European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/852

15.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/852 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Spáinn

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2474)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus ar tháirgí na n-ainmhithe sin laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a mhodh tarchurtha trí veicteoirí.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá siad bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, cuimsítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (4).

(4)

Le Rialachán (AE) 2016/429, agus go háirithe Airteagal 69 de, foráiltear go bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit vacsaíniú éigeandála a úsáid chun galar liostaithe, dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), den Rialachán sin, a rialú go héifeachtach in ainmhithe ar coimeád. Chuige sin, féadfaidh an t-údarás inniúil criosanna vacsaínithe a bhunú agus plean oifigiúil vacsaínithe a fhorbairt a chomhlíonann ceanglais shonracha. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5), lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429, leagtar síos, inter alia, na rialacha sonracha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit agus vacsaíniú cosantach éigeandála á úsáid acu i mbó-ainmhithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú. Leagtar síos leis an Rialachán Tarmligthe sin freisin na coinníollacha faoinar féidir gluaiseachtaí ainmhithe vacsaínithe agus a dtáirgí a cheadú. In Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin, leagtar síos coinníollacha sonracha maidir le vacsaíniú cosantach éigeandála in aghaidh ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(5)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 ón gCoimisiún (6) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Spáinn. Go háirithe, ceanglaítear le hAirteagal 1, pointe (a), den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin crios srianta a bhunú, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sa Bhallstát sin, criosanna nach mór a chuimsiú ann ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 1, pointe (b), den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin maidir le criosanna vacsaínithe I agus II a bhunú sa Spáinn, i gcomhréir le Cuid I d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann. Foráiltear leis freisin nach mór a chuimsiú sna criosanna vacsaínithe sin ar a laghad na limistéir a liostaítear amhlaidh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 1, pointe (c), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, agus i gcriosanna vacsaínithe I agus II, go mbeidh feidhm ag na bearta sin ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(6)

Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/552 ón gCoimisiún (7), deimhníodh dhá ráig bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gcúige Huesca, i gComhphobal Féinrialaitheach Aragón, an 2 agus an 3 Márta 2026. Tar éis na ráigeanna sin, chuir an Spáinn plean vacsaínithe nuashonraithe isteach an 30 Márta 2026. Déantar foráil sa phlean sin maidir le crios vacsaínithe I a mhéadú chun cúige Huesca ina iomláine, bardais áirithe i gcúige Zaragoza, agus na codanna eile de chúige Lleida agus de Chomhphobal Uathrialach Navarra nach gcumhdaítear leis an gcrios sin go fóill a chur san áireamh. Ina theannta sin, rinneadh oiriúnú teicniúil ar an tuairisc ar chrios vacsaínithe I freisin ar mhaithe le soiléireacht.

(7)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ag teacht chun cinn sa Spáinn a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus dul chun cinn an fheachtais vacsaínithe, ba cheart na criosanna vacsaínithe I agus II a leagtar amach i gCodanna B agus A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 a leasú dá réir.

(8)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair sa Spáinn, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 leis an gCinneadh seo a luaithe is féidir chun leathadh breise an ghalair laistigh den Spáinn, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha a chosc, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó aon bhacainn gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248.

Airteagal 2

Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2076 (IO L, 2025/2248, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2248/oj).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/552 ón gCoimisiún an 6 Márta 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2248 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Spáinn (IO L 2026/552, 11.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/552/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

Crios vacsaínithe II

Na limistéir seo a leanas go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361:

Limistéar riaracháin

Crios vacsaínithe II

Communities of Catalunya and Aragon

The whole region of Alt Empordà

The following municipalities from the region of Alt Urgell:

Cava

Josa i Tuixén

Pont de Bar (El)

The following municipalities from the region of Baix Empordà:

Albons

Begur

Bellcaire d'Empordà

Bisbal d'Empordà (La)

Calonge i Sant Antoni

Castell-Platja d'Aro

Colomers

Corçà

Cruïlles,

Monells i Sant Sadurní de l'Heura

Foixà

Fontanilles

Forallac

Garrigoles

Gualta

Jafre

Mont-ras

Palafrugell

Palamós

Palau-sator

Pals

Parlavà

Pera (La)

Regencós

Rupià

Sant Feliu de Guíxols

Santa Cristina d'Aro

Serra de Daró

Tallada d'Empordà (La)

Torrent

Torroella de Montgrí

Ullà

Ullastret

Ultramort

Vall-llobrega

Verges

Vilopriu

The following municipalities from the region of Berguedà:

Bagà

Berga

Borredà

Castell de l'Areny

Castellar de n'Hug

Cercs

Fígols

Gisclareny

Gósol

Guardiola de Berguedà

Nou de Berguedà (La)

Olvan

Pobla de Lillet (La)

Quar (La)

Sagàs

Saldes

Sant Jaume de Frontanyà

Sant Julià de Cerdanyola

Santa Maria de Merlès

Vallcebre

Vilada

The following municipalities from the region of Cerdanya:

Alp

Bellver de Cerdanya

Bolvir

Das

Fontanals de Cerdanya

Ger

Guils de Cerdanya

Isòvol

Lles de Cerdanya

Llívia

Meranges

Montellà i Martinet

Prats i Sansor

Prullans

Puigcerdà

Riu de Cerdanya

Urús

The whole region of Garrotxa

The following municipalities from the region of Gironès:

Aiguaviva

Bescanó

Bordils

Campllong

Canet d'Adri

Cassà de la Selva

Celrà

Cervià de Ter

Flaçà

Fornells de la Selva

Girona

Juià

Llagostera

Llambilles

Madremanya

Quart

Salt

Sant Andreu Salou

Sant Gregori

Sant Joan de Mollet

Sant Jordi Desvalls

Sant Julià de Ramis

Sant Martí de Llémena

Sant Martí Vell

Sarrià de Ter

Vilablareix

Viladasens

The following municipalities from the region of Lluçanès:

Alpens

Lluçà

Olost

Perafita

Sobremunt

The following municipalities from the region of Maresme:

Arenys de Mar

Arenys de Munt

Argentona

Caldes d'Estrac

Calella

Canet de Mar

Dosrius

Malgrat de Mar

Mataró

Palafolls

Pineda de Mar

Sant Andreu de Llavaneres

Sant Cebrià de Vallalta

Sant Iscle de Vallalta

Sant Pol de Mar

Sant Vicenç de Montalt

Santa Susanna

Tordera

The following municipalities from the region of Osona:

Calldetenes

Brull (El)

Espinelves

Folgueroles

Gurb

Esquirol (l’)

Masies de Rosa (Les)

Masies de Voltregà (Les)

Malla

Manlleu

Montesquiu

Orís

Roda de Ter

Rupit i Pruit

Sant Agustí de Lluçanès

Sant Boi de Lluçanès

Sant Hipòlit de Voltregà

Sant Julià de Vilatorta

Sant Martí d’Albars

Sant Pere de Torelló

Sant Quirze de Besora

Sant Sadurní d’Osormort

Sant Vicenç de Torelló

Santa Cecília de Voltregà

Santa Eugènia de Berga

Santa Maria de Besora

Santa Maria de Corcó

Seva

Sora

Taradell

Tavèrnoles

Tavertet

Tona

Torelló

Vic

Vidrà

Viladrau

Vilanova de Sau

The whole region of Pla de l’Estany

The following municipalities from the region of Ripollès:

Campdevànol

Campelles

Camprodon

Gombrèn

Lloses (Les)

Llanars

Molló

Ogassa

Pardines

Planoles

Queralbs

Ribes de Freser

Ripoll

Sant Joan de les Abadesses

Sant Pau de Segúries

Setcases

Toses

Vallfogona del Ripollès

Vilallonga de Ter

The following municipalities from the region of Selva (La):

Amer

Anglès

Arbúcies

Blanes

Breda

Brunyola i Sant Martí Sapresa

Caldes de Malavella

Cellera de Ter (La)

Fogars de la Selva

Hostalric

Lloret de Mar

Maçanet de la Selva

Massanes

Osor

Riells i Viabrea

Riudarenes

Riudellots de la Selva

Sant Feliu de Buixalleu

Sant hilari Sacalm

Sant Julià del Llor i Bonmatí

Santa Coloma de Farners

Sils

Susqueda

Tossa de Mar

Vidreres

Vilobí d'Onyar

The following municipalities from the region of Vallès Oriental:

Aiguafreda

Campins

Cànoves i Samalús

Cardedeu

Figaró-Montmany

Fogars de Montclús

Franqueses del Vallès (Les)

Garriga (La)

Gualba

Llinars del Vallès

Montseny

Roca del Vallès (La)

Sant Antoni de Vilamajor

Sant Celoni

Sant Esteve de Palautordera

Sant Pere de Vilamajor

Santa Maria de Palautordera

Tagamanent

Vallgorguina

Vilalba Sasserra

The following municipalities from the region of Ayerbe:

Loarre

Peñas de Riglos (Las)

Sotonera (La)

The following municipalities from the region of Barbastro:

Abiego

Adahuesca

Alquézar

Azara

Azlor

Barbastro

Barbuñales

Bierge

Castillazuelo

Colungo

Grado (El)

Hoz y Costean

Lascellas-Ponzano

Naval

Peraltilla

Pozán de Vero

Salas Altas

Salas Bajas

Santa María de Dulcis

The whole region of Boltaña

The following municipalities from the region of Castejón de Sos:

Bisaurri

Castejón de Sos

Chía

Sahún

Seira

Sesué

Villanova

The following municipalities from the region of Graus:

Campo

Foradada del Toscar

Graus

Isábena

Perarrúa

Puebla de Castro (La)

Santaliestra y San Quílez

Secastilla

Valle de Bardají

Valle de Lierp

The following municipalities from the region of Huesca:

Albero Alto

Alcalá del Obispo

Alerre

Angüés

Antillón

Argavieso

Arguis

Banastás

Blecua y Torres

Casbas de Huesca

Chimillas

Huesca

Ibieca

Igriés

Loporzano

Monflorite-Lascasas

Nueno

Quicena

Siétamo

Tierz

The following municipalities from the region of Jaca:

Aisa

Borau

Canfranc

Castiello de Jaca

Jaca

Jasa

Santa Cilia

Santa Cruz de la Serós

Villanúa

The whole region of Sabiñánigo

Crios vacsaínithe I

Na limistéir seo a leanas go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361:

Limistéar riaracháin

Crios vacsaínithe I

Communities of Catalonia, Aragon, Navarra and Basque Country

The entire territory of the regions of Pla d’Urgell, La Noguera, Segarra, Anoia, Alt Penedès, Garraf, Baix Llobregat, Barcelonès, Vallès Occidental, Bages, Moianès, Solsonès, Pallars Jussà, Pallars Sobirà, Alta Ribagorça, Vall d’Aran, the parts of Alt Urgell, Baix Empordá, Cerdanya, Berguedà, Girona, Osona, Vallès Oriental and Maresme not included in Zone II, all in the Autonomous Community of Catalonia

The following municipalities from the region of Garrigues (Autonomous Community of Catalonia)

Albagés (L')

Albi (L')

Arbeca

Bovera

Borges

Blanques (Les)

Castelldans

Cervià de les Garrigues

Cogul (El)

Espluga Calba (L')

Floresta (La)

Fulleda

Granadella (La)

Granyena de les Garrigues

Juncosa

Juneda

Omellons (Els)

Pobla de Cérvoles (La)

Bellaguarda

Puiggròs

Soleràs (El)

Tarrés

Torms (Els)

Vilosell (El)

Vinaixa

The following municipalities from the region of Segrià (Autonomous Community of Catalonia)

Aitona

Albatàrrec

Alcanó

Alcarràs

Alfés

Almatret

Artesa de Lleida

Aspa

Alamús,

Alcoletge,

Alfarràs,

Alguaire,

Almenar,

Almacelles,

Alpicat,

Benavent de Segrià,

Corbins,

Gimenells i el Pla de la Font

Granja d'Escarp (La)

Llardecans

Lleida,

Maials

Massalcoreig

Montoliu de Lleida,

Portella,

Puigverd de Lleida

Rosselló,

Sarroca de Lleida

Seròs

Soses

Sudanell

Sunyer,

Torrefarrera,

Torre-serona,

Torrebesses

Torres de Segre

Vilanova de la Barca

Vilanova de Segrià

The following municipalities from the region o Urgell (Autonomous Community of Catalonia)

Anglesola

Belianes

Bellpuig

Castellserà

Ciutadilla

Fuliola (La)

Guimerà

Maldà

Nalec

Omells de na Gaia (Els)

Ossó de Sió

Preixana

Puigverd d'Agramunt

Sant Martí de Riucorb

Tàrrega, Tornabous

Vallbona de les Monges

Verdú

Vilagrassa

The following municipalities in the region of Ayerbe (Autonomous Community of Aragon):

Agüero

Ayerbe

Biscarrués

Loscorrales

Lupiñén-Ortilla

Murillo de Gállego

Santa Eulalia de Gállego

The following municipalities in the region of Barbastro (Autonomous Community of Aragon):

Berbegal

Castejón del Puente

Estada

Estadilla

Ilche

Laluenga

Laperdiguera

Olvena

Peralta de Alcofea

Torres de Alcanadre

The following municipalities in the region of Bujaraloz (Autonomous Community of Aragon):

Castejón de Monegros

Peñalba

Valfarta

The following municipalities in the region of Ejea de los Caballeros (Autonomous Community of Aragon):

Ardisa

Asín

Biel

Biota

Castiliscar

Ejea de los Caballeros

Erla

Frago (El)

Layana

Luesia

Luna

Marracos

Orés

Pedrosas (Las)

Piedratajada

Puendeluna

Sádaba

Sierra de Luna

Uncastillo

Valpalmas

The following municipalities in the region of Fraga (Autonomous Community of Aragon):

Ballobar

Belver de Cinca

Candasnos

Chalamera

Fraga

Ontiñena

Osso de Cinca

Torrente de Cinca

Velilla de Cinca

Zaidín

The following municipalities in the region of Grañén (Autonomous Community of Aragon):

Barbués

Grañén

Poleñino

Robres

Sangarrén

Senés de Alcubierre

Tardienta

Torralba de Aragón

Torres de Barbués

The following municipalities in the region of Huesca (Autonomous Community of Aragon):

Alcalá de Gurrea

Almudévar

Gurrea de Gállego

Novales

Pertusa

Piracés

Salillas, Sesa

Tramaced

Vicién

The following municipalities in the region of Jaca (Autonomous Community of Aragon):

Ansó

Aragüés del Puerto

Artieda, Bailo

Canal de Berdún

Fago

Mianos

Puente la Reina de Jaca

Salvatierra de Esca

Sigüés

Valle de Hecho

The whole region of Monzón (Autonomous Community of Aragon)

The following municipalities in the region of Sariñena (Autonomous Community of Aragon):

Albalatillo

Alcubierre

Capdesaso

Castelflorite

Huerto

Lalueza

Lanaja

Sariñena

Sena

Villanueva de Sigena

The whole region of Sos del Rey Católico (Autonomous Community of Aragon)

The following municipalities in the region of Tauste (Autonomous Community of Aragon):

Castejón de Valdejasa

Tauste

The following municipalities in the region of Tamarite de Litera (Autonomous Community of Aragon):

Albelda,

Alcampell,

Altorricón,

Baélls,

Baldellou,

Camporrélls,

Castillonroy,

Tamarite de Litera

The following municipalities in the region of Graus (Autonomous Community of Aragon):

Arén,

Benabarre,

Capella,

Castigaleu,

Estopiñán del Castillo,

Lascuarre,

Monesma y Cajigar,

Puente de Montañana

Sopeira,

Tolva,

Torre la Ribera,

Veracruz

Viacamp y Litera

The following municipalities in the region of Castejón de Sos (Autonomous Community of Aragon):

Benasque,

Bonansa,

Laspaúles,

Montanuy,

The whole Autonomous Community of Navarra

The whole region of Guipuzcoa (Autonomous Community of Basque Country)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/852/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)