European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/848

16.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/848 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile idir na Ballstáit agus maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 146(2), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (3) bunaítear leaganacha caighdeánacha, i bhfoirm deimhnithe sláinte ainmhithe, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha agus dearbhuithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún idir na Ballstáit, i measc nithe eile. Cuimsítear leis na coinsíneachtaí sin coinsíneachtaí madraí, cat, firéad agus feoiliteoirí eile a thagann faoi raon feidhme Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/688 (4) agus (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (5) faoi seach, a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí coinsíneachtaí madraí, cat, firéad agus feoiliteoirí eile laistigh den Aontas agus le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach.

(2)

I gCaibidlí 61 (deimhniú caighdeánach ‘CANIS-FELIS-FERRETS-INTRA’) agus 63 (deimhniú caighdeánach ‘OTHCARN-INTRA’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile idir na Ballstáit. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/133 ón gCoimisiún (6), leasaíodh Airteagail 53, 55, 58 agus 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí madraí, cat agus firéad, agus feoiliteoirí eile laistigh den Aontas. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sna deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha a leagtar amach i gCaibidlí 61 agus 63 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403.

(3)

Le Caibidil 38 (deimhniú caighdeánach ‘CANIS-FELIS-FERRETS’) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, leagtar amach deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/135 ón gCoimisiún (7), leasaíodh Airteagail 74 agus 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sna deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 38 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403.

(4)

Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht rialacha an Aontais, na deimhnithe caighdeánacha a leagtar amach i gCaibidlí 61 agus 63 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 agus an deimhniú caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 38 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart na deimhnithe sin, lena gcuimsítear tagairtí, nótaí agus eilimintí struchtúracha, a thabhairt cothrom le dáta, agus ba cheart na deimhnithe caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú dá réir.

(6)

Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad mar gheall ar na leasuithe arna ndéanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, úsáid deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, mar ab infheidhme roimh na leasuithe arna ndéanamh leis an Rialachán seo, ba cheart leanúint den úsáid sin a údarú ar feadh idirthréimhse faoi réir coinníollacha áirithe.

(7)

Toisc go mbeidh feidhm ag Rialacháin Tarmligthe (AE) 2026/133 agus (AE) 2026/135 [C(2026)24 mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón dáta sin freisin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ar feadh idirthréimhse go dtí an 17 Eanáir 2027, úsáid deimhnithe sláinte ainmhithe, arna n-eisiúint i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 38 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, mar ab infheidhme roimh na leasuithe arna ndéanamh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leis an Rialachán seo, leanfaidh siad d’údarú a bheith acu maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas ar choinníoll gur eisíodh na deimhnithe sin tráth nach déanaí ná an 17 Deireadh Fómhair 2026.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 22 Aibreán 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/403/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/688/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/133 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L, 2026/133, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/133/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/135 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L, 2026/135, 13.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/135/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 61:

‘CAIBIDIL 61

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH AGUS DEARBHÚ CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE GLUAISEACHT MADRAÍ, CAT AGUS FIRÉAD IDIR NA BALLSTÁIT (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH ‘CANIS-FELIS-FERRETS-INTRA’)

Cuid I:   Tuairisc ar an gcoinsíneacht

AN tAONTAS EORPACH

INTRA


I.1

Coinsíneoir

 

I.2

Tagairt CBFRO

CÓD QR

 

Ainm

 

I.2a

Tagairt áitiúil

 

Seoladh

 

I.3

Údarás Inniúil Lárnach

 

Tír

Cód tíre ISO

I.4

Údarás Inniúil Áitiúil

I.5

Coinsíní

 

I.6

Oibreoir a dhéanann oibríochtaí tionóil neamhspleách ar bhunaíocht

 

Ainm

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.7

An tír thionscnaimh

Cód tíre ISO

I.9

An tír cinn scríbe

Cód tíre ISO

I.8

An réigiún tionscnaimh

Cód

I.10

An réigiún cinn scríbe

Cód

I.11

Áit seolta

 

I.12

Ceann scríbe

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.13

Áit luchtaithe

I.14

Dáta agus am imeachta


I.15

Modh iompair

 

I.16

Iompróir

 

Soitheach

Aerárthach

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Údaraithe

 

Seoladh

 

 

Iarnród

Feithicil bhóthair

 

Tír

Cód tíre ISO

I.17

Doiciméid tionlacain

 

Aitheantas

Eile

 

Cineál

Cód

 

Doiciméad

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tagairt doiciméid tráchtála

 


I.18

Dálaí iompair

Comhthimpeallach

Fuaraithe

Reoite


I.19

Uimhir an choimeádáin/Uimhir an tséala

 

Uimhir an choimeádáin

Uimhir an tséala


I.20

Deimhnithe mar nó le haghaidh

Le coimeád thairis sin

Marú seamlais

Bunaíocht theoranta

Táirgí geirmeacha

Eachainmhí cláraithe

Sorcas taistil/seó ainmhí

Taispeántas

Teagmhas nó gníomhaíocht gar do theorainneacha

Scaoileadh amach san fhiadhúlra

Lárionad seolta

Limistéar an athsheachadta/lárionad íonúcháin

Bunaíocht dobharshaothraithe ornáideach

Tuilleadh próiseála

Leasacháin agus feabhsaitheoirí ithreach orgánacha

Slándáil theicniúil

Coraintín nó bunaíocht chomhchosúil

Táirgí lena gcaitheamh ag an duine

Pailniú

Ainmhithe uisceacha beo lena gcaitheamh ag an duine

Eile


I.21

☐ Le hiompar trí thríú tír

 

Tríú tír

Cód tíre ISO

 

Pointe scoir

Cód an phoist rialaithe teorann

 

Pointe iontrála

Cód an phoist rialaithe teorann


I.22

☐ Le hiompar trí Bhallstát/Bhallstáit

I.23

☐ Le honnmhairiú

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

Tríú tír

Cód tíre ISO

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

Pointe scoir

Cód an phoist rialaithe teorann

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

 

 


I.24

Tréimhse mheasta an turais

I.25

Loga an turais ar fáil

☐ tá

☐ níl

I.26

Líon iomlán pacáistí

I.27

Cainníocht iomlán

I.28

Glanmheáchan/ollmheáchan (kg) iomlán

I.29

Spás iomlán atá á mheas don choinsíneacht


I.30

Tuairisc ar an gcoinsíneacht

Cód AC

Speicis

Fospeiceas/Catagóir

Inscne

Córas aitheantais

Uimhir aitheantais

Aois

Cainníocht

 

 

 

 

 

 

 

Cineál

An réigiún tionscnaimh

 

Fuar-stóras

 

Marc aitheantais

Cineál pacáistíochta

 

Glanmheáchan

 

 

 

 

 

 

 

 

Seamlas

 

Cineál cóireála

 

Cineál an tráchtearra

An líon pacáistí

 

Baiscuimhir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An dáta bailithe/táirgthe

 

Monarcha mhonaraíochta

Uimhir formheasa nó cláruimhir na monarchan/na bunaíochta/an lárionaid

Triail

 

Cuid II:   Deimhniú

AN tAONTAS EORPACH

Deimhniú caighdeánach CANIS-FELIS-FERRETS-INTRA

 

II. Faisnéis sláinte

II.a.

Tagairt an deimhnithe

II.b.

Tagairt CBFRO

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas:

II.1.

Na madraí, na cait agus na firéid (1) sa choinsíneacht ar a dtugtar tuairisc i gCuid I, comhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

II.1.1.

Déantar iad a shainaithint go haonarach:

(2) cibé acu

[le trasfhreagróir in-insteallta arna ionphlandú i gcomhréir le hAirteagail 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 70a den Rialachán Tarmligthe sin;]

(2) agus/nó

[le tatú atá inléite go soiléir agus a cuireadh orthu roimh an 3 Iúil 2011.]

II.1.2.

Tá doiciméad aitheantais, dá bhforáiltear in Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, ag gabháil le gach ainmhí ar leith ina ndéantar comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 53, pointí (c) agus (d) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún a dhoiciméadú agus a dheimhniú.

II.1.3.

Rinneadh scrúdú cliniciúil nó iniúchadh cliniciúil orthu an … (cuir isteach an dáta ll/mm/bbbb) laistigh den tréimhse 48 uair an chloig dheireanacha roimh an am imeachta agus níor léirigh siad siomptóim ná comharthaí cliniciúla galar.

(2)

[II.1.4.

Tagann siad ó bhunaíochtaí cláraithe nó formheasta, nó ó chrios nach bhfuil faoi réir srianta a bhaineann leis na speicis atá le haistriú mar gheall ar ghalair a liostaítear le haghaidh na speiceas sin nó galair atá faoi réir bearta éigeandála agus atá ábhartha maidir leis na speicis sin, agus ní raibh siad i dteagmháil le hainmhithe ar coimeád de speiceas liostaithe ag a bhfuil stádas sláinte níos ísle ar feadh tréimhse leordhóthanach.]

(2)

[II.1.4.

Tagann siad ó bhunaíochtaí cláraithe nó formheasta, nó ó chrios atá faoi réir srianta a bhaineann leis na speicis ainmhithe atá le haistriú, agus a bunaíodh le haghaidh … (4), ach deonaíodh maoluithe ar shrianta gluaiseachta, agus:

(2)

[comhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in … (5);]]

(2)

[agus go háirithe, tá siad … (6).]]

(2) (3) [II.1.5.

Tagann siad ó bhunaíochtaí cláraithe nó formheasta nár tuairiscíodh, de réir faisnéis oifigiúil, go raibh ionfhabhtú le víreas an chonfaidh in ainmhithe talún ar coimeád iontu le linn na 30 lá dheireanacha roimh dháta imeachta na coinsíneachta agus nach raibh, de réir mar is fearr is eol dom agus mar a dhearbhaigh an t-oibreoir, aon mhortlaíocht neamhghnách lena bhfuil cúis neamhchinntithe iontu.]

II.2.

Na hainmhithe ar a dtugtar tuairisc i gCuid I, comhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(2)

[II.2.1.

Bhí na hainmhithe 12 sheachtain d’aois ar a laghad tráth an vacsaínithe in aghaidh an chonfaidh agus tá 21 lá ar a laghad caite ón dáta a cuireadh an príomhvacsaíniú frithchonfaidh i gcrích arna dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, agus rinneadh aon athvacsaíniú dá éis sin laistigh den tréimhse bhailíochta a bhain leis an vacsaíniú roimhe sin.]

(2)

[II.2.1.

Tá sé beartaithe na hainmhithe a iompar, i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, go díreach chuig an mbunaíocht theoranta a shonraítear i mbosca I.12.]

(2)

[II.2.1.

Tá na hainmhithe níos óige ná 12 sheachtain d’aois agus níl vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu, nó tá siad idir 12 sheachtain d’aois agus 16 seachtaine d’aois agus tá cúrsa iomlán príomhúil de vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu i gcomhréir leis na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, níos lú ná 21 lá roimh dháta imeachta na coinsíneachta, agus chuir an Ballstát cinn scríbe an pobal ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, go n-údaraíonn sé gluaiseacht na n-ainmhithe sin isteach ina chríoch; agus:

(2)

[tá dearbhú ón oibreoir nó ón gcoimeádaí peata ag gabháil leo (7), i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe seo, ina luaitear gurb amhlaidh, ó rugadh iad go dtí an tráth imeachta, nach raibh aon teagmháil ag na hainmhithe le hainmhithe talún ar coimeád atá faoi bhrat amhrais ionfhabhtaithe le víreas an chonfaidh ná le hainmhithe fiáine de speicis liostaithe le haghaidh ionfhabhtú le víreas an chonfaidh.]]

(2)

[is í a máthair an baineannach ar a bhfuil siad ag brath fós, agus de réir dhoiciméad sainaitheantais aonair an bhaineannaigh sin, d’fhéadaí a shuí go bhfuair sí, roimh a mbreith, vacsaíniú frithchonfaidh lenar comhlíonadh na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.]]

(2)

[II.2.2.

Maidir leis na madraí, de thoradh a gcinn scríbe bheartaithe (8) a shonraítear i mbosca I.9, nó i mbosca I.10 i gcás ina bhfuil an réigiúnú i bhfeidhm:

(2)

[cuireadh cóireáil orthu in aghaidh Echinococcus multilocularis i gcomhréir le Cuid 2, pointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.]]

(2) nó

[níor cuireadh cóireáil orthu in aghaidh (9) Echinococcus multilocularis.]]

(2)

[II.2.2.

Tá sé beartaithe na hainmhithe a iompar, i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, go díreach chuig an mbunaíocht theoranta a shonraítear i mbosca I.12.]

(3) [II.3.

Déantar socruithe chun an choinsíneacht a iompar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.]

II.4.

Tá an deimhniú sláinte ainmhithe seo bailí ar feadh 10 lá tar éis dháta a eisiúna. I gcás ina n-iompraítear ainmhithe ar uiscebhealach/ar muir, féadfar síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an deimhnithe ar feadh an turais ar uiscebhealach/ar muir.

(3)

Fianú leasa ainmhithe

Ag tráth an iniúchta, na hainmhithe a chumhdaítear leis an deimhniú sláinte seo, bhí siad oiriúnach lena n-iompar i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle ar an turas a bhí beartaithe dóibh a bhí le tosú an … (cuir isteach an dáta).

Nótaí:

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú sláinte ainmhithe seo.

Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe seo a líonadh isteach i gcomhréir leis na nótaí a bhaineann le deimhnithe a líonadh isteach dá bhforáiltear i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún.

Cuid I:

Tagairt bhosca I.11

:

‘Áit seolta’: Sonraigh bunaíocht chláraithe seolta, dídean formheasta madraí, cat agus firéad, bunaíocht atá formheasta le haghaidh oibríochtaí tionóil nó teaghlach (i gcás gluaiseachtaí madraí, cat nó firéad seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 55, agus i gcás inarb infheidhme Airteagal 56, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688).

Tagairt bhosca I.12

:

‘Ceann scríbe’: Sonraigh bunaíocht chláraithe chinn scríbe, dídean formheasta madraí, cat agus firéad, bunaíocht atá formheasta le haghaidh oibríochtaí tionóil, teaghlach (i gcás gluaiseachtaí madraí, cat nó firéad seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 55, agus i gcás inarb infheidhme Airteagal 56, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688) nó bunaíocht theoranta.

Tagairt bhosca I.30

:

‘Uimhir aitheantais’: Sonraigh an cód alfa-uimhriúil de chuid gach ainmhí den choinsíneacht.

Cuid II:

(1)

Féadfaidh ainmhí amháin nó níos mó a bheith sa choinsíneacht.

(2)

Scrios murab infheidhme.

(3)

Níl feidhm aige i gcás gluaiseachtaí madraí, cat nó firéad seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 55, agus i gcás inarb infheidhme Airteagal 56, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(4)

Cuir isteach ainm an ghalair ábhartha (ainmneacha na ngalar ábhartha).

(5)

Cuir isteach an tagairt shonrach d’airteagal/airteagail, teideal agus uimhir an ghnímh/na ngníomhartha dlí ábhartha a ghlac an Coimisiún lena ndéantar foráil do na ceanglais sin.

(6)

Cuir isteach an fianú sonrach/na fianuithe sonracha dá ndéantar foráil sa ghníomh dlí/sna gníomhartha dlí ábhartha a ghlac an Coimisiún agus a cheanglaítear leis an ngníomh/na gníomhartha sin, dá dtagraítear in Airteagal 126(1), pointí (b)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(7)

An dearbhú dá dtagraítear i bpointe II.2.1. atá le ceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe, leagtar síos i gCaibidil 61 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún é (tar éis an deimhnithe sláinte ainmhithe chaighdeánaigh).

(8)

Ballstáit nó criosanna díobh a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún.

(9)

Maidir le cóireálacha in aghaidh Echinococcus multilocularis, má thugtar iad tar éis an dáta a síníodh an deimhniú sláinte ainmhithe seo, ní mór iad a chríochnú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le hAirteagal 53, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

Tréidlia oifigiúil

Ainm (i gceannlitreacha)

 

Cáilíocht agus teideal

 

Ainm an Aonaid Rialaithe Áitiúil

 

Cód an Aonaid Rialaithe Áitiúil

 

Dáta

 

 

 

Stampa

 

Síniú

 

Dearbhú caighdeánach dá dtagraítear sa deimhniú, agus atá le ceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe, de bhun Airteagal 54(1), pointe (b)(i), nó Airteagal 56, pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688

Déanaimse, a bhfuil m’ainm anseo thíos,

 (1)

[oibreoir nó coimeádaí peataí a dhéanann gluaiseachtaí madraí, cat nó firéad seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688]

a dhearbhú gurb amhlaidh, ó rugadh iad go dtí tráth imeachta na coinsíneachta, nach raibh aon teagmháil ag na hainmhithe le hainmhithe talún ar coimeád atá faoi bhrat amhrais ionfhabhtaithe le víreas an chonfaidh ná le hainmhithe fiáine de speicis liostaithe le haghaidh ionfhabhtú le víreas an chonfaidh.

Trasfhreagróir/tatú (2)

Uimhir an phas/an deimhnithe sláinte ainmhithe (2)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(2)  Scrios murab infheidhme

(1)  Le líonadh isteach i mbloclitreacha.’"

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 63:

‘CAIBIDIL 63

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE GLUAISEACHT FEOILITEOIRÍ EILE IDIR NA BALLSTÁIT (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH ‘OTHCARN-INTRA’)

Cuid I:   Tuairisc ar an gcoinsíneacht

AN tAONTAS EORPACH

INTRA


I.1

Coinsíneoir

 

I.2

Tagairt CBFRO

CÓD QR

 

Ainm

 

I.2a

Tagairt áitiúil

 

Seoladh

 

I.3

Údarás Inniúil Lárnach

 

Tír

Cód tíre ISO

I.4

Údarás Inniúil Áitiúil

I.5

Coinsíní

 

I.6

Oibreoir a dhéanann oibríochtaí tionóil neamhspleách ar bhunaíocht

 

Ainm

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.7

An tír thionscnaimh

Cód tíre ISO

I.9

An tír cinn scríbe

Cód tíre ISO

I.8

An réigiún tionscnaimh

Cód

I.10

An réigiún cinn scríbe

Cód

I.11

Áit seolta

 

I.12

Ceann scríbe

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.13

Áit luchtaithe

I.14

Dáta agus am imeachta


I.15

Modh iompair

 

I.16

Iompróir

 

Soitheach

Aerárthach

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Údaraithe

 

Seoladh

 

 

Iarnród

Feithicil bhóthair

 

Tír

Cód tíre ISO

I.17

Doiciméid tionlacain

 

Aitheantas

Eile

 

Cineál

Cód

 

Doiciméad

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tagairt doiciméid tráchtála

 


I.18

Dálaí iompair

Comhthimpeallach

Fuaraithe

Reoite


I.19

Uimhir an choimeádáin/Uimhir an tséala

 

Uimhir an choimeádáin

Uimhir an tséala


I.20

Deimhnithe mar nó le haghaidh

Le coimeád thairis sin

Marú seamlais

Bunaíocht theoranta

Táirgí geirmeacha

Eachainmhí cláraithe

Sorcas taistil/seó ainmhí

Taispeántas

Teagmhas nó gníomhaíocht gar do theorainneacha

Scaoileadh amach san fhiadhúlra

Lárionad seolta

Limistéar an athsheachadta/lárionad íonúcháin

Bunaíocht dobharshaothraithe ornáideach

Tuilleadh próiseála

Leasacháin agus feabhsaitheoirí ithreach orgánacha

Slándáil theicniúil

Coraintín nó bunaíocht chomhchosúil

Táirgí lena gcaitheamh ag an duine

Pailniú

Ainmhithe uisceacha beo lena gcaitheamh ag an duine

Eile


I.21

☐ Le hiompar trí thríú tír

 

Tríú tír

Cód tíre ISO

 

Pointe scoir

Cód an phoist rialaithe teorann

 

Pointe iontrála

Cód an phoist rialaithe teorann


I.22

☐ Le hiompar trí Bhallstát/Bhallstáit

I.23

☐ Le honnmhairiú

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

Tríú tír

Cód tíre ISO

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

Pointe scoir

Cód an phoist rialaithe teorann

 

Ballstát

Cód tíre ISO

 

 

 


I.24

Tréimhse mheasta an turais

I.25

Loga an turais ar fáil

☐ tá

☐ níl

I.26

Líon iomlán pacáistí

I.27

Cainníocht iomlán

I.28

Glanmheáchan/ollmheáchan (kg) iomlán

I.29

Spás iomlán atá á mheas don choinsíneacht


I.30

Tuairisc ar an gcoinsíneacht

Cód AC

Speicis

Fospeiceas/Catagóir

Inscne

Córas aitheantais

Uimhir aitheantais

Aois

Cainníocht

 

 

 

 

 

 

 

Cineál

An réigiún tionscnaimh

 

Fuar-stóras

 

Marc aitheantais

Cineál pacáistíochta

 

Glanmheáchan

 

 

 

 

 

 

 

 

Seamlas

 

Cineál cóireála

 

Cineál an tráchtearra

An líon pacáistí

 

Baiscuimhir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An dáta bailithe/táirgthe

 

Monarcha mhonaraíochta

Uimhir formheasa nó cláruimhir na monarchan/na bunaíochta/an lárionaid

Triail

 

Cuid II:   Deimhniú

AN tAONTAS EORPACH

Deimhniú caighdeánach OTHCARN-INTRA

 

II. Faisnéis sláinte

II.a.

Tagairt an deimhnithe

II.b.

Tagairt CBFRO

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas:

II.1.

Na feoiliteoirí eile (1) (2) de chuid na coinsíneachta ar a dtugtar tuairisc i gCuid I, comhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

II.1.1.

Déantar iad a shainaithint:

(3) cibé acu

[go haonarach;]

(3) agus/nó

[mar ghrúpa ainmhithe den speiceas céanna arna gcoimeád le chéile le linn a n-aistrithe chuig an gceann scríbe;]

II.1.2.

Rinneadh scrúdú cliniciúil nó iniúchadh cliniciúil orthu an … (cuir isteach an dáta ll/mm/bbbb) laistigh den tréimhse 48 uair an chloig dheireanacha roimh an am imeachta agus níor léirigh siad siomptóim ná comharthaí cliniciúla galar.

II.1.3.

Tagann siad ó bhunaíocht chláraithe nó fhormheasta nár tuairiscíodh go raibh ionfhabhtú le víreas an chonfaidh in ainmhithe talún ar coimeád inti le linn na 30 lá dheireanacha roimh an dáta imeachta agus nach raibh, de réir mar is fearr is eol dom agus mar a dhearbhaigh an t-oibreoir, aon mhortlaíocht neamhghnách lena bhfuil cúis neamhchinntithe inti.

(3)

[II.1.4.

Tagann siad ó bhunaíocht cláraithe nó formheasta, nó ó chrios nach bhfuil faoi réir srianta a bhaineann leis na speicis atá le haistriú mar gheall ar ghalair a liostaítear le haghaidh na speiceas sin nó galair atá faoi réir bearta éigeandála agus atá ábhartha maidir leis na speicis sin, agus ní raibh siad i dteagmháil le hainmhithe ar coimeád de speiceas liostaithe ag a bhfuil stádas sláinte níos ísle ar feadh tréimhse leordhóthanach.]

(3)

[II.1.4.

Tagann siad ó bhunaíocht chláraithe nó fhormheasta, nó ó chrios atá faoi réir srianta a dhéanann difear do na speicis ainmhithe atá le haistriú, agus a bunaíodh le haghaidh … (4), ach deonaíodh maoluithe ar shrianta gluaiseachta, agus:

(3)

[comhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in … (5);]]

(3)

[agus go háirithe, tá siad … (6).]]

(3)

[II.1.5.

Tá cúrsa iomlán príomhúil de vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu agus tá 21 lá ar a laghad caite ón dáta a cuireadh an príomhvacsaíniú frithchonfaidh i gcrích arna dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún, agus rinneadh aon athvacsaíniú dá éis sin laistigh den tréimhse bhailíochta a bhain leis an vacsaíniú roimhe sin.]

(3)

[II.1.6.

Tá sé beartaithe iad a iompar, i gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, go díreach chuig ceann de na bunaíochtaí seo a leanas:

(3) cibé acu

[an bhunaíocht theoranta a shonraítear i mbosca I.12;]]

(3) nó

[an bhunaíocht a shonraítear i mbosca I.12 ina gcoimeádtar na hainmhithe sin mar ainmhithe fionnaidh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún.]]

(3) [II.1.7.

Maidir leis na cainidí, seachas madraí, de thoradh a gcinn scríbe sceidealaithe (7) a sonraítear i mbosca I.9, nó i mbosca I.10 i gcás ina bhfuil an réigiúnú i bhfeidhm:

(3)

[cuireadh cóireáil orthu in aghaidh Echinococcus multilocularis i gcomhréir le Cuid 2, pointe 3, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688:

Aitheantas

Cóireáil frith-Echinococcus multilocularis

Tréidlia tabhartha

Ainm agus monaróir an táirge

Dáta [ll/mm/bbbb] agus am [00:00] na cóireála

Ainm i gceannlitreacha, stampa agus síniú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.]]

(3) nó

[níor cuireadh cóireáil orthu in aghaidh(8) Echinococcus multilocularis.]]

(3) nó

[tá sé beartaithe iad a iompar, i gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, go díreach chuig:

(3) cibé acu

[an bhunaíocht theoranta a shonraítear i mbosca I.12.]]]

(3) nó

[an bhunaíocht a shonraítear i mbosca I.12 ina gcoimeádtar na hainmhithe sin mar ainmhithe fionnaidh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.]]]

II.2.

Déantar socruithe chun an choinsíneacht a iompar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

II.3.

Tá an deimhniú sláinte ainmhithe seo bailí ar feadh 10 lá tar éis dháta a eisiúna. I gcás ina n-iompraítear ainmhithe ar uiscebhealach/ar muir, féadfar síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an deimhnithe ar feadh an turais ar uiscebhealach/ar muir.

Fianú leasa ainmhithe

Ag tráth an iniúchta, na hainmhithe a chumhdaítear leis an deimhniú sláinte ainmhithe seo, bhí siad oiriúnach lena n-iompar i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle ar an turas a bhí beartaithe dóibh a bhí le tosú an … (cuir isteach an dáta).

Nótaí:

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú sláinte ainmhithe seo.

Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe seo a líonadh isteach i gcomhréir leis na nótaí a bhaineann le deimhnithe a líonadh isteach dá bhforáiltear i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún.

Cuid I:

Tagairt bhosca I.11

:

‘Áit seolta’: Sonraigh bunaíocht chláraithe nó fhormheasta seolta.

Tagairt bhosca I.12

:

‘Ceann scríbe’: Sonraigh bunaíocht chláraithe nó fhormheasta chinn scríbe.

Tagairt bhosca I.30

:

‘Uimhir aitheantais’: Sonraigh an sainaitheantas de chuid gach ainmhí sa choinsíneacht.

Cuid II:

(1)

Féadfaidh ainmhí amháin nó níos mó a bheith sa choinsíneacht.

(2)

Ciallaíonn feoiliteoirí eile ainmhithe den speiceas a bhaineann leis an ord Carnivora seachas madraí, cait agus firéid mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (32), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(3)

Scrios murab infheidhme.

(4)

Cuir isteach ainm an ghalair (na ngalar).

(5)

Cuir isteach an tagairt shonrach d’airteagal/airteagail, teideal agus uimhir an ghnímh/na ngníomhartha dlí ábhartha a ghlac an Coimisiún lena ndéantar foráil do na ceanglais sin.

(6)

Cuir isteach an fianú sonrach/na fianuithe sonracha dá ndéantar foráil sa ghníomh dlí/sna gníomhartha dlí ábhartha a ghlac an Coimisiún agus a cheanglaítear leis an ngníomh/na gníomhartha sin, dá dtagraítear in Airteagal 126(1), pointí (b)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(7)

Ballstáit nó criosanna díobh a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún.

(8)

Úsáidfear an tábla dá dtagraítear i bpointe II.1.7. chun mionsonraí na cóireála in aghaidh Echinococcus multilocularis, a dhoiciméadú i gcomhréir le Cuid 2, pointe 3, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, má thugtar tar éis an dáta a síníodh an deimhniú í agus roimh an teacht isteach sceidealaithe sna Ballstáit nó i gcriosanna díobh a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

Tréidlia oifigiúil

Ainm (i gceannlitreacha)

 

Cáilíocht agus teideal

 

Ainm an Aonaid Rialaithe Áitiúil

 

Cód an Aonaid Rialaithe Áitiúil

 

Dáta

 

 

 

Stampa

 

Síniú’

 


(1)  Le líonadh isteach i mbloclitreacha.’


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 38:

‘CAIBIDIL 38

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS MADRAÍ, CAT AGUS FIRÉAD (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH ‘CANIS-FELIS-FERRETS’)

Cuid I:   Tuairisc ar an gcoinsíneacht

TÍR

Deimhniú sláinte ainmhithe don Aontas Eorpach


I.1

Coinsíneoir/Onnmhaireoir

 

I.2

Tagairt an deimhnithe

I.2a

Tagairt CBFRO

 

Ainm

 

CÓD QR

 

Seoladh

 

I.3

Údarás Inniúil Lárnach

 

Tír

Cód tíre ISO

I.4

Údarás Inniúil Áitiúil

 

I.5

Coinsíní/Allmhaireoir

 

I.6

An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht

 

Ainm

 

 

Ainm

 

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.7

An tír thionscnaimh

Cód tíre ISO

I.9

An tír cinn scríbe

Cód tíre ISO

I.8

An réigiún tionscnaimh

Cód

I.10

An réigiún cinn scríbe

Cód

I.11

Áit seolta

 

I.12

Ceann scríbe

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.13

Áit luchtaithe

I.14

Dáta agus am imeachta


I.15

Modh iompair

 

I.16

Post Rialaithe Teorann Iontrála

 

☐ Aerárthach

☐ Soitheach

I.17

Doiciméid tionlacain

 

☐ Iarnród

☐ Feithicil bhóthair

 

Cineál

Cód

 

Aitheantas

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tagairt doiciméid tráchtála

 


I.18

 

 

 

 


I.19

Uimhir an choimeádáin/Uimhir an tséala

 

Uimhir an choimeádáin

Uimhir an tséala


I.20

Deimhnithe mar nó le haghaidh

 

Le coimeád thairis sin

 

 

 

 

 

Bunaíocht theoranta

 

 

 

 

Bunaíocht choraintín

 

 

 

 

 

Eile

 

I.21

☐ Le haghaidh iompair

I.22

☐ Le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh

 

Tríú tír

Cód tíre ISO

I.23

 


I.24

Líon iomlán pacáistí

I.25

Cainníocht iomlán

I.26

Glanmheáchan/ollmheáchan (kg) iomlán


I.27

Tuairisc ar an gcoinsíneacht

Cód AC

Speicis

Fospeiceas/Catagóir

Inscne

Córas aitheantais

Uimhir aitheantais

Aois

Cainníocht

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál an tráchtearra

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Triail

 

Cuid II:   Deimhniú

TÍR

Deimhniú caighdeánach CANIS-FELIS-FERRETS

 

II. Faisnéis sláinte

II.a.

Tagairt an deimhnithe

II.b.

Tagairt CBFRO

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil mo shíniú anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas maidir le hainmhithe na coinsíneachta ar a dtugtar tuairisc i gCuid I:

II.1.

tagann siad ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios de thríú tír nó de chríoch ag a bhfuil an cód ............. (1) atá, ar dháta eisiúna an deimhnithe sláinte ainmhithe seo, údaraithe maidir le teacht isteach san Aontas madraí, cat agus firéad agus atá liostaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún;

(2) [II.2.

seoladh ón mbunaíocht tionscnaimh go díreach chuig an Aontas iad gan dul trí aon bhunaíocht eile;]

(2) (3) nó [II.2.

tá aon oibríocht tionóil amháin déanta orthu sa tír thionscnaimh nó sa chríoch thionscnaimh, nó sa chrios den tír thionscnaimh nó den chríoch thionscnaimh sin, a tharla ar feadh tréimhse nach mó ná 6 lá i mbunaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá an bhunaíocht formheasta chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sa tríú tír nó sa chríoch oibríochtaí tionóil ar mhadraí, ar chait agus ar fhiréid i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún;

(b)

tá uimhir formheasa uathúil ag an mbunaíocht arna sannadh ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche;

(c)

tá an bhunaíocht liostaithe chun na críche sin ag údarás inniúil an tríú tír seolta nó na críche seolta chuig an Aontas, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(d)

comhlíonann an bhunaíocht na ceanglais maidir le taifid a choimeád dá bhforáiltear in Airteagal 73(2), pointe (a)(iv), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún;]

(2) (3) nó [II.2.

seoladh é/iad ó ionad dídine ainmhithe ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá an bhunaíocht formheasta ag an údarás inniúil sa tríú tír nó sa chríoch i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(b)

tá uimhir formheasa uathúil ag an mbunaíocht arna sannadh ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche;

(c)

tá sé liostaithe chun na críche sin ag údarás inniúil an tríú tír seolta nó na críche seolta, lena n-áirítear an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;]

II.3.

sainaithnítear iad go haonarach le trasfhreagróir in-insteallta ionphlandaithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 70a, pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 (6);

II.4.

tá iniúchadh cliniciúil déanta orthu, agus toradh diúltach air, arna dhéanamh ag tréidlia oifigiúil sa tríú tír nó sa críoch thionscnaimh nó i gcrios di laistigh den tréimhse 48 uair an chloig dheireanacha roimh am a luchtaithe lena seoladh chuig an Aontas chun comharthaí lenar léiríodh gurbh ann do ghalair a bhrath, lena n-áirítear na galair liostaithe ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 is ábhartha don speiceas agus do na galair atá ag teacht chun cinn;

(2) [II.5.

tá siad beartaithe lena dteacht isteach go díreach sa Bhallstát cinn scríbe le cur ar leithlis

(2) cibé acu

[i mbunaíocht theoranta;]]

(2) nó

[i mbunaíocht choraintín fhormheasta;]]

(2) nó [II.5.

bhí siad 12 sheachtain d’aois ar a laghad ar dháta a vacsaínithe in aghaidh an chonfaidh agus tá 21 lá ar a laghad caite ón dáta a cuireadh an príomhvacsaíniú frithchonfaidh i gcrích (5) arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 76(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2020/692, agus rinneadh aon athvacsaíniú dá éis sin laistigh den tréimhse bhailíochta a bhain leis an vacsaíniú roimhe sin (6), agus

(2)

t[agann siad ó thríú tír nó críoch, nó criosanna de thríú tír nó críoch a liostaítear sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus i gcás idirthurais, tá idirthuras sceidealaithe trí thríú tír nó críoch, nó criosanna de thríú tír nó críoch, agus nach gceanglaítear aon choinníoll sonrach ina leith dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla sin, agus soláthraítear mionsonraí an vacsaínithe/na vacsaínithe frithchonfaidh ábhartha i gcolúin 1 go 7 den tábla thíos;]]

(2) nó

[tagann siad ó thríú tír nó críoch, nó criosanna de thríú tír nó críoch a liostaítear sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus i gcás idirthurais, tá idirthuras sceidealaithe trí thríú tír nó críoch, nó criosanna de thríú tír nó críoch, agus a gceanglaítear coinníollacha sonracha ina leith dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla sin, agus:

(a)

soláthraítear mionsonraí an vacsaínithe/na vacsaínithe frithchonfaidh ábhartha i gcolún 1 go dtí colún 7 den tábla thíos,

(b)

le tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh (7), arna déanamh gan moill mhíchuí tar éis an sampla a bhailiú ar shampla fola arna thógáil ag an tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil 30 lá ar a laghad tar éis dháta an vacsaínithe phríomhúil, nó laistigh de shraith vacsaínithe bhailí reatha, agus tráth nach lú ná 90 lá roimh dháta eisiúna an deimhnithe sláinte ainmhithe seo, cruthaíodh títear antasubstainte atá cothrom le 0,5 IU/ml (8), nó níos mó ná sin, agus

(c)

rinneadh aon athvacsaíniú dá éis sin laistigh de thréimhse bhailíochta an vacsaínithe roimhe sin, agus soláthraítear an dáta samplála chun an t-imoibriú imdhíoneolaíoch a thástáil i gcolún 8 den tábla thíos:]]

Trasfhreagróir

Dáta vacsaínithe [ll/mm/bbbb]

Ainm agus monaróir na vacsaíne

Baiscuimhir

Bailíocht an vacsaínithe

Dáta na samplála fola [ll/mm/bbbb]

Cód alfa-uimhriúil an ainmhí

Dáta an inchlannaithe nó an léimh (9) [ll/mm/bbbb]

Ó [ll/mm/bbbb]

Go dtí [ll/mm/bbbb]

1

2

3

4

5

6

7

8

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(2) [II.6.

cuimsítear orthu madraí a sheolfar chuig Ballstát nó crios de a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún, agus cóireáladh na madraí sin in aghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis, agus soláthraítear mionsonraí na cóireála arna déanamh ag an tréidlia i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (10) (11) sa tábla thíos:

Cód alfa-uimhriúil trasfhreagróra an mhadra

Cóireáil frith-Echinococcus multilocularis

Tréidlia tabhartha

Ainm agus monaróir an táirge

Dáta [ll/mm/bbbb] agus am na cóireála [00:00]

Ainm i gceannlitreacha, stampa agus síniú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

]

(2) nó [II.6.

cuimsítear orthu madraí nach bhfuil cóireáilte in aghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis;]

(2) nó [II.6.

cuimsítear orthu madraí atá beartaithe lena dteacht isteach go díreach sa Bhallstát cinn scríbe le cur ar leithlis

(1) cibé acu

[i mbunaíocht theoranta;]]

(1) nó

[i mbunaíocht choraintín fhormheasta;]]

(2) (3) [II.7.

luchtaíodh iad lena seoladh chuig an Aontas an … (cuir isteach an dáta ll/mm/bbbb) (4) i modh iompair a glanadh agus a díghalraíodh roimh an luchtú le díghalrán arna údarú ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche, agus arna thógáil ar bhealach a fhágann:

(a)

nach féidir le hainmhithe éalú uaithi ná titim amach as;

(b)

gur féidir iniúchadh amhairc a dhéanamh ar an spás ina gcoimeádtar na hainmhithe;

(c)

go ndéantar sceitheadh tuartha ainmhithe, bruscair nó beatha uathu a chosc nó a íoslaghdú.]

Nótaí:

Tá an deimhniú sláinte ainmhithe seo beartaithe le haghaidh teacht isteach san Aontas madraí, cat agus firéad, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil siad le dul chuig bunaíocht theoranta nó chuig bunaíocht choraintín fhormheasta agus i gcásanna nach é an tAontas ceann scríbe críochnaitheach na n-ainmhithe agus le haghaidh theacht isteach san Aontas madraí, cat agus firéad, chun críoch neamhthráchtála, a choimeádtar mar pheataí i dteaghlaigh i gcás nach féidir na gluaiseachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 245(2) nó Airteagal 246(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú sláinte ainmhithe seo.

Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe seo a líonadh isteach i gcomhréir leis na nótaí a bhaineann leis na deimhnithe a líonadh isteach dá bhforáiltear i gCaibidil 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún.

Cuid I:

Tagairt bhosca I.20

:

‘Deimhnithe mar nó le haghaidh’: Sonraigh:

‘Le coimeád ina dhiaidh sin’ i gcás ina n-aistrítear madraí, cait nó firéid i gcomhréir le Teideal 5 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

‘Bunaíocht theoranta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (48), de Rialachán (AE) 2016/429;

‘Bunaíocht choraintín fhormheasta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún;

‘Eile’ i gcás ina n-aistrítear madraí (Canis lupus familiaris), cait (Felis silvestris catus) nó firéid (Mustela putorius furo) a choimeádtar mar pheataí i dteaghlaigh chun críoch neamhthráchtála agus nach féidir na gluaiseachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 245(2) nó in Airteagal 246(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Cuid II:

(1)

Cód an chreasa mar atá sé le feiceáil i gcolún 2 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(2)

Scrios murab infheidhme.

(3)

Níl feidhm aige maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála madraí, cat agus firéad a choimeádtar mar pheataí i dteaghlaigh, i gcás nach féidir na gluaiseachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 245(2) nó Airteagal 246(1) nó (2) de Rialachán (AE) 2016/429.

(4)

Ní bheidh an dáta luchtaithe roimh dháta údaraithe an chreasa dá dtagraítear i bpointe II.1 maidir leis an teacht isteach san Aontas, nó i dtréimhse ina bhfuil bearta srianta glactha ag an Aontas i gcoinne theacht isteach na n-ainmhithe sin san Aontas ón gcrios sin.

(5)

Measfar aon athvacsaíniú a bheith ina vacsaíniú príomhúil mura ndearnadh é laistigh den tréimhse bhailíochta a bhain le vacsaíniú roimhe.

(6)

Cuirfear cóip dhílis dheimhnithe de mhionsonraí aitheantais agus vacsaínithe na n-ainmhithe lena mbaineann i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe.

(7)

Maidir leis an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh dá dtagraítear i bpointe II.5.:

(a)

is saotharlann arna hainmniú i gcomhréir le pointe 1(c) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a dhéanfaidh é;

(b)

ní dhéanfar arís í ar ainmhí, tar éis na tástála sin dá bhfuarthas torthaí sásúla, atá athvacsaínithe in aghaidh an chonfaidh laistigh den tréimhse bhailíochta a bhain le vacsaíniú roimhe.

Cuirfear cóip dhílis dheimhnithe den tuarascáil oifigiúil ón tsaotharlann ainmnithe maidir le toradh na tástála le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe.

(8)

Tríd an toradh sin a dheimhniú, dearbhaíonn an tréidlia oifigiúil gur fhíoraigh sé, ar feadh a chumais agus i gcás inar gá le teagmhálaithe leis an tsaotharlann a shonraítear sa tuarascáil, barántúlacht thuarascáil na saotharlainne maidir le torthaí na tástála le haghaidh toirtmheascadh antasubstainte dá dtagraítear i bpointe II.5.

(9)

I gcomhar le nóta (6), déanfar marcáil na n-ainmhithe lena mbaineann trí thrasfhreagróir a ionchlannú a fhíorú sula ndéanfar aon iontráil sa deimhniú sláinte ainmhithe sin agus déanfar an mharcáil sin roimh aon vacsaíniú i gcónaí, nó i gcás inarb infheidhme, roimh aon tástáil dá ndéantar ar na hainmhithe sin.

(10)

Maidir leis an gcóireáil in aghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis dá dtagraítear i bpointe II.6., ní mór:

(a)

í a bheith á tabhairt ag tréidlia laistigh de thréimhse nach faide ná 120 uair an chloig agus nach lú ná 24 uair an chloig roimh an am theacht isteach sceidealaithe na madraí i gceann de na Ballstáit nó criosanna de a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620;

(b)

í a bheith comhdhéanta de tháirge íocshláinte formheasta ina bhfuil an dáileog iomchuí de prasacuantal nó de shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, lenar cruthaíodh, ina n-aonar nó i gcomhar le chéile, go laghdaítear leo ualach na bhfoirmeacha stéigeacha aibí agus neamhaibí de Echinococcus multilocularis sa speiceas óstála lena mbaineann.

(11)

Déanfar an tábla dá dtagraítear i bpointe II.6. a úsáid chun mionsonraí cóireála breise a dhoiciméadú má thugtar an chóireáil sin tar éis an dáta a síníodh an deimhniú sláinte ainmhithe agus roimh an teacht isteach sceidealaithe i gceann de na Ballstáit nó i gcriosanna de a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

Tréidlia oifigiúil

Ainm (i gceannlitreacha)

 

 

 

Dáta

 

Cáilíocht agus teideal

 

Stampa

 

Síniú’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/848/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)