European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/806

20.4.2026

TREOIR (AE) 2026/806 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2026

lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú agus Treoir 2014/24/AE a mhéid a bhaineann le seirbhísí luachála i gcás réitigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh creat réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (‘institiúidí’) tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008-2009 agus de dhroim doiciméad a d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2011 dar teideal Key Attributes of Effective Resolution Regimes for Financial Institutions [Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh d’Institiúidí Airgeadais]. Is é atá i gcreat réitigh an Aontais Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá feidhm ag an dá ghníomh reachtacha maidir le hinstitiúidí agus maidir le heintitis eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin nó an Rialacháin sin (‘eintitis’). Is é is aidhm do chreat réitigh an Aontais déileáil ar bhealach ordúil le teipeanna institiúidí agus eintiteas trína bhfeidhmeanna criticiúla a chaomhnú agus trí bhagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus trí thaisceoirí agus cistí poiblí a chosaint san am céanna. Ina theannta sin, tá sé beartaithe le creat réitigh an Aontais forbairt an mhargaidh inmheánaigh sa bhaincéireacht a chothú trí chóras comhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna trasteorann ar bhealach comhordaithe agus trí shaincheisteanna maidir le saobhadh na hiomaíochta agus rioscaí na córa neamh-chomhionainne a sheachaint.

(2)

Roinnt blianta tar éis é a chur chun feidhme, níl cuid de na cuspóirí sin á mbaint amach mar a bhí beartaithe le creat réitigh an Aontais. Go háirithe, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag institiúidí agus ag eintitis i dtreo inréiteachta agus go bhfuil acmhainní suntasacha tiomnaithe acu chuige sin, go háirithe tríd an gcumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a mhéadú agus trí shocruithe um maoiniú réitigh a threisiú, is annamh a bhaintear leas as creat réitigh an Aontais. Ina ionad sin, is amhlaidh a thugtar aghaidh ar theipeanna institiúidí agus eintiteas beag agus meánmhéide áirithe trí bhearta náisiúnta neamh-chomhchuibhithe den chuid is mó. Is airgead cáiníocóirí a úsáidtear fós seachas líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal, amhail socruithe um maoiniú réitigh. Is cosúil go n-eascraíonn an staid sin as dreasachtaí neamhleora. Eascraíonn na dreasachtaí neamhleora sin as an idirghníomhú idir creat réitigh an Aontais agus na rialacha náisiúnta, rud a fhágann nach ndéantar lánrogha leathan údarás réitigh agus an measúnú ar leas an phobail á chur i gcrích a fheidhmiú i gcónaí ar bhealach lena léirítear an chaoi a raibh sé beartaithe feidhm a bheith ag creat réitigh an Aontais. San am céanna, is beag úsáid a baineadh as creat réitigh an Aontais mar gheall ar an riosca do thaisceoirí institiúidí arna gcistiú ó thaiscí caillteanais a bheith á n-iompar acu chun a áirithiú gur féidir leis na hinstitiúidí sin rochtain a fháil ar chistiú seachtrach i gcás réitigh, go háirithe in éagmais dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Ar deireadh, ós rud é nach bhfuil na rialacha maidir le rochtain ar chistiú i gcás nach bhfuil faoi réiteach chomh dian céanna leis na rialacha i gcás réitigh, tá claonadh ann leas a bhaint as réitigh eile de rogha ar chreat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm, réitigh ina n-úsáidtear airgead cáiníocóirí go minic in ionad acmhainní dílse de chuid institiúidí nó eintiteas nó líontán sábhála arna gcistiú ag an tionscal a úsáid. Cruthaíonn an staid sin rioscaí ilroinnte, rioscaí maidir le torthaí fo-optamacha i ndáil le teipeanna institiúidí agus eintiteas a bhainistiú, go háirithe i gcás institiúidí agus eintitis bheaga agus mheánmhéide, agus deischostais ó acmhainní airgeadais nár úsáideadh. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí creat réitigh an Aontais agus gur féidir é a chur i bhfeidhm aon uair a bheidh sé chun leasa an phobail déanamh amhlaidh, lena n-áirítear i gcás institiúidí beaga agus meánmhéide áirithe a chistítear go príomha trí thaiscí agus nach bhfuil dliteanais leordhóthanacha eile acu ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu.

(3)

Ceann de na príomhchuspóirí a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2014/59/AE is ea airgead na gcáiníocóirí a chosaint ar bhealach níos fearr trína áirithiú gur féidir an creat réitigh a chur i bhfeidhm nuair is gá. Le tabhairt isteach creat athbhreithnithe, ba cheart laghdú suntasach a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as airgead na gcáiníocóirí chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos minice agus níos éifeachtaí as líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal, lena n-áirítear socruithe um maoiniú réitigh.

(4)

Athraíonn déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre pleanála réitigh is gá maidir le fochuideachtaí nár sainaithníodh mar eintitis réitigh ag brath ar mhéid na n-institiúidí agus na n-eintiteas lena mbaineann, ar a bpróifíl riosca, ar a ról i soláthar feidhmeanna criticiúla, ar a bpríomhlínte gnó, ar a dtábhacht do leanúnachas oibríochtúil an ghrúpa tar éis réitigh agus an straitéis réitigh grúpa, agus ar thábhacht na fochuideachta sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe, lena n-áirítear an tábhacht shistéamach a d’fhéadfadh a bheith aici agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don scéim ráthaithe taiscí (SRT) i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis réitigh a bheith in ann na tosca sin a bhreithniú agus na bearta atá le déanamh i leith na bhfochuideachtaí sin á sainaithint acu agus cur chuige comhréireach a leanúint i gcás inarb iomchuí.

(5)

Maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá á bhfoirceannadh faoin dlí náisiúnta, tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil siad i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip agus tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh nach rachaidh sé chun leasa an phobail iad a réiteach, beidh siad ag imeacht ón margadh sa deireadh. Sna cásanna sin, níl plean chun an institiúid nó an t-eintiteas sin a réiteach de dhíth a thuilleadh, is cuma ar tharraing an t-údarás inniúil údarú na hinstitiúide nó an eintitis sin siar cheana. Is amhlaidh atá maidir le hinstitiúid iarmharach faoi réiteach tar éis aistriú sócmhainní, ceart, agus dliteanas i gcomhthéacs straitéise aistrithe. Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, nach gá pleananna réitigh a ghlacadh sna cásanna sin.

(6)

Ba cheart an nós imeachta maidir le faisnéis a bheith á tíolacadh, ag eintitis atá mar chuid de ghrúpa, d’údaráis réitigh chun pleananna réitigh a ullmhú, a ailíniú leis an nós imeachta a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE maidir le faisnéis a thíolacadh chun faireachán a dhéanamh ar an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) chun costais agus castacht nach bhfuil gá leo a sheachaint.

(7)

Faoi láthair, is féidir le húdaráis réitigh a chinneadh toirmeasc a chur ar dháileacháin áirithe i gcás nach gcomhlíonann institiúid nó eintiteas, bíodh sé ina eintiteas réitigh nó ná bíodh, an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar sin sa bhreis ar ICDI. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas ICDI a chomhlíonadh ar bhonn atá éagsúil leis an mbonn ar a gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh. Cruthaíonn an staid sin éiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar cumhachtaí údarás réitigh chun dáileacháin a thoirmeasc agus maidir leis an Uasmhéid Indáilte a bhaineann le ICDI a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos gur cheart d’údaráis réitigh, sna cásanna sin, an chumhacht a fheidhmiú chun dáileacháin áirithe a thoirmeasc ar bhonn an cheanglais maoláin chomhcheangailte mheasta a eascraíonn as an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 45c(4) de Threoir 2014/59/AE. Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart d’údaráis réitigh an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta a chur in iúl don institiúid nó don eintiteas, agus ba cheart don institiúid nó don eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta sin a chur ar fáil don phobal ansin.

(8)

Tugadh bearta luath-idirghabhála isteach chun go mbeadh na húdaráis inniúla in ann an meath ar staid airgeadais agus eacnamaíoch institiúide nó eintitis a leigheas agus an riosca agus an tionchar a bheadh ag réiteach féideartha a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, mar gheall ar easpa cinnteachta maidir leis na truicir chun na bearta luath-idirghabhála sin a chur i bhfeidhm agus forluí páirteach le bearta maoirseachta, is annamh a úsáideadh bearta luath-idirghabhála. Ba cheart, dá bhrí sin, na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála sin a shimpliú agus a shonrú tuilleadh. Chun deireadh a chur le héiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha agus leis an uainiú chun comhlacht bainistíochta institiúide nó eintitis a bhaint agus riarthóirí sealadacha a cheapadh, ba cheart na bearta sin a shainaithint go sainráite mar bhearta luath-idirghabhála agus ba cheart a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir na dtruicear céanna. Faoi choinníollacha sonracha, d’fhéadfaí gur réiteach costéifeachtach é gníomhaíochtaí a fhoirceannadh de réir a chéile, rud a ligfeadh d’institiúid nó d’eintiteas ag a bhfuil samhail ghnó lag imeacht as an margadh agus, ar an gcaoi sin, meath fadtréimhseach a sheachaint a mbeadh cliseadh na hinstitiúide nó an eintitis mar thoradh air. Ba cheart an chumhacht luath-idirghabhála a bheith ag na húdaráis inniúla a iarraidh go gcuirfí plean isteach a bheadh le cur chun feidhme i gcás foirceannadh deonach gníomhaíochtaí institiúide nó eintitis, agus ag an am céanna an cinneadh maidir le cur chun feidhme an phlean sin a fhágáil faoin institiúid nó faoin eintiteas lena mbaineann. Agus cumhachtaí luath-idirghabhála á gcur i bhfeidhm, ba cheart a cheangal ar údaráis inniúla na bearta iomchuí a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chás sonrach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann rioscaí clú nó rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn táscairí cainníochtúla, mar shampla ceanglais chaipitil nó leachtachta, leibhéal giarála, iasachtaí neamhthuillmheacha nó comhchruinniú neamhchosaintí, ach freisin ar bhonn truicir cháilíochtúla. Leis an bpróiseas cinnteoireachta i ndáil le bearta luath-idirghabhála, ba cheart a bheith in ann iad a bhreithniú go pras agus, más iomchuí, iad a chur i bhfeidhm, chun nach n-éireoidh staid na hinstitiúide nó an eintitis níos measa.

(9)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart deireadh a chur leis na bearta luath-idirghabhála a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE a fhorluíonn leis na cumhachtaí atá ann cheana faoin gcreat stuamachta a leagtar síos i dTreoracha 2013/36/AE (6) agus (AE) 2019/2034 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ina theannta sin, is gá a áirithiú go mbeidh údaráis réitigh in ann ullmhú le haghaidh réiteach féideartha institiúide nó eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil na húdaráis réitigh a chur ar an eolas sách luath faoin meath ar staid institiúide nó eintitis, agus ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith ag na húdaráis réitigh chun bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach, chun go mbeidh na húdaráis réitigh in ann freagairt chomh tapa agus is féidir don mheath ar staid institiúide nó eintitis, níor cheart cur i bhfeidhm roimh ré na mbeart luath-idirghabhála a bheith ina choinníoll chun go ndéanfaidh an t-údarás réitigh socruithe maidir le margú na hinstitiúide nó an eintitis nó maidir le faisnéis a iarraidh chun an plean réitigh a thabhairt cothrom le dáta agus an luacháil a ullmhú. Agus institiúid ar comhalta í de scéim cosanta institiúideach (SCI) á margú, ba cheart don údarás réitigh breithniú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfadh SCI a dhéanamh roimh an réiteach chun an riosca ábhartha go gclisfeadh ar an institiúid nó gur dócha go gclisfeadh uirthi a sheachaint. Chun freagairt chomhsheasmhach chomhordaithe éifeachtach thráthúil a áirithiú ar an meath ar staid institiúide nó eintitis agus chun ullmhú i gceart do réiteach féideartha, is gá feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcomhordú idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh. A luaithe a chomhlíonann institiúid nó eintiteas na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis inniúla agus d’údaráis réitigh a malartuithe faisnéise a mhéadú, lena n-áirítear faisnéis shealadach, agus faireachán a dhéanamh go comhpháirteach ar staid na hinstitiúide nó an eintitis.

(10)

Is gá gníomhaíocht thráthúil agus luath-chomhordú a áirithiú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh nuair is gnóthas leantach fós é institiúid nó eintiteas ach go bhfuil riosca ábhartha ann go dteipfidh an institiúid nó an t-eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil fógra a thabhairt don údarás réitigh a luaithe is féidir faoi riosca den sórt sin. Ba cheart na cúiseanna atá le measúnú an údaráis inniúil a bheith san fhógra sin, chomh maith le forléargas neamh-uileghabhálach ar bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach, ar ghníomhaíocht mhaoirseachta nó ar na bearta luath-idirghabhála atá ar fáil chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a chosc laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ní dhéanann an luathfhógra sin difear d’aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear bearta ó SCI, lena gcuirfí cosc ar chliseadh nó ar chliseadh dóchúil na hinstitiúide nó an eintitis laistigh de thréimhse ama réasúnta nó lena ndéanfaí dochar do na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. An réamhfhógra a thabharfaidh údarás inniúil don údarás réitigh maidir le riosca ábhartha go bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip nó maidir le deireadh na tréimhse ama a sonraíodh chun na bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an riosca ábhartha sin, níor cheart é sin a bheith ina choinníoll le haghaidh cinnidh a dhéanfar ina dhiaidh sin go bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip ná níor cheart an méid sin a thuiscint leis. Thairis sin, má mheastar ag céim níos déanaí go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh dóibh teip agus nach bhfuil aon réiteach malartach ann chun an teip sin a chosc laistigh de thréimhse ama réasúnta, ní mór don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. I gcás mar sin, is féidir le tráthúlacht an chinnidh gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm maidir leis an institiúid nó an eintiteas a bheith bunriachtanach chun an straitéis réitigh a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe toisc gur féidir le hidirghabháil níos luaithe san institiúid nó san eintiteas rannchuidiú le leibhéil leordhóthanacha cumais ionsúcháin caillteanais agus leachtachta a áirithiú chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas an údaráis réitigh measúnú a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil, ar cad is tréimhse ama réasúnta ann chun bearta malartacha a chur chun feidhme chun nach dteipfidh an institiúid nó an t-eintiteas. Chun toradh tráthúil a áirithiú agus chun go mbeidh an t-údarás réitigh in ann ullmhú go cuí do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis, ba cheart don údarás réitigh agus don údarás inniúil cruinnithe a thionól go tráthrialta, agus ba cheart don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na gcruinnithe sin, ag féachaint d’imthosca an cháis.

(11)

Tá sé i gceist leis an gcreat réitigh go bhféadfar é a chur i bhfeidhm maidir le haon institiúid nó eintiteas, gan beann ar a méid ná ar a samhail ghnó, mura leor na huirlisí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta chun a teip nó a theip a bhainistiú. Mar sin féin, ní mór cuid de chuspóirí an chreata a shonrú tuilleadh chun comhchuibhiú a mhéadú agus chun cóineasú a chur chun cinn. Is é is aidhm don chuspóir réitigh maidir le leanúnachas feidhmeanna criticiúla a áirithiú cobhsaíocht airgeadais agus an fíorgheilleagar a chosaint. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú nach scoirfear d’fheidhmeanna criticiúla a chur ar fáil. Go háirithe, is gá a shoiléiriú, ag brath ar na himthosca sonracha, gur cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann teacht ar an gconclúid go meastar feidhmeanna áirithe institiúide nó eintitis a bheith criticiúil fiú dá gcuirfeadh a scor isteach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar sheirbhísí atá fíor-riachtanach don fhíorgheilleagar ar an leibhéal réigiúnach amháin. A mhéid a bhaineann le taiscí a ghlacadh, tá na húdaráis réitigh le haird chuí a thabhairt ar an riosca go gcaillfeadh taisceoirí, a shealbhaíonn taiscí nach gcumhdaítear le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, muinín (8). Ba cheart cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair a sholáthraítear í ó bhuiséad Ballstáit. Tá taisceoirí a chumhdaítear le Treoir 2014/49/AE, infheisteoirí a chumhdaítear le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), cistí cliant agus sócmhainní cliant le cosaint freisin.

(12)

Le linn chéim na pleanála réitigh, agus cinneadh á dhéanamh ar cheart institiúid a shannadh lena réiteach, má bhíonn institiúid faoi réir oibleagáidí simplithe, ba cheart do na húdaráis réitigh, go ginearálta, é sin a bheith mar tháscaire acu nach chun leas an phobail é an institiúid a réiteach i gcás teipe. Os a choinne sin, ós rud é nach bhfuil institiúid faoi réir oibleagáidí simplithe, d’fhéadfaí a léiriú gur chun leas an phobail é í a réiteach i gcás teipe.

(13)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh foirceannadh eintitis faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus cur isteach ar sholáthar feidhmeanna criticiúla. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás gur dócha go mbeadh caillteanais ar sciar ábhartha taiscí nó deacrachtaí suntasacha maidir le leanúnachas rochtana ar thaiscí mar thoradh ar dhócmhainneacht, agus i gcás ina measann an t-údarás réitigh go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag na caillteanais sin nó ag na deacrachtaí sin ar sholáthar feidhmeanna criticiúla, ar chobhsaíocht airgeadais trí thógálacht nó ar an bhfíorgheilleagar. Sna cásanna sin, is rídhócha gur chun leas an phobail a bheadh sé an institiúid nó an t-eintiteas a chur faoi réiteach seachas í nó é a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú freisin, a mhéid is féidir, an difríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú arna sholáthar trí líontáin sábhála arna gcistiú ag an earnáil, eadhon na socruithe um maoiniú réitigh nó na SRTanna agus, ar an taobh eile, cistiú arna sholáthar ag na Ballstáit ó airgead cáiníocóirí. Tá riosca níos airde de bhaol morálta agus dreasacht níos ísle do smacht margaidh ag baint leis an gcistiú sin a chuireann na Ballstáit ar fáil. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ba cheart gurbh fhearr leis na húdaráis réitigh cistiú a fháil trí na socruithe um maoiniú réitigh nó trí SRTanna ná cistiú trí mhéid comhionann acmhainní ó bhuiséad na mBallstát.

(14)

Agus an measúnú ar leas an phobail á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh aon cheann de na cuspóirí réitigh i mbaol dá ndéanfaí an institiúid nó an t-eintiteas atá i mbéal teipthe a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Níor cheart a mheas go bhfuil gá le gníomhaíocht réitigh chun leas an phobail mura bhfuil aon cheann de na cuspóirí réitigh i mbaol dá ndéanfaí an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Má mheasann an t-údarás réitigh go bhfuil cuspóir réitigh amháin ar a laghad i mbaol i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, níor cheart toradh an mheasúnaithe ar leas an phobail a bheith diúltach ach amháin i gcás ina mbainfí na cuspóirí réitigh amach le foirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis atá i mbéal teipthe faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ní hamháin a mhéid céanna le réiteach ach ar bhealach níos éifeachtaí.

(15)

Más rud é nach gcuirtear institiúid nó eintiteas atá i mbéal teipthe faoi réiteach, ba cheart é nó í a fhoirceannadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta. D’fhéadfadh na nósanna imeachta sin a bheith an-éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Cé gurb iomchuí solúbthacht leordhóthanach a cheadú chun úsáid a bhaint as na nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana, ba cheart gnéithe áirithe a shoiléiriú chun a áirithiú go bhfágfaidh na hinstitiúidí nó na heintitis lena mbaineann an margadh.

(16)

Ba cheart a áirithiú go dtionscnóidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás réitigh nós imeachta nó go n-iarrfaidh sé nós imeachta a thionscnamh faoin dlí náisiúnta chun institiúid nó eintiteas a fhoirceannadh a chinntear a bheith i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip ach nach gcuirtear faoi réiteach. I gcás ina bhfuil foirceannadh deonach na hinstitiúide nó an eintitis ar chinneadh ó scairshealbhóirí ar fáil faoin dlí náisiúnta, ba cheart an rogha sin a bheith fós ar fáil agus ba cheart an chumhacht a thabhairt don údarás ábhartha a iarraidh go dtionscnófar an nós imeachta sin. Mar sin féin, ba cheart a áirithiú, in éagmais gníomhaíocht mhear ó na scairshealbhóirí, go ndéanfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha gníomhaíocht.

(17)

Ba cheart a leagan síos freisin gurb é toradh deiridh na nósanna imeachta foirceanta foirceannadh na ngníomhaíochtaí baincéireachta as a n-eascraíonn imeacht na hinstitiúide nó an eintitis atá i mbéal teipthe ón margadh. Ag brath ar an dlí náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm, is féidir an toradh sin a bhaint amach ar bhealaí éagsúla. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin díol na hinstitiúide nó an eintitis nó codanna di nó de, sócmhainní sonracha nó dliteanais shonracha a dhíol nó foirceannadh de réir a chéile, lena n-áirítear íocaíochtaí agus glacadh taiscí, d’fhonn a shócmhainní nó a sócmhainní a dhíol de réir a chéile chun na creidiúnaithe atá thíos leis a aisíoc. Chun gníomhaíochtaí baincéireachta a fhoirceannadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin, inter alia, le teorainn ar eisiúint dliteanas nua chun nach gcumhdófar ach na riachtanais athmhaoiniúcháin a eascraíonn as sócmhainní atá ann cheana a chumhdach, ionas nach gcuirfear síneadh le haibíocht na ndliteanas. Chun intuarthacht na nósanna imeachta a fheabhsú, ba cheart an toradh sin a bhaint amach laistigh de thréimhse ama réasúnta.

(18)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla údarú institiúide nó eintitis a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus nach bhfuil sí nó sé curtha faoi réiteach. Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann an t-údarú a tharraingt siar chun tacú leis an gcuspóir an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go háirithe i gcásanna nach féidir na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta a thionscnamh tráth a chinnfear go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip, lena n-áirítear na cásanna nach bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas dócmhainneach i gclár comhardaithe go fóill. Chun a áirithiú freisin gur féidir an cuspóir a bhaint amach, is é sin an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an t-údarás inniúil in ann údarú a tharraingt siar freisin mar chuid de na coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun ceann amháin ar a laghad de na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta a thionscnamh agus go mbeidh feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip ach nach gcuirtear faoi réiteach iad.

(19)

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Treoracha 2014/49/AE agus 2014/59/AE á gcur chun feidhme, is gá na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir bearta de chineál réamhchúraim a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonú go heisceachtúil. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar bearta réamhchúraim luath go leor. Ina theannta sin, maidir le bearta chun faoiseamh a sholáthar i leith sócmhainní bearnaithe, lena n-áirítear meáin bainistíochta sócmhainní nó scéimeanna ráthaíochta sócmhainní, is féidir leo a bheith éifeachtach agus éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna anás airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí agus d’eintitis agus chun a dteip a chosc agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith ina mbearta réamhchúraim ábhartha. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhféadfadh bearta réamhchúraim a bheith i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe.

(20)

Chun smacht margaidh a chaomhnú, cistí poiblí a chosaint agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, ba cheart bearta réamhchúraim a fhágáil mar eisceacht agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás géarchéim shistéamach. Thairis sin, níor cheart bearta réamhchúraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais thabhaithe nó ar chaillteanais is dóigh a thabhófar. Is é athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní arna dhéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó ag údaráis inniúla náisiúnta an ionstraim is iontaofa chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a chainníochtú. Ba cheart d’údaráis inniúla an t-athbhreithniú sin nó, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair, a úsáid chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a chainníochtú i gcás inar féidir an t-athbhreithniú sin nó na cigireachtaí sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla cainníochtú a dhéanamh ar na caillteanais a tabhaíodh nó ar dócha go dtabhófar iad ar an mbealach is iontaofa is féidir faoi na himthosca atá ann faoi láthair, i gcás inarb iomchuí ar bhonn chlár comhardaithe na hinstitiúide nó an eintitis, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, mar atá deimhnithe ag iniúchóir seachtrach neamhspleách é. Maidir leis an mbreithniú go bhfuil institiúid nó eintiteas sócmhainneach, chun críocha beart tacaíochta i bhfoirm athchaipitliú réamhchúraim agus ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais nua-eisithe, ba cheart é a bheith bunaithe ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach i dtaobh an féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas na ceanglais cistí dílse a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (11) nó i Rialachán (AE) 2019/2033 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an ceanglas cistí dílse breise a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034, a chomhlíonadh.

(21)

Is é is aidhm d’athchaipitliú réamhchúraim tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus d’eintitis inmharthana a shainaithnítear gur dócha go mbeidh deacrachtaí sealadacha acu go luath amach anseo agus a áirithiú nach rachaidh a gcás níos measa. Ionas nach ndeonófar fóirdheontais phoiblí do ghnólachtaí atá neamhbhrabúsach cheana féin, níor cheart bearta réamhchúraim, i bhfoirm ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile nó trí bhearta sócmhainní bearnaithe, a dheonú ar mó iad ná an méid is gá chun easnaimh chaipitil a chumhdach mar a sainaithníodh i gcás ina mbeadh toradh diúltach ar thástáil struis nó ar chleachtadh coibhéiseach. Chun a áirithiú go scoirfear den mhaoiniú poiblí ar deireadh, ba cheart na bearta réamhchúraim sin a theorannú ó thaobh ama de agus ba cheart amlíne shoiléir a bheith iontu chun iad a fhoirceannadh (‘straitéis chun imeacht ón mbeart tacaíochta’). Níor cheart ionstraimí suthaine, lena n-áirítear caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla agus níor cheart iad a bheith faoi réir teorainneacha cainníochtúla áirithe toisc nach bhfuil siad oiriúnach, de bharr a gcineáil, chun an coinníoll go mbeidís de chineál sealadach a chomhlíonadh. Ba cheart d’údaráis inniúla plean feabhsúcháin aonuaire a iarraidh ar institiúidí agus ar eintitis nach gcomhlíonann téarmaí na straitéise chun imeacht ón mbeart tacaíochta. Chun a áirithiú go n-imeoidh institiúidí nó eintitis nach bhfuil inmharthana ón margadh, ba cheart d’údarás ábhartha a chinneadh an bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh di nó dó teip i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta leis an bplean feabhsúcháin nó i gcás nach gcomhlíonann an institiúid nó an t-eintiteas an plean feabhsúcháin.

(22)

Ba cheart bearta réamhchúraim a theorannú don mhéid a bheadh de dhíth ar an institiúid nó ar an eintiteas chun a shócmhainneacht nó a sócmhainneacht a choinneáil ar bun i gcás ina mbeadh toradh diúltach ar thástáil struis nó ar chleachtadh choibhéiseach. I gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart an institiúid nó an t-eintiteas is faighteoir a bheith in ann an méid a deonaíodh a úsáid chun caillteanais ar na sócmhainní aistrithe a chumhdach nó i gcomhcheangal le héadáil ionstraimí caipitil, ar choinníoll nach sárófar méid foriomlán an easnaimh arna shainaithint. Is gá a áirithiú freisin go gcomhlíonfaidh bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe na rialacha agus na cleachtais is fearr atá ann cheana maidir le Státchabhair, go n-athbhunóidh siad inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis, go mbeidh státchabhair teoranta don mhéid is lú is gá agus go seachnófar saobhadh ar an iomaíocht. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, i gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, an treoraíocht shonrach a chur san áireamh, lena n-áirítear treoirphlean an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar féidir cuideachtaí náisiúnta bainistithe sócmhainní a bhunú agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha i ndiaidh phaindéim COVID-19. Ba cheart bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe a bheith i gcónaí faoi réir an choinníll sháraithaigh gur bearta sealadacha iad. Le ráthaíochtaí poiblí a dheonaítear ar feadh tréimhse shonraithe i ndáil le sócmhainní bearnaithe na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann, meastar go n-áiritheofar gur fearr a chomhlíonfar an coinníoll sin ná aistrithe na sócmhainní sin chuig eintiteas a fhaigheann tacaíocht phoiblí.

(23)

Chun sáruithe ábhartha ar cheanglais stuamachta a chumhdach, is gá na coinníollacha a shonrú a thuilleadh chun a chinneadh go bhfuil cuideachtaí sealbhaíochta i mbéal teipthe nó gur dóigh dóibh teip. Ba cheart sárú ábhartha a bheith déanta ag cuideachta sealbhaíochta ar na ceanglais sin i gcás ina bhfuil cineál agus méid an tsáraithe sin inchomparáide le sárú a thabharfadh údar cuí don údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE dá mb’institiúid creidmheasa a dhéanfadh é.

(24)

D’fhéadfadh sé go mbeadh cumhachtaí ag na Ballstáit, faoin dlí náisiúnta, oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí, oibleagáidí a bhféadfadh taiscí incháilithe a bheith san áireamh iontu. I gcás nach mbeidh baint dhíreach ag fionraí na n-oibleagáidí íocaíochta nó seachadta le himthosca airgeadais na hinstitiúide creidmheasa, d’fhéadfadh nach mbeadh taiscí ar fáil chun críocha Threoir 2014/49/AE. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh taisceoirí in ann rochtain a fháil ar a gcuid taiscí ar feadh tréimhse fhada. Chun iontaoibh agus muinín na dtaisceoirí in earnáil na baincéireachta agus cobhsaíocht airgeadais a chothabháil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar shuim iomchuí laethúil óna dtaiscí, chun an costas maireachtála a chumhdach, go háirithe, i gcás nach mbeadh rochtain ar a dtaiscí mar gheall ar íocaíochtaí a bheith curtha ar fionraí ar chúiseanna eile seachas cúiseanna as a leanann eisíocaíocht taisceora. Ba cheart an nós imeachta sin leanúint de bheith eisceachtúil, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar mhéideanna laethúla iomchuí.

(25)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, agus i bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas a thiocfaidh as teagmhais éiginnte amach anseo, lena n-áirítear toradh dlíthíochta atá ar feitheamh tráth an réitigh, is gá a leagan síos mar ba cheart na dliteanais sin a láimhseáil chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm. Ba cheart d’údaráis réitigh idirdhealú a dhéanamh idir dliteanais atá bunaithe ar oibleagáidí reatha atá ann mar gheall ar theagmhais a tharla san am atá caite a mbeidh caillteanas mar thoradh orthu ach arb éiginnte a n-uainiú nó a méid agus dliteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo ach nach mbeadh caillteanas mar thoradh orthu nó a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo go díreach má tharlaíonn teagmhas éiginnte.

(26)

Ba cheart a shonrú freisin nach mór caitheamh le dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid, i gcás ina bhfuil na dliteanais sin bunaithe ar oibleagáidí reatha a eascraíonn as teagmhais a tharla san am atá caite a mbeidh caillteanas ann dá mbarr, ar an mbealach céanna le dliteanais eile. Ba cheart a bheith in ann tarrtháil inmheánach a thabhairt ar dhliteanais mar sin, ach amháin má chomhlíonann siad ceann de na critéir shonracha lena n-eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí. I bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas sin i gcás réitigh agus chun cinnteacht a áirithiú i gcur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, ba cheart a shonrú gur cuid de na dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh feidhm a bheith ag an uirlis tarrthála inmheánaí maidir leo. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach na huirlise tarrthála inmheánaí maidir le dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás réitigh an phríomhshuim atá dlite i leith na ndliteanas sin a laghdú, lena n-áirítear í a laghdú go nialas, agus na dliteanais sin a chomhshó ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile. Mar sin féin, ní féidir leis an laghdú ná leis an gcomhshó teacht i bhfeidhm ach amháin má chinntear go cinntitheach agus a luaithe a chinnfear go cinntitheach an dliteanas arb éiginnte a uainiú nó a mhéid i dtaca le huainiú agus méid.

(27)

Is gá a áirithiú, áfach, nach ndéanfaidh dliteanas a d’fhéadfadh teacht as teagmhas éiginnte nó dliteanas arb éiginnte a uainiú nó a mhéid a bhunaítear ar oibleagáid reatha tráth an réitigh dochar d’éifeachtacht na straitéise réitigh ná go háirithe d’éifeachtacht na huirlise ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt uirthi. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart don luachálaí, mar chuid den luacháil chun críoch réitigh, measúnú a dhéanamh ar na dliteanais sin agus luach féideartha na ndliteanas sin a chainníochtú de réir chumas an luachálaí. Chun a áirithiú gur féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas, tar éis an phróisis réitigh, muinín leordhóthanach sa mhargadh a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama, ba cheart don luachálaí an luach féideartha sin a chur san áireamh nuair a bheidh an méid á shuíomh faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó chun cóimheasa caipitil na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh a chumhachtaí comhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a mhéid is gá chun a áirithiú gur leor athchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach chun caillteanais fhéideartha a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo de bharr teagmhas éiginnte nó atá bunaithe ar oibleagáid reatha ach arb éiginnte a uainiú nó a mhéid. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid atá le díluacháil nó le comhshó, ba cheart don údarás réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar thionchar an chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann ar an institiúid faoi réiteach bunaithe ar roinnt tosca, lena n-áirítear an dóchúlacht go dtiocfaidh an teagmhas chun cinn, an tréimhse ama dá theacht chun cinn agus méid an dliteanais.

(28)

In imthosca áirithe, tar éis don socrú um maoiniú réitigh ranníocaíocht suas le huasmhéid 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an eintitis, cistí dílse san áireamh, a chur ar fáil, tá na húdaráis réitigh in ann foinsí breise cistiúcháin a úsáid chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá ngníomhaíocht réitigh. Ba cheart a shonrú ar bhealach níos soiléire cé na himthosca ina bhféadfadh an socrú um maoiniú réitigh tuilleadh tacaíochta a thabhairt i gcás ina ndearnadh na dliteanais uile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu agus nach taiscí incháilithe iad, ag a bhfuil rangú tosaíochta atá níos ísle ná rangú taiscí nach bhfuil faoi chumhdach de chuid daoine nádúrtha agus micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide agus nach n-eisiatar go discréideach ón tarrtháil inmheánach, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.

(29)

Is féidir na taiscí a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar dhliteanais incháilithe a úsáid chun ICDI a chomhlíonadh. Mar sin féin, i bhfianaise chineál sonrach na dtaiscí, agus i bhfianaise an róil atá acu san fhíorgheilleagar agus maidir le muinín a chothú sa chóras baincéireachta, ba cheart cuimsiú na dtaiscí i raon feidhme na ndliteanas a úsáidtear chun ICDI a chomhlíonadh a bheith faoi réir ceanglais níos déine, ós rud é gur cheart na hacmhainní atá incháilithe do ICDI a bheith inúsáidte ina n-iomláine chun na caillteanais a sheasamh agus chun rannchuidiú le hathchaipitliú institiúide creidmheasa i gcás ina dteipfeadh sí. Ar an gcéad dul síos, mar atá faoi na rialacha atá ann faoi láthair, níor cheart do dhaoine nádúrtha ná do mhicrifhiontair ná d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith in ann na taiscí a úsáidtear le haghaidh ICDI a shealbhú. Ar an dara dul síos, ba cheart a shoiléiriú nach féidir na taiscí lena dtugtar ceart chun luath-aisíocaíochta dá úinéir a bheith incháilithe do ICDI, lena n-áirítear sna cásanna sin ina bhforáiltear leis na forálacha conarthacha go mbeidh luath-aisíocaíocht faoi réir pionós a íoc. Ar an tríú dul síos, chun trédhearcacht a áirithiú agus chun na rioscaí a bhaineann leis na taiscí sin a chur san áit mhíchuí a íoslaghdú, ba cheart tagairt shainráite a dhéanamh sna forálacha conarthacha ábhartha do rún na hinstitiúide creidmheasa na taiscí sin a úsáid chun ICDI a chomhlíonadh, agus don fhíoras nach gcáilíonn siad mar thaiscí incháilithe agus, dá bhrí sin, nach n-aisíocfaidh SRT aon chuid den taisce sin i gcás nach mbeidh sí ar fáil. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart úsáid taiscí in ICDI a cheadú, de ghnáth, ach amháin má d’údaraigh na húdaráis réitigh roimhe sin iad a áireamh in acmhainní incháilithe ICDI ar bhonn measúnú nár ghá na taiscí sin a chosaint ar chaillteanais a iompar i gcás réitigh agus nach n-eascródh bac substainteach ar inréiteacht astu. Ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann cead a thabhairt na taiscí a úsáid chun ICDI a chomhlíonadh ar bhonn ginearálta i gcás gach eintitis réitigh, gan measúnú aonair a dhéanamh ar gach taisce, chomh maith le cuimsiú taiscí chun ICDI a chomhlíonadh a theorannú do mhéideanna socraithe. Is féidir le taiscí struchtúrtha, d’ainneoin gur dliteanais iad ina bhfuil díorthaigh leabaithe, cáiliú freisin mar dhliteanais incháilithe institiúide creidmheasa, ar choinníoll go gcomhlíontar gach coinníoll eile.

(30)

Chun éifeachtaí aille a sheachaint, is gá na taiscí atá ann cheana a cháilíonn mar dhliteanais incháilithe a mharthanú. Maidir le taiscí a ghlactar roimh an 12 Bealtaine 2028, ba cheart na critéir incháilitheachta nua a tharscaoileadh. Ba cheart deireadh a chur leis an marthanú an 11 Bealtaine 2029.

(31)

Le Rialacháin (AE) 2019/876 (13) agus (AE) 2019/877 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais ‘Bileog Téarmaí an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (CIIC)’ arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (‘caighdeán CIIC’), le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i ndlí an Aontais mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIInna). Le Rialachán (AE) 2019/877 agus le Treoir (AE) 2019/879, leasaíodh an ICDI a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Is gá na forálacha maidir le ICDI a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE a ailíniú le cur chun feidhme chaighdeán CIIC do G-SIInna maidir le dliteanais áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an chuid den ICDI a chomhlíonadh ar cheart í a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile. Go háirithe, ba cheart dliteanais a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata áirithe a áireamh i gcistí dílse agus in ionstraimí incháilithe fo-ordaithe na n-eintiteas réitigh i gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata sin ar chlár comhardaithe an eintitis réitigh ná 5 % de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis réitigh agus nach n-eascraíonn aon riosca a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ ón gcuimsiú sin.

(32)

I gcás eintitis réitigh áirithe, is ar aistriú ghnó na hinstitiúide faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid go príomha a bhraitheann an straitéis réitigh tosaíochta a leagtar amach sa phlean réitigh nó sa phlean réitigh grúpa. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar SRT ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo gníomhaíocht réitigh, rud a d’fhéadfadh cosaint taiscí áirithe nach gcumhdaítear leis an SRT a áirithiú. Chun an baol morálta a íoslaghdú, ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear sa phlean réitigh an uirlis díolacháin gnó nó an uirlis droichead-institiúide a chur i bhfeidhm agus imeacht an eintitis réitigh ón margadh, nár cheart ICDI an eintitis réitigh lena mbaineann a shocrú ar leibhéal faoi bhun tairseacha áirithe. I gcás ina mbeidh an méid sin os cionn na dtairseach ó tharla gur cuireadh na rialacha maidir le calabrú ICDI i bhfeidhm, cloífear leis an méid níos airde sin. Níor cheart feidhm a bheith ag na tairseacha sin maidir leis an tacar ICDI d’eintitis réitigh arb é atá ina straitéis réitigh tosaíochta an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm chun críocha a hathchaipitlithe a mhéid is leor chun gur féidir léi leanúint de na gníomhaíochtaí dá bhfuil sí údaraithe a chur i gcrích, fiú i gcás ina mbeartaítear sa straitéis réitigh tosaíochta an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm in éineacht le huirlisí réitigh eile, agus na huirlisí deireanacha sin á n-úsáid ar bhealach coimhdeach.

(33)

Ní áirítear i dTreoir 2014/59/AE rialacha tiomnaithe maidir le socruithe idirthréimhseacha ná spriocleibhéil idirmheánacha chun ICDI a chomhlíonadh tar éis 2024. Mar sin féin, is ann do chásanna nár cheart a cheangal láithreach ar institiúidí ná ar eintitis ICDI níos airde arna shocrú ag an údarás réitigh a chomhlíonadh, lena n-áirítear na cásanna sin inarb iad athruithe ábhartha ar an institiúid nó ar an eintiteas mar gheall ar chumaisc nó éadálacha, cuir i gcás, nó athruithe ar an straitéis réitigh tosaíochta is cúis leis an méadú ar ICDI. Go háirithe, i gcás ina n-athraíonn an straitéis réitigh tosaíochta ó fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta go dtí cur i bhfeidhm gníomhaíochta réitigh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an institiúid ná an t-eintiteas in ann ICDI arna shocrú ag an údarás réitigh a chomhlíonadh ina iomláine láithreach bonn. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt do na húdaráis réitigh na hidirthréimhsí iomchuí a chinneadh chun ICDI a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis réitigh spriocleibhéil idirmheánacha cheangailteacha a chinneadh le haghaidh na n-institiúidí nó na n-eintiteas sin, chun a áirithiú go ndéanfaidh siad a n-acmhainní atá incháilithe i leith ICDI a fhorbairt ar bhealach iomchuí. Chun ionchais dhlisteanacha a chosaint, níor cheart do na rialacha nua difear a dhéanamh do na hidirthréimhsí a chinn údaráis réitigh roimhe sin ar bhonn na rialacha is infheidhme ar an dáta ábhartha.

(34)

Ceanglaítear ar institiúidí agus ar eintitis aitheantas conarthach ar éifeachtaí na huirlise tarrthála inmheánaí a áireamh i gcomhaontuithe nó in ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais arna rialú le dlíthe tríú tíortha, ach amháin i gcás nach bhfuil sé praiticiúil de réir dlí nó ar shlí eile déanamh amhlaidh. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas agus an creat réitigh á chur i bhfeidhm go bhfuil na ceanglais maidir leis na téarmaí conarthacha sin um aitheantas tarrthála inmheánaí, chomh maith leis an nós imeachta chun fógra a thabhairt agus measúnú a dhéanamh ar a dhofheidhmithe atá sé na téarmaí sin a áireamh, go bhfuil siad róleathan, róchasta agus go bhfuil ualach rómhór ag baint le hinréiteacht institiúidí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir gníomhaíocht réitigh a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le hionstraimí cistí dílse agus dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a chúngú, agus, ar an gcaoi sin, go háirithe, na conarthaí lena gcruthaítear dliteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo de dheasca teagmhas éiginnte a eisiamh. Ina theannta sin, ba cheart an straitéis atá beartaithe sa phlean réitigh a chur san áireamh i raon feidhme na n-institiúidí agus na n-eintiteas atá faoi réir an cheanglais. Ar an gcúis sin, níor cheart a cheangal ar eintitis leachtaithe ná ar fhochuideachtaí eintiteas réitigh nach eintitis réitigh iad féin an téarma aitheantais tarrthála inmheánaí a áireamh ina gconarthaí, ach amháin má chuireann an t-údarás réitigh de cheangal orthu é sin a dhéanamh. Ar deireadh, cé nach gá coigeartuithe a dhéanamh ar na forais atá ag institiúidí ná ag eintitis chun a dhofheidhmithe atá sé an téarma aitheantais tarrthála inmheánaí a áireamh ina gconarthaí a agairt, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta d’institiúidí agus d’eintitis chun na cásanna sin a thuairisciú don údarás réitigh agus ba cheart é a ionchorprú sa tuairisciú bliantúil chun críoch pleanála réitigh.

(35)

Chun éascaíocht a dhéanamh do phleanáil réitigh, do mheasúnú a dhéanamh ar inréiteacht agus d’fheidhmiú na cumhachta chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint chomh maith le malartú faisnéise a chothú, ba cheart don údarás réitigh de chuid institiúid a bhfuil brainsí suntasacha aici i mBallstáit eile a bheith in ann coláiste réitigh a bhunú agus cathaoirleacht a dhéanamh air.

(36)

Ós rud é gur féidir leis an soláthar faisnéise a bhaineann le líon comhiomlánaithe na gcustaiméirí arb í institiúid nó eintiteas an t-aon chomhpháirtí baincéireachta amháin nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu, ar faisnéis í atá i seilbh na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a bheith riachtanach agus comhréireach chun an measúnú ar leas an phobail a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn cás ar chás. Ba cheart a shonrú cathain go díreach a gheobhaidh na húdaráis réitigh an rochtain indíreach ar fhaisnéis freisin.

(37)

Tá idirghníomhaíochtaí idir an creat réitigh agus an creat maidir le drochúsáid mhargaidh. Go háirithe, cé go bhféadfadh gníomhaíochtaí a dhéantar mar réiteach nó mar ullmhúchán don réiteach cáiliú mar fhaisnéis ón taobh istigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), tá an riosca ann go gcuirfeadh a nochtadh anabaí an próiseas réitigh i mbaol. I gcás inar céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach iad na gníomhaíochtaí sin, ní cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go nochtfar láithreach iad. I gcásanna eile, tá institiúidí nó eintitis in ann bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí mhoill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh don phobal de bhun Airteagal 17(4) nó (5) den Rialachán sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na dreasachtaí cearta i láthair i gcónaí tráth an réitigh nó tráth an ullmhúcháin don réiteach ionas gur féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas tabhairt faoin moill sin. Chun na cásanna sin a sheachaint, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis réitigh a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas rúndacht na faisnéise ón taobh istigh a áirithiú maidir leis an ullmhúchán don réiteach agus maidir leis an bpróiseas réitigh nó maidir le díluacháil agus comhshó fad a mheasann siad gur gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach. Níor cheart a cheangal ar institiúidí ná ar eintitis an fhaisnéis sin ón taobh istigh a nochtadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go dtí go gcuirfidh an t-údarás réitigh in iúl dóibh nach gá rúndacht a áirithiú a thuilleadh chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach. I gcás nach n-áirithítear rúndacht a thuilleadh, áfach, ba cheart a cheangal ar institiúidí agus ar eintitis an fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh don phobal a luaithe is féidir.

(38)

Ba cheart nasc leordhóthanach a choinneáil freisin idir pá agus feidhmíocht i gcás réitigh, go háirithe i gcás inar dócha go mbeidh tionchar ag na caillteanais ar na socruithe um maoiniú réitigh. Sna cásanna sin, ba cheart aon luach saothair inathraitheach de chuid comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus de bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach nár íocadh amach nó nár dílsíodh a chur ar ceal. Mura gcruthóidh comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach nach raibh baint ar bith acu leis an iompar ba chúis le teip na hinstitiúide faoi réiteach, nó nár chuir siad leis an teip sin, ba cheart an luach saothair inathraithe a dílsíodh nó a íocadh sna 24 mhí roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a thabhairt ar ais nó a aisíoc.

(39)

Tar éis na tréimhse tosaigh ina ndéantar na socruithe um maoiniú réitigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a bhunú, d’fhéadfadh laghduithe beaga faoi bhun a spriocleibhéil teacht ar a n-acmhainní airgeadais faoi seach atá ar fáil dóibh, go háirithe mar thoradh ar mhéadú ar thaiscí cumhdaithe. Is dócha, dá bhrí sin, gur beag méid na ranníocaíochtaí ex ante is dócha a ghlaofar sna himthosca sin. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, sna blianta romhainn amach, nach mbeadh méid na ranníocaíochtaí ex ante sin i gcomhréir a thuilleadh leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin a thiomsú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann tiomsú na ranníocaíochtaí ex ante a chur siar ar feadh 3 bliana ar a mhéad go dtí go sroichfidh an méid atá le tiomsú méid atá comhréireach le costas an phróisis tiomsaithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh an t-iarchur sin difear ábhartha do chumas na n-údarás réitigh socruithe um maoiniú réitigh a úsáid.

(40)

Tá gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ar cheann de chomhpháirteanna na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil do shocruithe um maoiniú réitigh. Is gá, dá bhrí sin, na himthosca a shonrú inar féidir na gealltanais íocaíochta sin a ghlaoch. I gcás ina scoirfidh eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc le socrú um maoiniú réitigh tar éis cinneadh lena n-údaraítear a thréigean, ba cheart an gealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a chealú. Chun a áirithiú nach dtiocfaidh cás as cealú an ghealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ina dtiteann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil sa socrú um maoiniú réitigh faoi bhun leibhéal a mheasann an t-údarás réitigh a bheith leordhóthanach, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an údarás réitigh ranníocaíocht a chinneadh ar cheart a cheangal ar an eintiteas ábhartha í a íoc. Ina chinneadh, ba cheart don údarás réitigh breithniú cuí a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcothrom iomaíochta idir na hinstitiúidí rannpháirteacha uile a choinneáil ar bun, lena n-áirítear an t-eintiteas a scoireann de bheith laistigh de raon feidhme Airteagal 1 de Threoir 2014/59/AE. Tá an t-údarás réitigh le cúiseanna mionsonraithe lena chinneadh a thabhairt agus leis an gcinneadh sin a nochtadh, lena n-áirítear a réasúnú, ina thuarascáil bhliantúil. Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a thabhairt maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le tiomsú, ba cheart don údarás réitigh an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an údarás inniúil a áirithiú go maolófar aon éifeacht chomhthimthriallach a bheidh ag gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ag brath ar a láimhseáil chuntasaíochta.

(41)

Uasmhéid bliantúil na ranníocaíochtaí ex post urghnácha le socruithe um maoiniú réitigh a cheadaítear a ghlaoch, tá sé teoranta faoi láthair do thrí oiread na ranníocaíochtaí ex ante. Tar éis na tréimhse tiomargtha tosaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE, ní bheidh na ranníocaíochtaí ex ante sin, i gcúinsí seachas na cinn ina ndéantar na socruithe um maoiniú réitigh a úsáid, ag brath ach ar athruithe ar leibhéal na dtaiscí faoi chumhdach, agus orthu sin amháin, agus is dócha, dá bhrí sin, go n-éireoidh siad beag. Dá socrófaí uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha ar bhonn na ranníocaíochtaí ex ante, d’fhéadfaí teorainn mhór a chur leis an deis atá ag na socruithe um maoiniú réitigh ranníocaíochtaí ex post a thiomsú, agus ar an gcaoi sin a gcumas gníomhaíochta a laghdú. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teorainn dhifriúil agus ba cheart uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha a gceadaítear glaoch orthu a shocrú ag trí oiread an ochtú cuid de spriocleibhéal an tsocraithe um maoiniú réitigh lena mbaineann.

(42)

Le Treoir 2014/59/AE, rinneadh comhchuibhiú i bpáirt ar rangú taiscí faoi dhlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Rinneadh foráil leis na rialacha sin maidir le rangú trí leibhéal na dtaiscí, ina raibh an rangú tosaíochta is airde ag taiscí faoi chumhdach, agus ina dhiaidh sin ag taiscí incháilithe daoine nádúrtha agus micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide atá os cionn an leibhéil chumhdaigh. Na taiscí eile atá fágtha, eadhon taiscí corparáidí móra a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh agus taiscí nach bhfuil incháilithe le haghaidh aisíocaíochta ó SRT, bhí sé de cheangal orthu rangú tosaíochta níos ísle a bheith acu, ach ní raibh a suíomh comhchuibhithe ar shlí eile. Ar deireadh, bhain éilimh SRTanna tairbhe as an rangú tosaíochta níos airde céanna agus a bhí ag taiscí faoi chumhdach. Mar sin féin, is léir nárbh é an comhchuibhiú páirteach sin an réiteach is fearr le haghaidh cosaint taisceoirí. Chruthaigh comhchuibhiú páirteach difríochtaí sa chaoi a gcaitear leis na taisceoirí atá fágtha ar fud na mBallstát, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil cinneadh déanta acu tosaíocht dhlíthiúil a thabhairt do na taiscí atá fágtha. Chruthaigh na difríochtaí sin deacrachtaí freisin agus cinneadh á dhéanamh maidir le frithfhíorasach dócmhainneachta do ghrúpaí trasteorann le linn na luachálacha réitigh. Thairis sin, mar gheall ar an easpa tosaíochta ginearálta do thaisceoirí, d’fhéadfadh sé fadhbanna a chruthú maidir le comhlíonadh an phrionsabail ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’, go háirithe i gcás ina ndéantar na taiscí nach bhfuil a dtosaíocht comhchuibhithe le Treoir 2014/59/AE a rangú ar an leibhéal céanna le héilimh shinsearacha. Dá bhrí sin, ba cheart rangú taiscí in ordlathas reatha na n-éileamh a leasú.

(43)

Ba cheart rangú na dtaiscí a chomhchuibhiú go hiomlán trí thosaíocht ghinearálta do thaisceoirí a chur chun feidhme, lena mbaineann gach taisce tairbhe as rangú tosaíochta níos airde ar ghnáthéilimh neamhurraithe, lena ngabhann eisceachtaí teoranta. Cuideoidh tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí le muinín taisceoirí a threisiú agus le cosc breise a chur ar an riosca go dtarlódh fuadar bainc. Tá cosaint fheabhsaithe do thaisceoirí ailínithe freisin leis an ról lárnach atá ag taiscí san fhíorgheilleagar, arb é an phríomhuirlis í le haghaidh coigiltis agus íocaíochtaí, agus le gníomhaíocht bhaincéireachta, i gcás inar foinse thábhachtach maoinithe iad na taiscí agus ina bhfuil siad ina bpríomhspreagadh muiníne sa chóras baincéireachta, rud a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leis nuair a bhíonn an margadh faoi strus. Thairis sin, le tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí, cuirtear feabhas ar inréiteacht institiúidí creidmheasa trí chur lena gcumas na ceanglais a chomhlíonadh maidir le rochtain a fháil ar na socruithe um maoiniú réitigh agus trí laghdú a dhéanamh ar mhéid an chistithe a cheanglaítear ó na socruithe sin, mar gheall ar an riosca níos ísle go sárófar an prionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ i gcás ina dtugtar tarrtháil inmheánach ar ghnáthfhiachas neamhurraithe. Go háirithe, dá ndéanfaí taiscí a bhaint d’aicme dócmhainneachta na ngnáthéileamh neamhurraithe, mhéadófaí an cumas tarrtháil inmheánach a thabhairt ar na gnáthéilimh neamhurraithe atá fágtha tríd an riosca go ndéanfaí sáruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ a íoslaghdú. Tríd an dóchúlacht go ndéanfaí díluacháil nó comhshó ar thaiscí a laghdú chun rochtain ar shocruithe um maoiniú réitigh a áirithiú, rannchuideodh an tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí leis an uirlis tarrthála inmheánaí a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos inchreidte agus bheadh méadú ar thrédhearcacht agus ar dheimhneacht dhlíthiúil an chreata réitigh mar thoradh air. Rannchuideodh an tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí freisin le hinchreidteacht straitéisí aistrithe i gcás réitigh, ós rud é go bhfágfadh sé sin gur níos simplí a bheadh sé an conradh taisce iomlán a áireamh in imlíne na ndliteanas atá le haistriú chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid, chun tairbhe an chaidrimh custaiméara agus luach saincheadúnais na hinstitiúide faoi réiteach. Ar deireadh, bheadh comhchuibhiú iomlán ar rangú dócmhainneachta taisceoirí tairbheach ó thaobh na trasteorann de agus ó thaobh na cothroime iomaíochta de.

(44)

Is iomchuí taiscí áirithe neamh-incháilithe a eisiamh ón tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí. Go háirithe, níor cheart taiscí a ghlacann institiúid creidmheasa a úsáidfear chun ICDI a chomhlíonadh tairbhe a bhaint as tosaíocht dhlíthiúil, toisc go mbeadh sé sin ar neamhréir leis an bprionsabal ginearálta gur cheart go n-iompródh dliteanais a áirítear in ICDI caillteanais agus go rannchuideoidís le hathchaipitliú institiúide creidmheasa i gcás ina dteipfeadh sí. Níor cheart rangú tosaíochta na dtaiscí sin a chomhchuibhiú le Treoir 2014/59/AE; is ceart, ina ionad sin, é a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha reachtúla agus conarthacha is infheidhme. Ina theannta sin, níor cheart go dtiocfaidh athrú ar an rangú fad a dhéantar an taisce ag brath ar cé acu a d’údaraigh nó nár údaraigh an t-údarás réitigh í a áireamh sna hacmhainní atá incháilithe i leith ICDI ná ar a haibíocht iarmhair.

(45)

Ba cheart rangú trí chiseal na dtaiscí atá ann faoi láthair a choinneáil, ós rud é go gcosnaíonn sé go láidir éilimh SRTanna agus, dá bhrí sin, a bhfoinsí maoiniúcháin. Mar sin féin, i bhfianaise na leasuithe ar Threoir 2014/49/AE a tugadh isteach le Treoir (AE) 2026/804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) lena n-áirítear taiscí údarás poiblí áirithe i raon feidhme aisíocaíochta arna déanamh ag SRT, is iomchuí gurb ionann an rangú tosaíochta ag an gcuid de na taiscí sin a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh agus ag taiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a bhíonn os cionn an leibhéil cumhdaigh.

(46)

Is féidir socruithe um maoiniú réitigh a úsáid chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó nó na huirlise droichead-institiúide, sa chaoi go n-aistrítear tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas de chuid na hinstitiúide faoi réiteach chuig faighteoir. I gcás mar sin, d’fhéadfadh an socrú um maoiniú réitigh éileamh a bheith aige in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh ina fhoirceannadh nó ina foirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Is féidir leis sin tarlú i gcás ina n-úsáidtear an socrú um maoiniú réitigh i ndáil le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin, lena n-áirítear i bhfoirm ráthaíochtaí do shócmhainní agus do dhliteanais, nó i bhfoirm chumhdach na difríochta idir na sócmhainní agus na dliteanais aistrithe. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a bheidh fágtha ar lár san institiúid iarmharach nó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide faoi réiteach a iompar go héifeachtach agus feabhas a chur ar an bhféidearthacht aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta a dhéanamh ar an líontán sábhála a bhaineann go sonrach le réiteach, ba cheart na héilimh sin sa socrú um maoiniú réitigh in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh, agus éilimh a eascraíonn as speansais réasúnacha arna dtabhú i gceart, a rangú i gcás dócmhainneachta os cionn éilimh taisceoirí agus SRTanna. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúiteamh a íoctar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe trí shocruithe um maoiniú réitigh i ngeall ar sháruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ torthaí na gníomhaíochta réitigh a chúiteamh, níor cheart éilimh i ndáil leis na socruithe sin a bheith ag éirí as an gcúiteamh sin.

(47)

Chun solúbthacht leordhóthanach a áirithiú agus chun gur fusa do SRTanna idirghabháil a dhéanamh chun tacú le húsáid na n-uirlisí réitigh, i gcás inarb é an toradh a bheidh orthu imeacht ó mhargadh na hinstitiúide faoi réiteach, ba cheart gnéithe áirithe a bhaineann le húsáid na SRTanna i gcás réitigh a shonrú. Go háirithe, is gá a shonrú gur féidir cistí SRT a úsáid chun tacú le hidirbhearta aistrithe lena n-áirítear taiscí, taiscí incháilithe thar an leibhéal cumhdaigh arna soláthar ag an SRT lena mbaineann san áireamh, chomh maith leis na taiscí neamh-incháilithe a áirítear sa tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí, i gcásanna áirithe agus faoi choinníollacha soiléire. Ba cheart an ranníocaíocht ó SRT a bheith dírithe ar an easnamh i luach na sócmhainní aistrithe chuig ceannaitheoir nó droichead-institiúid a chumhdach i gcomparáid le luach na dtaiscí aistrithe. I gcás ina n-éileoidh an ceannaitheoir ranníocaíocht mar chuid den idirbheart chun a neodracht chaipitil a áirithiú agus chun comhlíonadh cheanglais chaipitil an cheannaitheora a chaomhnú, ba cheart don SRT rannchuidiú leis sin freisin. Ba cheart an tacaíocht arna tabhairt ag SRT don ghníomhaíocht réitigh a bheith i bhfoirm airgid thirim nó foirmeacha eile, mar atá ráthaíochtaí nó comhaontuithe roinnte caillteanais a d’fhéadfadh tionchar na tacaíochta ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ag an SRT sin a íoslaghdú agus, san am céanna, d’fhéadfadh sé ligean don ranníocaíocht ó SRT a cuspóirí a chomhlíonadh.

(48)

Ba cheart an ranníocaíocht ó SRT i gcás réitigh a bheith faoi réir teorainneacha áirithe. Ar an gcéad dul síos, níor cheart méid iomlán na ranníocaíochta ó SRT in aon chás réitigh a bheith níos mó ná méid na dtaiscí faoi chumhdach san institiúid creidmheasa lena mbaineann. Ar an dara dul síos, aon idirghabháil a dhéanfaidh SRT i ngníomhaíocht réitigh a bhraitheann go príomha ar an uirlis tarrthála inmheánaí chun an institiúid faoi réiteach a athchaipitliú agus chun leanúint dá gníomhaíochtaí, ba cheart a áirithiú nach mó an idirghabháil sin ná an caillteanas a sheasfadh SRT i gcás dócmhainneachta dá n-íocfadh sí taisceoirí faoi chumhdach agus dá ndéanfadh sí seachaíocht ar a n-éilimh maidir le sócmhainní na hinstitiúide. Ar an tríú dul síos, i gcás ina n-úsáidtear SRT chun tacú le gníomhaíocht réitigh arb é atá inti go príomha an gnó a aistriú chuig ceannaitheoir nó chuig droichead-institiúid, níor cheart méid na ranníocaíochta ó SRT a bheith níos mó ná 62,5 % dá spriocleibhéal, mura roghnaíonn an t-údarás ainmnithe faoi Threoir 2014/49/AE an teorainn sin a dhífheidhmiú chun éifeachtaí díobhálacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun rochtain taisceoirí ar a dtaiscí a chaomhnú. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint i ndáil leis na coinníollacha chun an teorainn sin a dhífheidhmiú. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart an ranníocaíocht ó SRT a bheith níos mó ná an difríocht idir na sócmhainní aistrithe agus na taiscí agus na dliteanais aistrithe ag a bhfuil an rangú céanna nó rangú tosaíochta níos airde i ndáil le dócmhainneacht ná mar atá ag na taiscí sin. D’áiritheodh an méid sin nach n-úsáidfí an ranníocaíocht ó SRT ach amháin ar mhaithe le forchur caillteanais ar thaisceoirí a sheachaint, i gcás inarb iomchuí, agus ní ar mhaithe le cosaint creidiúnaithe atá rangaithe níos ísle ná taiscí i gcás dócmhainneachta. I gcás inarb ábhartha, áfach, d’fhéadfaí a áireamh sa ranníocaíocht freisin an méid is gá chun neodracht chaipitil an eintitis is faighteoir a áirithiú.

(49)

Ba cheart a shonrú nár cheart do SRT a bheith in ann ranníocaíocht a dhéanamh le haistriú dliteanas seachas taiscí faoi chumhdach i gcomhthéacs réitigh ach amháin má chinneann an t-údarás réitigh, ar bhonn cás ar chás, nach féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt ar thaiscí a áirítear sa tosaíocht ghinearálta do thaisceoirí seachas taiscí faoi chumhdach, ná iad a fhágáil san institiúid iarmharach faoi réiteach a dhéanfar a fhoirceannadh, agus mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húsáid na socruithe um maoiniú réitigh le ranníocaíochtaí ó scairshealbhóirí agus ó chreidiúnaithe. Go háirithe, ba cheart cead a bheith ag an údarás réitigh leithdháileadh caillteanas ar na taiscí sin a sheachaint i gcás inar gá an t-eisiamh sin agus i gcás ina bhfuil sé comhréireach chun comhleanúnachas feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a chaomhnú agus chun tógálacht fhorleathan agus éagobhsaíocht airgeadais a sheachaint, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Aontais nó i ngeilleagar Ballstáit. Ba cheart feidhm a bheith ag na cúiseanna céanna maidir le dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a chur san áireamh san aistriú chuig ceannaitheoir nó chuig droichead-institiúid a bhfuil tosaíocht acu atá níos ísle ná rangú taiscí faoi chumhdach. Sa chás sin, níor cheart an ranníocaíocht ó SRT tacú le haistriú na ndliteanas sin ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Más gá aon tacaíocht sheachtrach airgeadais a thabhairt d’aistriú na ndliteanas sin ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, ba cheart an tacaíocht sin a chur ar fáil leis an socrú um maoiniú réitigh.

(50)

Ós rud é gur féidir SRT a úsáid i gcás réitigh, ní mór sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir an ranníocaíocht ó SRT a áireamh i dtreo chomhlíonadh na gceanglas maidir le rochtain a fháil ar shocruithe um maoiniú réitigh. Na hinstitiúidí creidmheasa a bhfuil a luach iomlán sócmhainní cothrom le EUR 80 billiún nó faoina bhun, is iad sin amháin ba cheart a bheith in ann é sin a dhéanamh, agus ba cheart é a bheith i gcomhthéacs gníomhaíocht réitigh atá ag brath go príomha ar an uirlis díolacháin gnó nó ar an uirlis droichead-institiúide a chur i bhfeidhm. Chun a áirithiú go leanfar den réiteach a mhaoiniú go príomha le hacmhainní inmheánacha na hinstitiúide creidmheasa agus chun saobhadh iomaíochta a íoslaghdú, níor cheart úsáid a bhaint as an ranníocaíocht ó SRT chun rochtain ar shocruithe um maoiniú réitigh a áirithiú ach amháin i gcás institiúidí creidmheasa nach ndéanann, sna 24 mhí roimhe sin sula ndéantar gníomhaíocht réitigh, an plean réitigh nó an plean réitigh grúpa foráil maidir lena bhfoirceannadh ar bhealach ordúil i gcás teipe, ós rud é gur socraíodh ICDI arna chinneadh ag na húdaráis réitigh do na hinstitiúidí creidmheasa sin ar leibhéal lena n-áirítear na méideanna ionsúcháin caillteanais agus na méideanna athchaipitliúcháin araon. Ba cheart na híosleibhéil ICDI le haghaidh institiúidí agus eintitis ag a bhfuil straitéisí réitigh tosaíochta lena mbeartaítear go príomha uirlisí aistrithe a úsáid i gcás réitigh a chomhlíonadh le ICDI arna shocrú ag an údarás réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa ar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair, fiú má rinneadh foráil sa phlean réitigh nó sa phlean réitigh grúpa faoi seach maidir le gníomhaíochtaí éagsúla agus, dá bhrí sin, nach raibh ICDI na n-institiúidí creidmheasa sin faoi réir na n-íosleibhéal sin. Thairis sin, ba cheart ranníocaíochtaí cistí dílse agus dliteanas incháilithe le haghaidh ionsú caillteanais agus athchaipitliú a dhéanamh sula ndéanfar ranníocaíocht ó SRT a mhéid is féidir. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal nár cheart don institiúid faoi réiteach a ICDI a shárú, lena n-áirítear na spriocanna idirmheánacha ceangailteacha, laistigh de thréimhse áirithe roimh ghníomhaíocht réitigh, gan dochar do sháruithe teicniúla gearrthéarmacha ar ICDI.

(51)

Más ionann an ranníocaíocht a dhéanann scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach trí laghduithe, díluacháil nó comhshó a ndliteanas nó trí na caillteanais a mheastar a iompróidh siad agus an t-eintiteas iarmharach á fhoirceannadh, móide an ranníocaíocht ó SRT, agus 8 % ar a laghad de dhliteanais iomlána na hinstitiúide, cistí dílse san áireamh, ba cheart don údarás réitigh a bheith in ann an socrú um maoiniú réitigh a úsáid chun cistiú breise a chur ar fáil i gcás inar gá sin chun réiteach éifeachtach a áirithiú i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh. Sna cásanna sin, ba cheart an ranníocaíocht ón SRT a theorannú don mhéid is gá chun rochtain a thabhairt ar an socrú um maoiniú réitigh. Ina theannta sin, i gcás institiúid creidmheasa ag a bhfuil luach iomlán sócmhainní ar bhonn aonair idir EUR 30 billiún agus EUR 80 billiún, níor cheart an ranníocaíocht ó SRT a bheith níos mó ná 2,5 % de dhliteanas iomlán na hinstitiúide creidmheasa, cistí dílse san áireamh, ar bhonn aonair.

(52)

In imthosca urghnácha, d’fhéadfadh sé tarlú nach leor ranníocaíocht an tsocraithe um maoiniú réitigh, mar atá 5 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, chun riachtanais mhaoinithe gníomhaíochta réitigh ar leith a chumhdach. Sa chás sin, agus i gcás inar cumasaíodh an ranníocaíocht sin le hidirghabháil SRT, ba cheart ranníocaíocht bhreise a dhéanamh ó SRT, faoi choinníollacha áirithe, ar ranníocaíocht í a bheidh cothrom le méid na gcaillteanas a bhainfeadh do na taiscí faoi chumhdach mura mbeidís cosanta. Níor cheart costas na ranníocaíochta breise sin a bheith níos airde ná na caillteanais a d’iompródh SRT sa chás hipitéiseach ina ndéanfaí foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta agus ina n-aisíocfaí taiscí cumhdaithe. Ina theannta sin, níor cheart suim na chéad ranníocaíochta ó SRT agus an ranníocaíocht bhreise ó SRT a bheith níos mó ná méid na dtaiscí faoi chumhdach san institiúid creidmheasa lena mbaineann. In éineacht le ranníocaíocht bhreise ó SRT, ba cheart don údarás réitigh a bheith in ann cistiú breise a lorg ó fhoinsí maoiniúcháin malartacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an gcistiú sin.

(53)

I gcás ina n-úsáidtear cistí SRT chun an uirlis díolacháin gnó nó an uirlis droichead-institiúide a chur i bhfeidhm, ina n-aonar nó in éineacht le ranníocaíochtaí ón socrú um maoiniú réitigh, ba cheart an t-eintiteas iarmharach a bheidh fágtha tar éis aistriú na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, de bhun Airteagal 37(6) de Threoir 2014/59/AE. Ina theannta sin, i gcás ina n-úsáidtear cistí SRT chun tacú leis an uirlis droichead-institiúide, ba cheart oibríochtaí na droichead-institiúide a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 41(3), (5) agus (6) de Threoir 2014/59/AE.

(54)

Chun an próiseas maidir le glacadh gnéithe an-teicniúil de cheanglais tuairiscithe a éascú, agus chun feabhas a chur ar a gcur chun feidhme agus ar an bhfaireachán a ndéanann na húdaráis réitigh orthu, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na sainorduithe a thugtar do ÚBE chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun comhsheasmhacht a áirithiú i raon feidhme agus in ábhar na sainorduithe éagsúla i dTreoir 2014/59/AE. Ba cheart na sainorduithe sin a ailíniú freisin leis na forálacha lena rialaítear tuairisciú agus nochtadh faisnéise maoirseachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Leis na leasuithe sin ar na sainorduithe atá ann cheana, ba cheart a bheith in ann athbhreithnithe a dhéanamh amach anseo ar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus níl sé mar aidhm leo difear a dhéanamh do na hoibleagáidí tuairiscithe ná nochta is infheidhme faoi láthair. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart raon feidhme na gcaighdeán teicniúil rialála atá ann cheana maidir le meastachán a dhéanamh ar na ceanglais cistí dílse breise agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte le haghaidh eintitis réitigh a leathnú chun eintitis a chumhdach nár sainaithníodh mar eintitis réitigh a chur san áireamh, i gcás nár socraíodh na ceanglais sin ar an mbonn céanna leis an ICDI. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún Treoir 2014/59/AE a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(55)

Ionas gur féidir tuairisciú agus nochtuithe maidir le ICDI a chomhtháthú tuilleadh, ba cheart do ÚBE an méid a nochtann institiúidí poiblí agus eintitis phoiblí a fhoilsiú ar bhealach láraithe, agus an ceart atá ag gach institiúid agus eintiteas sonraí agus faisnéis a fhoilsiú iad féin á urramú. Leis na nochtuithe láraithe sin, ba cheart do ÚBE a bheith in ann nochtuithe institiúidí beaga neamhchasta a fhoilsiú, bunaithe ar an bhfaisnéis arna tuairisciú ag na hinstitiúidí sin d’údaráis inniúla agus réitigh agus, dá bharr sin, ba cheart an t-ualach riaracháin atá ar institiúidí beaga neamhchasta a laghdú go suntasach. An tráth céanna, níor cheart aon tionchar ó thaobh costais de a bheith ag lárú nochtuithe ar institiúidí agus eintitis eile, agus ba cheart trédhearcacht a mhéadú agus an costas a bhíonn ar rannpháirtithe margaidh maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis stuamachta a laghdú leis. Leis an trédhearcacht mhéadaithe sin, ba cheart inchomparáideacht na sonraí i measc institiúidí agus eintitis a éascú agus disciplín an mhargaidh a chur chun cinn. Trí nochtuithe a bhaineann le réiteach a lárú, áirithítear ailíniú leis an nós imeachta is infheidhme maidir le nochtuithe maoirseachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a áirithiú go láimhseálfar na hoibleagáidí uile maidir le nochtadh ar bhealach comhchosúil.

(56)

I bhfianaise a róil maidir le cóineasú chleachtais na n-údarás a chur chun cinn, ba cheart do ÚBE faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na modheolaíochtaí inmheánacha arna nglacadh ag na húdaráis réitigh agus cinneadh á dhéanamh acu ar cheart institiúid nó eintiteas a shannadh lena réiteach nó lena foirceannadh nó lena fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, i bhfianaise na gcuspóirí réitigh agus an mbeadh réiteach chun leasa an phobail. Ba cheart do ÚBE faireachán agus tuairisciú a dhéanamh freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag na húdaráis réitigh chun feabhas a chur ar inréiteacht institiúidí agus grúpaí agus ar ghníomhaíochtaí agus ullmhúcháin na n-údarás réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus na gcumhachtaí réitigh a áirithiú. Sna tuarascálacha sin, ba cheart do ÚBE measúnú a dhéanamh freisin ar leibhéal trédhearcachta na mbeart arna ndéanamh ag údaráis réitigh i leith páirtithe leasmhara seachtracha ábhartha agus ar mhéid a rannchuidithe le hullmhacht réitigh agus inréiteacht institiúidí agus grúpaí.

(57)

I gcomhthéacs na gcúraimí atá ar ÚBE rannchuidiú le córas comhleanúnach comhordaithe bainistithe géarchéime agus réitigh géarchéime a áirithiú san Aontas, ba cheart do ÚBE cleachtaí ionsamhlúcháin bainistithe géarchéime a chomhordú, agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu, ar fud an Aontais. Ba cheart a chumhdach leis na hionsamhlúcháin sin an comhordú agus an comhar idir údaráis inniúla agus údaráis réitigh tráth a thagann meath ar staid airgeadais na n-institiúidí agus na n-eintiteas, tástáil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bhosca uirlisí sa phleanáil téarnaimh agus réitigh, sa luath-idirghabháil, agus sa réiteach ar bhealach iomlánaíoch. Leis na cleachtaí ionsamhlúcháin géarchéime sin, ba cheart breithniú a dhéanamh go háirithe ar an ngné thrasteorann san idirghníomhaíocht idir na húdaráis ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na n-uirlisí agus na gcumhachtaí atá ar fáil. I gcás inarb ábhartha, ba cheart glacadh agus cur chun feidhme scéimeanna réitigh laistigh den aontas baincéireachta a chuimsiú sna cleachtaí ionsamhlúcháin géarchéime, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

(58)

D’ainneoin na rialacha rúndachta gairmiúla is infheidhme faoi láthair, ba cheart feabhas a chur ar mhalartuithe faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach. Ba cheart na malartuithe sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás gur ó Bhallstát eile a thiocfaidh an fhaisnéis, níor cheart í a mhalartú ach le toiliú sainráite an údaráis ábhartha a nocht í.

(59)

Le Treoir (AE) 2019/879, leasaíodh Treoir 2014/59/AE chun rialacha tiomnaithe a thabhairt isteach chun a áirithiú nach n-infheisteoidh cliaint mhiondíola an iomarca in ionstraimí atá incháilithe le haghaidh ICDI institiúidí agus eintiteas. D’fhéadfadh sealbhú iomarcach ionstraimí ICDI ag cliaint mhiondíola dochar a dhéanamh d’inréiteacht institiúide nó eintitis agus d’fhéadfadh sé fadhbanna a chruthú don chobhsaíocht airgeadais. D’fhéadfadh fadhbanna ar leith a bheith ag baint leis sin nuair is taisceoirí de chuid na hinstitiúide eisiúna iad na cliaint mhiondíola freisin, ós rud é go bhfuil na taisceoirí sin an-leochaileach i leith ionstraimí dílse na hinstitiúide a bheith á gcur san áit mhíchuí. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis a áirithiú go gcomhlíonann díoltóirí, institiúidí agus eintitis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit a thrasuíonn Treoir (AE) 2019/879 chun cosaint cliant miondíola a áirithiú. I gcás nach bhfuil na bearta sin á gcur i bhfeidhm go hiomchuí, ba cheart do na húdaráis na rialacha sin a fhorfheidhmiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, cumhachtaí tiomnaithe a thabhairt isteach i dTreoir 2014/59/AE chun aghaidh a thabhairt ar mhainneachtain na rialacha tiomnaithe maidir le cosaint cliant miondíola a chomhlíonadh, in éineacht leis na cumhachtaí atá i dTreoir 2014/65/AE. Thairis sin, agus úsáid á baint as an tuairisciú atá ann chun críoch pleanála réitigh agus ICDI, ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar chineál an bhoinn infheisteoirí in ionstraimí atá incháilithe do ICDI agus measúnú ar inréiteacht á dhéanamh acu ar institiúidí agus ar eintitis agus, i gcás inar gá, ceangal a chur ar an institiúid nó ar an eintiteas aghaidh a thabhairt ar aon bhaic a aimsítear nó na baic sin a bhaint. Ar deireadh, ba cheart do ÚBE, i gcomhar leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), tuairisciú ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun cliaint mhiondíola a chosaint a mhéid a bhaineann le hionstraimí fiachais atá incháilithe don ICDI de bhun Threoir 2014/59/AE, agus comparáid agus measúnú á ndéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar oibríochtaí trasteorann. Ar an mbonn sin, d’fhéadfadh an Coimisiún togra reachtach a ghlacadh chun cosaint níos éifeachtaí a áirithiú do chliaint mhiondíola.

(60)

Tá measúnú tionchair ardcháilíochta ríthábhachtach chun tograí reachtacha fónta atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt, agus tá fíricí agus fianaise ríthábhachtach chun bonn eolais a chur faoi na cinntí a dhéantar le linn an nós imeachta reachtaigh. Ar an gcúis sin, ba cheart do ÚBE, don Bhord Réitigh Aonair agus do BCE an fhaisnéis go léir a theastaíonn uaidh dá chúraimí a bhaineann le forbairt beartais a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear measúnuithe tionchair a ullmhú agus tograí reachtacha a ullmhú agus a chaibidil. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil do ÚBE, don Bhord Réitigh Aonair ná do BCE, ba cheart do na húdaráis réitigh, do na húdaráis inniúla agus do chomhaltaí eile an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais í a chur ar fáil.

(61)

Ós rud é gur gá an chobhsaíocht airgeadais a chosaint agus gníomhú go mear, níor cheart na húdaráis réitigh a bheith faoi réir na nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí poiblí le haghaidh seirbhísí luachála chun críoch réitigh agus chun a mheas an gcaithfí ar bhealach níos fearr le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá rachadh an institiúid faoi réiteach i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart dá bhrí sin na seirbhísí dá bhforáiltear a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). A mhéid a bhaineann le seirbhísí dlí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó na húdaráis réitigh, eisiadh seirbhísí dlí áirithe cheana féin ó raon feidhme na Treorach sin agus áirítear seirbhísí eile ar liosta na seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Treoir sin a bhfuil feidhm ag tairseacha níos airde agus rialacha comhchuibhithe níos éadroime maidir leo.

(62)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata téarnaimh agus réitigh d’institiúidí agus d’eintitis a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh inmheánaigh agus, trí rialacha atá socraithe cheana ar leibhéal an Aontais a leasú, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(63)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2014/59/AE agus 2014/24/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):

‘(5)

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus, chun Airteagail 7, 12, 17, 18, 45 go 45m, 59 go 62, 91 agus 92 den Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcás grúpaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (83b)(b) den mhír seo, áirítear leis, i gcás inarb iomchuí de réir mar is iomchuí, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, an comhlacht lárnach féin, agus a bhfochuideachtaí faoi seach, agus an bealach ina gcomhlíonann na grúpaí réitigh sin Airteagal 45e(3) den Treoir seo á chur san áireamh;’

;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(28a)

ciallaíonn “beart malartach ón earnáil phríobháideach” aon tacaíocht nach gcáilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (35):

‘(35)

ciallaíonn “feidhmeanna criticiúla” gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí ar dóigh go bhfágfaidh a scor i mBallstát amháin nó níos mó go gcuirfear isteach ar sheirbhísí atá riachtanach don fhíorgheilleagar nó go gcuirfear isteach ar chobhsaíocht airgeadais, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, i ngeall ar mhéid, ar sciar den mhargadh, ar idircheangailteacht sheachtrach agus inmheánach, ar chastacht nó ar ghníomhaíochtaí trasteorann institiúide nó grúpa, agus aird ar leith á tabhairt ar inmhalartaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin;’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (71):

‘(71)

ciallaíonn “dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu” na dliteanais, lena n-áirítear dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid, agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun Airteagal 44(2);’

;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(71aa)

ciallaíonn “dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid” dliteanais bunaithe ar oibleagáidí reatha a eascraíonn as teagmhais a tharla san am atá caite as a n-eascróidh caillteanas agus arb éiginnte a n-uainiú nó a méid;’

;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (71b):

‘(71b)

ciallaíonn “ionstraimí incháilithe fo-ordaithe” ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(3), (4) agus (5) den Rialachán sin, agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 45b(1a) den Treoir seo;’

;

(g)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(72a)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” údarás ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE;’

;

(h)

i bpointe (83b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, agus an comhlacht lárnach féin i gcás inarb eintiteas réitigh ceann amháin ar a laghad de na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais sin nó inarb eintiteas réitigh an comhlacht lárnach, agus a bhfochuideachtaí faoi seach;’

;

(i)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(83d)

ciallaíonn “G-SII neamh-AE” G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (134), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(83e)

ciallaíonn “eintiteas G-SII” eintiteas G-SII mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (136), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’

;

(j)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(93a)

ciallaíonn “taisce”, chun críocha Airteagail 108 agus 109 den Treoir seo, taisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE;’

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

‘2.   Áiritheoidh údaráis inniúla go nuashonróidh na hinstitiúidí a bpleananna téarnaimh go bliantúil ar a laghad, nó tar éis athrú ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide, gnó na hinstitiúide nó staid airgeadais na hinstitiúide, a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige sin ar an bplean téarnaimh nó a d’fhágfadh gur ghá athrú ábhartha a dhéanamh ar an bplean sin. Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí a gcuid pleananna téarnaimh a nuashonrú níos minice.

In éagmais na n-athruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír le linn an 12 mhí tar éis an nuashonraithe bliantúil is déanaí ar an bplean téarnaimh, féadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid maidir leis an bplean téarnaimh a nuashonrú a tharscaoileadh go heisceachtúil go dtí an tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin. Féadfar tarscaoileadh den sórt sin a thabhairt ar feadh uastréimhse 12 mhí.

3.   Sna pleananna téarnaimh, ní ghlacfar leis go mbeidh rochtain nó fáil ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)

cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)

cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht nó le hús.

4.   Áireofar leis na pleananna téarnaimh, i gcás inarb infheidhme, anailís ar conas agus cathain a fhéadfaidh institiúid iarratas a chur isteach, faoi na coinníollacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid, saoráidí nach n-eisiatar ó raon feidhme an phlean sin de bhun mhír 3 agus déanfar na sócmhainní sin a mbeifí ag súil go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint iontu.’

;

(3)

in Airteagal 6(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean téarnaimh, nó baic ábhartha ar a chur chun feidhme, tabharfaidh sé fógra don institiúid nó do mháthairghnóthas an ghrúpa faoina mheasúnú agus cuirfidh sé de cheangal ar an institiúid plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 3 mhí, tréimhse ar féidir síneadh míosa a chur léi le formheas an údaráis, lena léireofar conas atá aghaidh le tabhairt ar na heasnaimh nó na baic sin.’

;

(4)

in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, cuidiú leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Ní ghlacfaidh an t-údarás réitigh plean réitigh i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí chun institiúid a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b nó i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(6).’

;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus na dtréimhsí ama is infheidhme, agus an chaoi a mbainfeadh na straitéisí sin na cuspóirí réitigh amach;’

;

(6)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:

(a)

na modhanna agus na socruithe chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú;

(b)

a mhinice a dhéantar an tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (a) agus sprioc-amanna maidir leis an tuairisciú sin a thíolacadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Forbróidh ÚBE réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú.’

;

(7)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sainaithneofar sa phlean réitigh na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, na heintitis leachtaithe do gach grúpa.’

;

(ii)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

‘Agus na bearta atá le déanamh i leith na bhfochuideachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), nach eintitis réitigh iad, á sainaithint, féadfaidh na húdaráis réitigh cur chuige comhréireach a leanúint mura ndéanann an cur chuige sin difear diúltach d’inréiteacht an ghrúpa, agus méid na fochuideachta, a próifíl riosca, a ról i soláthar feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó, a tábhacht do leanúnachas oibríochtúil an ghrúpa tar éis réitigh agus straitéis réitigh an ghrúpa á gcur san áireamh. Déanfaidh na húdaráis réitigh tábhacht na fochuideachta sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear an tábhacht shistéamach a d’fhéadfadh a bheith léi, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don scéim ráthaithe taiscí i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

I gcás inar tionscnaíodh imeachtaí chun eintiteas a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b, nó i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(6), ní chuirfidh na húdaráis réitigh an t-eintiteas sin ar áireamh a thuilleadh sa phlean réitigh grúpa.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tarraingeofar suas an plean réitigh grúpa ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 11 agus áireofar ann na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus (7) a mhéid atá siad ábhartha ó thaobh plean réitigh grúpa de.’

;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘7.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar mhodheolaíochtaí agus cleachtais na n-údarás réitigh chun cinneadh a dhéanamh, agus pleananna réitigh agus pleananna réitigh grúpa á dtarraingt suas, an sannfar institiúidí nó eintitis lena réiteach nó lena bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta agus chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus sna himthosca a thuairiscítear in Airteagal 32(5).

Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le modheolaíochtaí agus cleachtais na n-údarás réitigh atá ann cheana agus maidir le haon éagsúlachtaí atá ann ar fud na mBallstát faoin 11 Bealtaine 2031.

Cumhdófar ar a laghad an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa dara fomhír:

(a)

maidir le hinstitiúidí nach cuid de ghrúpa iad agus maidir le heintitis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, na cineálacha cur chuige inmheánacha agus na modheolaíochtaí inmheánacha chun na bearta atá le déanamh a roghnú, go háirithe na critéir le haghaidh an phlean réitigh nó an phlean réitigh grúpa chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh, chun cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú nó chun foirceannadh a dhéanamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(b)

maidir le heintitis réitigh, na cineálacha cur chuige inmheánacha agus na modheolaíochtaí inmheánacha chun na straitéisí réitigh tosaíochta agus athraithigh a roghnú agus na gníomhaíochtaí réitigh atá le déanamh;

(c)

na cineálacha cur chuige comhréireacha a leanann údaráis réitigh de bhun mhír 1, an tríú fomhír.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘Cuirfidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), an fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 11 faoi bhráid a n-údaráis réitigh. Na húdaráis réitigh a éilíonn faisnéis faoi Airteagal 11 le haghaidh eintitis atá faoina sainchúram, déanfaidh siad an fhaisnéis a fhaigheann siad a tharchur chuig an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an mír seo a tharchur chuig:

(a)

ÚBE;

(b)

údaráis réitigh na bhfochuideachtaí;

(c)

údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe, a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach;

(d)

na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 115 agus 116 de Threoir 2013/36/AE; agus

(e)

údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), bunaithe.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

‘Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(9)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur chun feidhme na measúnuithe ar inréiteacht a dhéanann na húdaráis réitigh ar institiúidí agus ar ghrúpaí. Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na cleachtais atá ann cheana maidir le measúnuithe ar inréiteacht agus éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud na mBallstát faoin 11 Bealtaine 2028.

Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

measúnú ar na modheolaíochtaí a d’fhorbair na húdaráis réitigh chun measúnuithe ar inréiteacht a dhéanamh, lena n-áirítear réimsí ina bhféadfadh éagsúlachtaí a bheith ann ar fud na mBallstát a shainaithint;

(b)

measúnú ar na cumais tástála a theastaíonn ó na húdaráis réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na straitéise réitigh a áirithiú;

(c)

an leibhéal trédhearcachta i leith na bpáirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag údaráis réitigh chun measúnuithe ar inréiteacht a dhéanamh agus toradh na measúnuithe sin.’

;

(10)

in Airteagal 16a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   I gcás nach bhfuil eintiteas réitigh nó eintiteas nach eintiteas réitigh é faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte ar an mbonn céanna ar a gceanglaítear air na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d den Treoir seo a chomhlíonadh, cuirfidh na húdaráis réitigh míreanna 1 go 6 den Airteagal seo i bhfeidhm ar bhonn an cheanglais maoláin chomhcheangailte mheasta a eascraíonn as an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 45c(4) den Treoir seo. Beidh feidhm ag Airteagal 128, an ceathrú fomhír, de Threoir 2013/36/AE.

Déanfaidh an t-údarás réitigh an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sa chinneadh lena gcinntear na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d. Cuirfidh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta ar fáil go poiblí in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45i(3).’

;

(11)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh go ndéanann na bearta a mhol an t-eintiteas lena mbaineann na baic shubstainteacha ar inréiteacht a laghdú nó a bhaint go héifeachtach, déanfaidh an t-údarás réitigh cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil. Léireofar sa chinneadh sin gur mheas an t-údarás réitigh gur leor na bearta a moladh chun na baic shubstainteacha ar inréiteacht a laghdú nó a bhaint go héifeachtach agus ceanglófar leis ar an eintiteas na bearta a moladh a chur chun feidhme.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Chun críocha mhír 4, beidh ar a laghad an chumhacht ag na húdaráis réitigh aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:’

;

(12)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthaithe, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an mháthairghnóthais de chuid an Aontais, faoi bhráid údaráis réitigh fochuideachtaí, a thabharfaidh an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá laistigh dá sainchúram, agus faoi bhráid údaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe. Ullmhófar an tuarascáil tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus déanfar anailís inti ar na baic shubstainteacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an ngrúpa, agus i ndáil le grúpaí réitigh freisin i gcás ina bhfuil an grúpa comhdhéanta de níos mó ná grúpa réitigh amháin. Breithneofar sa tuarascáil an tionchar ar shamhail ghnó an ghrúpa agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar leis an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, chun na baic sin a bhaint.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal aon bheart a mhol an máthairghnóthas de chuid an Aontais in iúl don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, do ÚBE, d’údaráis réitigh na bhfochuideachtaí agus d’údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe a mhéid atá an beart sin ábhartha do na brainsí suntasacha sin. Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe, a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh den choláiste réitigh i ndáil le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, más gá, leis an measúnú ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas de chuid an Aontais agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic sin nó chun iad a bhaint, agus sa mheasúnú sin cuirfear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sna Ballstáit uile ina n-oibríonn an grúpa.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9.   Mura dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach maidir le haon bhearta a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(5), pointe (g), (h) nó (k), den Treoir seo, féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás réitigh i gcomhréir le mír 6, 6a nó 7 den Airteagal seo, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 27 agus 28:

‘Airteagal 27

Bearta luath-idirghabhála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbreithneoidh na údaráis inniúla, gan moill mhíchuí, bearta luath-idirghabhála a dhéanamh agus, más iomchuí, iad a chur i bhfeidhm i gcás ina ndéanann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 102 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 38 de Threoir (AE) 2019/2034 a chomhlíonadh, nó i gcás inar chinn an t-údarás inniúil, i gcomhthéacs próiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2013/36/AE, maidir leis na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí arna gcur chun feidhme ag an institiúid nó ag an eintiteas agus na cistí dílse agus an leachtacht atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis sin, nach n-áirithítear leo go ndéanfar bainistiú fónta agus cumhdach ar a rioscaí, agus tá feidhm ag ceachtar den dá ní seo a leanas:

(i)

ní dhearna an institiúid ná an t-eintiteas na gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna n-éileamh ag an údarás inniúil, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 39 de Threoir (AE) 2019/2034;

(ii)

measann an t-údarás inniúil nach leor gníomhaíochtaí ceartaitheacha seachas bearta luath-idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna na hinstitiúide nó an eintitis sin;

(b)

na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45e nó 45f den Treoir seo a shárú; nó

(c)

aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE nó in Airteagail 3 go 7, 14 go 17 nó 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a shárú sa 12 mhí tar éis an mheasúnaithe ón údaráis inniúil nó i gcás inar dócha go sáróidh siad aon cheann de na ceanglais sin sa 12 mhí sin.

Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh go gcomhlíonfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), den mhír seo gan gníomhaíochtaí ceartaitheacha eile a dhéanamh roimhe sin, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 39 de Threoir (AE) 2019/2034.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (b) agus (c), den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis réitigh nó na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill faoin sárú nó faoin sárú dóchúil.

2.   Chun críocha mhír 1, áireofar an méid seo a leanas ar na bearta luath-idirghabhála:

(a)

an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis ceachtar den dá ní seo a leanas:

(i)

ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme; nó

(ii)

an plean téarnaimh a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2), i gcás nach ionann na himthosca ba chúis leis an luath-idirghabháil agus na toimhdí a leagtar amach sa phlean téarnaimh tosaigh, agus ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse ama shonrach;

(b)

an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis cruinniú de scairshealbhóirí na hinstitiúide nó an eintitis a thionól, nó, mura gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta an ceanglas sin, go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cruinniú sin a thionól é féin go díreach, agus sa dá chás an clár a shocrú agus a cheangal go mbreithneofaí cinntí áirithe lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;

(c)

an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis plean a tharraingt suas, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh i gcás inarb infheidhme, le haghaidh idirbheartaíocht maidir le hathstruchtúrú fiachais le cuid de chreidiúnaithe na hinstitiúide nó an eintitis nó leis na creidiúnaithe go léir;

(d)

an ceanglas struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide nó an eintitis a athrú;

(e)

an ceanglas bainistíocht shinsearach nó comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis a bhaint, nó a ionadú i gcomhréir le hAirteagal 28, ina iomláine nó ina hiomláine nó maidir le daoine aonair;

(f)

riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don institiúid nó don eintiteas i gcomhréir le hAirteagal 29;

(g)

an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis plean a tharraingt suas is féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas a chur chun feidhme i gcás ina gcinneann sí nó sé tús a chur le foirceannadh deonach a cuid nó a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Roghnóidh na húdaráis inniúla na bearta luath-idirghabhála iomchuí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn a bhfuil comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ag féachaint do thromchúis an tsáraithe nó an tsáraithe dhóchúil agus do luas an mheatha ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), i measc faisnéis ábhartha eile.

4.   I gcás gach ceann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear i mír 2, leagfaidh na húdaráis inniúla sprioc-am cur chun feidhme síos a bheidh teoranta go docht don am is gá chun an beart lena mbaineann a chur chun feidhme faoi choinníollacha réasúnacha. Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar éifeachtacht an bhirt díreach tar éis don sprioc-am dul in éag agus roinnfidh siad an mheastóireacht sin leis an údarás réitigh.

I gcás ina gcinntear sa mheastóireacht nár cuireadh na bearta luath-idirghabhála chun feidhme go hiomlán nó nach bhfuil siad éifeachtach, féadfaidh an t-údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a).

5.   Déanfaidh ÚBE, faoin 11 Bealtaine 2028, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur chun cinn.

Airteagal 28

An bhainistíocht shinsearach nó an comhlacht bainistíochta a ionadú

Chun críocha Airteagal 27(2), pointe (e), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an comhlacht bainistíochta nua, nó comhaltaí aonair díobh, a cheapadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus go mbeidh ceapacháin den sórt sin faoi réir fhormheas nó thoiliú an údaráis inniúil.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).’;"

(14)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Chun críocha Airteagal 27(2), pointe (f), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn a bhfuil comhréireach sna himthosca, riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh chun ceachtar den dá ní seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a ionadú go sealadach; nó

(b)

oibriú go sealadach le comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d).

Tráth a cheaptar an riarthóir sealadach, sonróidh an t-údarás inniúil an bhfuil an ceapachán sin chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a) nó (b).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), sonróidh an t-údarás inniúil a thuilleadh, tráth an cheapacháin, ról, dualgais agus cumhachtaí an riarthóra shealadaigh agus aon cheanglais ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis i dtaca le dul i gcomhairle leis an riarthóir sealadach nó toiliú an riarthóra shealadaigh a fháil sula ndéanfaidh sé cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha.

Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar an údarás inniúil ceapachán aon riarthóra shealadaigh a phoibliú, ach amháin i gcás nach bhfuil sé de chumhacht ag an riarthóir sealadach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d).

Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eolas leordhóthanach, scileanna leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach ag aon riarthóir sealadach chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh agus go gcomhlíonfaidh sé nó sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(2) agus (2a) de Threoir 2013/36/AE. An measúnú a dhéanann an t-údarás inniúil i dtaobh an bhfuil an t-eolas, na scileanna agus an taithí sin ag an riarthóir sealadach agus an gcomhlíonann sé nó sí na ceanglais sin, beidh sé ina dhlúthchuid den chinneadh an riarthóir sealadach sin a cheapadh.

2.   Sonróidh an t-údarás inniúil cumhachtaí an riarthóra shealadaigh tráth a cheaptha nó a ceaptha, ar bhonn a bhfuil comhréireach sna himthosca. Féadfaidh cuid de chumhachtaí chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), faoi reachtanna na hinstitiúide nó an eintitis agus faoin dlí náisiúnta, nó na cumhachtaí go léir, a bheith san áireamh leis na cumhachtaí sin, lena n-áirítear an chumhacht chun roinnt feidhmeanna riaracháin de chuid chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis, nó na feidhmeanna go léir, a fheidhmiú. Beidh cumhachtaí an riarthóra shealadaigh maidir leis an institiúid nó an eintiteas i gcomhréir leis an dlí cuideachtaí is infheidhme. Féadfaidh an t-údarás inniúil na cumhachtaí sin a choigeartú i gcás ina dtagann athrú ar na himthosca.

3.   Sonróidh an t-údarás inniúil ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheaptha nó a ceaptha. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa ról agus sna feidhmeanna sin:

(a)

staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a fhionnadh;

(b)

gnó na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), nó cuid de, a bhainistiú chun a staid airgeadais a chaomhnú nó a athbhunú;

(c)

bearta a dhéanamh chun bainistiú fónta stuama ghnó na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a athbhunú;

(d)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), aon cheanglas de bhun Airteagal 30a(3), an dara fomhír, (4), an chéad fhomhír, nó (5).

Sonróidh an t-údarás inniúil aon teorainn le ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheaptha nó a ceaptha.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an dara fomhír:

‘In aon chás, féadfaidh an riarthóir sealadach an chumhacht a fheidhmiú chun cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a thionól agus clár an chruinnithe sin a shocrú, ar an gcoinníoll go bhfaigheann sé nó sí toiliú roimh ré ón údarás inniúil.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.   Arna iarraidh sin don údarás inniúil, déanfaidh an riarthóir sealadach tuarascálacha a tharraingt suas maidir le staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh le linn thréimhse a shainordaithe nó a sainordaithe, ag eatraimh arna socrú ag an údarás inniúil. Déanfaidh an riarthóir sealadach, in aon chás, an tuarascáil sin a tharraingt suas ag deireadh a shainordaithe nó a sainordaithe.

7.   Ceapfar an riarthóir sealadach ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn eisceachtúil, síneadh a chur leis an tréimhse sin uair amháin ar feadh tréimhse atá comhréireach leis na himthosca má leantar de na coinníollacha maidir le ceapadh an riarthóra shealadaigh a chomhlíonadh. Beidh an t-údarás inniúil freagrach as a chinneadh an bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh agus as údar a thabhairt do na scairshealbhóirí i dtaca le haon síneadh a chuirtear le sainordú an riarthóra shealadaigh.’

;

(15)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Bearta luath-idirghabhála a chomhordú i ndáil le grúpaí’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

‘1.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 27 i ndáil le máthairghnóthas de chuid an Aontais, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe fógra do ÚBE agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta sula gcinnfidh sé beart luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm.

2.   Tar éis an fhógra agus an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an gcuirfidh sé bearta luath-idirghabhála i bhfeidhm faoi Airteagal 27 i ndáil leis an máthairghnóthas ábhartha de chuid an Aontais, agus tionchar na mbeart sin ar na grúpeintitis i mBallstáit eile á chur san áireamh. Tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe fógra faoin gcinneadh do ÚBE agus do na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta.

3.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 27 i ndáil le fochuideachta de mháthairghnóthas de chuid an Aontais, tabharfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair, a bhfuil sé i gceist aige an beart a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal sin, fógra do ÚBE agus rachaidh sé i gcomhairle leis an maoirseoir comhdhlúthaithe.

Tar éis dó an fógra a fháil, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú a dhéanamh ar an tionchar dóchúil a bheidh ag bearta luath-idirghabhála faoi Airteagal 27 a chur i bhfeidhm i ndáil leis an institiúid nó an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), i gceist, i ndáil leis an ngrúpa nó i ndáil le grúpeintitis i mBallstáit eile. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an measúnú sin chuig an údarás inniúil laistigh de 3 lá.

Tar éis an fhógra agus an chomhairliúcháin sin, cinnfidh an t-údarás inniúil an gcuirfidh sé beart luath-idirghabhála i bhfeidhm. Tabharfar aird chuí sa chinneadh sin ar mheasúnú ar bith de chuid an mhaoirseora comhdhlúthaithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh do ÚBE, don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus do na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta.

4.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag níos mó ná údarás inniúil amháin beart luath-idirghabhála faoi Airteagal 27 a chur i bhfeidhm ar níos mó ná institiúid nó eintiteas amháin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), sa ghrúpa céanna, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla ábhartha eile measúnú maidir le cibé an oiriúnaí an riarthóir sealadach céanna a cheapadh do na heintitis uile lena mbaineann nó comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála eile ar níos mó ná institiúid nó eintiteas amháin chun réitigh a éascú lena ndéanfaí staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann a athbhunú. Beidh an measúnú i bhfoirm cinneadh comhpháirteach idir an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla ábhartha eile. Tiocfar ar an gcinneadh comhpháirteach laistigh de 5 lá ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an cinneadh comhpháirteach a réasúnú agus a leagan amach i ndoiciméad a chuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ar fáil don mháthairghnóthas de chuid an Aontais.

Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, cuidiú leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de 5 lá, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus údaráis inniúla na bhfochuideachtaí cinntí aonair a dhéanamh maidir le riarthóir sealadach a cheapadh do na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), as a bhfuil siad freagrach agus maidir leis na bearta luath-idirghabhála eile a chur i bhfeidhm.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás inniúil ar bith, cuidiú leis na húdaráis inniúla a bhfuil sé beartaithe acu ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), pointe (a), den Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le Roinn A, pointí (4), (10), (11) agus (19), den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, in Airteagal 27(2), pointe (c), den Treoir seo nó in Airteagal 27(2), pointe (d), den Treoir seo chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(16)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i dTeideal III:

‘Airteagal 30a

Ullmhúchán don réiteach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh gan mhoill faoi na nithe seo a leanas:

(a)

aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 a dhéanann siad nó a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo a dhéanamh;

(b)

mar a léiríonn gníomhaíocht mhaoirseachta, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(1) i ndáil le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), gan beann ar chur i bhfeidhm aon bhirt luath-idirghabhála;

(c)

cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 27.

Déanfaidh údaráis inniúla dlúthfhaireachán, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh, ar staid na hinstitiúide nó an eintitis agus ar a mhéid a chomhlíonann sí nó sé na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an meath ar staid na hinstitiúide nó an eintitis sin, agus na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh a luaithe is féidir i gcás ina measann siad go bhfuil riosca ábhartha ann go mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4) maidir le hinstitiúid nó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d). Beidh an méid seo a leanas san fhógra sin:

(a)

na cúiseanna a bhfuil fógra á thabhairt;

(b)

forléargas ar na bearta faoi bhreithniú lena gcuirfí cosc ar theip na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann laistigh de thréimhse ama réasúnta, an tionchar a mheastar a bheidh acu ar an institiúid nó ar an eintiteas a mhéid a bhaineann leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus an tréimhse ama a bhfuil coinne léi chun na bearta sin a chur chun feidhme.

Tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla, ar cad is tréimhse ama réasúnta ann chun measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (b), agus aird á tabhairt ar luas an mheatha ar staid na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar an ngá atá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar aon bhreithniú eile is ábhartha don chás. Féadfaidh na húdaráis réitigh, tráth ar bith, athmheasúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama agus í a chur in oiriúint d’imthosca an cháis. Cuirfidh na húdaráis réitigh an measúnú nó an t-athmheasúnú sin in iúl do na húdaráis inniúla a luaithe is féidir.

Tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, i ndlúthchomhar le chéile, faireachán ar staid na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar chur chun feidhme na mbeart ábhartha laistigh den tréimhse ama a mheastar a bheidh acu agus ar aon fhorbairtí ábhartha eile. Chun na críche sin, tiocfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le chéile go tráthrialta, a mhinice a chinnfidh na húdaráis réitigh ag féachaint d’imthosca an cháis. Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh aon fhaisnéis ábhartha dá chéile gan mhoill.

3.   Soláthróidh na húdaráis inniúla do na húdaráis réitigh an fhaisnéis uile a iarrann na húdaráis réitigh agus atá riachtanach chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an plean réitigh a nuashonrú agus ullmhú do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d);

(b)

an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 36 a dhéanamh.

I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin d’údaráis inniúla, comhoibreoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla agus comhordóidh siad le chéile chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla agus ag údaráis réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), an fhaisnéis sin a sholáthar, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus an fhaisnéis sin a sholáthar dá chéile.

4.   Áireofar ar chumhachtaí na n-údarás réitigh an chumhacht chun an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a mhargú do cheannaitheoirí ionchasacha, socruithe a dhéanamh maidir leis an margú sin nó ceangal a chur ar an institiúid nó ar an eintiteas déanamh amhlaidh, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an eintitis sin, faoi réir na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 39(2) agus faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagail 84 agus 84b;

(b)

an measúnú a dhéanann an t-údarás réitigh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (b).

I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh, i bhfeidhmiú na cumhachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an institiúid nó an t-eintiteas a mhargú go díreach le ceannaitheoirí ionchasacha, tabharfaidh sé aird chuí ar imthosca an cháis, go háirithe ar aon bhearta coisctheacha a d’fhéadfadh scéim ráthaithe taiscí a dhéanamh nó aon bhearta a d’fheádfadh SCI a dhéanamh, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin ar staid fhoriomlán na hinstitiúide nó an eintitis.

5.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh a chur de cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), na socruithe is gá a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear ardán digiteach, chun faisnéis a chomhroinnt le ceannaitheoirí ionchasacha nó le comhairleoirí agus luachálaithe atá fostaithe ag an údarás réitigh. I gcás ina bhfeidhmíonn an t-údarás réitigh an chumhacht sin, beidh feidhm ag Airteagal 84(1), pointí (e) agus (f).

6.   Ní bheidh an réamhfhógra ón údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo ina choinníoll riachtanach do na húdaráis réitigh chun ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ná chun na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo a fheidhmiú.

7.   Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas gan mhoill faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhíreanna 3, 4 agus 5.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar le chéile sna cásanna seo a leanas:

(a)

agus breithniú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an meath ar staid institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), agus ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo, a dhéanamh;

(b)

agus breithniú á dhéanamh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 a dhéanamh;

(c)

le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh go mbeidh na bearta agus na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach, comhordaithe agus éifeachtach.’

;

(17)

in Airteagal 31(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair a sholáthraítear í ó bhuiséad Ballstáit;’

;

(18)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le hinstitiúid i gcás ina gcinneann na húdaráis réitigh, ar theachtaireacht a fháil de bhun mhír 2, nó ar a dtionscnamh féin, agus an gá atá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach á chur san áireamh, go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an institiúid i mbéal teipthe nó is dóigh di teip;

(b)

ag féachaint d’uainiú agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear bearta ó SCI, bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE, gníomhaíocht mhaoirseachta, bearta luath-idirghabhála, nó díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 59(2) den Treoir seo, a dhéanfaí i ndáil leis an institiúid, cosc ar theip na hinstitiúide laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(c)

tá gá le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i dteannta an údaráis inniúil, gur féidir leis an údarás réitigh an measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, i gcás ina bhfuil na huirlisí riachtanacha ag na húdaráis réitigh faoin dlí náisiúnta chun an measúnú sin a dhéanamh lena n-áirítear, go háirithe, rochtain leordhóthanach ar an bhfaisnéis ábhartha. I gcás den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an t-údarás réitigh dó gan mhoill chun a mheasúnú a dhéanamh, sula gcuirfidh an t-údarás réitigh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige an measúnú sin a dhéanamh nó ina dhiaidh sin.

Is é an t-údarás réitigh a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil. Soláthróidh an t-údarás inniúil don údarás réitigh, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an t-údarás réitigh chun a mheasúnú a dhéanamh. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur in iúl don údarás réitigh freisin go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (b), á chomhlíonadh.

Agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), lorgóidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás réitigh an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil ón scéim ráthaithe taiscí nó, i gcás inarb ábhartha, ón SCI a bhfuil an institiúid ina comhalta de, a bheadh ábhartha don mheasúnú sin, lena n-áirítear an féidir leis an scéim ráthaithe taiscí nó leis an SCI an teip a chosc.’

;

(b)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, seachas i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 32c.’

;

(ii)

scriostar fomhíreanna ón dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), ní bheidh gá le gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail má chinneann an t-údarás réitigh nach mbeadh aon cheann de na cuspóirí réitigh i mbaol i gcás ina bhfoirceanntar an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Má chineann an t-údarás réitigh go mbeadh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh i mbaol i gcás ina ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, cinnfidh an t-údarás réitigh go bhfuil gá le gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail i gcás ina bhfuil gá leis an ngníomhaíocht réitigh chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus ina bhfuil sí comhréireach leis sin agus i gcás nach gcomhlíonfadh foirceannadh na hinstitiúide faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh atá i mbaol ar bhealach níos éifeachtaí.

Áiritheoidh na Ballstáit, agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, go ndéanfaidh an t-údarás réitigh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó tráth an mheasúnaithe sin, aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách is féidir a bheith ag súil leis go réasúnach a dheonú don institiúid a bhreithniú agus a chur i gcomparáid le chéile, i gcás réitigh agus i gcás foirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír á dhéanamh aige, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás réitigh na costais a bhaineann le réiteach agus le gnáthimeachtaí dócmhainneachta san áireamh agus go bhféachfaidh sé leis an dochar a dhéantar don luach a íoslaghdú agus a sheachaint, ach amháin más gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.’

;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 32a agus 32b:

‘Airteagal 32a

Coinníollacha maidir le réiteach i ndáil le comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis réitigh in ann gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le comhlacht lárnach agus i ndáil leis na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais uile atá buanchleamhnaithe leis ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, i gcás ina gcomhlíonann an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais uile atá buanchleamhnaithe leis, nó an grúpa réitigh lena mbaineann siad, ina n-iomláine na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1).

Airteagal 32b

Imeachtaí i leith institiúidí agus eintitis nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinneann údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann sí nó sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointe (c), go ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás réitigh an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach ábhartha a thionscnamh nó go n-iarrfaidh sé an nós imeachta sin a thionscnamh, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil air, nós imeachta deonach, chun an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-imeoidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a dhéantar a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme sna himthosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i nós imeachta foirceanta dheonaigh, ón margadh nó go bhfoirceannfaidh sí nó sé a ghníomhaíochtaí baincéireachta nó a gníomhaíochtaí baincéireachta laistigh de thréimhse ama réasúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinneann údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann sí nó sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointe (c), gur coinníoll leordhóthanach é an cinneadh sin don údarás inniúil chun údarú na hinstitiúide nó an eintitis sin a tharraingt siar.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur coinníoll leordhóthanach é údarú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a tharraingt siar chun go mbeidh an t-údarás náisiúnta riaracháin nó breithiúnach ábhartha in ann an nós imeachta a thionscnamh, gan mhoill, chun an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’

;

(20)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 32c

Tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách lasmuigh de ghníomhaíocht réitigh a dheonú d’institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar bhonn eisceachtúil, ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i gcreat Státchabhrach an Aontais, ach ní fhéadfar í a dheonú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun suaitheadh tromchúiseach de chineál eisceachtúil nó sistéamach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, i gcás ina bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann in aon cheann de na foirmeacha a leanas:

(i)

ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna soláthar ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;

(ii)

ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;

(iii)

ionstraimí cistí dílse seachas ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó ionstraimí caipitil eile a fháil, nó bearta sócmhainní bearnaithe a úsáid, ar phraghsanna, ar feadh ré, agus ar théarmaí eile nach dtugann buntáiste míchuí don institiúid nó don eintiteas lena mbaineann, i gcás nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointe (a), (b) nó (c), nó Airteagal 59(3) tráth a dheonaítear an tacaíocht phoiblí;

(b)

i gcás ina bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabhála ó scéim ráthaithe taiscí, dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE;

(c)

i gcás ina bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabhála ó scéim ráthaithe taiscí, dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE;

(d)

i gcás ina bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm Státchabhrach arna deonú d’institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 32b den Treoir seo, seachas an tacaíocht arna deonú ag scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE.

2.   Maidir leis na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):

(a)

beidh siad teoranta d’institiúidí sócmhainneacha nó d’eintitis shócmhainneacha, mar atá deimhnithe ag an údarás inniúil;

(b)

beidh siad de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad bunaithe ar straitéis réamhshainithe, arna formheas ag an údarás inniúil, chun imeacht ó na bearta tacaíochta, ina n-áirítear dáta foirceanta, dáta díola nó sceideal aisíocaíochta a shonraítear go soiléir le haghaidh gach ceann de na bearta sin;

(c)

beidh siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh i ngeilleagar Ballstáit de chineál eisceachtúil nó sistéamach a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú; agus

(d)

ní úsáidfear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an institiúid nó ag an eintiteas, nó is dóigh di nó dó a thabhú, le linn an 12 mhí ina dhiaidh sin ar a laghad a fhritháireamh.

Ní nochtfar an straitéis réamhshainithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo go dtí go n-imeoidh an institiúid nó an t-eintiteas ó na bearta tacaíochta lena mbaineann, nó go dtí go mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 6, an dara fomhír, den Airteagal seo curtha i gcrích, faoi réir oibleagáidí neamh-inmhoillithe maidir le nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

3.   Chun críocha mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a)(ii) agus (iii), den Airteagal seo, measfar institiúid nó eintiteas a bheith sócmhainneach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil nár tharla aon sárú, nó nach dóigh dó tarlú sa 12 mhí ina dhiaidh sin, bunaithe ar ionchais reatha, ar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 nó ar na ceanglais ábhartha is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Agus measúnú á dhéanamh ar tharla sárú ar na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an t-údarás inniúil neamhaird d’aon sáruithe atá leigheasta go héifeachtach faoi thráth an mheasúnaithe. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur dócha go dtarlóidh sárú amach anseo ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 sa 12 mhí ina dhiaidh sin, féadfaidh sé a mheas go heisceachtúil go bhfuil institiúid nó eintiteas sócmhainneach i gcás ina gcinneann sé go mbeidh an sárú de chineál gearrthéarmach agus go bhfuil bearta feabhsúcháin éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt air beartaithe ag an institiúid nó eintiteas agus go bhfuil measúnú déanta ag an údarás inniúil orthu á rá gur bearta inchreidte iad faoi thráth an mheasúnaithe.

4.   Chun críocha mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na caillteanais atá tabhaithe ag an institiúid nó eintiteas nó is dóigh di nó dó a thabhú a chainníochtú. Beidh an cainníochtú sin bunaithe ar athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó údaráis náisiúnta nó, i gcás inarb iomchuí, ar chigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an údarás inniúil. I gcás nach féidir na hathbhreithnithe ná na cigireachtaí sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil an cainníochtú a bhunú ar chlár comhardaithe na hinstitiúide nó an eintitis, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha cuntasaíochta agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, mar atá deimhnithe ag iniúchóir seachtrach neamhspleách. Déanfar an cainníochtú chomh gar agus is féidir don dáta a dheonaítear na bearta tacaíochta agus trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil don údarás inniúil.

5.   Beidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), teoranta do bhearta a mheas an t-údarás inniúil a bheith riachtanach chun sócmhainneacht na hinstitiúide nó an eintitis a chaomhnú trí aghaidh a thabhairt ar an easnamh caipitil arna shuíomh i gcás ina bhfuil toradh diúltach ar thástálacha struis náisiúnta, tástálacha struis de chuid an Aontais nó tástálacha struis ar fud an tsásra aonair maoirseachta nó ar chleachtaí coibhéiseacha arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó údaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, agus atá deimhnithe ag an údarás inniúil.

De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), den Airteagal seo, ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás inarb amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraime cistí dílse eile nó aon ionstraime caipitil eile go mbeadh an institiúid nó an t-eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar an easnamh caipitil arna shuíomh i gcás ina mbeadh toradh diúltach ar an tástáil struis ábhartha nó ar an gcleachtadh coibhéiseach. Ní bheidh méid ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca atá ag an institiúid nó ag an eintiteas lena mbaineann, méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt an teorainn 2 % a shárú i gcás inar léirigh sé go bhfuil sé riachtanach agus iomchuí chun na bearta tacaíochta a chur chun feidhme, agus imthosca sonracha an cháis á gcur san áireamh. Ní baol an tsuim a bheidh i gceist leis an sárú ar an teorainn do chur i bhfeidhm tráthúil inchreidte na straitéise réamhshainithe chun imeacht ó na bearta tacaíochta. Cuirfidh an t-údarás inniúil an anailís is bunús le cead a thabhairt an teorainn 2 % a shárú ar fáil don Choimisiún chun críocha aon mheasúnaithe fhéideartha ar Státchabhair.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, mura ndéantar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc nó a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na straitéise chun imeacht ón mbeart tacaíochta a bunaíodh tráth a deonaíodh an beart sin, go n-iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an institiúid nó ar an eintiteas plean feabhsúcháin aon uaire a chur faoina bhráid. Tabharfar tuairisc sa phlean feabhsúcháin ar na céimeanna atá le glacadh chun imeacht ón mbeart tacaíochta faoi 2 bhliain agus chun inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú. Leis an bplean feabhsúcháin, ní chuirfear srian ar chumhacht na n-údarás ábhartha measúnú nó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh di nó dó teip, tráth ar bith.

I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean feabhsúcháin inchreidte nó indéanta, nó i gcás nach gcomhlíonann an institiúid nó an t-eintiteas an plean feabhsúcháin, déanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú i dtaobh an bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh di nó dó teip.

7.   Déanfaidh ÚBE, faoin 11 Bealtaine 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis an gcineál tástálacha, athbhreithnithe nó cleachtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, as a bhféadfadh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), den Airteagal seo teacht.’

;

(21)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c) nó (d), agus an gá atá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach á chur san áireamh, i gcás ina gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1).

Chun gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, measfar go bhfuil eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh dó teip in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

comhlíonann an t-eintiteas ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(4), pointe (b), (c) nó (d);

(b)

sáraíonn an t-eintiteas go hábhartha na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i dTreoir 2013/36/AE nó tá eilimintí oibiachtúla ann a léiríonn go sáróidh an t-eintiteas go hábhartha na ceanglais sin go luath amach anseo.’

;

(22)

leasaítear Airteagal 33a mar a leanas:

(a)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis réitigh fógra don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), agus do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 83(2), pointí (a) go (h), gan mhoill tráth a bheidh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á feidhmiú acu, tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip de bhun Airteagal 32(1), pointe (a), agus sula nglacfar an cinneadh réitigh.’

;

(b)

i mír 9, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfeidhmítear na cumhachtaí dá dtagraítear inti i leith taiscí incháilithe agus nach meastar nach bhfuil na taiscí sin ar fáil chun críocha Threoir 2014/49/AE, go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar mhéid iomchuí laethúil ó na taiscí sin.’

;

(23)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh bainisteoir speisialta amháin nó níos mó a cheapadh in ionad chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide nó chun oibriú i gcomhar leis. Déanfaidh na húdaráis réitigh ceapachán an bhainisteora speisialta a phoibliú. Áiritheoidh údaráis réitigh go bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an t-eolas ag an mbainisteoir speisialta chun a chuid nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE maidir le bainisteoirí speisialta a cheapadh.

2.   Beidh cumhachtaí uile na scairshealbhóirí agus chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide ag an mbainisteoir speisialta. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Éileoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha suas don údarás réitigh ceapacháin maidir le staid eacnamaíoch agus airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh agus a chuid nó a cuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici, ag eatraimh thráthrialta arna socrú ag an údarás réitigh agus ag tosach agus deireadh a shainordaithe nó a sainordaithe.’

;

(24)

in Airteagal 36, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘7a.   I gcás inar gá chun eolas a dhéanamh do na cinntí dá dtagraítear i mír 4, pointí (c) agus (d), comhlánóidh an luachálaí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, pointe (c), le meastachán ar luach na sócmhainní lasmuigh den chlár comhardaithe agus luach na ndliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo mar gheall ar theagmhas éiginnte agus ar luach na ndliteanas arb éiginnte a n-uainiú nó a méid.’

;

(25)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   I gcás ina n-úsáidtear na huirlisí réitigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, chun gan ach cuid de shócmhainní, cearta nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú, déanfar aon eintiteas iarmharach a bheidh fágtha tar éis aistriú na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas, agus tar éis cur i bhfeidhm uirlisí réitigh eile, i gcás inarb ábhartha, a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Déanfar an foirceannadh sin laistigh de thréimhse ama réasúnta, ag féachaint d’aon ghá don eintiteas iarmharach sin seirbhísí nó tacaíocht a sholáthar de bhun Airteagal 65 chun go mbeidh an faighteoir in ann na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí arna bhfáil de bhua an aistrithe sin a fheidhmiú, agus d’aon chúis eile ar gá leanúint leis an eintiteas iarmharach chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach nó chun na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 34 a chomhlíonadh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina gcuirtear an uirlis tarrthála inmheánaí i bhfeidhm maidir le hinstitiúid faoi réiteach chun críocha Airteagal 43(2), pointe (a), in éineacht le huirlisí réitigh eile.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbeadh de thoradh ar an ngníomhaíocht réitigh sin go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe nó go ndéanfaí a n-éilimh a chomhshó, féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh gan an chumhacht a fheidhmiú ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, más rud é go bhfuil na hionstraimí sin le fágáil san eintiteas iarmharach agus go n-áiritheofaí le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo, mar aon le foirceannadh an eintitis iarmharaigh, ar bhonn na luachála dá dtagraítear in Airteagal 36, go n-iompróidís caillteanais sula n-iompródh aon chreidiúnaithe eile de chuid na hinstitiúide faoi réiteach iad.’

;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘11.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar ghníomhaíochtaí agus ullmhú na n-údarás réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na n-uirlisí agus na gcumhachtaí réitigh a áirithiú i gcás réitigh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le staid reatha na gcleachtaí atá ann cheana agus éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud na mBallstát faoin 11 Bealtaine 2028.

Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

na socruithe atá i bhfeidhm chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur chun feidhme agus an leibhéal rannpháirtíochta le bonneagair an mhargaidh airgeadais agus le húdaráis tríú tír, i gcás inarb ábhartha;

(b)

na socruithe atá i bhfeidhm chun uirlisí réitigh eile a chur i ngníomh;

(c)

an leibhéal trédhearcachta i leith páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).’

;

(26)

leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Chun éifeacht a thabhairt don uirlis droichead-institiúide agus ag féachaint don ghá aon cheann de na cuspóirí réitigh a shaothrú, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag údaráis réitigh gach ceann de na nithe seo a leanas a aistriú chuig droichead-institiúid:’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Gan dochar don dara fomhír, i gcás ina gceadaítear, le cur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, caipiteal na droichead-institiúide a sholáthar go hiomlán trí dhliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a chomhshó ina scaireanna nó ina gcineálacha eile ionstraimí caipitil, féadfar an ceanglas go mbeidh an droichead-institiúid faoi úinéireacht iomlán nó úinéireacht pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a tharscaoileadh.’

;

(27)

in Airteagal 42(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

go bhfuil gá leis an aistriú sin chun feidhmiú cuí na hinstitiúide faoi réiteach, na droichead-institiúide nó an mheáin bainistíochta sócmhainní féin a áirithiú; nó’

;

(28)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an socrú um maoiniú réitigh ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 4 a dhéanamh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinne na scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí eile úinéireachta, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu ranníocaíocht de mhéid nach lú ná 8 % de na dliteanais iomlána lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, le hionsú caillteanais agus athchaipitliú, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 36, trí laghdú, díluacháil nó comhshó de bhun Airteagal 48(1) agus Airteagal 60(1), agus tríd an scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 109 i gcás inarb ábhartha;

(b)

ní mó an ranníocaíocht ón socrú um maoiniú réitigh ná 5 % de na dliteanais iomlána lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 36.’

;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘In imthosca urghnácha, féadfaidh an t-údarás réitigh cistiú breise a lorg ó fhoinsí maoinithe eile sna cásanna seo a leanas:

(a)

rinne an socrú um maoiniú réitigh ranníocaíocht de bhun mhír 4 agus sroicheadh an teorainn 5 % dá dtagraítear i mír 5, pointe (b); agus

(b)

rinneadh na dliteanais ar fad ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu nach taiscí incháilithe iad, a rangaítear níos ísle ná na taiscí dá dtagraítear in Airteagal 108(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus nár eisiadh ón tarrtháil inmheánach de bhun mhír 3 den Airteagal seo a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.’

;

(29)

in Airteagal 44a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Faoin 11 Samhain 2027, cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ESMA, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Déanfar comparáid sa tuarascáil sin idir na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh, déanfar anailís ar a n-éifeachtacht maidir le cliaint mhiondíola a chosaint agus déanfar measúnú ar a dtionchar ar oibríochtaí trasteorann. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun leasuithe a dhéanamh ar an Treoir seo.’

;

(30)

in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe nuair is gá sin agus faoi mar a chinneann an t-údarás réitigh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 45a go 45i.’

;

(31)

leasaítear Airteagal 45b mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Ní dhéanfaidh eintitis réitigh taiscí a áireamh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe ach amháin i gcás ina bhfuil sé údaraithe ag an údarás réitigh i gcomhréir le mír 1b iad a áireamh mar sin agus i gcás ina gcomhlíonann na taiscí sin gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann na taiscí na coinníollacha ar fad a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír;

(b)

níl na taiscí á sealbhú ag daoine nádúrtha, micrifhiontair ná fiontair bheaga agus mheánmhéide;

(c)

is taiscí téarma a bhfuil aibíocht tosaigh bliana amháin ar a laghad acu iad na taiscí agus ní thugann siad ceart don úinéir aisíocaíocht luath a fháil fiú i gcás ina bhfuil an aisíocaíocht luath faoi réir pionós a íoc;

(d)

tagraíonn an doiciméadacht chonarthach ábhartha go sainráite don mhéid seo a leanas:

(i)

rún an eintitis réitigh na taiscí a áireamh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe;

(ii)

eisiamh na dtaiscí ó aon aisíocaíocht ó scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 5(1), pointe (l), de Threoir 2014/49/AE.

1b.   Féadfaidh an t-údarás réitigh údarú a thabhairt don eintiteas réitigh taiscí a áireamh go hiomlán nó go páirteach i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe má tá sé sásta go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

measann an t-údarás réitigh nach ndéanfaí na taiscí sin a eisiamh go hiomlán nó go páirteach ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 44(3) nó nach n-aistreofaí iad go hiomlán chuig faighteoir faoi aistriú páirteach;

(b)

chinn an t-údarás réitigh nach bac substainteach ar inréiteacht é na nithe sin a áireamh mar sin, nó nach dócha go mbeidh sé ina bhac substainteach ar inréiteacht iad a áireamh mar sin, go háirithe mar gheall ar an tionchar ar a indéanta atá sé uirlisí réitigh a úsáid ar bhealach lena mbaintear amach na cuspóirí réitigh.

Déanfaidh an t-údarás réitigh an t-údarú a tharraingt siar i gcás ina gcinneann sé nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh a thuilleadh. Sa chás sin, scoirfidh an t-eintiteas réitigh de thaiscí a áireamh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe.’

;

(b)

i míreanna 4, 5 agus 7, cuirtear an téarma ‘eintitis G-SII’ in ionad an téarma ‘G-SIInna’;

(c)

leasaítear mír 8 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an téarma ‘eintitis G-SII’ in ionad an téarma ‘G-SIInna’;

(ii)

sa dara fomhír, pointe (c), cuirtear an téarma ‘eintiteas G-SII’ in ionad an téarma ‘G-SII’;

(iii)

sa cheathrú fomhír, cuirtear an téarma ‘eintitis G-SII’ in ionad an téarma ‘G-SIInna’;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘10.   Féadfaidh an t-údarás réitigh cead a thabhairt don eintiteas réitigh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 a chomhlíonadh trí chistí dílse nó dliteanais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a úsáid i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás eintitis arb eintitis G-SII iad nó eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6), níor laghdaigh an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, de bhun na chéad fhomhíre den mhír sin;

(b)

na dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b(4), pointí (b) go (e), den Rialachán sin.’

;

(32)

leasaítear Airteagal 45c mar a leanas:

(a)

i mír 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, pointe (b):

‘(b)

dliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite d’Airteagal 72b(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán sin, agus i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 45b(1a) den Treoir seo;’

;

(b)

i mír 3, an t-ochtú fomhír, cuirtear an téarma ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna criticiúla eacnamaíochta’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas, chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Treoir seo a chinneadh agus chun na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 16a den Treoir seo a fheidhmiú, maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, i gcás nach bhfuil an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin faoi Threoir 2013/36/AE;

(b)

eintitis nach eintitis réitigh iad féin, i gcás nach bhfuil an t-eintiteas faoi réir na gceanglas sin faoi Threoir 2013/36/AE ar an mbonn céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f den Treoir seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.   I gcás eintitis réitigh atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar mó ná EUR 30 billiún a shócmhainní iomlána agus a bhfuil sé beartaithe go príomha lena straitéis réitigh tosaíochta an uirlis díolacháin gnó nó an uirlis droichead-institiúide a chur i bhfeidhm agus go n-imeoidh sé ón margadh, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad cothrom leis an méid seo a leanas:

(a)

15 % nuair a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (a); agus

(b)

4,5 % nuair a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (b).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le heintitis réitigh a bhfuil sé beartaithe lena straitéis réitigh tosaíochta an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm chun críocha Airteagal 43(2), pointe (a), go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile.’

;

(e)

i mír 7, an t-ochtú fomhír, cuirtear an téarma ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna criticiúla eacnamaíochta’;

(33)

in Airteagal 45d(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Is é an méid seo a leanas a bheidh sa cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) atá ar eintiteas réitigh arb eintiteas G-SII é:’

;

(34)

leasaítear Airteagal 45f mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin, ach ar fochuideachtaí de chuid eintitis tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 45c agus 45d a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite.’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (83b)(b), déanfaidh institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach ach nach eintitis réitigh iad féin, le comhlacht lárnach nach eintiteas réitigh é féin, agus le haon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglas faoi Airteagal 45e(3) Airteagal 45c(7) a chomhlíonadh ar bhonn aonair.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (a), pointe (ii):

‘(ii)

a chomhlíonann na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite d’Airteagal 72b(2), pointí (b), (c), (k), (l) agus (m), agus Airteagal 72b(3), (4) agus (5) den Rialachán sin, agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 45b(1a) den Treoir seo;’

;

(35)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45g:

‘Airteagal 45g

Tarscaoileadh i leith comhlacht lárnach, nó i leith institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach

Féadfaidh an t-údarás réitigh cur i bhfeidhm Airteagal 45f maidir le comhlacht lárnach nó institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a tharscaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais agus an comhlacht lárnach faoi réir maoirseacht arna déanamh ag an údarás inniúil céanna, tá siad bunaithe sa Bhallstát céanna agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;

(b)

is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus a institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe nó a institiúidí airgeadais buanchleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe nó a institiúidí airgeadais buanchleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;

(c)

déantar faireachán ar an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, agus ar shócmhainneacht agus leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe ar fad nó na n-institiúidí airgeadais buanchleamhnaithe ar fad ina n-iomláine ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;

(d)

i gcás tarscaoileadh i leith institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, tá sé de chumhacht ag lucht bainistíochta an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do lucht bainistíochta na n-institiúidí buanchleamhnaithe;

(e)

comhlíonann an grúpa réitigh ábhartha an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e(3); agus

(f)

ní ann d’aon bhac reatha ábhartha praiticiúil ná dlíthiúil, ná d’aon bhac den sórt sin atá tuartha, ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais buanchleamhnaithe i gcás réitigh.’

;

(36)

leasaítear Airteagal 45i mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Nochtfaidh eintitis an fhaisnéis a cheanglaítear faoin mír seo i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 128b.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:

(a)

na modhanna agus na socruithe chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thuairisciú;

(b)

a mhinice a dhéantar an tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (a) agus na sprioc-amanna maidir leis an tuairisciú sin a thíolacadh.

Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, sonrófar bealach caighdeánaithe chun faisnéis a thabhairt faoi rangú na n-ítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), is infheidhme in imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta i ngach Ballstát.

I gcás institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), den Treoir seo atá faoi réir Airteagail 92a agus 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, comhsheasmhach leis an ngníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 430 den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5a.   Forbróidh ÚBE réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thuairisciú.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:

(a)

na modhanna agus na socruithe le haghaidh na nochtuithe dá dtagraítear i mír 3;

(b)

a mhinice a dhéantar na nochtuithe.

Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, cuirfear faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl chun measúnú a dhéanamh ar phróifílí riosca na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), agus ar a mhéid a chomhlíonann siad an ceanglas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 45e nó 45f.

I gcás institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), den Treoir seo atá faoi réir Airteagail 92a agus 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, comhsheasmhach leis an ngníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 434a den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6a.   Forbróidh ÚBE réitigh TF, lena n-áirítear formáidí nochtaithe agus treoracha, chun an nochtuithe dá dtagraítear i mír 3 a thuairisciú.’

;

(37)

in Airteagal 45j, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:

(a)

na modhanna agus na socruithe trína ndéanann na húdaráis réitigh faisnéis a shainaithint agus a thuairisciú do ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chun críocha mhír 1;

(b)

a mhinice a dhéantar an tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (a) agus na sprioc-amanna maidir leis an tuairisciú sin a thíolacadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2027.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.   Forbróidh ÚBE réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe, caighdeáin sonraí, formáidí agus treoracha, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú.’

;

(38)

in Airteagal 451(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cumhdófar 3 bliana féilire leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 agus déanfar í a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig den bhliain fhéilire tar éis na bliana deireanaí a chumhdaítear sa tuarascáil. Scoirfidh an oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 d’fheidhm a bheith aici tar éis don dara tuarascáil a bheith tíolactha.’

;

(39)

leasaítear Airteagal 45m mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh idirthréimhsí iomchuí a chinneadh, nach faide ná 3 bliana iad, chun gur féidir leis na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45e nó 45f nó na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7) a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí, i gcás nach mbeadh comhlíonadh na gceanglas sin gan idirthréimhse comhréireach.

Féadfaidh an t-údarás réitigh spriocleibhéil inmheánacha a chinneadh le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45e nó 45f nó le haghaidh na gceanglas a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí, a chomhlíonfaidh institiúid nó eintiteas ar dháta arna shocrú ag an údarás réitigh. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, déanfar, de ghnáth, méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an gceanglas a áirithiú.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir leis an idirthréimhse arna cinneadh ag na húdaráis réitigh le haghaidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), a dtagann athrú ar an straitéis réitigh tosaíochta ina leith ó fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta go cur i bhfeidhm gníomhaíochta réitigh, ní bheidh an idirthréimhse sin níos faide ná 4 bliana.

I gcás ina bhfuil údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an t-údarás réitigh idirthréimhse níos faide de 6 bliana ar a mhéad a chinneadh.

Féadfaidh an t-údarás réitigh spriocleibhéil idirmheánacha a chinneadh le haghaidh an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e nó le haghaidh na gceanglas a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí, a chomhlíonfaidh an institiúid nó an t-eintiteas ar dháta arna shocrú ag an údarás réitigh. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, déanfar, de ghnáth, méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an gceanglas a áirithiú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45b(4) agus (7) agus in Airteagal 45c(5) agus (6), de réir mar is infheidhme, laistigh den tréimhse 3 bliana tar éis an dáta a thosaíonn an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de a bheith aitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE nó a thosaíonn an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó (6).’

;

(40)

in Airteagal 46(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suífear an méid faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, chun cóimheas na droichead-institiúide a shuíomh, agus aon ranníocaíocht chaipitil ón socrú um maoiniú réitigh arna déanamh de bhun Airteagal 101(1), pointe (d), den Treoir seo á cur san áireamh;

(b)

chun muinín leordhóthanach sa mhargadh a chothú san institiúid faoi réiteach nó sa droichead-institiúid, agus aon dliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo mar thoradh ar theagmhas éiginnte nó dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid nach ndearnadh a dhíluacháil ná a chomhshó á chur san áireamh, agus a chur ar chumas na hinstitiúide sin leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh ar feadh bliana ar a laghad agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE a dhéanamh.’

;

(41)

leasaítear Airteagal 47(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

scaireanna atá ann cheana nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú nó iad a aistriú:

(i)

chuig creidiúnaithe a ndéantar a n-éilimh a chomhshó ina scaireanna nó ina gcineálacha eile ionstraimí caipitil;

(ii)

chuig an gceannaitheoir, agus an mhír seo á cur i bhfeidhm i gcomhar leis an uirlis díolacháin gnó; nó

(iii)

chuig droichead-institiúid, agus an mhír seo á cur i bhfeidhm i gcomhar leis an uirlis droichead-institiúide;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i):

‘(i)

ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 59 arna n-eisiúint ag an institiúid faoi réiteach de bhun na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 59(2); nó’

;

(42)

leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘In imthosca eisceachtúla, maidir leis an spriocdháta 1 mhí chun an plean atheagrúcháin gnó a thíolacadh, féadfaidh an t-údarás réitigh é a fhadú mí amháin.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), gnéithe breise a áireamh sa phlean atheagrúcháin gnó.’

;

(43)

leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, go nialas, lena n-áirítear dliteanas arb éiginnte a uainiú nó a mhéid, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (e), caithfear leis an dliteanas sin agus aon oibleagáid nó éileamh a eascraíonn as, nach raibh tabhaithe tráth a bhí an chumhacht sin á feidhmiú, mar dhliteanas urscaoilte chun na gcríoch ar fad, agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeacht eile ina dhiaidh sin maidir leis an institiúid faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.

4.   I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, i bpáirt ach ní go hiomlán, lena n-áirítear dliteanas arb éiginnte a uainiú nó a mhéid, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (e):

(a)

déanfar an dliteanas a urscaoileadh suas go dtí an méid a laghdaíodh;

(b)

beidh feidhm ag an ionstraim ábhartha nó ag an gcomhaontú ábhartha lenar cruthaíodh an dliteanas bunaidh fós maidir leis an bpríomhshuim iarmharach, nó maidir leis an méid atá fós le híoc i leith an dliteanais, faoi réir aon mhodhnú ar mhéid an úis atá iníoctha chun laghdú na príomhshuime a léiriú, agus faoi réir aon mhodhnú eile ar na téarmaí a d’fhéadfadh an t-údarás réitigh a dhéanamh trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (j).’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Chun críocha mhíreanna 3 agus 4, beidh éifeacht le hurscaoileadh an dliteanais arb éiginnte a uainiú nó a mhéid agus aon éilimh a thagann chun cinn i ndáil leis má chinntear go cinntitheach agus a luaithe a chinnfear go cinntitheach an dliteanas ábhartha i dtaca le huainiú agus méid nó má tháinig agus a luaithe a thiocfaidh an t-éileamh a bhaineann leis chun cinn.’

;

(44)

leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), téarma conarthach a áireamh lena sonraítear go n-aithníonn an creidiúnaí nó an páirtí sa chomhaontú nó san ionstraim lena gcruthaítear ionstraim chaipitil ábhartha nó dliteanas ar féidir tarrtháil a thabhairt air go bhféadfadh an ionstraim nó an dliteanas sin a bheith faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó agus go dtoilíonn an creidiúnaí nó an páirtí sin a bheith faoi cheangal ag aon laghdú ar an bpríomhshuim nó aon mhéid gan íoc atá dlite, aon chomhshó nó aon chealú ar toradh é ar na cumhachtaí sin a bheith á bhfeidhmiú ag údarás réitigh, ar choinníoll go gcomhlíonann an ionstraim nó an dliteanas sin gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(b)

ní taisce é an ionstraim nó an dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 108(1), pointe (b);

(c)

rialaítear an ionstraim nó an dliteanas faoi dhlí tríú tír;

(d)

eisítear an ionstraim nó an dliteanas nó téitear ina bun nó ina bhun tar éis an dáta a chuireann Ballstát na forálacha i bhfeidhm arna nglacadh chun an Roinn seo a thrasuí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcinneann údarás réitigh Ballstáit gur féidir le húdarás réitigh Ballstáit na hionstraimí nó na dliteanais dá dtagraítear inti a bheith faoi réir díluacháil nó comhshó de bhun dlí tríú tír nó de bhun comhaontú ceangailteach arna thabhairt i gcrích leis an tríú tír sin.

1a.   Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 maidir le heintitis leachtaithe ná le fochuideachtaí eintiteas réitigh ná eintiteas tríú tír nach eintitis réitigh iad.

Ionstraimí nó dliteanais na n-eintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo agus nach n-áirítear iontu an téarma conarthach dá dtagraítear sa mhír sin, ní áireofar iad faoi chomhair an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na húdaráis réitigh a chinneadh go mbeidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

eintiteas leachtaithe ar chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ina leith;

(b)

fochuideachta eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír nach eintiteas réitigh é.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinneann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), nach bhfuil sé praiticiúil de réir dlí nó ar shlí eile téarma a cheanglaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a áireamh sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha, nach mbeidh feidhm ag an gceanglas an téarma sin a áireamh.

I gcás, in aicme dliteanas lena n-áirítear dliteanais incháilithe, inar mó ná 10 % den aicme sin méid na ndliteanas nach n-áirítear an téarma conarthach a cheanglaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo iontu, tabharfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), fógra don údarás réitigh faoi sin. Cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas sin ainmniú aicme na ndliteanas nach n-áiríonn, de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, an téarma conarthach sin agus an t-údar atá leis, san fhógra sin. Chomh maith leis sin, soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas sin an fhaisnéis ar fad don údarás réitigh a iarrann í, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis an fógra a fháil. Déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú ar thionchar na faisnéise sin ar inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis sin, lena n-áirítear an tionchar ar an inréiteacht a eascraíonn as an riosca go sárófar coimircí an chreidiúnaí dá bhforáiltear in Airteagal 73 agus na cumhachtaí díluachála agus comhshó á gcur i bhfeidhm acu maidir le dliteanais incháilithe.

I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh nach bhfuil sé praiticiúil de réir dlí nó ar shlí eile téarma a áireamh i bhforálacha conarthacha a cheanglaítear de bhun mhír 1, ag cur san áireamh an gá atá le hinréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú, féadfaidh sé a cheangal, laistigh de thréimhse ama réasúnta, go n-áiritheofaí téarma conarthach den sórt sin. Anuas air sin, féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas leasú a dhéanamh ar a cuid nó a chuid cleachtas maidir le cur i bhfeidhm na díolúine ó aitheantas conarthach a thabhairt don tarrtháil inmheánach.

Ní áireofar sna dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 agus ionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (48)(ii), i gcás inar dliteanais neamhurraithe na hionstraimí sin. Ina theannta sin, na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh rangú sinsearachta acu ar na dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 108(2).

I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh, i dtaobh na ndliteanas nach n-áirítear an téarma conarthach a cheanglaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo iontu, go gcruthaíonn siad bac substainteach ar inréiteacht, cuirfidh sé i bhfeidhm na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17, de réir mar is iomchuí, chun an bac sin ar an inréiteacht a bhaint.

I gcás ina mainníonn an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), an téarma a cheanglaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a áireamh sna forálacha conarthacha i leith dliteanas nó i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceangal sin maidir leo i gcomhréir leis an mír seo, ní áireofar na dliteanais sin faoi chomhair an íoscheanglais do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe.’

;

(b)

i mír 6, an chéad fhomhír, scriostar pointí (b) agus (c);

(c)

scriostar mír 8;

(45)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis réitigh an chumhacht díluachála nó comhshó a fheidhmiú, i gcomhréir le hAirteagal 60 agus gan mhoill, maidir le hionstraimí caipitil ábhartha, agus maidir le dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, arna n-eisiúint ag institiúid nó ag eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), agus aird á tabhairt ar an ngá atá leis an gcumhacht díluachála nó chomhshó nó, i gcás inarb infheidhme, an straitéis réitigh don ghrúpa réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

i gcás ina n-éileoidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 32c.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ag féachaint d’uainiú agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, gníomhaíocht mhaoirseachta nó bearta luath-idirghabhála, seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha, agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, cosc ar theip na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), nó ar theip an ghrúpa laistigh de thréimhse ama réasúnta.’

;

(46)

leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (m):

‘(m)

an chumhacht chun a cheangal ar an údarás ábhartha measúnú a dhéanamh ar fhaighteoir sealúchais cháilithigh go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Airteagal 27a de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), Airteagal 11 de Threoir 2009/65/CE, Airteagal 58 de Threoir 2009/138/CE, Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 12 de Threoir 2014/65/AE, agus ar aon teorainneacha ama a leagtar amach sna dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014. lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj)."

(*3)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).’;"

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘I gcás ina bhfeidhmítear na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e) nó (f), maidir le dliteanais arb éiginnte a n-uainiú nó a méid, beidh éifeacht leis an laghdú nó leis an gcomhshó má chinntear go cinntitheach agus a luaithe a chinnfear go cinntitheach an dliteanas ábhartha i dtaca le huainiú agus méid nó má tháinig agus a luaithe a thiocfaidh an t-éileamh a bhaineann leis chun cinn.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

faoi réir Airteagal 3(6) agus Airteagal 85(1) den Treoir seo, ceanglais maidir le formheas nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear scairshealbhóirí nó creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach agus na húdaráis inniúla chun críocha Airteagail 22 go 27 de Threoir 2013/36/AE;’

;

(47)

in Airteagal 71a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cruthaíonn an conradh oibleagáid nua nó leasaíonn sé go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;

(b)

foráiltear leis an gconradh d’fheidhmiú ceart foirceanta amháin nó níos mó nó d’fheidhmiú ceart chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagail 33a, 68, 69, 70 nó 71 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.’

;

(48)

in Airteagal 74(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

an chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe, nó leis na scéimeanna ábhartha ráthaithe taiscí sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a), agus Airteagal 109(6), dá mba rud go raibh an institiúid faoi réiteach, a ndearnadh an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh ina leith, tar éis dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta faoin tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 82;’

;

(49)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

‘Airteagal 75

Coimirce le haghaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinntear leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 74 gur mó na caillteanais a thabhaigh aon scairshealbhóir nó creidiúnaí dá dtagraítear in Airteagal 73, nó an scéim ráthaithe taiscí sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a), agus Airteagal 109(6), ná na caillteanais a thabhódh sé nó sí i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbeidh sé nó sí i dteideal íocaíocht na difríochta ó na socruithe um maoiniú réitigh.’

;

(50)

in Airteagal 84, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.   Ní bheidh an tAirteagal seo ina bhac ar mhalartú faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach sa Bhallstát céanna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás gur ó Bhallstát eile a thagann an fhaisnéis, ní mhalartófar í ach le toiliú sainráite an údaráis ábhartha a nocht í.’

;

(51)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i gCaibidil VIII:

‘Airteagal 84a

Faisnéis atá i seilbh sásraí uathoibrithe láraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis a oibríonn na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú de bhun Airteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) faisnéis a sholáthar do na húdaráis réitigh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le líon comhiomlánaithe na gcustaiméirí arb institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo an t-aon chomhpháirtí baincéireachta nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-iarrfaidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach ar bhonn cás ar chás agus i gcásanna inar gá agus inar comhréireach sin chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh.

Airteagal 84b

Rúndacht na faisnéise ón taobh istigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus na cumhachtaí faoi Airteagal 30a(3), (4) agus (5) den Treoir seo á bhfeidhmiú acu, nó agus luacháil á déanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 36 den Treoir seo, go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo na bearta uile is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise ón taobh istigh, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, a áirithiú maidir leis an ullmhúchán don réiteach, go dtí go measfaidh an t-údarás réitigh nach gá an rúndacht a thuilleadh chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus gníomhaíocht réitigh á déanamh acu, nó agus cumhacht á feidhmiú acu chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo na bearta uile is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise ón taobh istigh, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 di, a áirithiú maidir leis an bpróiseas réitigh nó leis an díluacháil nó an comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo, go dtí go measfaidh an t-údarás réitigh nach gá an rúndacht a thuilleadh chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.   Cuirfidh an t-údarás réitigh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar an eolas a luaithe a mheasfaidh sé nach gá a thuilleadh go gcomhlíonfaí an ceanglas maidir leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise ón taobh istigh a áirithiú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

4.   Le linn na tréimhse ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo na bearta uile is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise ón taobh istigh a áirithiú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

5.   I gcás ina gceanglaíonn údarás réitigh ar institiúid nó ar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo na bearta uile is gá a dhéanamh chun rúndacht faisnéise ón taobh istigh a áirithiú i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, nó i gcás ina gcuireann údarás réitigh an institiúid nó an t-eintiteas sin ar an eolas nach gá an rúndacht sin a thuilleadh chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, cuirfidh an t-údarás sin an t-údarás inniúil arna shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ar an eolas a luaithe is féidir.

6.   Ní fhéadfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo an fhaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a nochtadh do thríú páirtí le linn gnáthfheidhmiú poist, gairme nó dualgas, mar a leagtar amach in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ach amháin má tá dualgas rúndachta ar an duine a fhaigheann an fhaisnéis sin ón taobh istigh, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an dualgas sin bunaithe ar dhlí, ar rialacháin, ar airteagail chomhlachais, nó ar chonradh agus má áirithíonn an duine sin go gcoinneofar an fhaisnéis sin faoi rún chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

7.   I gcás, d’ainneoin na mbeart is gá arna ndéanamh chun rúndacht na faisnéise ón taobh istigh a áirithiú i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, nach n-áirithítear rúndacht na faisnéise sin a thuilleadh, déanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), an fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh don phobal a luaithe is féidir. Áireofar sa mhír seo cásanna ina mbaineann ráfla go sainráite leis an bhfaisnéis sin ón taobh istigh agus ina bhfuil an ráfla sin cruinn go leor lena léiriú nach bhfuil rúndacht na faisnéise sin á háirithiú a thuilleadh.

(*4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).’;"

(52)

leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

údaráis ainmnithe na scéimeanna ráthaithe taiscí a bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa ar cuid den ghrúpa iad cleamhnaithe leo.’

;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), den mhír seo, i gcás inarb institiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), an fhochuideachta agus inarb eintiteas leachtaithe í freisin, cinnfidh údarás réitigh na fochuideachta sin an bhfuil sé ar intinn aige a bheith ina chomhalta den choláiste réitigh. Má mheasann údarás réitigh na fochuideachta sin nach gá dó a bheith ina chomhalta, lorgóidh sé toiliú an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal chun scor de bheith ina chomhalta. Toileoidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal le scor an chomhaltais ach amháin más gá leanúint den chomhaltas chun go bhfeidhmeoidh an coláiste réitigh go cuí agus go héifeachtach. I gcás athruithe ábharacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’inchreidteacht imeachtaí dócmhainneachta, tabharfaidh údarás réitigh fochuideachta den sórt sin fógra don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal faoin ngá atá lena chomhaltas sa choláiste réitigh a athbhunú. Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, ar fhógra den sórt sin a fháil, an comhaltas sin a athbhunú.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.   Chun gurbh fhusa na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), Airteagal 15(1) agus Airteagal 17(1) a chur i gcrích agus chun aon fhaisnéis ábhartha a mhalartú, féadfar coláiste réitigh a bhunú sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás institiúid a bhfuil brainse suntasach amháin nó níos mó aici lonnaithe i mBallstáit eile, féadfaidh údarás réitigh na hinstitiúide sin coláiste réitigh a bhunú;

(b)

i gcás grúpa atá comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a cuid fochuideachtaí, agus iad bunaithe sa Bhallstát céanna, agus de bhrainsí suntasacha, a bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh lonnaithe i mBallstát eile, féadfaidh údarás réitigh an mháthairghnóthais sin coláiste réitigh a bhunú.

Déanfaidh údarás réitigh an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid nó an máthairghnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo bunaithe cathaoirleacht ar an gcoláiste réitigh agus bunóidh sé rialacha iomchuí maidir lena fheidhmiú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh eile. Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 7, ní bheidh feidhm aige maidir le coláistí réitigh arna mbunú faoin mír seo ach cuirfear san áireamh é nuair a bhunófar na rialacha maidir lena bhfeidhmiú. Cinnfidh Cathaoirleach an choláiste réitigh cé na húdaráis a bheidh rannpháirteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht de chuid an choláiste réitigh, agus ábharthacht na gníomhaíochta atá le pleanáil nó le comhordú do na húdaráis sin á cur san áireamh, go háirithe an chaoi a bhféadfaí dul i bhfeidhm ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann agus na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Coinneoidh Cathaoirleach an choláiste réitigh comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas, roimh ré, faoi eagrú na gcruinnithe sin, faoi na príomh-shaincheisteanna atá le plé agus faoi na gníomhaíochtaí atá le breithniú. Ina theannta sin, coinneoidh an Cathaoirleach comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas, go tráthúil, faoi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna cruinnithe sin nó faoi na bearta arna ndéanamh.’

;

(53)

leasaítear Airteagal 91 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina gcinneann údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar fochuideachta i ngrúpa í nó é, na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), nó Airteagal 33(4), pointí (a) agus (b), de réir mar is infheidhme, tabharfaidh an t-údarás sin fógra gan mhoill don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, murab ionann iad, don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus do chomhaltaí an choláiste réitigh le haghaidh an ghrúpa atá i gceist maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

an cinneadh go gcomhlíonann an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), nó in Airteagal 33(4), pointí (a) agus (b), de réir mar is infheidhme;

(aa)

toradh an mheasúnaithe ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (c), agus Airteagal 33(4), pointe (c);

(b)

na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta dócmhainneachta a mheasann an t-údarás réitigh a bheith iomchuí don institiúid nó don eintiteas sin.

Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sna fógraí a thugtar de bhun Airteagal 81(3) don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, murab ionann iad, don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus do chomhaltaí an choláiste réitigh le haghaidh an ghrúpa atá i gceist.’

;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(54)

in Airteagal 92(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh ÚBE, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’

;

(55)

in Airteagal 96(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

na ceanglais a bhaineann le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh i dTeideal IV, Caibidil IV.’

;

(56)

in Airteagal 98, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na haireachtaí inniúla faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:’

;

(b)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

‘Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda, lena n-áirítear pleananna téarnaimh, a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i ndáil le faisnéis a bhaineann le téarnamh agus réiteach, na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo;

(b)

i ndáil le faisnéis eile atá ar fáil do na húdaráis inniúla, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2013/36/AE.

Chun críocha an dara fomhír, cuimseofar san fhaisnéis a bhaineann le téarnamh agus réiteach an fhaisnéis uile a bhaineann go díreach le cúraimí na n-údarás inniúil faoin Treoir seo, go háirithe pleanáil téarnaimh agus pleananna téarnaimh, bearta luath-idirghabhála agus malartuithe le húdaráis réitigh maidir le pleanáil réitigh, pleananna réitigh agus gníomhaíocht réitigh.’

;

(57)

in Airteagal 101, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, aon luach saothair inathraithe, lena n-áirítear sochair phinsin lánroghnacha, de chuid chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí chomhlacht bainistíochta agus bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach le haghaidh tréimhsí roimh chliseadh na hinstitiúide, ar luach saothair é nár íocadh nó nár dílsíodh roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, déanfar é a chealú. Aon luach saothair inathraithe, lena n-áirítear sochair phinsin lánroghnacha, a dílsíodh nó a íocadh, sna 24 mhí roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, le comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí, déanfaidh na comhaltaí agus na hiarchomhaltaí sin iad a thabhairt ar ais nó a aisíoc, ach amháin má chruthaíonn siad nár ghlac siad páirt san iompar ba chúis le cliseadh na hinstitiúide faoi réiteach, nó a chuir leis an gcliseadh sin, nó nach raibh siad freagrach as an iompar sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le luach saothair inathraithe, lena n-áirítear sochair phinsin lánroghnacha, a rialaítear le comhaontú cómhargála.’

;

(58)

in Airteagal 102(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Mura leor na hacmhainní airgeadais atá ar fáil chun an spriocleibhéal a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, atosófar na ranníocaíochtaí ex ante arna gcruinniú i gcomhréir le hAirteagal 103 go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. Féadfaidh na húdaráis réitigh tiomsú na ranníocaíochtaí ex ante arna gcruinniú i gcomhréir le hAirteagal 103 a chur siar ar feadh suas le 3 bliana chun a áirithiú go sroichfidh an méid atá le tiomsú méid atá comhréireach le costais an phróisis tiomsaithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh an cur siar sin difear ábharach do chumas an údaráis réitigh na socruithe um maoiniú réitigh a úsáid de bhun Airteagal 101. I gcás inar lú na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ná dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí ar leibhéal lena bhféadfar an spriocleibhéal a shroicheadh laistigh de thréimhse ama réasúnta nach faide ná 6 bliana.’

;

(59)

leasaítear Airteagal 103 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfar a áireamh ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus atá le cur san áireamh chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 102 a shroicheadh gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ráthú go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca nach bhfuil faoi eire ag aon chearta tríú páirtí, atá ar fáil gan bhac do na húdaráis réitigh agus arna sannadh d’úsáid eisiach na n-údarás sin chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 101(1). Ní rachaidh sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe thar 30 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Laistigh den teorainn sin, cinnfidh an t-údarás réitigh go bliantúil sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí atá le cruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Glaofaidh an t-údarás réitigh ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo i gcás inar gá na socruithe um maoiniú réitigh a úsáid de bhun Airteagal 101.

I gcás ina scoireann eintiteas de bheith faoi raon feidhme Airteagal 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcealóidh an t-údarás réitigh na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus go dtabharfar ar ais an chomhthaobhacht lenar ráthaíodh na gealltanais sin.

Ag féachaint don ghá leibhéal leordhóthanach na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil sna socruithe um maoiniú réitigh a chaomhnú nó a athbhunú, áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh, ar chealú na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe, méid a chinneadh a ranníocfaidh an t-eintiteas dá dtagraítear sa dara fomhír leis an socrú um maoiniú réitigh san fhoirm, sna téarmaí agus san uainiú a leagtar amach i gcinneadh an údaráis réitigh.

Ní bheidh an ranníocaíocht dá dtagraítear sa tríú fomhír níos mó ná méid na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna gcealú de bhun an dara fomhír.’

;

(60)

in Airteagal 104(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex post urghnácha in aghaidh na bliana thar mhéid atá trí huaire níos mó ná 12,5 % den spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 102.’

;

(61)

in Airteagal 107(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

aon ranníocaíocht a cheanglófaí ar scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 109;’

;

(62)

leasaítear Airteagal 108 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, an méid a leanas:

(a)

beidh an rangú tosaíochtaí céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (b), ag an méid a leanas:

(i)

taiscí faoi chumhdach;

(ii)

éilimh scéimeanna ráthaithe taiscí dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Threoir 2014/49/AE;

(b)

beidh an rangú tosaíochtaí céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (c), ag an méid a leanas:

(i)

an chuid sin de na taiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha, ó mhicrifhiontair, ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ó údaráis phoiblí a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;

(ii)

taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha, ó mhicrifhiontair, ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ó údaráis phoiblí murach gur trí bhrainsí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ar brainsí d’institiúidí atá bunaithe san Aontas iad, a taisceadh iad;

(c)

beidh an rangú tosaíochta céanna ag taiscí nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b), arb airde é ná an rangú a thugtar d’éilimh gnáthchreidiúnaithe neamhurraithe.

Ní áireofar na taiscí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (b), (c), (f), (k) agus (l), de Threoir 2014/49/AE sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den mhír seo agus ní bheidh rangú tosaíochta acu is airde ná an rangú a thugtar d’éilimh gnáthchreidiúnaithe neamhurraithe.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas léi:

‘8.   I gcás ina n-úsáidtear na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a) nó (b), gan ach cuid de shócmhainní, cearta nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú, beidh éileamh ag an socrú um maoiniú réitigh in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), ar aon chostas agus caillteanas arna thabhú ag an socrú um maoiniú réitigh mar thoradh ar aon ranníocaíochtaí a rinneadh le réiteach de bhun Airteagal 101(1) i dtaca le caillteanais a bheadh tabhaithe ag na creidiúnaithe murach sin.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbeidh rangú tosaíochta fabhrach ag éilimh an tsocraithe um maoiniú réitigh dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus in Airteagal 37(7), ar rangú tosaíochta é a bheidh níos airde ná an rangú a thugtar do na héilimh ar thaiscí agus ar scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’

;

(63)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 109:

‘Airteagal 109

Scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh maidir le hinstitiúid creidmheasa, agus ar choinníoll go n-áiritheofar leis an ngníomhaíocht sin go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí i gcónaí, go ranníocfaidh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid creidmheasa sin cleamhnaithe na méideanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcuirtear an uirlis tarrthála inmheánaí i bhfeidhm chun críocha Airteagal 43(2), pointe (a), go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, an méid faoina ndéanfaí taiscí faoi chumhdach a dhíluacháil nó a chomhshó chun na caillteanais a ionsú agus an institiúid faoi réiteach a athchaipitliú de bhun Airteagal 46(1), dá mba rud é gur cuimsíodh taiscí faoi chumhdach i raon feidhme na tarrthála inmheánaí;

(b)

i gcás ina gcuirtear an uirlis díolacháin gnó nó an uirlis droichead-institiúide i bhfeidhm, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, sa chaoi is go n-imíonn an institiúid faoi réiteach ón margadh:

(i)

an méid is gá chun an difríocht a chumhdach idir, ar thaobh amháin, luach na dtaiscí faoi chumhdach agus na ndliteanas ag a bhfuil an rangú tosaíochta céanna leis na taiscí faoi chumhdach, nó rangú tosaíochta níos airde, agus, ar an taobh eile, luach shócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach atá le haistriú chuig faighteoir; agus

(ii)

i gcás inarb ábhartha, méid is gá chun neodracht caipitil an fhaighteora a áirithiú tar éis an aistrithe.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, i gcás ina n-áirítear san aistriú chuig an bhfaighteoir taiscí nach taiscí faoi chumhdach ná dliteanais eile iad ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu agus inarb é tátal an údaráis réitigh go bhfuil feidhm ag na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 44(3) maidir leis na taiscí nó na dliteanais sin, agus i gcás nach ndéantar an tairseach a leagtar síos in Airteagal 44(5), pointe (a), ná an tairseach a leagtar síos in Airteagal 44(8), pointe (a), maidir le húsáid na socruithe um maoiniú réitigh a chomhlíonadh trí ranníocaíocht le hionsú caillteanais agus le hathchaipitliú arna dhéanamh ag na scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile, ag sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus ag sealbhóirí dliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, is é seo a leanas a bheidh sa mhéid a ranníocfar ón scéim ráthaithe taiscí:

(a)

an méid is gá chun an difríocht a chumhdach idir, ar thaobh amháin, luach na dtaiscí dá dtagraítear in Airteagal 108(1), an chéad fhomhír, agus luach na ndliteanas a bhfuil an rangú tosaíochta céanna acu le taiscí faoi chumhdach, nó a bhfuil rangú tosaíochta níos airde acu ná na taiscí sin, agus, ar an taobh eile, luach shócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach atá le haistriú chuig faighteoir; agus

(b)

i gcás inarb ábhartha, méid is gá chun neodracht caipitil an aistrithe a áirithiú don fhaighteoir.

Áiritheoidh na Ballstáit, a luaithe a bheidh ranníocaíocht déanta ag an scéim ráthaithe taiscí sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go staonfaidh an institiúid faoi réiteach ó gheallta a fháil i ngnóthais eile, ó dháileacháin a dhéanamh maidir le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó íocaíochtaí ar ionstraimí Breise Leibhéal 1, agus ó ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh a bhféadfadh eis-sreabhadh cistí a bheith mar thoradh orthu.

3.   I gcás ina n-úsáidtear cistí na scéime ráthaithe taiscí i gcur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i gcomhréir le mír 1, pointe (a), chun rannchuidiú le hathchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí a sealúchais scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile san institiúid faoi réiteach chuig an earnáil phríobháideach a luaithe is féidir de réir na n-imthosca tráchtála agus airgeadais.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhargú go hoscailte agus go trédhearcach. Agus na díolacháin sin á ndéanamh, ní thabharfar bréagléiriú ar na scaireanna nó na hionstraimí sin ná ní dhéanfar idirdhealú idir ceannaitheoirí ionchasacha, agus déanfar iad ar théarmaí tráchtála.

4.   Maidir le ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí le haistriú ina n-áirítear taiscí nach taiscí faoi chumhdach ná dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad de bhun mhír 2 den Airteagal seo, áireofar í faoi chomhair na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 44(5), pointe (a), agus in Airteagal 44(8), pointe (a), i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní mó ná EUR 80 billiún luach iomlán shócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach ar bhonn aonair;

(b)

níor sainaithníodh an institiúid faoi réiteach, sna 24 mhí roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, mar eintiteas leachtaithe sa phlean réitigh grúpa ná sa phlean réitigh;

(c)

maidir le hionstraimí cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide faoi réiteach, agus aon dliteanais nach gcáilíonn a thuilleadh mar dhliteanais incháilithe toisc nach gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 72c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, úsáideadh iad go hiomlán le haghaidh ionsú caillteanais agus athchaipitliú, cé is moite de na dliteanais incháilithe sin a measann an t-údarás réitigh go bhfuil feidhm ag na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 44(3) den Treoir seo maidir leo;

(d)

i gcás institiúid faoi réiteach ar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1) cothrom ar a laghad leis an leibhéal dá dtagraítear in Airteagal 45c(6a).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo ach amháin i gcás nár sháraigh an institiúid faoi réiteach an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(2), pointe (a), lena n-áirítear na spriocleibhéil idirmheánacha chomhfhreagracha arna gcinneadh de bhun Airteagal 45m(1) agus (2), ar feadh 2 ráithe as a chéile sa tréimhse 4 bliana dar críoch an dáta roimh an gcéad lá de na 3 ráithe iomlána roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. I gcás inar chuir an t-údarás inniúil nó an t-údarás réitigh ceann amháin ar a laghad de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45k(1) i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(2), pointe (a), ní chuirfidh an t-údarás réitigh sáruithe ar an gceanglas sin san áireamh le linn na 4 ráithe iomlána roimh an gcinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh.

Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir leis na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7).

5.   I gcás inar féidir an socrú um maoiniú réitigh a úsáid de bharr ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí le haistriú ina n-áirítear taiscí nach taiscí faoi chumhdach ná dliteanais eile iad ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, de bhun mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, agus de bharr na ranníocaíochta le hionsú caillteanais agus le hathchaipitliú arna dhéanamh ag na scairshealbhóirí agus ag sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile, ag sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, beidh ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí teoranta don mhéid is gá chun na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 44(5), pointe (a), agus in Airteagal 44(8), pointe (a), a chomhlíonadh. Tar éis ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí, úsáidfear an socrú um maoiniú réitigh i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear úsáid an tsocraithe um maoiniú réitigh a leagtar amach in Airteagail 44 agus 101.

I gcás ina bhfuil luach iomlán sócmhainní idir EUR 30 billiún agus EUR 80 billiún ag institiúid faoi réiteach ar bhonn aonair, ní rachaidh ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí de bhun na míre seo thar 2,5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide faoi réiteach, cistí dílse san áireamh.

6.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 4 den Airteagal seo agus ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 44(7), an chéad fhomhír, déanfaidh an scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht bhreise a bheidh cothrom le méid na gcaillteanas a bhainfeadh do thaiscí faoi chumhdach, dá mba rud é gur bhain caillteanais do thaiscí faoi chumhdach i gcomhréir leis na caillteanais a bhain do chreidiúnaithe a bhfuil an rangú tosaíochta céanna acu san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta.

Ní bheidh costas ranníocaíocht bhreise na scéime ráthaithe taiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo níos mó ná na caillteanais a thabhódh sí dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a mheastar de bhun Airteagal 36(8).

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, i ngach cás, nach rachaidh méid iomlán ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí i ngníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis an Airteagal seo thar an méid dá dtagraítear in Airteagal 11e, pointe (a), de Threoir 2014/49/AE.

I gcás ina gcuirtear an uirlis díolacháin gnó nó an uirlis droichead-institiúide i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, pointe (b), nó mír 2 den Airteagal seo, ní rachaidh méid ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí dá dtagraítear sna forálacha sin thar 62,5 % de spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo i gcás ina dtugann an t-údarás réitigh údar don údarás ainmnithe sin maidir leis an ngá go mbeadh ranníocaíocht ón scéim ráthaithe taiscí os cionn 62,5 % den spriocleibhéal chun drochthionchair ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun rochtain na dtaisceoirí ar a dtaiscí a chaomhnú.

I gcás ina gcuirtear an uirlis tarrthála inmheánaí i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, ní bheidh ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí níos mó ná na caillteanais a bheadh tabhaithe ag an scéim ráthaithe taiscí dá mbeadh an institiúid tar éis dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a mheastar de bhun Airteagal 36(8).

Arna iarraidh sin, cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an t-údarás réitigh ar an eolas go pras maidir leis na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír.

8.   Is é an t-údarás réitigh a chinnfidh méid na ranníocaíochta ón scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir leis an Airteagal seo agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don údarás ainmnithe agus don scéim ráthaithe taiscí. Cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an cinneadh sin chun feidhme gan mhoill.

9.   I gcás ina n-aistrítear taiscí incháilithe ag institiúid faoi réiteach chuig eintiteas eile tríd an uirlis díolacháin gnó nó tríd an uirlis droichead-institiúide, ní bheidh aon éileamh ag na taisceoirí faoi Threoir 2014/49/AE in aghaidh na scéime ráthaithe taiscí i ndáil le haon chuid dá dtaiscí atá ag an institiúid faoi réiteach nach n-aistrítear, ar choinníoll go bhfuil méid na dtaiscí arna n-aistriú cothrom leis an leibhéal cumhdaigh comhiomlán dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Treoir sin, nó níos mó ná an leibhéal cumhdaigh sin.

10.   I gcás ina ndéanann scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht le gníomhaíocht réitigh, beidh feidhm ag Airteagal 101(3).

11.   Déanfaidh ÚBE, faoin 11 Bealtaine 2028, treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe an teorainn dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír, den Airteagal seo a dhífheidhmiú.’

;

(64)

in Airteagal 111(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(e)

mainneachtain na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 44a a chomhlíonadh;

(f)

mainneachtain an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45e nó 45f a chomhlíonadh.’

;

(65)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 128:

‘Airteagal 128

Comhar agus malartú faisnéise idir institiúidí agus údaráis

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le ÚBE chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh gan mhoill do ÚBE an fhaisnéis uile is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

2.   Soláthróidh ÚBE, an Bord Réitigh Aonair agus BCE don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh i dtaca le forbairt beartais, lena n-áirítear measúnuithe tionchair a dhéanamh, tograí reachtacha a ullmhú agus a bheith rannpháirteach sa phróiseas reachtach. I gcás inarb iomchuí, comhordóidh ÚBE, an Bord Réitigh Aonair agus BCE le húdaráis réitigh, le húdaráis inniúla náisiúnta agus le comhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais, i gcomhréir lena gcreat comhair.

3.   Déanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla náisiúnta agus comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais seachas BCE an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil do ÚBE, don Bhord Réitigh Aonair nó do BCE, nó i gcás nach féidir leo an fhaisnéis a sholáthar laistigh de thréimhse ama réasúnta. Beidh an iarraidh comhréireach, beidh údar léi agus áiritheofar léi tréimhse ama réasúnta chun an fhaisnéis a sholáthar. Soláthrófar an fhaisnéis i bhfoirm nach bhféadfaí eintitis aonair a shainaithint léi agus nach mbeidh sonraí pearsanta inti. Beidh an Coimisiún agus a fhoireann faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 84 maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.’

;

(66)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 128b

Modhanna nochta

1.   Déanfaidh institiúidí seachas institiúidí beaga neamhchasta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (145), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), den Treoir seo an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 45i(3) den Treoir seo a chur faoi bhráid ÚBE i bhformáid leictreonach tráth nach déanaí ná an dáta a fhoilseoidh siad a ráitis airgeadais nó a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach, i gcás inarb infheidhme, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin, mar aon leis an dáta a tíolacadh í, ar a shuíomh gréasáin.

Áiritheoidh ÚBE go bhfuil an fhaisnéis sna nochtuithe arna ndéanamh ar a shuíomh gréasáin mar an gcéanna leis an bhfaisnéis arna cur faoina bhráid ag institiúidí agus eintitis. Beidh an ceart ag institiúidí agus eintitis an fhaisnéis a thíolacadh do ÚBE arís i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 45i(6). Cuirfidh ÚBE an dáta a tíolacadh an fhaisnéis arís u ar a shuíomh gréasáin.

Ullmhóidh ÚBE uirlis lena sonraítear mapáil na dteimpléad agus na dtáblaí le haghaidh nochtuithe i gcomhréir le hAirteagal 45i(3) in éineacht leis na teimpléid agus na táblaí maidir le tuairisciú maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 45i(1), agus coinneoidh sé cothrom le dáta í. Beidh an uirlis mhapála sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin ÚBE.

Féadfaidh institiúidí agus eintitis leanúint de dhoiciméad neamhspleách a fhoilsiú ina soláthraítear foinse shorochtana faisnéise stuamachta agus réitigh d’úsáideoirí na faisnéise sin nó féadfaidh siad cuid ar leith a áireamh ina ráitis airgeadais nó ina dtuarascálacha airgeadais, nó í a chur i gceangal leis na ráitis nó na tuarascálacha sin, ina bhfuil na nochtuithe riachtanacha agus iad so-aitheanta do na húsáideoirí sin. Féadfaidh institiúidí agus eintitis nasc chuig suíomh gréasáin ÚBE ar a bhfoilsítear an fhaisnéis stuamachta agus réitigh ar bhealach láraithe a áireamh ar a suíomhanna gréasáin.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 45i(1) agus (3) den Treoir seo maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (145), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, foilseoidh ÚBE nochtuithe na n-institiúidí sin ar a shuíomh gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 45i(3) ar bhonn na faisnéise arna tuairisciú ag na hinstitiúidí sin do na húdaráis inniúla agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45i(1).

3.   Foilseoidh ÚBE nochtuithe bliantúla ar a shuíomh gréasáin ar an dáta céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí agus na heintitis a ráitis airgeadais nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Foilseoidh ÚBE nochtuithe leathbhliantúla agus ráithiúla, i gcás inarb infheidhme, ar a shuíomh gréasáin ar an dáta céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí agus na heintitis a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Aon mhoill a bheidh idir dáta foilsithe na nochtuithe dá dtagraítear i mír 1 agus dáta foilsithe na ráiteas airgeadais ábhartha, beidh sí réasúnta.

4.   Cuirfidh ÚBE cartlann den fhaisnéis a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Áiritheofar go mbeidh an chartlann sin inrochtana ar feadh tréimhse nach lú ná an tréimhse stórála a shocraítear sa dlí náisiúnta i leith faisnéis a áirítear i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí nó na n-eintiteas. Is iad na hinstitiúidí nó na heintitis a tháirgeann na sonraí úinéirí na sonraí i gcónaí, agus leanfaidh siad de bheith freagrach as a gcruinneas.

Airteagal 128c

Ionsamhlúcháin bainistithe géarchéime

1.   Comhordóidh ÚBE cleachtaí tráthrialta ar fud an Aontais chun tástáil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus Threoir 2014/49/AE i gcásanna trasteorann i dtaca leis na gnéithe a leanas:

(a)

comhar na n-údarás inniúil le linn na pleanála téarnaimh;

(b)

comhar i measc na n-údarás réitigh agus na n-údarás inniúil roimh theip agus le linn réiteach na n-institiúidí agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), den Treoir seo, lena n-áirítear i gcur chun feidhme scéimeanna réitigh arna nglacadh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

2.   Cuirfidh ÚBE tuarascáil i dtoll a chéile ina leagfar amach príomhthorthaí agus príomhchonclúidí na gcleachtaí dá dtagraítear i mír 1. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

Airteagal 128d

Forálacha idirthréimhseacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 45b(1a), na taiscí sin a glacadh roimh an 12 Bealtaine 2028 a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45b(1), an chéad fhomhír, in Airteagal 45c(2a), an dara fomhír, nó in Airteagal 45f(2), pointe (a), féadfar iad a áireamh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe go dtí an 11 Bealtaine 2029.

2.   Maidir le hidirthréimhsí d’institiúidí nó d’eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir seo, chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45e nó 45f den Treoir seo nó na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7) den Treoir seo a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí, ar ceanglais iad arna gcinneadh ag na húdaráis réitigh roimh an 12 Bealtaine 2028, ní bheidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (39)(a), de Threoir (AE) 2026/806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj)."

(*6)  Treoir (AE) 2026/806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú agus Treoir 2014/24/AE a mhéid a bhaineann le seirbhísí luachála i gcás réitigh (IO L, 2026/806, 20.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/806/oj).’;"

(67)

san Iarscríbhinn, Roinn B, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(5a)

tuairisc ar dhliteanais na hinstitiúide agus a heintiteas dlíthiúil uile arna rialú faoi dhlí tríú tír, lena n-áirítear:

a méid;

a gcomhdhéanamh, lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta;

dlí rialaithe an tríú tír;

a rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta;

an amhlaidh go n-eisiatar an dliteanas faoi Airteagal 44(2);

an amhlaidh go n-áirítear leo sna forálacha conarthacha an téarma a cheanglaítear de bhun Airteagal 55(1) den Treoir seo agus Airteagal 52(1), pointí (p) agus (q), agus Airteagal 63, pointí (n) agus (o), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

i gcás ina ndearnadh cinneadh nach bhfuil sé praiticiúil de réir dlí nó ar shlí eile an téarma maidir le haitheantas conarthach tarrthála inmheánaí a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 55(2), catagóir an dliteanais de bhun Airteagal 55(7).’.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2014/24/AE

In Airteagal 10 de Threoir 2014/24/AE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(k)

seirbhísí luachála dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 74 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

(*7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).’."

Airteagal 3

Trasuí

1.   Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 11 Bealtaine 2028. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 12 Bealtaine 2028.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (65), ón 11 Bealtaine 2026 agus beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (44)(b) agus (c), ón 12 Bealtaine 2028.

Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)   IO C 307, 31.8.2023, lch. 19.

(2)   IO C 349, 29.9.2023, lch. 161.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/3753, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3753/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 5 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).

(6)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(7)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2034/oj).

(8)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/49/oj).

(9)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1997/9/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2033/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/876/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 150, 7.6.2019, lch. 226, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/877/oj).

(15)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/879/oj).

(16)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj).

(18)  Treoir (AE) 2026/804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht (IO L, 2026/804, 20.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/804/oj).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(20)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/806/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)