European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/837

16.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/837 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Aibreán 2026

lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 a mhéid a bhaineann le formheas beart náisiúnta áirithe arna gceapadh chun an tionchar a bhíonn ag galair áirithe ainmhithe uisceacha a theorannú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 226(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún (2) bunaítear, in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, liostaí na mBallstát nó na gcodanna díobh a mheastar a bheith saor ó ghalair áirithe ainmhithe uisceacha, ar galair iad nach liostaítear faoi Airteagal 9(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2016/429, nó atá faoi réir clár díothaithe maidir leis na galair sin, agus a bhformheastar bearta náisiúnta ina leith.

(2)

Tá fógra tugtha don Choimisiún ag an Danmhairg faoi dheighleog 106314, atá laistigh dá críoch agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260, nach féidir a mheas a thuilleadh go bhfuil sí saor ó ghalar baictéarach duáin (BKD). Thairis sin, tá fógra tugtha don Choimisiún ag an Danmhairg faoi dheighleoga 84470 agus 103910, atá laistigh dá críoch agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260, nach féidir a mheas a thuilleadh go bhfuil siad saor ó neacróis phaincréasach thógálach. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil bearta náisiúnta a thuilleadh chun tabhairt isteach na ngalar sin a chosc ná chun a leathadh a rialú sna deighleoga sin. Dá bhrí sin, ba cheart na deighleoga sin a bhaint den liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260.

(3)

Thug an Danmhairg fógra don Choimisiún freisin go bhfuil an clár díothaithe le haghaidh galair áirithe, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260, curtha i gcrích go rathúil a mhéid a bhaineann le BKD i gcás dheighleog 103606 atá laistigh dá críoch agus a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Dá bhrí sin, is féidir a mheas go bhfuil an deighleog sin saor ó BKD agus ba cheart í a bhaint den liosta san Iarscríbhinn sin. Ina ionad sin, ba cheart í a chur isteach i liosta na ndeighleog a mheastar a bheith saor ó BKD in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Ina theannta sin, tá fógra tugtha don Choimisiún ag an Danmhairg go bhfuil tús curtha aici le clár díothaithe le haghaidh BKD i gcás dheighleog 103670 laistigh dá críoch. Dá bhrí sin, ba cheart an deighleog sin a chur le liosta na ndeighleog atá faoi réir clár díothaithe maidir le BKD in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar bearta náisiúnta arna gceapadh chun an tionchar a bhíonn ag galair áirithe ainmhithe uisceacha a theorannú i gcomhréir le hAirteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/221/AE ón gCoimisiún (IO L 59, 19.2.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/260/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg a mhéid a bhaineann le galar baictéarach duáin (BKD):

‘Galar baictéarach duáin (BKD)

an Danmhairg

DK

Na deighleoga aonair seo a leanas, ar bunaíocht dobharshaothraithe gach ceann acu ag a bhfuil an uimhir formheasa shonraithe:

 

 

84470

Brænderigårdens Dambrug

 

92158

Hørup Mølle Dambrug

 

103471

Abildvad Dambrug

 

103559

Fårup Mølle Dambrug

 

103587

Trend Å Dambrug

 

103606

Lundby Dambrug

 

103623

Hårkjær Dambrug

 

103682

Sangild Dambrug

 

103733

Skade Dambrug

 

118656

AquaSearch Ova, Billund

 

118844

Ravning ægpakkeri

 

128165

Ollerupgård Dambrug’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg a mhéid a bhaineann le neacróis phaincréasach thógálach:

‘Neacróis phaincréasach thógálach

an Danmhairg

DK

Na deighleoga aonair seo a leanas, ar bunaíocht dobharshaothraithe gach ceann acu ag a bhfuil an uimhir formheasa shonraithe:

 

 

83138

Hallesøhuse Dambrug

 

92158

Hørup Mølle Dambrug

 

103554

Fruerlund Dambrug

 

103559

Fårup Mølle Dambrug

 

103571

Hallesø Dambrug

 

103606

Lundby Dambrug

 

103623

Hårkjær Dambrug

 

103668

Ravning Dambrug

 

103670

Refsgård Fiskeri I

 

103682

Sangild Dambrug

 

103802

Ådal Dambrug

 

106314

Ravningkær Dambrug

 

108516

Hulsig Dambrug

 

118656

AquaSearch Ova, Billund

 

118844

Ravning ægpakkeri

 

125770

Aquasearch Ova

 

128165

Ollerupgård Dambrug’

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg a mhéid a bhaineann le galar baictéarach duáin (BKD):

‘Galar baictéarach duáin (BKD)

an Danmhairg

DK

Na deighleoga seo a leanas, ar bunaíocht dobharshaothraithe gach ceann acu ag a bhfuil an uimhir formheasa shonraithe:

 

 

83138

Halle Søhuse Dambrug

 

103670

Refsgård Fiskeri I’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/837/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)