don pháirtí agus comhordaíonn sé a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige leis an mBloc Polaitiúil ar a dtugtar Victory/Pobeda. Tá baint aige freisin le Ilan Shor.

15.7.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/898/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)