European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/815

8.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/815 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2026

lena bhformheastar maoluithe ar choinníollacha incháilitheachta táirgí cosanta le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin faoi Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 (1) agus go háirithe Airteagal 13(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2026/467, tá an Úcráin le sceideal a tharraingt suas le haghaidh gach gníomhaíochta, gach caiteachais nó gach birt a bhaineann le táirge cosanta nó le táirge eile chun críoch cosanta a bhfuil sé beartaithe aici cúnamh a fháil ina leith, chun tacú lena hacmhainneacht thionsclaíoch i dtaca leis an gcosaint, de bhun Airteagal 8(2), pointe (a)(iii) de Rialachán (AE) 2026/467.

(2)

Leagfar amach sa sceideal sin tuairisc ar an táirge cosanta nó ar tháirge eile chun críoch cosanta agus faisnéis maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2026/467.

(3)

Le hAirteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2026/467 bunaítear maoluithe ar choinníollacha incháilitheachta táirgí cosanta le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin. Tá an Coimisiún leis na maoluithe sin a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus comhairle, saineolas agus tacaíocht an Ghrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gCosaint á gcur san áireamh, má fhaightear tuairim dhearfach ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin.

(4)

An 12 Márta 2026, chuir an Úcráin an chéad sceideal faoi bhráid an Choimisiúin (a aicmítear ar leibhéal atá coibhéiseach le RESTREINT UE/EU RESTRICTED (2)) le haghaidh gníomhaíochtaí, caiteachais nó bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó le táirgí eile chun críoch cosanta a bhfuil sé beartaithe ag an Úcráin cúnamh a iarraidh ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2026/467 (‘sceideal táirgí’).

(5)

Sa sceideal táirgí, d’iarr an Úcráin tairbhe a bhaint as an maolú a leagtar síos in Airteagal 13(5), pointe (a) de Rialachán (AE) 2026/467, i ndáil le costas comhpháirteanna táirgí a bhfuil géarghá ag an Úcráin leo chun freagairt do chogadh foghach na Rúise, nach de thionscnamh an Aontais, Stáit CSTE LEE ná na hÚcráine iad, a leagtar amach in Airteagal 13(4), pointe (g) den Rialachán sin.

(6)

Chun tacú lena hiarraidh, chuir an Úcráin faisnéis ar fáil chun a léiriú nach bhfuil aon táirge coibhéiseach ann a fhreagraíonn dá riachtanas práinneach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(4), pointe (g), nó a bheadh ar fáil ar an scála is gá agus a mbeadh an t-aga seachadta i gcomhréir le práinn an cháis agus le riachtanais oibríochtúla láithreacha na hÚcráine.

(7)

An 16 Márta 2026, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch na hÚcráine, arna bhunú ar bhonn Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2026/467, maidir leis an maolú don Úcráin agus fuair sé a chomhairle an dáta céanna.

(8)

Ós rud é gur léiríodh san anailís ar an iarraidh agus sa chomhairle ón nGrúpa Saineolaithe go gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an maolú a leagtar síos in Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2026/467, ba cheart an maolú a d’iarr an Úcráin an 12 Márta 2026 a fhormheas.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2026/467,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheasann an Coimisiún úsáid an mhaolaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2026/467 mar a d’iarr an Úcráin ina sceideal táirgí a fuair an Coimisiún an 12 Márta 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2026/467, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/467/oj.

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/815/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)