|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/871 |
28.7.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/871 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2026
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na heilimintí de tháirgí rátála ESG atá le nochtadh don phobal agus d’úsáideoirí rátálacha ESG, míreanna rátáilte agus eisitheoirí míreanna rátáilte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859 (1), agus go háirithe Airteagal 23(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 24(3), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ós rud é go bhféadfaidh soláthraithe rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) táirgí rátála ESG iomadúla a thairiscint, tá sé tábhachtach go soláthróidh siad faisnéis leordhóthanach i ndáil le gach táirge rátála ESG don phobal, d’úsáideoirí rátálacha ESG, do mhíreanna rátáilte, agus d’eisitheoirí míreanna rátáilte. Is gá íoscheanglais a bhunú maidir leis an méid atá le nochtadh i ndáil le gach táirge chun trédhearcacht a áirithiú, dícheall cuí a chumasú agus croschomparáid le táirgí rátála ESG eile a éascú. Leis sin, ba cheart tuiscint níos fearr a bheith ann ar shaintréithe na dtáirgí sin agus é a chur ar a chumas don phobal, d’úsáideoirí rátálacha ESG, do mhíreanna rátáilte agus d’eisitheoirí míreanna rátáilte na táirgí rátála ESG sin is fearr a chomhlíonann a riachtanais a shainaithint. |
|
(2) |
Go háirithe, chun trédhearcacht a chothú, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an soláthraí rátálacha ESG eilimintí cuimsitheacha ar fáil ar a shuíomh gréasáin, ar leibhéal gach táirge rátála ESG, maidir leis na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a thacaíonn le gníomhaíochtaí rátála ESG an tsoláthraí rátálacha ESG sin. Chuige sin agus chun comparáid idir táirgí rátála ESG a éascú, ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh don phobal sa seicheamh céanna a leagtar amach san Iarscríbhinn. |
|
(3) |
Tá na nochtaí atá le cur ar fáil d’úsáideoirí rátálacha ESG, do mhíreanna rátáilte, agus d’eisitheoirí míreanna rátáilte comhlántach leo siúd atá beartaithe don phobal. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cumhachtuithe a leagtar amach in Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/3005 a chomhdhlúthú in aon Rialachán amháin. |
|
(4) |
Ós rud é go sonraítear leis an Rialachán seo na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, a bhfuil feidhm aige ón 2 Iúil 2026, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin. |
|
(5) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA a bhunaítear an Rialachán seo. |
|
(6) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraíocht na n-eilimintí nochta
Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG go n-áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun phointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005 na heilimintí a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe seo.
Airteagal 2
Cur i láthair na faisnéise
1. Áiritheoidh soláthraithe rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) go gcuirfear i láthair an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005 i gcomhréir leis an ord a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe seo.
2. Agus an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 á chomhlíonadh ag soláthraithe rátálacha ESG, féadfaidh siad crostagairt a dhéanamh don fhaisnéis ábhartha a chuirtear ar fáil ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear trí hipearnaisc nó trí mhodhanna teicneolaíocha iomchuí eile.
Airteagal 3
Nochtaí táirgí rátála
1. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (f), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas ar leibhéal gach táirge rátála ESG:
|
(a) |
tuairisc ar na rioscaí a chumhdaítear, i gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh ag an rátáil ESG ar rioscaí; |
|
(b) |
tuairisc ar na tionchair a chumhdaítear, i gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh ag an rátáil ESG ar thionchair; |
|
(c) |
faisnéis faoin gcaoi a gcuirtear an ábharthacht riosca agus tionchair san áireamh de réir phrionsabal na hábharthachta dúbailte, i gcás inarb infheidhme; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil an rátáil ESG bunaithe ar ghnéithe ábharthachta eile, tuairisc ar na gnéithe sin. |
2. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (g), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas ar leibhéal gach táirge rátála ESG:
|
(a) |
tuairisc ar a bhfuil cumhdaithe faoi na fachtóirí comhshaoil, sóisialta nó rialachais agus ar na fachtóirí comhiomlánaithe, i gcás inarb infheidhme; |
|
(b) |
tuairisc ar na saincheisteanna sonracha a chumhdaítear leis an rátáil ESG. |
3. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (o) agus (p), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas ar leibhéal gach táirge rátála ESG, i gcás inarb infheidhme:
|
(a) |
nochtfaidh siad léiriú ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear san áireamh sa rátáil ESG spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras agus cé na comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhreithnítear, agus tagairt á déanamh do bhunfhaisnéis aitheantais maidir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta, mar aon le míniú ar a ábhartha atá sí don rátáil ESG; |
|
(b) |
sonróidh siad cé acu atá nó nach bhfuil measúnú á dhéanamh ag an rátáil ESG ar ailíniú gealltanas le cuspóirí na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a). |
Airteagal 4
Nochtaí modheolaíochta ginearálta
1. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (a), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas:
|
(a) |
nochtfaidh siad teideal na modheolaíochta rátála a úsáideadh; |
|
(b) |
tabharfaidh siad tuairisc ar na cineálacha míre rátáilte a bhfuil feidhm ag an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leo; |
|
(c) |
nochtfaidh siad an tréimhse ama a meastar an rátáil ESG a bheith bailí lena linn, i gcás inarb infheidhme; |
|
(d) |
nochtfaidh siad liosta de na samhlacha tacaíochta ábhartha agus de na príomhthoimhdí rátála agus forbhreathnú orthu, i gcás inarb infheidhme; |
|
(e) |
soláthróidh siad faisnéis maidir le bearta agus nósanna imeachta chun cáilíocht agus iontaofacht na sonraí a úsáidtear a áirithiú; |
|
(f) |
tabharfaidh siad tuairisc ar chóras rangaithe na gcatagóirí rátála a úsáidtear, agus tagairt á déanamh don mhéid seo a leanas:
|
|
(g) |
dáta an nuashonraithe is déanaí ar an modheolaíocht agus tuairisc ar na hathruithe a tugadh isteach sa leagan roimhe seo a nochtadh. |
2. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (b), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, soláthróidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas:
|
(a) |
ainm chomhlacht eisiúna an aicmithe tionscail a úsáideadh; |
|
(b) |
ainm agus leagan an aicmithe tionscail a úsáideadh; |
|
(c) |
aon nasc atá ar fáil go poiblí chuig doiciméadacht oifigiúil an chórais aicmithe tionscail. |
3. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (c), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, tabharfaidh soláthraithe rátálacha ESG tuairisc ar an bpróiseas rannpháirtíochta le míreanna rátáilte nó le heisitheoirí míreanna rátáilte, lena n-áirítear an chaoi a gcuirtear an t-ionchur ón bpróiseas sin san áireamh.
4. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (e), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, tabharfaidh soláthraithe rátálacha ESG, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an bpróiseas chun an fhianaise eolaíoch ábhartha a shainaithint.
Airteagal 5
Teorainneacha maidir le foinsí sonraí, modheolaíochtaí agus faisnéis
Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (m) agus (q), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, míneoidh soláthraithe rátálacha ESG aon teorainn i leith an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
infhaighteacht nó comhsheasmhacht na sonraí a úsáidtear sa phróiseas rátála; |
|
(b) |
iomláine, tráthúlacht agus cruinneas na faisnéise; |
|
(c) |
úsáid toimhdí, seachphointí tagartha agus meastacháin ar shonraí. |
Airteagal 6
Nochtaí eagraíochtúla
1. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (d), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG cairt ina léireofar a naisc úinéireachta le haon mháthairghnóthas agus le haon fhochuideachta. Léireofar sa chairt sin, i gcás inarb infheidhme, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann aon cheann de na heintitis sin aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(1) nó seirbhísí eile dá dtagraítear in Airteagal 16(6) de Rialachán (AE) 2024/3005.
2. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (l), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG an méid seo a leanas:
|
(a) |
an chaoi a n-áirithítear leis na critéir a chuireann siad i bhfeidhm chun táillí a shuí go bhfuil na táillí sin cothrom, réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2024/3005; |
|
(b) |
cé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn an soláthraí rátálacha ESG samhail lena ngabhann síntiús, samhail ‘íocann an t-eisitheoir’, meascán de na samhlacha sin, nó samhail eile; |
|
(c) |
tuairisc ar an tsamhail ghnó ábhartha, agus ar an gcion den ioncam bliantúil iomlán a dhíorthaítear ó gach samhail; |
|
(d) |
i gcás inarb infheidhme, tionchar na dtáillí a mhuirearaítear ar sheirbhísí seachas gníomhaíochtaí rátála ESG ar chinneadh na dtáillí le haghaidh rátálacha ESG, mar aon le tuairisc ar na seirbhísí eile sin. |
3. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointe (n), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, léireoidh soláthraithe rátálacha ESG réimsí ghníomhaíochtaí, sheirbhísí nó struchtúr eagraíochtúil an tsoláthraí rátálacha ESG as a bhféadfadh na príomhrioscaí coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn.
Airteagal 7
Nochtaí Modheolaíochta Sonracha
1. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (b)(i), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, sonróidh soláthraithe rátálacha ESG na modhanna a úsáidtear chun aon sonraí neamhphoiblí a bhailiú.
2. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (a)(iv), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, tabharfaidh soláthraithe rátálacha ESG tuairisc ar aon easnamh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le húsáid córas nó samhlacha staidrimh nó algartamacha réamhbhunaithe i mbearta ESG.
Airteagal 8
Athbhreithniú ar shonraí agus ar mhodheolaíochtaí
1. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (a)(v), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, míneoidh soláthraithe rátálacha ESG na míreanna seo a leanas:
|
(a) |
an próiseas agus an mhinicíocht chun modheolaíochtaí a athbhreithniú; |
|
(b) |
na coinníollacha chun an gá athbhreithniú a dhéanamh ar mhodheolaíocht a chinneadh; |
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, an nós imeachta maidir le comhairliúchán le páirtithe leasmhara le linn an phróisis athbhreithniúcháin; |
|
(d) |
an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athbhreithniú ar mhodheolaíochtaí maidir le rátálacha ESG arna dtáirgeadh de bhun na modheolaíochta ábhartha; |
|
(e) |
na critéir chun a chinneadh cad is athrú ábhartha ar mhodheolaíocht ann. |
2. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (a)(vii), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, sonróidh soláthraithe rátálacha ESG uimhir leagain na modheolaíochta.
3. Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (b)(iii), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005, míneoidh soláthraithe rátálacha ESG na bearta a rinneadh chun cruinneas agus comhsheasmhacht an phróisis athbhreithnithe sonraí a áirithiú.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/3005, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3005/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
IARSCRÍBHINN
Ord chur i láthair na n-eilimintí atá le nochtadh de bhun Iarscríbhinn III, pointe 1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005
|
|
Iarscríbhinn III, pointe 1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3005 |
An Rialachán Tarmligthe seo |
|
Nochtaí Táirgí Rátála |
Pointe (f) |
Airteagal 3(1) |
|
Pointe (g) |
Airteagal 3(2) |
|
|
Pointe (h) |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
Pointe (i) |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
Pointe (j) |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
Pointe (o) |
Airteagal 3(3) |
|
|
Pointe (p) |
Airteagal 3(3) |
|
|
Nochtaí Modheolaíochta Ginearálta |
Pointe (a) |
Airteagal 4(1) |
|
Pointe (b) |
Airteagal 4(2) |
|
|
Pointe (c) |
Airteagal 4(3) |
|
|
Pointe (e) |
Airteagal 4(4) |
|
|
Pointe (k) |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
Teorainneacha maidir le foinsí sonraí, modheolaíochtaí agus faisnéis |
Pointe (m) |
Airteagal 5 |
|
Pointe (q) |
Airteagal 5 |
|
|
Nochtaí Eagraíochtúla |
Pointe (d) |
Airteagal 6(1) |
|
Pointe (l) |
Airteagal 6(2) |
|
|
Pointe (n) |
Airteagal 6(3) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/871/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)