|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/840 |
16.4.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/840 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh comhdhúile copair i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás comhdhúile copair, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
Is éard atá sa ghrúpa comhdhúl copair meascán Bordeaux, hiodrocsaíd chopair, ocsaclóiríd chopair, ocsaíd chopair agus sulfáit chopair thríbhunúsach, agus tá sé formheasta san Aontas mar shubstaint ghníomhach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(3) |
In 2018, chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis an athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana le haghaidh comhdhúile copair (3), i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(4) |
In 2023, d’fhoilsigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar na Treoirluachanna Sláintebhunaithe atá ann cheana le haghaidh copair agus ar mheasúnú nochta ó gach foinse (4). Shuigh an tÚdarás nach bhfuil aon riosca sláinte ann faoi bhun na tairsí coinneála copair, is í sin iontógáil 0,07 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae le haghaidh daoine fásta, agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh aon riosca sláinte ag baint leis an nochtadh do chopar atá ann faoi láthair le haghaidh an phobail, lena n-áirítear do leanaí. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach raibh táirgí cosanta plandaí ina gcúis mhór le nochtadh an phobail do chopar. |
|
(5) |
In 2025, d’fhoilsigh an tÚdarás ráiteas lena dtugtar cothrom le dáta an t-athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana le haghaidh comhdhúile copair (5) i bhfianaise na tuairime eolaíche uaidh maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar na Treoirluachanna Sláintebhunaithe agus ar an measúnú nochta ó gach foinse. Ós rud é go bhfuil copar uileláithreach sa chomhshaol, rinne an tÚdarás sonraí ó thrialacha ar iarmhair a thacaíonn le húsáidí atá údaraithe san Aontas a mheas, chomh maith le sonraí faireacháin, chun MRLanna iomchuí a dhíorthú. |
|
(6) |
Maidir leis na MRLanna atá ann faoi láthair le haghaidh comhdhúile copair i gcnónna caisiú, cnónna cócó, sméara dubha, eithreoga, sútha craobh, dátaí, ológa boird, cumcuataí, torthaí réaltúla, plumaí láva, cúcamair, gircíní, cúirséid, soilirí, finéal Fhlórans, biabhóga, síolta poipín, síolta seasamain, síolta cadáis, síolta cróch bréige, síolta borráiste, síolta caimilín, pónairí ricne, ológa le haghaidh táirgeadh ola, arbhar Indiach/arbhar, insiltí luibhe ó dhuilleoga sútha talún, fréamhacha biatais siúcra, matán bó-ainmhithe, saill bó-ainmhithe, matán caorach, saill caorach, saill gabhair, matán eachaí, saill eachaí, matán éanlaithe clóis, agus saill ainmhithe talún feirmshaothraithe eile, nó le haghaidh comdhúile copair ar na nithe sin freisin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go léiríonn na MRLanna sin leibhéil reatha an chopair sna táirgí sin agus nach bhfuil aon riosca ag baint leo do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart iad a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart na MRLanna le haghaidh na dtáirgí sin a choinneáil ag na leibhéil atá ann cheana agus ba cheart iad a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(7) |
Maidir leis na MRLanna atá ann faoi láthair le haghaidh comhdhúile copair in almóinní, cnónna Brasaíleacha, castáin, cnónna coill, macadaimia, cnónna peacáin, eithní cnónna péine, cnónna pistéise, gallchnónna, úlla, piorraí, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, silíní, péitseoga, fíonchaora boird, fíonchaora coiteanna, sútha talún, fraocháin, mónóga, cuiríní, spíonáin, mogóirí róis, maoildearga, torthaí ón sceach gheal asaróil, caora troim, cíobhaíonna, prátaí, meacain ragaim, oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil, trátaí, piobair mhilse/chloigíneacha, ubhthorthaí, mealbhacáin, puimcíní, mealbhacáin uisce, cabáistí Síneacha, cáil, ceathrúna uain, leitísí, searbháin muc, biolair agus eascróga agus péacáin eile, biolair thalún, ruachán Romhánach, mustard dearg, barra duilleog óga, spionáistí, puirsleáin, seardas/duilleoga biatais, duilleoga fíonchaor, biolair uisce, luibheanna agus bláthanna inite, bliosáin chruinne, cainneanna, ruán, sorgam, leannlusanna, ae muc, ae bó-ainmhithe, ae caorach, matán gabhair, ae gabhair, ae ó ainmhithe talún feirmshaothraithe eile, mil, agus táirgí ó ainmhithe talún fiáine, nó le haghaidh comhdhúile copair ar na nithe sin freisin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin gur cheart na MRLanna sin a ardú chun leibhéil reatha an chopair sna táirgí sin a léiriú. Is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtáirgí sin a shocrú ag na leibhéil a shainaithníonn an tÚdarás in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, leibhéil nach bhfuil aon riosca ag baint leo do thomhaltóirí. |
|
(8) |
Maidir leis na MRLanna atá ann faoi láthair le haghaidh comhdhúile copair sna i ‘dtorthaí citris’, aibreoga, plumaí, figí, dátphlumaí Seapánacha, lítsíonna, páiseoga, piorraí deilgneacha, réalt-úlla, dátphlumaí Meiriceánacha, abhacáid, bananaí, mangónna, papánna, pomagránaití, céiriomoighe, guábhaí, anainn, torthaí aráin, dúraígh, úlla deilgneacha, casabhaigh, prátaí milse, ionaim, ararúit, meacain bhiatais, meacain dhearga, soiliriac/soilire tornapa, bliosáin ghréine, meacain bhána, fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg, raidisí, salsaibh, svaeideanna, tornapaí, gairleog, oinniúin, seallóidí, ocra, arbhar milis, brocailí, cóiliseacha, bachlóga Bruiséile, cabáistí cinn, cálráibí, sreabháin na Beilge, pónairí (a bhfuil faighneoga orthu), pónairí (gan faighneoga), piseanna (a bhfuil faighneoga orthu), lintilí, lus súgach, cardúin, péacáin bhambú, croíthe pailme, fungais shaothraithe, fungais fhiáine, caonaigh agus léicin, algaí agus orgánaigh phrócaróit, pónairí (tirim), lintilí (tirim), piseanna (tirim), lúipíní/pónairí lúipíní, ros lín, piseanna talún, síolta lus na gréine, síolta ráibe/canóla, pónairí soighe, síolta mustaird, síolta puimcín, síolta cnáibe, eithne pailme ola, torthaí pailme ola, capac, eorna, muiléad coiteann, coirce, rís, seagal, cruithneacht, taenna, pónairí caife, ‘insiltí luibhe ó bhláthanna’, insiltí luibhe ó rooibos, insiltí luibhe ó mhaité, ‘insiltí luibhe ó fhréamhacha’, insiltí luibhe ó aon chuid eile den phlanda, pónairí cócó, carúib, ‘spíosraí’, cánaí siúcra, fréamhacha siocaire, matán mucra, saill mucra, duán mucra, scairteach inite mucra, duán bó-ainmhithe, scairteach inite bó-ainmhithe, duán caorach, scairteach inite caorach, duán gabhar, scairteach inite gabhar, duán eachaí, ae eachaí, scairteach inite eachaí, saill éanlaithe clóis, duán éanlaithe clóis, scairteach inite éanlaithe clóis, matán ainmhithe talún feirmshaothraithe eile, scairteach inite ainmhithe talún feirmshaothraithe eile, scairteach inite ainmhithe feirmshaothraithe eile, ‘bainne’, agus ‘uibheacha éan’, nó le haghaidh comhdhúile copair ar na nithe sin freisin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, cé nach bhfuil aon riosca ag baint leo do thomhaltóirí, gur cheart na MRLanna sin a ísliú chun na leibhéil chopair atá ann faoi láthair sna táirgí sin a léiriú d’fhonn MRLanna a shocrú ar leibhéil atá chomh híseal agus is féidir a bhaint amach go réasúnach. Mar sin féin, chuir roinnt Ballstát agus páirtithe leasmhara in iúl go raibh imní orthu go raibh na leibhéil a mhol an tÚdarás ró-íseal agus nár léirigh siad go leordhóthanach na leibhéil chopair atá ann faoi láthair sna táirgí sin. D’iarr siad am breise chun na sonraí faireacháin ábhartha a chur isteach. Ós rud é gur tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh aon riosca sláinte ag baint leis an nochtadh do chopar atá ann faoi láthair le haghaidh an phobail, ba cheart na MRLanna sin a choinneáil ar bun ag na leibhéil atá ann faoi láthair agus iad a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rud a thabharfadh am breise do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara sonraí faireacháin a chur isteach. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna le haghaidh na dtáirgí sin. Ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil faoin 30 Meitheamh 2028 arna cur isteach trí na cleachtaí bailithe sonraí faireacháin cheimicigh a dhéanann an tÚdarás ar bhonn bliantúil (6). |
|
(9) |
Ina theannta sin, ós rud é nach raibh roinnt faisnéise ar fáil faoi na modhanna anailíse le haghaidh táirgí de bhunadh plandaí a bhfuil cion ard ola iontu, táirgí tirime de bhunadh plandaí, tae, pónairí caife, pónairí cócó, carúb, leannlusanna, insiltí luibhe, ‘spíosraí’, agus le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch, mar aon le faisnéis faoi na trialacha ar iarmhair le haghaidh cíobhaíonna, guird a bhfuil craiceann do-ite orthu, biolar uisce agus leannlusanna, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na MRLanna a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh na dtáirgí sin. San athbhreithniú sin, cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil faoin 30 Meitheamh 2028. |
|
(10) |
Mhol an tÚdarás go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhair go ‘copar iomlán’. Measann an Coimisiún gurb iomchuí an sainmhíniú nua seo ar iarmhair. |
|
(11) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá teorainneacha cinnidh áirithe a oiriúnú. Mhol na saotharlanna sin teorainneacha cinnidh a bhaineann go sonrach leis an táirge agus ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh comhdhúile copair de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(3):5212, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5212.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Tuairim Eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar na Treoirluachanna Sláintebhunaithe atá ann cheana le haghaidh copair agus ar mheasúnú nochta ó gach foinse. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(1):7728, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.7728.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Ráiteas maidir leis na huasleibhéil iarmhar (MRLanna) le haghaidh comhdhúile copair a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na tuairime eolaíche ó EFSA maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar na Treoirluachanna Sláintebhunaithe agus ar mheasúnú nochta ó gach foinse. EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23e9271, https://doi.org/10.2903%2Fj.efsa.2025.9271.
(6) Le fáil ar líne: https://www.efsa.europa.eu/ga/resources/data-collection-chemicals.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an colún seo a leanas in Iarscríbhinn II: ‘Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i gCuid A d’Iarscríbhinn III, scriostar an colún le haghaidh comhdhúile copair. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/840/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)