European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/825

23.7.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/825 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2026

lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir atá le cur san áireamh agus beartais forghníomhaithe orduithe gnólachtaí infheistíochta á mbunú agus measúnú á dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus lena n-aisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/575 agus (AE) 2017/576

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 27(10), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirfear cliaint ar an eolas ar bhealach soiléir sothuigthe maidir leis an gcaoi a bhforghníomhófar a n-orduithe, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faisnéis áirithe a sholáthar dóibh maidir le beartas forghníomhaithe orduithe inmheánach na ngnólachtaí a d’ullmhaigh na gnólachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún (2). Ba cheart a áirithiú leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe go gcuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí infheistíochta go comhsheasmhach an toradh is fearr is féidir a bhaint amach agus orduithe cliant á bhforghníomhú acu trí ionaid forghníomhúcháin a roghnú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a nósanna imeachta rialachais inmheánaigh a chur i bhfeidhm maidir le hionaid forghníomhúcháin a roghnú agus liosta atá cothrom le dáta a choimeád de na hionaid forghníomhúcháin atá roghnaithe acu.

(2)

Ar mhaithe le trédhearcacht maidir le socruithe na ngnólachtaí infheistíochta arb é is aidhm dóibh cothroime an phraghais a ráthú i gcás orduithe a fhorghníomhaítear thar ceann cliant, ba cheart a áireamh i mbeartas forghníomhaithe orduithe na ngnólachtaí faisnéis maidir leis na socruithe agus na córais luachála, lena n-áirítear liosta soláthraithe sonraí a úsáidtear le haghaidh na luachála sin, a úsáidfidh gnólachtaí chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach agus a n-orduithe cliant á bhforghníomhú acu.

(3)

Chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint maidir le horduithe dá gcuid féin agus orduithe a gcliant a fhorghníomhú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a thairgeann na seirbhísí infheistíochta chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant agus orduithe a fháil agus a tharchur i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó araon, ba cheart dóibh a shonrú ina mbeartas forghníomhaithe orduithe conas a chomhlíonann siad a n-oibleagáid gníomhú ar mhaithe le leas a gcliant agus cinneadh á dhéanamh acu cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh siad an t-ordú a fhorghníomhú.

(4)

Agus na hionaid forghníomhúcháin á roghnú chun an forghníomhú is fearr maidir le horduithe a gcliant a áirithiú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar na costais a mhuirearaíonn na hionaid forghníomhúcháin orthu. Níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta costais a bhaineann leis na hionaid forghníomhúcháin a roghnaíodh a chur san áireamh ach amháin a mhéid a chuirfí na costais sin ar aghaidh chuig cliaint go díreach nó go hindíreach, agus a n-orduithe á bhforghníomhú ag na gnólachtaí infheistíochta.

(5)

Ba cheart go dtabharfadh sonraí tagartha ardcháilíochta, lena n-áirítear sonraí arna soláthar ag soláthraithe teilitéipe comhdhlúite, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, léiriú iontaofa cruinn ar phraghsanna forghníomhaithe sa mhargadh. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na sonraí sin a úsáid agus ionaid forghníomhúcháin á roghnú acu agus faireachán á dhéanamh acu, go tráthrialta, ar éifeachtacht a mbeartais forghníomhaithe orduithe. Ba cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta foinsí sonraí seachtracha malartacha a úsáid i gcás ina bhfuil sonraí ó na foinsí sin iontaofa agus cruinn. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil na sonraí ó na hionaid forghníomhúcháin is leachtaí sna sonraí tagartha a úsáideann siad, lena n-áirítear sonraí ó na hionaid forghníomhúcháin arb iad na margaí is ábhartha iad i dtéarmaí leachtachta le haghaidh na n-ionstraimí a thrádáiltear laistigh de gach aicme ionstraimí airgeadais.

(6)

Chun trédhearcacht agus cáilíocht na dtorthaí a áirithiú dá gcliaint, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta nach roghnaíonn ach ionad forghníomhúcháin amháin chun orduithe cliant a fhorghníomhú le haghaidh aicme áirithe ionstraimí airgeadais, nó le haghaidh gach ordaithe cliaint, ba cheart dóibh a mhíniú ina mbeartais forghníomhaithe orduithe conas a chuirtear ar a gcumas dóibh an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint trí ionad forghníomhúcháin aonair amháin a roghnú.

(7)

Chun aon drochthionchar ar cháilíocht fhorghníomhú an ordaithe a sheachaint, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a léiriú ina mbeartas forghníomhaithe orduithe na tosca a ndéanann siad breithniú orthu sula gcinnfidh siad cé acu a úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh siad córais ródaithe orduithe uathoibríocha.

(8)

Chun an t-ionad forghníomhúcháin lena n-áiritheofaí an toradh is fearr is féidir le haghaidh gach ordaithe dá gcliaint a roghnú as measc na n-ionad forghníomhúcháin éagsúil a liostaítear i mbeartas forghníomhaithe orduithe gnólachtaí infheistíochta, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta sin na nithe seo a leanas a chur san áireamh: aicmiú na gcliant, aicme agus fo-aicme na n-ionstraimí airgeadais, méid agus cineál na n-orduithe, na costais a mhuirearaíonn ionaid forghníomhúcháin agus gnólachtaí a mbíonn tionchar acu ar an toradh do na cliaint, agus aon sonraí margaidh atá ábhartha don mheasúnú sin.

(9)

Chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí infheistíochta córais ródaithe orduithe uathoibríocha a úsáid ar bhealach lena ráthaítear an toradh is fearr is féidir dá gcliaint, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a lua go sainráite ina mbeartais forghníomhaithe orduithe an fhéidearthacht atá ann dóibh córais ródaithe orduithe uathoibríocha a úsáid agus an oibleagáid atá orthu na critéir shonracha a chur san áireamh lena n-áirithítear an toradh is fearr is féidir dá gcliaint. Go háirithe, le haon chóras ródaithe orduithe uathoibríoch, ba cheart breithniú a dhéanamh ar na critéir uile a chuireann gnólachtaí infheistíochta i bhfeidhm chun a n-ionad le haghaidh an fhorghníomhaithe is fearr a roghnú.

(10)

D’fhéadfadh iarmhairtí móra maidir le cosaint infheisteoirí a bheith ag treoracha sonracha ó chliant i dtaca lena ordú a fhorghníomhú. Chuige sin, ba cheart a léiriú i mbeartas forghníomhaithe orduithe gnólachtaí infheistíochta an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag na treoracha sonracha sin ar an gcliant, go háirithe nuair a d’fhéadfadh sé nach mbeadh an gnólacht in ann na critéir uile is gá a chur i bhfeidhm chun an forghníomhú is fearr is féidir ar an ordú sin a bhaint amach. Ar an gcúis chéanna, ba cheart a shonrú leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe cad é atá i gceist le treoir shonrach ó chliant.

(11)

Chun teorainn a chur leis an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag treoir shonrach ó chliant ar cháilíocht an fhorghníomhaithe, mar thoradh ar neamhábaltacht gnólachta infheistíochta eilimintí uile a bheartais forghníomhaithe orduithe a chur i bhfeidhm go hiomlán, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta treoir ó chliant a leanúint ach amháin i leith na coda sin nó na gné sin den ordú ar thug an cliant treoir shonrach ina leith. Ba cheart caitheamh le gach cuid agus gach gné eile den ordú nach cuid den treoir shonrach iad mar ghnáthordú cliaint agus ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha maidir leis an bhforghníomhú is fearr.

(12)

Chun claontacht i roghnú an ionaid forghníomhúcháin a sheachaint, i gcás ina dtairgtear an rogha do chliaint, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu lena gcuirtear cosc ar a gcliaint a spreagadh chun ionad forghníomhúcháin sonrach a roghnú. Go háirithe, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta a gcoimisiúin a struchtúrú ar bhealach lena gcaitear go míchothrom le hionaid forghníomhúcháin áirithe. Ba cheart do ghnólachtaí faisnéis chothrom, shoiléir agus neamh-mhíthreorach a sholáthar dá gcliaint maidir le gach ionad forghníomhúcháin ionas nach roghnóidh a gcliaint ionad forghníomhúcháin ar bhonn bheartas praghsála an ghnólachta infheistíochta amháin. Chun a áirithiú gur ar ghnólachtaí infheistíochta a bheidh an fhreagracht deiridh toradh an fhorghníomhaithe is fearr a bhaint amach, ba cheart a shonrú go soiléir freisin leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe go bhfuil sé de shaoirse ag cliaint gan ionad forghníomhúcháin sonrach a roghnú agus, sna cásanna sin, gur féidir leo brath ar fhreagracht an ghnólachta infheistíochta an t-ionad forghníomhúcháin a roghnú chun an toradh is fearr a bhaint amach do na cliaint sin.

(13)

I bhfianaise Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE ba cheart go gcuirfeadh an beartas forghníomhaithe orduithe ar a gcumas do ghnólachtaí infheistíochta an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint agus orduithe cliant á bhforghníomhú acu agus iad ag déileáil ar a gcuntas féin, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad ag gabháil do thrádáil bhunairgid mheaitseáilte (trádáil péire idirbheart as a chéile) nó ag déileáil in aghaidh chaipiteal dílsithe an ghnólachta infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú le beartas forghníomhaithe orduithe an ghnólachta infheistíochta conas atá sé d’aidhm aige an toradh is fearr is féidir a fháil dá chliaint agus orduithe cliant á bhforghníomhú aige trí dhéileáil ar a chuntas féin agus ba cheart míniú a thabhairt ann ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun rioscaí díobhálacha do chliaint a mheasúnú agus a sheachaint sna cásanna sin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an méid seo a leanas a bheith i gceist le beartas forghníomhaithe orduithe gnólachta infheistíochta (i) ba cheart bearta a bheith ann atá iomchuí chun coinbhleachtaí leasa idir an gnólacht infheistíochta agus a chliaint a shainaithint, a bhainistiú agus a chosc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 23 de Threoir 2014/65/AE agus le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565, (ii) ba cheart míniú a thabhairt ann ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun forghníomhú pras, cothrom agus gasta ar orduithe cliant a áirithiú i gcás nach féidir orduithe teorann cliant a fhorghníomhú láithreach faoi dhálaí an mhargaidh atá i réim, agus (iii) ba cheart a shonrú ann, nuair a fhorghníomhaítear orduithe cliant thar an gcuntar, conas a áirithíonn an gnólacht cothroime an phraghais i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

(14)

Chun cothroime an phraghais a mholtar don chliant a áirithiú i gcás ina bhforghníomhaíonn an gnólacht atá ag déileáil ar a chuntas féin a ordú nó a hordú agus chun an toradh is fearr is féidir a áirithiú don chliant, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta breithniú a dhéanamh ar phraghas reatha na hionstraime airgeadais sa mhargadh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, ar phraghas ionstraimí comhchosúla nó inchomparáide. Chun mí-úsáid a sheachaint, níor cheart do ghnólacht infheistíochta samhlacha praghsála inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás nach bhfuil aon sonraí iontaofa ann faoi phraghas margaidh reatha na hionstraime airgeadais nó faoi phraghas margaidh ionstraime comhchosúla nó inchomparáide.

(15)

Ar mhaithe le héifeachtacht bheartas forghníomhaithe na ngnólachtaí infheistíochta agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta go comhsheasmhach an oibleagáid atá orthu maidir leis an toradh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint, is iomchuí an oibleagáid ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 27(7) de Threoir 2014/65/AE a shonrú a thuilleadh maidir le conas ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach a mbeartais forghníomhaithe orduithe.

(16)

Chun é a chur ar a gcumas do ghnólachtaí infheistíochta measúnú leanúnach a dhéanamh ar cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann siad an toradh is fearr is féidir dá gcliaint ar bhonn comhsheasmhach, agus ar an gcaoi sin an ceanglas maidir leis an bhforghníomhú is fearr a chomhlíonadh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtairseach a chinn siad chun an toradh is fearr is féidir a áirithiú, lena n-áirítear spriocanna íosta agus diallais inghlactha, in aghaidh na haicme ionstraime airgeadais. Chun measúnú iomlánaíoch a dhéanamh ar dhiallais, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cuntas a thabhairt freisin ar aon difríocht ábhartha i gcostais forghníomhaithe idir an t-ionad ina bhforghníomhaítear an t-ordú agus na hionaid a áirítear sna sonraí tagartha.

(17)

Chun a áirithiú go mbeidh beartas forghníomhaithe orduithe na ngnólachtaí infheistíochta fós éifeachtach le himeacht ama agus go mbeidh sé ag teacht go leormhaith le forbairtí sa mhargadh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeartais forghníomhaithe orduithe uair sa bhliain ar a laghad. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta déanamh amhlaidh freisin aon uair a léirítear leis an bhfaireachán ar an mbeartas forghníomhaithe orduithe go bhfuil neamhchomhlíonadh ann leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe nó leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE, nó aon uair a dhéanann aon athrú ábhartha ar chostas, praghas, luas nó dóchúlacht an fhorghníomhaithe agus na socraíochta, nó ar mhéid nó ar chineál an ordaithe, nó ar aon pharaiméadar eile atá ábhartha maidir le forghníomhú an ordaithe difear do chumas an ghnólachta infheistíochta leanúint den toradh is fearr is féidir a fháil dá chliaint dá dtagraítear in Airteagal 65(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

(18)

Chun éifeachtacht an bheartais forghníomhaithe orduithe a áirithiú freisin i gcás nach roghnaíonn gnólachtaí infheistíochta ach ionad forghníomhúcháin amháin chun orduithe cliant a fhorghníomhú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta comparáid thréimhsiúil a dhéanamh idir an toradh a fhaightear ar an ionad forghníomhúcháin sin a roghnaíodh agus na torthaí a d’fhéadfaidís a fháil ar ionaid forghníomhúcháin mhalartacha atá ar fáil, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta lena mbaineann fós ag comhlíonadh na hoibleagáide atá air an toradh is fearr is féidir a fháil dá chliaint trí leanúint d’fhorghníomhú ar an ionad forghníomhúcháin aonair sin.

(19)

Chun a áirithiú go bhfuil gnólachtaí infheistíochta fós ag comhlíonadh na hoibleagáide atá orthu an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint, i gcás gnólachtaí infheistíochta a thagann ar an gconclúid, bunaithe ar a measúnú, go bhfuil easnaimh ina mbeartas forghníomhaithe orduithe, ba cheart do na gnólachtaí sin na heasnaimh sin a cheartú a luaithe is féidir tar éis an mheasúnaithe sin.

(20)

Dá ndéanfaí ionstraimí airgeadais ilchineálacha a ghrúpáil in aon aicme amháin, d’fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú ó thaobh cáilíocht forghníomhaithe a bhrath a d’fhéadfadh gan bheith inchurtha leis an gcáilíocht is gá i gcás ionstraimí airgeadais áirithe laistigh den aicme sin. Mar gheall air sin, agus chun a áirithiú gur féidir measúnú éifeachtach a dhéanamh ar cháilíocht an fhorghníomhaithe i gcás grúpaí aonchineálacha ionstraimí airgeadais, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta aicmí ionstraimí airgeadais a shainaithint ar leibhéal gráinneach, agus in imthosca áirithe, fo-aicmí ionstraimí airgeadais ar leithligh a shainaithint.

(21)

Le Treoir (AE) 2024/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Treoir 2014/65/AE trí (i) na hoibleagáidí atá ar ionaid forghníomhúcháin sonraí a bhaineann le cáilíocht forghníomhaithe na n-idirbheart agus le háit forghníomhaithe an idirbhirt a chur ar fáil don phobal a scriosadh agus (ii) ábhar agus formáid na faisnéise atá le foilsiú ag gnólachtaí infheistíochta a fhorghníomhaíonn orduithe cliant a athrú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/575 ón gCoimisiún (4), lenar leagadh síos na ceanglais a bhaineann leis na sonraí atá le foilsiú ag ionaid forghníomhúcháin maidir le cáilíocht fhorghníomhú na n-idirbheart, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/576 ón gCoimisiún (5), lena leagtar amach oibleagáidí ar ghnólachtaí infheistíochta faisnéis a fhoilsiú maidir le céannacht na n-ionad forghníomhúcháin agus cáilíocht an fhorghníomhaithe a fhaightear, a aisghairm.

(22)

Ós rud é gur gá do ghnólachtaí infheistíochta a mbeartas forghníomhaithe orduithe, a nósanna imeachta forghníomhaithe orduithe agus a mbonneagar TF gaolmhar a choigeartú chun go mbeidh siad i gcomhréir leis na ceanglais nua, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 18 mí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

(23)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(24)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé tuairim ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhíniú ar ionad forghníomhúcháin

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘ionad forghníomhúcháin’ ionad forghníomhúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

Airteagal 2

Ábhar beartais forghníomhaithe orduithe

1.   Áiritheoidh gnólachtaí infheistíochta go mbeidh na nithe seo a leanas ina mbeartas forghníomhaithe orduithe:

(a)

na nósanna imeachta rialachais inmheánaigh chun ionaid forghníomhúcháin a roghnú;

(b)

na bearta a dhéantar chun a áirithiú gurb iad údaráis inniúla a údaraíonn na hionaid forghníomhúcháin a roghnaíodh, nó, i gcás ina bhfuil an t-ionad forghníomhúcháin i dtríú tír, gurb iad na húdaráis tríú tír a údaraíonn na hionaid forghníomhúcháin a roghnaíodh.

2.   Coinneoidh gnólachtaí infheistíochta ar bun liosta inmheánach de na hionaid forghníomhúcháin a roghnaítear mar chuid dá mbeartas forghníomhaithe orduithe, ar liosta é a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ann i leith gach ionaid forghníomhúcháin:

(a)

ainm agus aitheantóir an ionaid forghníomhúcháin;

(b)

an dáta a d’fhormheas an gnólacht infheistíochta an t-ionad forghníomhúcháin le haghaidh a bheartais forghníomhaithe orduithe;

(c)

ainm agus feidhm an duine nó chomhlacht rialachais an ghnólachta infheistíochta a d’fhormheas roghnú an ionaid forghníomhúcháin;

(d)

na haicmí ionstraimí airgeadais a bhféadfar an t-ionad forghníomhúcháin a úsáid ina leith;

(e)

na cineálacha idirbheart a bhféadfar an t-ionad forghníomhúcháin a úsáid ina leith, lena n-áirítear idirbhearta maoinithe urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(f)

cé acu is féidir an t-ionad forghníomhúcháin a úsáid le haghaidh cliaint mhiondíola amháin nó le haghaidh cliaint ghairmiúla amháin, nó le haghaidh an dá chineál cliant;

(g)

aon teorainn, seachas na teorainneacha sin a leagtar amach i bpointí (d), (e) agus (f), ar úsáid an ionaid forghníomhúcháin.

3.   Sonróidh gnólachtaí infheistíochta ina mbeartas forghníomhaithe orduithe na socruithe agus na córais luachála, lena n-áirítear liosta soláthraithe sonraí a úsáidtear le haghaidh na luachála sin, a úsáidtear chun seiceálacha córasacha agus láidre a dhéanamh ar chothroime an phraghais ar orduithe a fhorghníomhaítear thar ceann cliant in aicmí ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear táirgí saincheaptha, a fhorghníomhaítear thar an gcuntar, mar a cheanglaítear le hAirteagal 64(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

4.   Na gnólachtaí infheistíochta a thairgeann na seirbhísí infheistíochta maidir le horduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant agus orduithe a fháil agus a tharchur araon, sonróidh siad ina mbeartas forghníomhaithe orduithe conas a chomhlíonann siad an oibleagáid gníomhú ar mhaithe le leas a gcliant, mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(1) de Threoir 2014/65/AE, agus cinneadh á dhéanamh acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh siad ordú a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Ionaid forghníomhúcháin a roghnú le haghaidh an bheartais forghníomhaithe orduithe

1.   Agus ionaid forghníomhúcháin á roghnú ag gnólachtaí infheistíochta dá mbeartas forghníomhaithe orduithe, cuirfidh siad saintréithe agus riachtanais na gcliant dá soláthraíonn siad seirbhísí infheistíochta agus na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE san áireamh, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cineálacha áirithe orduithe a bheith ar fáil;

(b)

maidir leis an gcritéar méide, méideanna orduithe tipiciúla nó ábhartha a gcliant agus minicíochtaí tipiciúla nó ábhartha orduithe;

(c)

maidir leis an gcritéar praghais, comparáid idir praghsanna forghníomhúcháin na n-ionad forghníomhúcháin féideartha agus na sonraí tagartha dá dtagraítear i mír 2;

(d)

maidir le critéar na gcostas, na táillí agus na costais seo a leanas a mhuirearaítear ar an ngnólacht infheistíochta:

(i)

táillí forghníomhaithe orduithe agus aon táillí trádála eile ar ionaid forghníomhúcháin;

(ii)

costais bhallraíochta in ionaid forghníomhúcháin nó nascacht leo;

(iii)

costais agus muirir le haghaidh seirbhísí imréitigh, socraíochta, cumhdaigh agus riaracháin eile a bhaineann le hionaid forghníomhúcháin a roghnú.

Chun críocha phointe (c), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta faisnéis ó sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite a úsáid le haghaidh an tacair sonraí tagartha, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Comhlíonfaidh na sonraí tagartha ar a mbeidh gnólachtaí infheistíochta ag brath na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go dtabharfaidh na sonraí sin léiriú iomlán agus cruinn ar na praghsanna forghníomhaithe a fuarthas sa mhargadh le haghaidh na haicme ionstraimí airgeadais a ndearnadh measúnú uirthi agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b)

go mbeidh sna sonraí sin, ar a laghad, na sonraí maidir le praghsanna forghníomhúcháin ó na hionaid forghníomhúcháin is leachtaí le haghaidh na n-ionstraimí a thrádáiltear laistigh de gach aicme ionstraimí airgeadais a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c)

i gcás aicmí d’ionstraimí airgeadais a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus aon fho-aicme d’ionstraimí airgeadais sna haicmí sin, a fhorghníomhaítear thar an gcuntar, lena n-áirítear táirgí saincheaptha, go mbeidh sonraí margaidh sna sonraí sin a chuirfidh ar a chumas don ghnólacht infheistíochta measúnú a dhéanamh ar chothroime an phraghais a mholtar don chliant, dá dtagraítear in Airteagal 64(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta sonraí tagartha ó sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite a úsáid, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

3.   Gnólachtaí infheistíochta nach roghnaíonn ach ionad forghníomhúcháin amháin chun orduithe cliant a fhorghníomhú i gcás aicme ar leith d’ionstraimí airgeadais arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 9, nó i gcás gach ordaithe cliaint, tabharfaidh siad údar ina mbeartas forghníomhaithe orduithe le conas a áirithítear go bhfaightear an toradh is fearr is féidir do chliaint ar bhonn comhsheasmhach ach ionad forghníomhúcháin amháin a roghnú.

Airteagal 4

Critéir maidir le horduithe a ródú

1.   I gcás ina bhféadfar ordú cliaint a fhorghníomhú ar dhá ionad forghníomhúcháin nó níos mó a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), sonróidh gnólachtaí infheistíochta ina mbeartas forghníomhaithe orduithe na critéir agus a dtábhacht choibhneasta chun an t-ionad forghníomhúcháin a shainaithint ina bhfuil coinne acu leis an toradh is fearr is féidir a fháil as ordú cliaint a fhorghníomhú.

2.   Cuirfidh na critéir dá dtagraítear i mír 1 ar a gcumas do ghnólachtaí infheistíochta an t-ionad forghníomhúcháin a shainaithint a bhfuil coinne leis go bhfaighidh sé an toradh is fearr is féidir as an ordú cliaint a fhorghníomhú, tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh, i measc nithe eile:

(a)

an aicme ionstraimí airgeadais a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b)

cé acu cliant miondíola nó cliant gairmiúil atá sa chliant;

(c)

na costais uile a bhaineann go díreach le forghníomhú an ordaithe, lena n-áirítear aon táille agus aon choimisiún a mhuirearaíonn an gnólacht infheistíochta féin;

(d)

méid agus cineál an ordaithe;

(e)

sonraí margaidh, lena n-áirítear sonraí margaidh stairiúla, i gcás inarb ábhartha agus i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

Na gnólachtaí infheistíochta a fhorghníomhaíonn orduithe thar ceann cliaint mhiondíola, ní chuirfidh siad san áireamh ach na critéir a bhfuil tionchar díreach acu ar an gcomaoin iomlán le haghaidh cliaint mhiondíola, dá dtagraítear in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE.

3.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a úsáideann córas ródaithe orduithe uathoibríoch an méid seo a leanas a shonrú ina mbeartas forghníomhaithe orduithe:

(a)

príomh-shaintréithe an chórais;

(b)

na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh i bhfeidhmiú an chórais ródaithe orduithe uathoibríoch sin na critéir a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 chun an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint.

Airteagal 5

Treoir ón gcliant

1.   Leagfaidh gnólachtaí infheistíochta amach ina mbeartas forghníomhaithe orduithe go bhféadfadh treoracha sonracha óna gcliaint cosc a chur ar an ngnólacht infheistíochta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cuid de na ceanglais nó na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhlíonadh;

(b)

an toradh is fearr is féidir a fháil agus ordú an chliaint á fhorghníomhú.

Beidh socruithe i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta a fhorghníomhaíonn orduithe bunaithe ar threoracha ón gcliant maidir le conas na treoracha sin a phróiseáil ar mhaithe le leas an chliaint.

2.   Leagfaidh gnólachtaí infheistíochta síos ina mbeartas forghníomhaithe orduithe conas idirdhealú a dhéanamh idir orduithe a bhfuil treoracha sonracha ón gcliant ag gabháil leo agus cinn nach bhfuil treoracha sonracha ón gcliant ag gabháil leo.

Ordú a bhfuil treoracha sonracha ón gcliant ag gabháil leis, beidh treoracha soiléire ann ón gcliant, lena n-áirítear aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

rogha amháin a bheith ag an gcliant as roghanna iomadúla arna dtairiscint ag an ngnólacht infheistíochta a bhaineann le cuid nó gné den ordú, nó, arna iarraidh sin go sainráite ag an gcliant, le gach cuid agus gach gné den ordú;

(b)

treoir ón gcliant don ghnólacht infheistíochta an t-ordú a láimhseáil ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach dá bhforáiltear le beartas forghníomhaithe orduithe an ghnólachta infheistíochta sin.

3.   Gnólachtaí infheistíochta a fhaigheann treoir shonrach ón gcliant a bhaineann le cuid nó gné den ordú, ní chaithfidh siad ach leis an gcuid nó leis an ngné sin den ordú mar threoir shonrach ón gcliant. Áiritheoidh gnólachtaí infheistíochta go bpróiseálfar gach páirt nó gné eile ar an mbealach céanna le horduithe nach bhfuil treoracha sonracha ón gcliant ag gabháil leo.

4.   Na gnólachtaí infheistíochta a thairgeann rogha do chliant miondíola maidir leis an ionad forghníomhúcháin, leagfaidh siad síos an méid seo a leanas ina mbeartas forghníomhaithe orduithe:

(a)

conas a chuireann an beartas forghníomhaithe orduithe cosc ar chliant a spreagadh chun ionad forghníomhúcháin sonrach a roghnú;

(b)

i gcás nach ionann na coimisiúin a mhuirearaítear ó ionad forghníomhúcháin go chéile, conas a chomhlíonann an gnólacht infheistíochta Airteagal 64(3) agus Airteagal 66(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565;

(c)

go bhfuil sé de shaoirse ag cliaint gan an t-ionad forghníomhúcháin is rogha leo a shonrú, agus sa chás sin gur ar an ngnólacht infheistíochta a bheidh an fhreagracht an t-ionad forghníomhúcháin a roghnú agus an oibleagáid an toradh is fearr is féidir a fháil as an ordú a fhorghníomhú;

(d)

go ndéanfar an t-ordú a ródú i gcomhréir le beartas forghníomhaithe orduithe an ghnólachta infheistíochta i gcás nach roghnaíonn an cliant an t-ionad forghníomhúcháin.

Airteagal 6

Déileáil ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á gcur i bhfeidhm acu

1.   Gnólachtaí infheistíochta a gceadaíonn a mbeartas forghníomhaithe orduithe dóibh orduithe a gcliant a fhorghníomhú trí dhéileáil ar a gcuntas féin, déanfaidh siad an méid seo a leanas a shonrú ina mbeartas forghníomhaithe orduithe:

(a)

conas a fhaigheann an gnólacht infheistíochta an toradh is fearr is féidir dá chliaint agus orduithe cliant á bhforghníomhú aige trí dhéileáil ar a chuntas féin;

(b)

na bearta a cuireadh chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, ar coinbhleachtaí leasa iad a bhaineann le horduithe cliant a fhorghníomhú trí dhéileáil ar a chuntas féin;

(c)

conas a dhéanann an gnólacht measúnú ar na rioscaí do chliaint agus orduithe cliant á bhforghníomhú aige trí dhéileáil ar a chuntas féin;

(d)

na bearta a rinne an gnólacht chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 67, 68, 69 agus 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a chomhlíonadh;

(e)

i gcás ina bhforghníomhaíonn an gnólacht infheistíochta orduithe cliant i dtáirgí thar an gcuntar, conas a chomhlíonann sé Airteagal 64(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 agus conas a áirithíonn sé cothroime an phraghais.

2.   Gnólachtaí infheistíochta a gceadaíonn a mbeartas forghníomhaithe orduithe dóibh orduithe a gcliant a fhorghníomhú trí dhéileáil ar a gcuntas féin, seiceálfaidh siad cothroime an phraghais a mholtar don chliant trí phraghas na hionstraime airgeadais a breathnaíodh ar an margadh tráth an idirbhirt a chur san áireamh. I gcás nach bhfuil aon phraghas iontaofa ar fáil, suífidh na gnólachtaí infheistíochta sin an praghas tagartha i bhfianaise praghas margaidh ionstraimí airgeadais comhchosúla, inchomparáide nó foluiteacha eile. In éagmais praghsanna iontaofa ar ionstraimí airgeadais comhchosúla, inchomparáide nó foluiteacha, úsáidfidh na gnólachtaí infheistíochta sin samhail phraghsála inmheánach, bunaithe ar shonraí iontaofa cruinne lena léirítear dálaí an mhargaidh.

Airteagal 7

Faireachán ar an mbeartas forghníomhaithe orduithe

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta faireachán ar éifeachtacht a mbeartais forghníomhaithe orduithe, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:

(a)

cé acu a fhorghníomhaítear nó nach bhforghníomhaítear orduithe cliant i gcomhréir leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe;

(b)

an cháilíocht a fhaightear trí orduithe cliant a fhorghníomhú i gcomhréir leis an mbeartas forghníomhaithe orduithe;

(c)

praghas an fhorghníomhaithe, agus na sonraí tagartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí tagartha ón teilitéip chomhdhlúite a d’fhéadfadh sé a bhí á húsáid ag an ngnólacht san am sin;

(d)

i gcás gach aicme ionstraimí airgeadais a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 9, bunaithe ar shampla ionadaíoch le haghaidh gach aicme, cé acu a bhaintear amach nó nach mbaintear amach cáilíocht an fhorghníomhaithe ar bhonn comhsheasmhach, bunaithe ar thairseacha arna réamhchinneadh ag an ngnólacht infheistíochta le haghaidh na dtáscairí seo a leanas:

(i)

an diallas a bhfuil glacadh leis i gcás phraghas forghníomhaithe na n-orduithe cliant ó luach ábhartha phraghsanna an fhorghníomhaithe sna sonraí tagartha;

(ii)

an céatadán íosta den mhéid iomlán arna thrádáil d’orduithe cliant forghníomhaithe a chomhlíonann luachanna ábhartha phraghsanna an fhorghníomhaithe sna sonraí tagartha as an líon iomlán orduithe cliant forghníomhaithe;

(iii)

an t-íoslíon orduithe cliaint forghníomhaithe a chomhlíonann luachanna ábhartha phraghsanna an fhorghníomhaithe sna sonraí tagartha;

(e)

gach toisc eile atá ábhartha maidir le horduithe cliant a fhorghníomhú mar a leagtar amach in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 8

Measúnú tréimhsiúil ar éifeachtacht an bheartais forghníomhaithe orduithe

1.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta measúnú ar éifeachtacht a mbeartais forghníomhaithe orduithe, go bliantúil ar a laghad, agus sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina léirítear leis an bhfaireachán ar an mbeartas forghníomhaithe orduithe i gcomhréir le hAirteagal 7 nach gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta a bheartas forghníomhaithe orduithe ná na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/65/AE;

(b)

i gcás ina dtarlaíonn athrú ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 65(7), an ceathrú fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565, a dhéanann difear do chumas an ghnólachta infheistíochta leanúint den toradh is fearr is féidir a fháil dá chliaint.

2.   Leis an measúnú tréimhsiúil dá dtagraítear i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

na costais agus na táillí a mhuirearaítear ar an ngnólacht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c);

(b)

torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

forbairtí sa mhargadh airgeadais, lena n-áirítear géarghanntanais thobanna leachtachta, agus tionchar na bhforbairtí sin ar an méid seo a leanas:

(i)

cáilíocht an fhorghníomhaithe a baineadh amach agus a raibh coinne léi i gcás na n-ionad forghníomhúcháin a roghnaíodh;

(ii)

cumas na n-ionad forghníomhúcháin a roghnaíodh an toradh is fearr is féidir a fháil do chliaint an ghnólachta infheistíochta ar bhonn comhsheasmhach;

(d)

teacht chun cinn ionad forghníomhúcháin nua, lena n-áirítear:

(i)

feidhmiúlachtaí nua atá a thairgeann na hionaid forghníomhúcháin nua sin;

(ii)

costéifeachtúlacht na struchtúr táillí a thairgeann na hionaid forghníomhúcháin nua sin;

(iii)

an trédhearcacht maidir le praghasmhúnlú a thairgeann na hionaid forghníomhúcháin nua sin;

(iv)

leibhéil leachtachta nó seirbhísí forghníomhúcháin a thairgeann na hionaid forghníomhúcháin nua sin;

(e)

cailliúint na n-ionad forghníomhúcháin a roghnaíodh, mar gheall ar chumaisc nó féimheacht, i measc cúiseanna eile.

3.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nár roghnaigh ach ionad forghníomhúcháin amháin chun orduithe cliant a fhorghníomhú in aicme ar leith d’ionstraimí airgeadais a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 9 nó chun gach ordú cliaint a fhorghníomhú, déanfaidh siad measúnú tréimhsiúil féachaint an áirithítear fós, trí orduithe cliant a fhorghníomhú ar ionad forghníomhúcháin amháin, go bhfaighidh na gnólachtaí infheistíochta sin an toradh is fearr is féidir do chliaint ar bhonn comhsheasmhach. Mar chuid den mheasúnú, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta comparáid leis na hionaid forghníomhúcháin mhalartacha atá ar fáil.

4.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a mbeartas forghníomhaithe orduithe agus a socruithe inmheánacha a thabhairt cothrom le dáta chun aon easnamh ar an éifeachtacht a sainaithníodh ina measúnuithe tréimhsiúla a cheartú a luaithe is féidir laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an mheasúnaithe, agus tromchúis an easnaimh á cur san áireamh.

Airteagal 9

Aicmí ionstraimí airgeadais

1.   Sainaithneoidh gnólachtaí infheistíochta aicmí ionstraimí airgeadais a bhforghníomhaíonn siad orduithe ina leith thar ceann cliant i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

2.   Sainaithneoidh gnólachtaí infheistíochta fo-aicmí ar leithligh ionstraimí airgeadais, laistigh de na haicmí a leagtar amach san Iarscríbhinn, i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhforghníomhaítear líon mór orduithe nó ina meastar go bhforghníomhófar iad in ionstraimí airgeadais le modhanna éagsúla forghníomhaithe laistigh den aicme chéanna ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear san Iarscríbhinn;

(b)

i gcás nach féidir, leis na haicmí a leagtar amach san Iarscríbhinn, faireachán éifeachtach agus measúnú éifeachtach a dhéanamh ar cháilíocht forghníomhaithe an ordaithe.

Airteagal 10

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2017/575 agus (AE) 2017/576.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Feabhra 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/565/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (IO L, 2024/790, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/790/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/575 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na sonraí atá le foilsiú ag ionaid forghníomhúcháin maidir le cáilíocht fhorghníomhú na n-idirbheart (IO L 87, 31.3.2017, lch. 152, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/575/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/576 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an bhfoilsiú bliantúil a dhéanann gnólachtaí infheistíochta ar fhaisnéis maidir le céannacht ionad forghníomhúcháin agus maidir le cáilíocht an fhorghníomhaithe (IO L 87, 31.3.2017, lch. 166, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/576/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2365/oj).


IARSCRÍBHINN

(a)

Scaireanna agus admhálacha taisclainne

‘Scaireanna agus admhálacha taisclainne’ dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(a), de Threoir 2014/65/AE.

(b)

Cistí arna dtrádáil ar an malartán, nótaí arna dtrádáil ar an malartán agus tráchtearraí arna dtrádáil ar an malartán

‘Cistí arna dtrádáil ar an malartán’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (46), de Threoir 2014/65/AE.

‘Tráchtearraí arna dtrádáil ar an malartán’ agus ‘nótaí arna dtrádáil ar an malartán’ dá dtagraítear i dTábla 2, an tríú ró, an tríú colún d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún (1) agus a shonraítear a thuilleadh i dTábla 2.4 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis.

(c)

Deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile atá cosúil le cothromas

‘Deimhnithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (2).

‘Ionstraim airgeadais eile atá cosúil le cothromas’ dá dtagraítear i dTábla 2, an ceathrú ró, an dara colún, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún (3).

(d)

Bannaí agus ionstraimí margaidh airgid

‘Bannaí’ dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(b), de Threoir 2014/65/AE.

‘Ionstraimí margaidh airgid’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (17), de Threoir 2014/65/AE.

(e)

Táirgí airgeadais struchtúrtha

‘Táirgí airgeadais struchtúrtha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(f)

Roghanna agus todhchaíochtaí a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála

‘Roghanna’ agus ‘todhchaíochtaí’ dá dtagraítear i Roinn C, pointí (4) go (7) agus (10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(g)

Díorthaigh eile

Ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i Roinn C, pointí (4) go (8) agus (10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, seachas roghanna agus todhchaíochtaí a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála.

(h)

Conarthaí difríochta airgeadais

‘Conarthaí difríochta airgeadais’ dá dtagraítear i Roinn C (9) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(i)

Lamháltais astaíochtaí

‘Lamháltais astaíochtaí’ dá dtagraítear i Roinn C (11) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(j)

Ionstraimí eile

Ionstraimí airgeadais nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar na haicmí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i).

(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúrtha, lamháltais astaíochtaí agus díorthach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 229, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/583/oj).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus i dtaca le hoibleagáidí forghníomhaithe idirbheart i leith scaireanna áirithe ar ionad trádála nó le hinmheánaitheoir córasach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 387, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/587/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/825/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)