European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/843

17.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/843 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Aibreán 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1042 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis glacadh le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1042 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2) (‘an Rialachán bunaidh’), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NA BEARTA ATÁ I BHFEIDHM

(1)

An 28 Bealtaine 2025, tríd an Rialachán bunaidh, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán (‘táirgí stánphlátáilte’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’).

(2)

San imscrúdú arb é an Rialachán bunaidh (‘an t-imscrúdú bunaidh’) ba thoradh air, cuireadh sampláil i bhfeidhm chun na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(3)

D’fhorchuir an Coimisiún dleachtrátaí frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 46,8 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(4)

I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, forchuireadh dleachtráta 24,6 % ar bhonn Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Liostaítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán bunaidh.

(5)

Forchuireadh dleachtráta 62,3 % ar an leibhéal náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

Faoi Airteagal 3 den Rialachán bunaidh, is féidir Airteagal 1(2) den Rialachán sin a leasú tríd an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an dleachtráta 24,6 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin i nDaon-Phoblacht na Síne don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’) (‘an chéad choinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua’);

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le haon cheann de na honnmhaireoirí ná de na táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán bunaidh agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú leis an imscrúdú bunaidh (‘an dara coinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua’);

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach de a onnmhairiú chuig an Aontas (‘an tríú coinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua’).

2.   IARRAIDH AR STÁDAS AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(7)

An 12 Lúnasa 2025, chuir an chuideachta Linqing Hengtai Metal Materials Co., Ltd (‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua dó sa tslí go mbeadh sé faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, agus é ag maíomh gur chomhlíon sé gach ceann de na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán bunaidh (‘an iarraidh’).

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua dó (‘coinníollacha maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua’), chuir an Coimisiún ceistneoir chuig an iarratasóir. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt.

(9)

An 4 Samhain 2025, chuir tionscal an Aontais, agus Eurofer ag gníomhú thar a cheann, na barúlacha seo a leanas isteach maidir le comhlíontacht an iarratasóra le coinníollacha NEPT, agus d’áitigh sé:

(a)

nach ndearna an t-iarratasóir ach táirgí stánphlátáilte a mhonarú agus a dhíol le cuideachta trádála laistigh den tSín, agus dá bhrí sin nach onnmhaireoir é;

(b)

nach táirgeoir táirgí stánphlátáilte comhtháite é an t-iarratasóir, ach athrollóir nó próiseálaí;

(c)

gur cheannaigh ‘trádálaí aitheanta agus seanbhunaithe de chuid an Aontais’ an t-iarratasóir chun táirgí stánaithe a thrádáil agus a láimhseáil; agus

(d)

go bhféadfaidh an t-iarratasóir cornaí teorollta nó pláta dubh muilinn stáin a cheannach ó onnmhaireoirí a bhfuil dleachtráta níos airde acu, é a phróiseáil ina tháirgí stánphlátáilte agus é a onnmhairiú ansin chuig an Aontas.

(10)

An 18 Samhain 2025, thug an t-iarratasóir freagra ar na barúlacha sin agus chuir sé an méid seo a leanas in iúl:

(a)

is táirgeoir onnmhairiúcháin na dtáirgí stánphlátáilte é;

(b)

táirgeann sé táirgí stánphlátáilte agus ní cheanglaítear air a bheith ina tháirgeoir comhtháite ag tosú ó tháirgeadh iarainn nó cruach;

(c)

níor ghabh cuideachta trádála san Aontas ar láimh iad; agus

(d)

ní féidir ceannach cornaí teorollta a mheas mar imchéimniú ar na bearta atá i bhfeidhm ar tháirgí stánphlátáilte.

(11)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra a thug an t-iarratasóir ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(12)

Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda leis an iarratasóir i mí Feabhra 2026 inar fhéach an Coimisiún leis an bhfaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach a fhíorú chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua.

3.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(13)

I ndáil leis an gcéad choinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua, shuigh an Coimisiún nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Chinn an Coimisiún gur thosaigh an t-iarratasóir ag táirgeadh táirgí stánphlátáilte i mí Eanáir 2024, 3 mhí roimh dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

(14)

Rinne an Coimisiún na hidirbhearta onnmhairiúcháin uile a rinne an t-iarratasóir a fhíorú le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus níor aimsigh sé aon fhianaise i leith onnmhairí an táirge lena mbaineann chuig an Aontas.

(15)

I ndáil leis an dara coinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua, shuigh an Coimisiún nach bhfuil an t-iarratasóir comhlachaithe le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur leis an Rialachán bunaidh.

(16)

Sheiceáil an Coimisiún úinéireacht an iarratasóra freisin agus dheimhnigh sé nach raibh bunús le líomhain Eurofer a bhfuil achoimre uirthi in aithris 9(c).

(17)

I ndáil leis an tríú coinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua, shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas ó mhí Dheireadh Fómhair 2025, mar atá tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

(18)

Chuir an t-iarratasóir doiciméid tacaíochta ar fáil chun táirgeacht an táirge stánphlátáilte agus a onnmhairiú chuig an Aontas ag deireadh 2025 a léiriú. Chuir an t-iarratasóir doiciméadacht ar fáil freisin chun a thaispeáint go ndearnadh an dleacht frithdhumpála iomchuí a ghearradh agus a íoc. D’fhíoraigh an Coimisiún na doiciméid sin agus tháinig sé ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an tríú coinníoll maidir le stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua.

(19)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiún é gur chomhlíon an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin dó agus gur cheart glacadh leis an iarraidh dá bhrí sin. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 24,6 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh.

(20)

Ba cheart an Rialachán bunaidh a leasú dá réir sin.

4.   NOCHTADH

(21)

An 23 Feabhra 2026, cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a measadh gur iomchuí an dleachtráta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú don iarratasóir.

(22)

Tugadh an deis do na páirtithe leasmhara uile barúlacha a chur isteach.

(23)

Ní bhfuarthas aon bharúil.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1042, dar teideal ‘Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh’, cuirtear an chuideachta seo a leanas léi:

Ainm na cuideachta

Cód breise TARIC

Linqing Hengtai Metal Materials Co., Ltd

88AZ

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO L, 2025/1042, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1042/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/843/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)