European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/860

15.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/860 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Márta 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, a mhéid a bhaineann le dréachtChinneadh Uimh. …/… ón gCoiste sin lena mbunaítear a Rialacha Nós Imeachta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas Comhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (‘Comhaontú Interbus’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003.

(2)

Thug an tAontas an Prótacal maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a ghabhann le Comhaontú Interbus (‘an Prótacal’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/911 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2024.

(3)

De bhun Airteagal 18(1) den Phrótacal, bunaítear Comhchoiste (‘an Comhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal’).

(4)

De bhun Airteagal 23(3) de Chomhaontú Interbus, is infheidhme de bhua Airteagal 18(2) den Phrótacal, tá an Comhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal lena Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacadh.

(5)

Le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar a Rialacha Nós Imeachta féin.

(6)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, is iomchuí é a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh arna bhunú faoin bPrótacal atá le glacadh ag an gcoiste sin ina cheangal ar an Aontas.

(7)

Le bunú Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal, éascófar cur i bhfeidhm an Phrótacail. Ba cheart na rialacha sin a bheith ag comhfhreagairt go dlúth, leis na hoiriúnuithe is gá, do Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoi Chomhaontú Interbus le Cinneadh Uimh. 1/2011 den choiste sin (3),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú eile den Chomhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 18(1) den Phrótacal maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a ghabhann le Comhaontú Interbus, a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh ionadaithe an Aontais iad a chomhaontú sa Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. IOANNIDES


(1)  Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 321, 26.11.2002, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/917/oj).

(2)  Cinneadh (AE) 2023/911 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 122, 5.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/911/oj).

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2011 ón gComhchoiste arna bhunú faoi Chomhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus an 11 Samhain 2011 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar, Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla is infheidhme maidir le busanna agus cóistí agus na ceanglais a bhaineann leis na forálacha sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú (IO L 8, 12.1.2012, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/25(1)/oj).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. …/… ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ FAOIN bPRÓTACAL A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA ÓCÁIDEACH PAISINÉIRÍ DE CHÓISTE AGUS DE BHUS (COMHAONTÚ INTERBUS) MAIDIR LE hIOMPAR TRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS IOMPAR TRÁTHRIALTA SPEISIALTA PAISINÉIRÍ DE CHÓISTE AGUS DE BHUS

an …

lena mbunaítear a Rialacha Nós Imeachta

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (1), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 18(1) den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompair idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (‘an Prótacal’), bunaítear Comhchoiste atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha chun bainistiú an Phrótacail a éascú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 18(2) den Phrótacal, tá feidhm mutatis mutandis le bheith ag Airteagail 23 agus 24 de Chomhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (‘Comhaontú Interbus’) maidir leis an gComhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhchoiste a bhunaítear faoin bPrótacal a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh, de bhun Airteagal 18(2) den Phrótacal agus Airteagal 23(3) de Chomhaontú Interbus. Ba cheart Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal a bheith ag comhfhreagairt, leis na hoiriúnuithe is gá, do Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoi Chomhaontú Interbus le Cinneadh Uimh. 1/2011 den choiste sin (2),

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa …, …

Thar ceann an Chomhchoiste:

An Cathaoirleach

An Rúnaí


(1)   IO L 122, 5.5.2023, lch. 3.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2011 ón gComhchoiste a bunaíodh faoi Chomhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus an 11 Samhain 2011 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar, Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla is infheidhme maidir le busanna agus cóistí agus na ceanglais a bhaineann leis na forálacha sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú (IO L 8, 12.1.2012, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/25(1)/oj).

IARSCRÍBHINN

Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste arna bhunú faoin bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus

Airteagal 1

Ainm an Chomhchoiste

An Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 18 den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (‘Comhaontú Interbus’) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (‘an Prótacal’), gairfear ‘an Coiste’ anseo feasta air.

Airteagal 2

Cathaoirleach

1.   Is é ceann thoscaireacht an Aontais, nó i gcás inar gá a ionadaí nó a hionadaí (‘an Cathaoirleach’), thar ceann an Aontais Eorpaigh. Beidh an Cathaoirleach ina ionadaí ar an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’).

2.   Stiúrfaidh an Cathaoirleach obair an Choiste.

Airteagal 3

Toscaireachtaí

1.   Na Páirtithe Conarthacha a bhfuil an Prótacal i bhfeidhm ina leith (‘na Páirtithe’), ceapfaidh siad a n-ionadaithe don Choiste. Beidh toscaireacht an Aontais comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, agus ionadaithe ó na Ballstáit ag tabhairt cúnaimh dóibh.

2.   Ceapfaidh gach Páirtí ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, leas-cheann a thoscaireachta.

3.   Féadfaidh gach Páirtí ionadaithe nua a cheapadh ar an gCoiste. Cuirfear Rúnaí an Choiste (‘an Rúnaí’) ar an eolas gan mhoill i scríbhinn faoi aon athruithe den sórt sin.

4.   Féadfaidh ionadaithe Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Choiste mar bhreathnóirí. Féadfaidh an Cathaoirleach, le comhaontú na gceann toscaireachta eile, cuireadh a thabhairt do dhaoine nach comhaltaí de thoscaireachtaí iad freastal ar chruinniú den Choiste chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha.

5.   Seachtain amháin ar a laghad roimh an gcruinniú den Choiste, tabharfaidh na Páirtithe fógra don Rúnaí faoi chomhdhéanamh a dtoscaireachta.

Airteagal 4

An Rúnaíocht

1.   Cuirfidh ionadaí ón gCoimisiún an Rúnaíocht ar fáil don Choiste. Is é Cathaoirleach a cheapfaidh an Rúnaí agus comhlíonfaidh sé nó sí a chuid dualgas nó a cuid dualgas go dtí go gceapfar Rúnaí nua. Cuirfidh an Cathaoirleach ainm agus sonraí an Rúnaí in iúl do na Páirtithe eile.

2.   Beidh an Rúnaí freagrach as cumarsáid idir na toscaireachtaí, lena n-áirítear doiciméid a tharchur, agus déanfaidh sé nó sí maoirseacht ar dhualgais rúnaíochta.

Airteagal 5

Cruinnithe an Choiste

1.   Tiocfaidh an Coiste le chéile arna iarraidh sin do Pháirtí amháin ar a laghad. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh é.

2.   Cuirfidh an Cathaoirleach fógra faoin gcruinniú, mar aon leis an dréachtchlár oibre agus doiciméid an chruinnithe, chuig na cinn toscaireachta eile 15 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe.

3.   Féadfaidh Páirtí a iarraidh ar an gCathaoirleach an tréimhse fógra dá dtagraítear i mír 2 a ghiorrú chun an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a chur san áireamh.

4.   Mura gcinnfidh na cinn toscaireachta a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Choiste poiblí.

5.   Tiocfaidh an Coiste le chéile sa Bhruiséil, mura gcomhaontóidh na Páirtithe teacht le chéile in áit eile nó go cianda.

Airteagal 6

Clár oibre do chruinnithe an Choiste

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach, le cúnamh ón Rúnaí, an dréachtchlár oibre a tharraingt suas do gach cruinniú den Choiste agus socróidh sé dáta agus ionad an chruinnithe tar éis dul i gcomhairle le na cinn toscaireachta eile. Cuirfidh an Cathaoirleach an clár oibre sealadach chuig na cinn toscaireachta eile 15 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe. Beidh na doiciméid oibre uile is gá ag gabháil leis an gclár oibre sealadach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le cruinnithe práinneacha a thionóltar i gcomhréir le hAirteagal 5(3).

3.   Féadfaidh gach Páirtí mír amháin nó níos mó a mholadh le cur leis an gclár oibre sealadach 24 uair an chloig ar a dhéanaí roimh thús an chruinnithe. Déanfar iarrataí ar mhíreanna a chur leis an gclár oibre a chur chuig an gCathaoirleach i scríbhinn, agus an chúis atá leis sin á cur in iúl.

4.   Ag tús an chruinnithe, glacfaidh an Coiste an ndréacht-chlár oibre. Féadfaidh an Coiste a chinneadh aon mhír nach bhfuil ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre sealadach.

Airteagal 7

Gníomhartha a ghlacadh

1.   Glacfar cinntí an Choiste trí vóta d’aon toil ag na Páirtithe a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 23(5) agus (6) de Chomhaontú Interbus. Is trí chomhthoil idir toscaireachtaí na bPáirtithe a ndéantar ionadaíocht orthu a ghlacfar na moltaí, agus go háirithe na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 24(2)(g) de Chomhaontú Interbus, atá infheidhme mutatis mutandis maidir leis an gCoiste. Beidh an teideal ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na cinntí agus ar na moltaí den Choiste agus, ina dhiaidh sin, beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus léiriú ar a bhfuil iontu orthu.

2.   Beidh síniú an Chathaoirligh agus an Rúnaí ar chinntí agus ar mholtaí an Choiste. Cuirfidh an Rúnaí chuig na cinn toscaireachta eile iad.

3.   Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh aon ghníomh a ghlacfaidh an Coiste a fhoilsiú.

4.   Féadfar gníomhartha an Choiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn i gcás ina gcomhaontaíonn na cinn toscaireachta an nós imeachta sin a úsáid. Cuirfidh an Cathaoirleach an dréachtghníomh faoi bhráid na gceann toscaireachta eile agus cuirfidh siad in iúl mar fhreagra an nglacann siad leis an dréacht nó nach nglacann, an molann siad leasuithe ar an dréacht nó an dteastaíonn níos mó ama uathu chun é a bhreithniú. Má ghlactar an dréacht, cuirfidh an Cathaoirleach bailchríoch ar an gcinneadh nó ar an moladh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2.

5.   Déanfar na moltaí agus na cinntí a tharraingt suas i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis, agus tá gach téacs díobh barántúil. Beidh gach Páirtí freagrach as cinntí agus moltaí a aistriú i gceart go dtí a theanga oifigiúil nó a theangacha oifigiúla. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-aistriúchán go teangacha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 8

Miontuairiscí chruinnithe an Choiste

1.   Tarraingeoidh an Rúnaí suas, faoi fhreagracht an Chathaoirligh, dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú den Choiste laistigh de 15 lá oibre tar éis an chruinnithe.

2.   Léireofar sna miontuairiscí, mar riail ghinearálta, maidir le gach mír ar an gclár oibre:

(a)

mionsonraí na ndoiciméad a cuireadh faoi bhráid an Choiste;

(b)

ráitis a d’iarr Páirtí go ndéanfaí iad a thaifeadadh; agus

(c)

cinntí a rinneadh, moltaí a rinneadh agus conclúidí a glacadh.

3.   Cuirfear na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Choiste lena bhformheas i gcomhréir leis an nós imeachta i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4). Mura gcuirfear an nós imeachta sin i gcrích, glacfaidh an Coiste na miontuairiscí ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

4.   A luaithe a ghlacfaidh an Coiste na miontuairiscí, síneoidh an Cathaoirleach agus an Rúnaí iad agus coinneoidh an Rúnaí iad. Cuirfidh an Rúnaí cóip na miontuairiscí chuig na cinn toscaireachta eile.

Airteagal 9

Rúndacht

D’ainneoin na forála maidir le gníomhartha a fhoilsiú a leagtar síos in Airteagal 7(3), beidh plé na gcruinnithe agus doiciméid an Choiste faoi rialú ag rúndacht ghairmiúil.

Airteagal 10

Caiteachais

1.   Seasfaidh gach Páirtí na costais a thabhóidh sé agus é ag glacadh páirte i gcruinnithe an Choiste.

2.   Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir le haisíocaíocht speansas a bhaineann le freastal ar chruinnithe daoine a dtabharfaidh an Cathaoirleach cuireadh dóibh de bhun Airteagal 3(4).

Airteagal 11

Comhfhreagras

Cuirfear gach comhfhreagras le Cathaoirleach nó comhfhreagras uaidh chuig Rúnaí . Cuirfidh an Rúnaí cóip den chomhfhreagras go léir a bhaineann leis an bPrótacal chuig na toscaireachtaí go léir.

Airteagal 12

Teangacha

Is é an Coiste a chinnfidh na teangacha a úsáidfear i gcruinnithe an Choiste agus ina ndoiciméid. Ní bheidh aon oibleagáid ar an bPáirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú ateangaireacht a chur ar fáil le haghaidh teangacha eile.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/860/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)