European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/890

24.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/890 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2026

lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2025 de dheasca na ró-iascaireachta ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2), (3) agus (5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2023, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2022/2090 (2), (AE) 2023/194 (3) agus (AE) 2023/195 (4) ón gComhairle.

(2)

Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2024, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2023/2638 (5), (AE) 2024/257 (6) agus (AE) 2024/259 (7) ón gComhairle.

(3)

Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2025, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2024/257, (AE) 2024/2903 (8), (AE) 2025/202 (9) agus (AE) 2025/219 (10) ón gComhairle.

(4)

De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a cionroinneadh air, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a chionroinnfear ar an mBallstát sin amach anseo.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158 ón gCoimisiún (11) bunaíodh asbhaintí ó na cuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic éisc áirithe in 2025 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin.

(6)

I gcás Ballstáit áirithe, mar atá, an Pholainn agus an Spáinn, ní fhéadfaí asbhaintí áirithe a dhéanamh le Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2025/2158 ó chuótaí iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh na stoc a ndearnadh ró-iascaireacht orthu de bhrí nach raibh cuótaí le haghaidh na stoc sin ar fáil do na Ballstáit sin in 2025.

(7)

Mura féidir asbhaintí a dhéanamh ón stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air sa bhliain i ndiaidh na ró-iascaireachta de bhrí nach bhfuil cuóta ar fáil ag an mBallstát lena mbaineann don stoc éisc sin, foráiltear le hAirteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go bhféadfar asbhaintí a dhéanamh ó stoic eile sa limistéar geografach céanna, nó ó stoic a bhfuil an luach tráchtála céanna orthu, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann.

(8)

De réir phointe 4 de Theachtaireacht 2022/C 369/03 ón gCoimisiún faoi threoirlínte maidir le cuótaí a asbhaint faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (12) (‘na Treoirlínte’), b’fhearr asbhaintí den sórt sin a dhéanamh ó chuótaí a cionroinneadh le haghaidh stoic arb é an cabhlach céanna a rinne iascaireacht orthu agus a rinne ró-iascaireacht ar an gcuóta.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann a mhéid a bhaineann le hasbhaintí áirithe ó chuótaí iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh na stoc nach ndearnadh ró-iascaireacht orthu. Is iomchuí, dá bhrí sin, asbhaintí a dhéanamh ó na cuótaí malartacha iascaireachta sin a cionroinneadh ar na Ballstáit sin in 2025.

(10)

I gcásanna áirithe, le malartuithe deiseanna iascaireachta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), féadfar asbhaintí iomlána nó páirteacha a dhéanamh ó na stoic chéanna faoi chuimsiú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158.

(11)

Thairis sin, tá asbhaintí áirithe dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158 atá níos mó ná na cuótaí oiriúnaithe atá ar fáil sa bhliain 2025 agus, mar thoradh air sin, ní féidir iad a oibriú ina n-iomláine sa bhliain sin. Sna cásanna sin, de réir phointe 2 de na Treoirlínte, rinneadh na hasbhaintí, lena n-áirítear na méideanna a eascraíonn as na fachtóirí iolraithe is infheidhme i gcás inarb ábhartha, go méid iomlán an chuóta atá ar fáil agus ba cheart na méideanna atá fágtha a asbhaint ón gcuóta oiriúnaithe sna blianta ina dhiaidh sin go dtí go n-aisíocfar na asbhaintí atá dlite.

(12)

In 2023 rinne an Ghearmáin ró-iascaireacht 1,320 tona ar a cuóta le haghaidh speicis eile in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 (OTH/1N2AB.). Ina theannta sin, i gcomhréir le pointe 2 de na Treoirlínte, bhí asbhaint 19,997 dtona fós ann tar éis don Ghearmáin ró-iascaireacht a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh OTH/1N2AB. in 2022. Le post leictreonach dar dáta an 1 Iúil 2024, d’iarr an Ghearmáin an asbhaint atá dlite, is é sin 21,317 dtona, a roinnt thar 3 bliana. Ós rud é, i gcomhréir le pointe 3(b) de na Treoirlínte, go bhfuil aisíoc níos moille incheadaithe go heisceachtúil i gcás ina ngabhtar an stoc lena mbaineann in iascach measctha agus ina gcuirfeadh caillteanas mór cuóta cosc ar shaothrú na speiceas gaolmhar i ngabháil an iascaigh mheasctha sin, glacadh leis an iarraidh sin. Rinneadh asbhaint 7,106 thona ar chuóta na Gearmáine le haghaidh OTH/1N2AB. in 2024 agus in 2025. Cuirfear an asbhaint atá fágtha, is é sin 7,105 thona, i bhfeidhm ar chuóta na Gearmáine le haghaidh OTH/1N2AB. in 2026 gan dochar d’aon oiriúnú eile ar chuótaí.

(13)

An 5 Samhain 2025, chuir an Iodáil dearbhuithe gabhála nuashonraithe isteach le haghaidh mhí Iúil, mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna 2024 tar éis saincheist theicniúil maidir le tuairisciú na ngabhálacha a rinne soitheach faoina bratach. Ar bhonn na sonraí nuashonraithe a tharchuir an Iodáil, sáraíodh cuótaí na hIodáile le haghaidh an tuinnín mhórshúiligh agus an tuinnín bhuí i limistéar inniúlachta IOTC (BET/IOTC agus YFT/IOTC) in 2024. Dá bhrí sin, ba cheart na hasbhaintí comhfhreagracha a dhéanamh ar chuótaí na hIodáile faoi seach le haghaidh 2025.

(14)

Le Rialachán (AE) 2024/257, bunaíodh teorainn cuótaí de chuid an Aontais arb í 209 dtona le haghaidh an tsóil choitinn i limistéir 8c, 8d, 8e, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 (SOL/8CDE34). Thuairiscigh an Phortaingéil gabhálacha de 226,349 dtona faoin teorainn cuótaí sin. Ar bhonn na sonraí a tarchuireadh, sháraigh an Phortaingéil teorainn cuótaí an Aontais a socraíodh le haghaidh 2024. Dá bhrí sin, ba cheart an asbhaint chomhfhreagrach mar gheall ar an ró-iascaireacht sin a dhéanamh ar chuóta na Portaingéile in 2025. Ós rud é nach bhfuil cuóta ar fáil don Phortaingéil maidir leis an stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air, ba cheart an asbhaint a dhéanamh ar stoc malartach i gcomhréir le hAirteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 thuasluaite.

(15)

Dearbhaítear i bpointe 1 de na Treoirlínte go bhfuil an amlíne le haghaidh asbhaintí i gcás ró-iascaireacht ar chuóta maidir le stoic atá á mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh le cur in oiriúint, i gcás inarb infheidhme, don amlíne le haghaidh asbhaintí a shocraítear sna heagraíochtaí réigiúnacha iascaigh lena mbaineann maidir leis na stoic sin.

(16)

Le Moladh 22-03 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT) maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Thuaidh (14), foráiltear go ndéanfar aon bharrachas sa chuóta coigeartaithe bliantúil in 2024 a asbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála ábhartha le haghaidh 2026. Ar an mbonn sin, an asbhaint atá dlite mar gheall ar an ró-iascaireacht a rinne an Phortaingéil ar an stoc colgán san Aigéan Atlantach in 2024, lastuaidh de 5°T (SWO/AN05N), ba cheart í a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh 2026.

(17)

Ar an gcuma chéanna, le Moladh 22-04 ó ICCAT maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Theas (15), leagtar síos go bhfuil aon bharrachas sa chuóta/teorainn ghabhála bhliantúil in 2024 le hasbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála ábhartha in 2026. Dá bhrí sin, an asbhaint, lena n-áirítear an méid a eascraíonn as na fachtóirí iolraithe is infheidhme, atá dlite mar gheall ar an ró-iascaireacht a rinne an Fhrainc in 2024, le haghaidh an stoic colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5°T (SWO/AS05N), ba cheart í a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh 2026.

(18)

Thairis sin, le Moladh 23-10 ó ICCAT maidir le bearta caomhnúcháin chun siorcanna gorma an Atlantaigh Thuaidh a chaomhnú (16), foráiltear go ndéanfar aon mhéid a ghabhtar de bhreis ar na teorainneacha gabhála bliantúla a bunaíodh le haghaidh 2024 a asbhaint ó na teorainneacha gabhála ábhartha in 2026. Dá bhrí sin, ba cheart an asbhaint de dheasca ró-iascaireacht arna déanamh ag an bPortaingéil in 2024 le haghaidh an stoic siorcanna gorma san Aigéan Atlantach lastuaidh de 5°T (BSH/AN05N) a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh 2026.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158 a leasú dá réir.

(20)

Féadfar tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán a dhéanamh fós i ndiaidh earráidí, easnaimh nó míthuairisciú a bhrath, i gcás cleachtaí reatha nó cleachtaí roimhe seo, sna figiúirí gabhála arna ndearbhú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2025 i Rialacháin (AE) 2024/257, (AE) 2024/2903, (AE) 2025/202 agus (AE) 2025/219 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, laghdófar iad trí na hasbhaintí ó na stoic eile a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 2

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/2090 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2090/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/194/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/195/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 2023/2638, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2638/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/2903 ón gComhairle an 18 Samhain 2024 lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 2024/2903, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2903/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2025/219 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 2025/219, 4.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/219/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2025 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L 2025/2158, 27.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2158/oj).

(12)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le hasbhaint cuótaí faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a chuirtear in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 2022/C 369/03 (IO C 369, 27.9.2022, lch. 3).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).

(14)  Moladh 22-03 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-02 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-02 maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Thuaidh. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-03-e.pdf.

(15)  Moladh 22-04 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-03 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-03 maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Theas. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-04-e.pdf.

(16)  Moladh 23-10 ó ICCAT a chuirtear in ionad Mholadh 19-07 maidir le bearta caomhnúcháin chun siorcanna gorma an Atlantaigh Thuaidh a ghabhtar i gcomhar le hiascach ICCAT a chaomhnú. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2023-10-e.pdf.


IARSCRÍBHINN I

ASBHAINTÍ Ó CHUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2025 ATÁ LE CUR i bhFEIDHM MAIDIR LE STOIC EILE

STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU

 

STOIC EILE

Ballstát

Cód speicis

Cód limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

An chainníocht nach féidir a asbhaint ó chuóta iascaireachta 2025 maidir leis an stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air (ina tonaí)

 

Ballstát

Cód speicis

Cód limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

An chainníocht atá le hasbhaint ó chuóta iascaireachta 2025 maidir leis na stoic eile (ina tonaí)

ES

GHL

1N2AB.

An haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

8,434

 

ES

REB

1N2AB.

An phéirse mhara

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

8,434

ES

HAD

1N2AB.

An chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

4,456

 

ES

REB

1N2AB.

An phéirse mhara

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

4,456

ES

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

15,095

 

ES

REB

1N2AB.

An phéirse mhara

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

15,095

ES

SOL

7HJK.

An sól coiteann

7h, 7j agus 7k

2,975

 

ES

NEP

07.

Gliomach na hIorua

7

49,000

ES

SOL

8AB.

An sól coiteann

8a agus 8b

31,686

PL

MAC

2A34-N

An ronnach

Uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; Uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; Uiscí na hIorua in 2a agus 4a

25,995

 

PL

HER

3D-R30

An scadán

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

25,995

PT

SOL

8CDE34

An sól coiteann

8c, 8d, 8e, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

17,349

 

PT

SOO

8CDE34

An sól

8c, 8d, 8e, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

17,349


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2158:

ASBHAINTÍ Ó NA CUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2025 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU

Ballstát

Cód speicis

Cód limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

Cuóta tosaigh 2024 (ina thonaí)

Gabhálacha ceadaithe 2024 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú ina tonaí) (1)

Gabhálacha iomlána 2024 (cainníocht ina tonaí)

Ídiú cuóta a bhaineann le gabhálacha ceadaithe 2024 (ina chéatadán)

Ró-iascaireacht a bhaineann leis an tabhairt i dtír arna ceadú i gcomhair 2024 (cainníocht ina tonaí)

Fachtóir iolraithe (2)

Fachtóir iolraithe breise (3) ,  (4)

Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain nó ó bhlianta roimhe (5) (cainníocht ina tonaí))

Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2025 (6) agus na mblianta ina dhiaidh sin (cainníocht ina tonaí)

Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2025 maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu (7) (cainníocht ina tonaí)

Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh 2025 maidir le stoic eile (cainníocht ina tonaí)

Le hasbhaint ó chuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2026 agus na mblianta ina dhiaidh sin (cainníocht ina tonaí)

DE

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

125,000

116,894

114,875

Ní bhaineann le hábhar

-2,019  (8)

/

/

14,211  (7)

7,106

7,106

/

7,105

DE

SPR

2AC4-C

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

696,000

2 435,941

2 647,571

108,69

211,630

/

/

/

211,630

211,630

/

/

DK

BOR

678-

Torcéisc

6, 7 agus 8

6 711,000

7 327,837

7 681,530

104,83

353,693

/

/

/

353,693

353,693

/

/

DK

HER

5B6ANB

An scadán

6b agus 6aT; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b

/

2,758

33,940

1 230,60

31,182

1,00

/

/

31,182

31,182

/

/

ES

ARA

GF1-7

An séacla gorm agus dearg

FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

787,000

850,631

888,436

104,44

37,805

/

C (10)

/

37,805

37,805

/

/

ES

BUM

ATLANT

An mairlín gorm Atlantach

An tAigéan Atlantach

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

1,00

/

5,338

5,338

5,338

/

/

ES

COD

1N2AB.

An trosc

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

2 533,000

2 811,120

2 815,541

100,16

4,421

/

A (10)

/

4,421

4,421

/

/

ES

GHL

1N2AB.

An haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

19,900

38,151

191,71

18,251

1,00

/

/

18,251

9,817

8,434

/

ES

HAD

1N2AB.

An chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

29,900

38,225

127,84

8,325

1,00

A

/

12,488

8,032

4,456

/

ES

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

18,899

Ní bhaineann le hábhar

18,899

1,00

A

/

28,349

13,254

15,095

/

ES

POK

1N2AB.

An glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

5,000

10,611

212,22

5,611

1,00

A

/

8,417

8,417

/

/

ES

RJU

8-C.

An roc dústríoctha

Uiscí an Aontais in 8

10,000

9,968

10,637

106,71

Ní bhaineann le hábhar

/

/

2,106

2,106

0,808

/

1,298

ES

RJU

9-C.

An roc dústríoctha

Uiscí an Aontais in 9

15,000

19,644

20,761

105,69

1,117

/

A (10)

/

1,117

1,117

/

/

ES

SOL

7HJK.

An sól coiteann

7h, 7j agus 7k

/

1,745

3,728

213,64

1,983

1,00

C

/

2,975

0,000

2,975

/

ES

SOL

8AB.

An sól coiteann

8a agus 8b

5,000

5,000

13,916

278,32

8,916

1,00

C

19,482

32,856

1,170

31,686

/

ES

SRX

89-C.

Sciataí agus roic

Uiscí an Aontais in 8 agus 9

1 724,000

1 769,000

1 814,923

102,60

45,923

/

/

/

45,923

45,923

/

/

FR

BLI

24-

An langa gorm

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4

8,000

13,900

26,989

194,17

13,089

1,00

/

/

13,089

5,429

/

7,660

FR

NOP

2A3A4.

An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

3a; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

/

1,537

4,799

312,23

3,262

1,00

/

/

3,362

3,362

/

/

FR

SWO

AS05N

An colgán

An tAigéan Atlantach, laisteas de 5°T

/

/

4,200

Ní bhaineann le hábhar

4,200  (11)

1,00

/

/

Neamhbhainteach (11)

Neamhbhainteach (11)

/

4,200

IE

HER

5B6ANB

An scadán

6b agus 6aT; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b

189,000

335,531

612,077

182,42

276,546

2,00

/

/

553,092

461,579

/

91,513

IE

HER

7G-K.

An scadán

7a laisteas de 52°30′T; 7g, 7h, 7j agus 7k

750,000

867,500

946,445

109,10

78,945

/

/

/

78,945

78,945

/

/

IT

BET

IOTC

An tuinnín mórshúileach

Limistéar Inniúlachta IOTC

410,000

485,000

493,893

101,83

8,893

/

/

/

8,893

8,893

/

/

IT

YFT

IOTC

An tuinnín buí

Limistéar Inniúlachta IOTC

2 365,000

2 465,000

2 529,623

102,62

64,623

/

/

/

64,623

64,623

/

/

MT

ARS

GF12-16

An séacla mór dearg

FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

36,000

36,000

38,313

106,43

2,313

/

/

/

2,313

2,313

/

/

PL

MAC

2A34-N

An ronnach

Uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; Uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; Uiscí na hIorua in 2a agus 4a

/

/

17,330

Ní bhaineann le hábhar

17,330

1,00

A

/

25,995

0,000

25,995

/

PT

ANF

8C3411

Láimhínigh

8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

739,000

1 075,126

1 168,611

108,70

93,485

/

C (10)

/

93,485

93,485

/

/

PT

BSH

AN05N

An siorc gorm

An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T

4 024,820

4 024,820

4 059,070

100,85

34,250  (11)

/

/

/

Neamhbhainteach (11)

Neamhbhainteach (11)

/

34,250

PT

GHL

1N2AB.

An haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

38,900

41,067

105,57

2,167

/

/

/

2,167

2,167

/

/

PT

JAX

08C.

An bolmán

8c

186,000

97,000

128,495

132,47

31,495

1,00

/

1,605

33,100

33,100

/

/

PT

LEZ

8C3411

An méagram scoilteán

8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

107,000

117,000

120,237

102,77

3,237

/

C (10)

/

3,237

3,237

/

/

PT

SOL

8CDE34

An sól coiteann

8c, 8d, 8e, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1

209,000  (12)

209,000  (12)

226,349

108,30

17,349

/

C (10)

/

17,349

Ní bhaineann le hábhar

17,349

/

PT

SWO

AN05N

An colgán

An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T

1 143,970

1 388,068

1 417,624

102,13

29,556  (11)

/

A (10)

/

Neamhbhainteach (11)

Neamhbhainteach (11)

/

29,556

(1)  Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2023 go 2024 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le bainistiú GIInna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(2)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá cothrom leis an ró-iascaireacht * 1,00 sna cásanna uile ina bhfuil an ró-iascaireacht cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin.

(3)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll go sáraíonn méid na ró-iascaireachta 10 %.

(4)  Léiríonn an litir “A” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go ndearnadh ró-iascaireacht leanúnach sna blianta 2022, 2023 agus 2024. Léiríonn an litir “C” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.

(5)  Cainníochtaí atá fágtha ó bhlianta roimhe.

(6)  Asbhaintí atá le déanamh in 2025.

(7)  Asbhaintí atá le déanamh in 2025 a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm iarbhír i bhfianaise an chuóta atá ar fáil.

(8)  Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir leis an stoc seo, ní féidir úsáid a bhaint as an gcainníocht sin, is é sin, an chainníocht nár úsáideadh, chun an asbhaint atá dlite in 2025 a laghdú.

(9)  Le leathadh i gcaitheamh na mblianta 2025 (7,106 thona) agus 2026 (7,105 thona) tar éis iarraidh na Gearmáine asbhaint 21,317 dtona atá dlite in 2024 a roinnt go cothrom thar 3 bliana (2024, 2025 agus 2026).

(10)  Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme mar nach mó ná 10 % an ró-iascaireacht.

(11)  Le hasbhaint in 2026 i gcomhréir leis an Moladh ábhartha ó ICCAT.

(12)  An teorainn cuótaí a chionroinntear ar an Aontas.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/890/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)