European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/858

14.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/858 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Aibreán 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhormheas an tAontas an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’) trí bhíthin Chinneadh 2014/888/AE ón gComhairle (1), agus bhain sé amach stádas mar Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta faoin bPrótacal sin.

(2)

Tá an tÚdarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg (‘an tÚdarás Maoirseachta’) in ann a Reachtanna a leasú i gcomhréir le hAirteagal 12 de agus a Rialacha Nós Imeachta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 18 de. Faoi Airteagal 5(8) de na Reachtanna, tá an tÚdarás Maoirseachta leis na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid arna bhforbairt faoi chuimsiú Choiste Iompair Intíre Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) (‘na Rialacha Samhla’) agus leasuithe ar na Rialacha Samhla a fhormheas.

(3)

Le linn an tríú seisiún dá chuid an 14 Aibreán 2026, i measc míreanna eile ar an gclár oibre, tá coinne leis go ndéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta athbhreithniú ar a Reachtanna agus ar a Rialacha Nós Imeachta agus go dtabharfaidh sé dá aire an tríú hathbhreithniú ar na Rialacha Samhla (‘na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3)’).

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta a bhunú, ós rud é go bhféadfadh aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an Údarás Maoirseachta i dtaca leis na Rialacha Samhla tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, mar atá Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (3) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (4). Thairis sin, d’fhéadfadh na leasuithe ar na Reachtanna agus ar na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta tionchar cinntitheach a imirt ar rannpháirtíocht an Aontais san Údarás Maoirseachta.

(5)

Maidir leis an gcinneadh atá beartaithe ag Rúnaíocht an Údaráis Mhaoirseachta na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3) a thabhairt dá haire agus a fhoilsiú, ní mór a thabhairt ar aire nach dtacaíonn creat dlíthiúil an Údaráis Maoirseachta leis an togra sin, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 5(8) dá Reachtanna ar an Údarás Maoirseachta na Rialacha Samhla agus a leasuithe a fhormheas. Ós rud é nár tháinig na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3) i bhfeidhm go fóill, níor cheart tacú leis an togra chun na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3) a fhoilsiú. Ba cheart don Aontas tacú leis na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3) a thabhairt dá aire agus a mholadh go gcuirfí aon ghníomhaíocht eile siar go dtí go dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Má thagann na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3) i bhfeidhm roimh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta agus má fhreagraíonn sé don leagan neamhoifigiúil a foilsíodh ar shuíomh gréasáin CEE-NA, ba cheart don Aontas a mholadh go bhformheasfaidh an tÚdarás Maoirseachta na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3).

(6)

Tá na leasuithe atá beartaithe ar Reachtanna an Údaráis Maoirseachta teoranta den chuid is mó do shoiléiriú obair an Choimisiúin Saineolaithe mar chomhlacht comhairleach don Údarás Maoirseachta. Is chun leas an Aontais iad na leasuithe sin ós rud é go soiléirítear leo ról an Choimisiúin Saineolaithe agus go n-éascaítear leo obair an Údaráis Maoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.

(7)

Is líonmhar na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta agus tá tionchair éagsúla acu. Áirítear ar na leasuithe sin deireadh a chur le vótáil trí thromlach cáilithe mar an rogha vótála réamhshocraithe san Údarás Maoirseachta, le hiarmhairtí i ndáil leis an gcóram, deireadh a chur leis an gceanglas oifigeach de chuid na hOifige Maoirseachta a ainmniú nach mór tacaíocht rúin a bheith faighte aige ó Chomhalta eile den Údarás Maoirseachta ina leith, agus cearta vótála an Aontais a athlonnú agus a shoiléiriú go córasach. Tiocfaidh soiléirithe tábhachtacha ar na Rialacha Nós Imeachta sin as formhór na leasuithe atá beartaithe agus cuirfidh siad feabhas ar nósanna imeachta oibre an Údaráis Maoirseachta. Mar sin féin, leis na rialacha maidir le vótáil trí nós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe, leagtar síos spriocdhátaí atá róghearr chun gur féidir na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun cinneadh a ghlacadh a chur i gcrích. Thairis sin, is gá na hábhair ar féidir cinntí a ghlacadh ina leith trí fhormheas intuigthe a shainiú go soiléir agus go sainráite. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, faoi réir leasuithe áirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le vótáil trí nós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun an Phrótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid (‘an tÚdarás Maoirseachta’), leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Maidir le mionathruithe ar an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, féadfaidh na hionadaithe ón Aontas iad a chomhaontú ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Aibreán 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid, arna ghlacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (IO L 353, 10.12.2014, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/888/oj).

(2)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 ina leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   Réamhrá

Reáchtálfar an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc an Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’) an 14 Aibreán 2026.

2.   Inniúlacht an Aontais

Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach i bPrótacal Lucsamburg. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith na míreanna ar chlár oibre an chruinnithe sin, mar a n-iarrfar ar an Údarás Maoirseachta gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE – is é sin Míreanna 9 agus 10.

3.   Barúlacha ar mhíreanna de chlár oibre an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta

Mír 9 ar an gclár oibre. Rialacha samhla

Doiciméad/Doiciméid

LUX-26011-SA3-09-Model Rules.pdf

Feidhmiú ceart vótála

an tAontas Eorpach

Post

Chun athrú a dhéanamh ar an gcinneadh atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta go:

Maidir leis An Údarás Maoirseachta:

tugann sé ar aire na modhnuithe ar na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid (Athbhreithniú 3) a pléadh ag an tríú seisiún den Choiste Athbhreithnithe a ghabhann leis na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid, a tionóladh i mí Mheán Fómhair 2025;

Mura dtiocfaidh na Rialacha Samhla i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta ann:

‘—

tugann sé ar aire nár cheart do na modhnuithe ar na Rialacha Samhla sin teacht i bhfeidhm go dtí tráth foilsithe na tuarascála ón naoú seisiún is seachtó de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) Meitheal SC.2 um Iompar d’Iarnród;

cuireann sé siar aon chaingean maidir le hAthbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla sin a fhormheas go dtí go dtiocfaidh na rialacha sin i bhfeidhm.

Má thagann na Rialacha Samhla i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta ann, agus má fhreagraíonn siad don leagan neamhoifigiúil a foilsíodh ar shuíomh gréasáin UNECE (1):

‘—

formheasann sé na Rialacha Samhla (Athbhreithniú 3)

Mír 10 ar an gclár oibre. Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta

Doiciméad/Doiciméid

LUX-26012-SA3-10-Statutes and Rules of Procedure (&ad).pdf

Feidhmiú ceart vótála

an tAontas Eorpach

Post

I bhfabhar fhormheas na leasuithe atá beartaithe ar na Reachtanna.

I bhfabhar fhormheas na leasuithe atá beartaithe ar na Rialacha Nós Imeachta, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

in Airteagal 16(6), pointe (c), cuirtear ‘10 seachtaine’ in ionad ‘2 sheachtain’;

in Airteagal 16(7), baintear ‘nó i gcás ina gcinnfidh an tÚdarás Maoirseachta amhlaidh’ den mhír thosaigh.


(1)   https://unece.org/sites/default/files/2026-02/ECE-TRANS-SC.2-337-Rev.3EFR_Unofficial.pdf.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/858/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)