European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/833

10.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/833 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Phrótacal I a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt (‘Clár Erasmus+’) le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/817 na coinníollacha faoina bhféadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach i gClár Erasmus+. I gcomhréir le hAirteagal 19(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/817, tá coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht den sórt sin ag an Ríocht Aontaithe le leagan síos i gcomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(3)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2), (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) tugadh i gcrích é trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(4)

De bhun Airteagal 710(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, is féidir leis an gCoiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais, a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (s), den Chomhaontú Trádála agus Comhair (‘an Coiste Speisialaithe’), Prótacal I maidir le Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt (‘Prótacal I’), a ghabhann leis an gComhaontú sin, a leasú, lena n-áirítear trí chláir nó gníomhaíochtaí nua a chur leis, ar cláir nó gníomhaíochtaí iad a mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu agus a ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe leo.

(5)

Is cuid dhílis den Chomhaontú Trádála agus Comhair iad Prótacal I agus na leasuithe a ghabhann leis.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe a bhunú a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Phrótacal I,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais, a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (s), den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Coiste Speisialaithe’), leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj).

(2)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

(3)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/689/oj)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH UIMH. 1/2026 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS A BUNAÍODH LE hAIRTEAGAL 8(1), POINTE (s), DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an …

lena leasaítear Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR AN AONTAIS,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 710(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

I bhFIANAISE spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, agus go rachaidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+ chun tairbhe don dá Pháirtí i ndáil leis sin,

AG ATHDHEARBHÚ DÓ tuiscint na bPáirtithe gur cheart go n-áiritheofaí le téarmaí sonracha na rannpháirtíochta sin, lena n-áirítear téarmaí airgeadais arna gcomhaontú go frithpháirteach, cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí na Ríochta Aontaithe agus na tairbhí don Ríocht Aontaithe,

AG AITHINT DÓ, i gcomhréir leis an tuiscint sin, gur mheas na Páirtithe gur iomchuí an treoir ranníoca le haghaidh Chlár Erasmus+ a choigeartú i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 faoin gComhaontú Trádála agus Comhair,

AG AITHINT DÓ gur cheart rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in aon chlár ábhartha a thiocfaidh i ndiaidh Erasmus+ faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a bheith bunaithe ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach chun cothromaíocht chóir a léiriú agus a bheith bunaithe ar thaithí na rannpháirtíochta in 2027,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2027.

Arna dhéanamh in/sa …, …

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘(1a)   Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt i gcláir an Aontais arna mbunú leis an mbunghníomh seo a leanas, agus ranníocfaidh sí leis an gclár sin:

(a)

Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) (dá ngairtear “Clár Erasmus+” anseo feasta)

(*1)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘(2)   Maidir leis na cláir dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le nósanna imeachta dámhachtana lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha le haghaidh 2021, 2022 agus 2023.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘(3)   Maidir leis an gClár Erasmus+ dá dtagraítear i mír 1a, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le nósanna imeachta dámhachtana lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha le haghaidh 2021, 2022, 2023, 2024, 2025 agus 2026.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘(1)   Glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt sna cláir agus sna gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó i gcodanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Phrótacal seo, ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ar feadh a bhfuil fágtha díobh, nó go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021–2027, cibé acu is giorra.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘(1a)   Glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt i gClár Erasmus+ dá dtagraítear in Airteagal 1(1a) den Phrótacal seo, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, ar feadh a bhfuil fágtha de, nó go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021–2027, cibé acu is giorra.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘(2)   Beidh an Ríocht Aontaithe nó eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe incháilithe faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais, lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha na gclár agus na ngníomhaíochtaí nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal seo, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 1a den Airteagal seo.

Maidir leis na clár agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Phrótacal seo, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe incháilithe le haghaidh cistiú ón Aontas faoi nósanna imeachta dámhachtana an Aontais lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha le haghaidh 2021, 2022 agus 2023, gan dochar do na rialacha incháilitheachta is infheidhme maidir le heintitis de chuid tíortha neamh-chomhlachaithe a leagtar síos sa bhunghníomh ná do rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár nó ghníomhaíocht an Aontais.

Maidir le Clár Erasmus+ dá dtagraítear in Airteagal 1(1a) den Phrótacal seo, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe incháilithe le haghaidh cistiú ón Aontas faoi nósanna imeachta dámhachtana an Aontais lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha le haghaidh 2021, 2022. 2023, 2024, 2025 agus 2026, gan dochar do na rialacha incháilitheachta is infheidhme maidir le heintitis de chuid tíortha neamh-chomhlachaithe a leagtar síos sa bhunghníomh ná do rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár an Aontais sin.’

;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+

Beidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+ faoi réir coinníll go dtabharfar fógra d’údarás náisiúnta, go ndéanfar gníomhaireacht náisiúnta a ainmniú, agus comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú, i gcomhréir le hAirteagail 26, 27, 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2021/817.

Beidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+ faoi réir ghlacadh nó ghlacadh sealadach an Choimisiúin Eorpach le measúnú ex-ante na gníomhaireachta náisiúnta ar chomhlíonadh, de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2021/817.

Airteagal 6b

Coinníollacha airgeadais le haghaidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+

(1)   De mhaolú ar Airteagal 714(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, is é 70 % den treoir ranníoca a shainítear in Airteagal 714(6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a bheidh sa treoir ranníoca atá le cur i bhfeidhm sa bhliain 2027 chun an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh rannpháirtíocht sa Chlár Erasmus+ a ríomh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1a) den Phrótacal seo.

(2)   I ndáil le Clár Erasmus+, dá dtagraítear in Airteagal 1(1a) den Phrótacal seo, tuigfear gurb é atá sna tagairtí don “treoir ranníoca le haghaidh bhliain N” in Airteagal 714(8) den Chomhaontú Trádála agus Comhair “70 % den treoir ranníoca le haghaidh bhliain N”.

Airteagal 6c

Athbhreithniú ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+

(1)   10 mí tar éis thús rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+ dá dtagraítear in Airteagal 1(1a) den Phrótacal seo, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais athbhreithniú ar a chur chun feidhme ar bhonn na sonraí atá ar fáil maidir le rannpháirtíocht eintitis na Ríochta Aontaithe i ngníomhaíochtaí faoi bhainistíocht indíreach agus dhíreach faoin gClár Erasmus+, lena n-áirítear a mhéid a leithdháileadh cistí go rathúil.

(2)   Tar éis iarraidh a fháil ó cheachtar Páirtí, pléifidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais athruithe nó athruithe beartaithe a dhéanfaidh difear do théarmaí rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+, agus más gá, féadfaidh sé bearta iomchuí a mholadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

(3)   Déanfaidh gach Páirtí faisnéis nó sonraí atá réasúnach chun an t-athbhreithniú sin a dhéanamh a bhailiú, a choinneáil agus a sholáthar don Pháirtí eile.

Airteagal 6d

Comhar staidrimh

Aon sonra staidrimh maidir leis an Ríocht Aontaithe chun críocha rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gClár Erasmus+, go háirithe sonraí maidir le daonra na Ríochta Aontaithe, soláthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) iad, a luaithe a áireofar na malartuithe ábhartha sonraí staidrimh agus faisnéise gaolmhaire i raon feidhme an tSocraithe maidir le Comhar Staidrimh idir Údarás Staidrimh na Ríochta Aontaithe agus Eurostat dá dtagraítear in Airteagal 730 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Sula mbeidh feidhm ag na téarmaí nuashonraithe, bunófar aon sonra staidrimh maidir leis an Ríocht Aontaithe chun críocha rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Chlár Erasmus+ ar bhonn sonraí arna soláthar ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Cómhalartacht

Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn “eintiteas de chuid an Aontais” aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

Féadfaidh eintitis incháilithe de chuid an Aontais páirt a ghlacadh i gcláir na Ríochta Aontaithe is coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 1(1) den Phrótacal seo i gcomhréir le dlí agus rialacha na Ríochta Aontaithe.’.


(*1)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj).’;’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/833/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)