European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/895

27.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/895 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2026

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 a mhéid a bhaineann leis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh na mBallstát a leagan amach le haghaidh na tréimhse ó 2026 go 2030

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún (2), leagtar amach leithdháiltí bliantúla astaíochtaí (‘AEAnna’) na mBallstát le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842, arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin.

(2)

De bhun Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2018/842, tá na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh gach Ballstáit le haghaidh na mblianta ó 2021 go 2030 le leagan amach i gcomhréir leis na conairí líneacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) den Rialachán sin. De bhun Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/842, áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach a thosaíonn ag naoi ndódhéagú den achar ó 2023 go 2024, ar leibhéal mheánastaíochtaí an Bhallstáit sna blianta 2021, 2022 agus 2023, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát áirithe sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. De bhun Airteagal 4(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2018/842, tá leithdháiltí bliantúla astaíochtaí Ballstáit le haghaidh na mblianta 2026 go 2030 le cinneadh ar bhonn an luacha le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit, mar a léirigh an Coimisiún de bhun an dara fomhír den mhír sin, agus ar bhonn athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta le haghaidh na mblianta 2021, 2022 agus 2023.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 38(1a) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), rinne an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí maidir le fardail gás ceaptha teasa arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(3) den Rialachán sin. Rinneadh an t-athbhreithniú sin le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus cuireadh i gcrích é an 28 Lúnasa 2025 (4).

(4)

Ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe chuimsithigh, is iomchuí, dá bhrí sin, na luachanna le haghaidh AEAnna le haghaidh na mblianta 2026 go 2030 a leagan amach. Cé gur cheart na luachanna le haghaidh na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a leagan amach le haghaidh na mblianta 2026 go 2030 amháin, ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 a ionadú ina hiomláine.

(5)

Tá luachanna AEAnna le haghaidh na mblianta 2026, 2027, 2028, 2029 agus 2030 a eascraíonn as sin le coigeartú, de bhun Airteagal 10(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/842. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha do-aistrithe atá eisiata ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais don tréimhse 5 bliana dar tús an 1 Eanáir 2026, i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), arna bhfógairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal sin, tagann siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842. Dá bhrí sin, ba cheart na cainníochtaí a asbhaintear ón gcaidhp a chur le AEAnna na mBallstát ábhartha le haghaidh na mblianta 2026, 2027, 2028, 2029 agus 2030.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí na mBallstát a leagan amach le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2020, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/2126/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).

(4)  Ares(2026)2480379, https://climate.ec.europa.eu/eu-action/effort-sharing-member-states-emission-targets/effort-sharing-2021-2030-targets-and-flexibilities_en.

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN II

Leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh gach Ballstáit do gach bliain ó 2021 go 2030 de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842, arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin

Ballstát

Luach coigeartaithe an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí i dtonaí de choibhéis CO2

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

an Bheilg

71 141 629

69 130 741

65 895 769

62 660 796

59 425 824

57 023 357

53 580 258

50 137 160

46 694 061

43 250 962

an Bhulgáir

27 116 956

25 159 860

24 526 596

23 893 332

23 260 068

23 010 754

22 281 502

21 552 251

20 822 999

20 093 747

an tSeicia

65 984 531

60 913 974

59 309 017

57 704 060

56 099 103

54 024 445

52 536 914

51 049 382

49 561 850

48 074 318

an Danmhairg

32 127 535

31 293 868

29 905 140

28 516 412

27 127 684

27 338 844

25 550 144

23 761 444

21 972 744

20 184 045

an Ghearmáin

427 306 142

413 224 443

391 872 325

370 518 122

349 163 918

338 792 545

314 697 749

290 602 810

266 507 870

242 412 930

an Eastóin

6 223 937

6 001 620

5 840 050

5 678 481

5 516 911

5 331 718

5 176 055

5 020 391

4 864 727

4 709 063

Éire

43 479 402

42 357 392

40 520 068

38 682 744

36 845 421

38 089 930

35 482 148

32 874 366

30 266 584

27 658 802

an Ghréig

46 227 407

46 969 645

47 184 382

47 399 120

47 613 857

46 592 989

47 116 628

47 640 266

48 163 905

48 687 544

an Spáinn

200 997 922

198 671 005

192 805 142

186 904 935

181 004 728

178 361 063

171 686 603

165 010 160

158 333 716

151 657 273

an Fhrainc

335 726 735

326 506 522

312 021 691

297 535 364

283 049 038

277 105 578

260 481 351

243 857 073

227 232 794

210 608 516

an Chróit

17 661 355

16 544 497

16 357 415

16 170 092

15 982 770

16 954 194

16 477 185

16 000 165

15 523 144

15 046 123

an Iodáil

273 503 734

268 765 611

259 438 502

250 077 347

240 716 193

247 152 398

233 833 243

220 512 543

207 191 842

193 871 141

an Chipir

4 072 960

3 980 718

3 845 808

3 710 898

3 575 989

3 620 385

3 440 649

3 260 912

3 081 176

2 901 440

an Laitvia

10 649 507

8 854 834

8 640 002

8 425 170

8 210 339

7 977 940

7 767 500

7 557 060

7 346 620

7 136 180

an Liotuáin

16 112 304

13 717 534

13 292 727

12 867 920

12 443 113

12 290 077

11 797 328

11 304 578

10 811 828

10 319 078

Lucsamburg

8 406 740

8 147 070

7 760 948

7 374 826

6 988 704

6 525 372

6 158 552

5 791 733

5 424 913

5 058 094

an Ungáir

49 906 277

43 342 400

42 785 010

42 227 619

41 670 229

41 908 380

41 152 104

40 395 828

39 639 553

38 883 277

Málta

2 065 044

1 239 449

1 187 854

1 136 258

1 084 663

1 199 907

1 106 602

1 013 297

919 992

826 687

an Ísiltír

98 513 233

96 677 516

92 920 117

89 162 718

85 405 318

79 832 107

76 528 661

73 225 214

69 921 768

66 618 322

an Ostair

48 768 448

47 402 495

45 181 662

42 960 829

40 739 996

40 632 856

37 883 600

35 134 344

32 385 088

29 635 832

an Pholainn

215 005 372

204 376 828

198 630 308

192 883 787

187 137 267

184 797 850

178 199 554

171 601 257

165 002 961

158 404 664

an Phortaingéil

42 526 461

40 821 093

40 059 679

39 296 448

38 533 217

37 913 841

37 113 751

36 313 581

35 513 412

34 713 243

an Rómáin

87 878 093

76 914 871

75 837 989

74 761 106

73 684 224

72 578 677

71 508 960

70 439 244

69 369 528

68 299 811

an tSlóivéin

11 403 194

11 107 762

10 813 744

10 515 484

10 217 224

9 897 871

9 601 272

9 304 504

9 007 735

8 710 966

an tSlóvaic

23 410 477

21 151 422

20 743 118

20 334 813

19 926 509

19 109 641

18 803 478

18 497 314

18 191 151

17 884 988

an Fhionlainn

28 840 335

27 970 110

26 626 337

25 282 565

23 938 792

23 186 983

21 695 220

20 203 456

18 711 693

17 219 929

an tSualainn

31 331 358

30 731 996

29 592 278

28 452 560

27 312 842

25 502 177

24 530 196

23 558 215

22 586 234

21 614 253


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/895/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)