|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/803 |
13.4.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/803 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Aibreán 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 a mhéid a bhaineann le nuashonrú na gcaighdeán tagartha agus caighdeáin thagartha nua a chur leis
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), comhábhair idir-inoibritheachta agus fochórais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur comhábhair agus fochórais iad atá i gcomhréir leis na buncheanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh a leagtar amach sa Treoir sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir (AE) 2016/797. |
|
(3) |
Na caighdeáin a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú nó a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057. |
|
(4) |
Na caighdeáin chomhchuibhithe, a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú, a athbhreithniú agus a leasú ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057, sásaíonn siad na ceanglais uile is aidhm dóibh a chumhdach, seachas na caighdeáin EN 13261:2024, EN 16584-1:2025, EN 16584-3:2025, EN 16585-2:2025, EN 16586-1:2025 agus EN 16586-2:2025. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
I leith chaighdeán EN 13261:2024, agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (4), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cheart toimhde chomhréireachta a thabhairt leis an gcaighdeán ach do phointe 4.2.3.5.2.1(2) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin de réir Iarscríbhinn ZA den chaighdeán. Chomh maith leis sin, maidir le Rialachán (AE) Uimh. 321/2013 ón gCoimisiún (5), níor cheart toimhde chomhréireachta a thabhairt leis an gcaighdeán ach don chéad dá mhír de phointe 4.2.3.6.4 den Iarscríbhinn a bhaineann leis an Rialachán sin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn ZA chéanna. Ní thugtar aghaidh sa chaighdeán sin ar an gceanglas maidir le hinrianaitheacht acastóirí. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le caighdeán EN 16584-1:2025, tá sé suite ag an gCoimisiún nach dtugtar toimhde chomhréireachta leis an gcaighdeán do phointe 4.2.1.15(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (6). Maidir le pointí 5.3.2.8(4), 5.3.2.9(5) agus 5.3.2.10(2) den Iarscríbhinn chéanna, níor cheart a thabhairt leis an gcaighdeán ach toimhde comhréireachta le seasmhacht in aghaidh sciorrtha. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Maidir le caighdeán EN 16584-3:2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar toimhde chomhréireachta leis an gcaighdeán do phointe 4.2.12(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Maidir le caighdeán EN 16585-2:2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar toimhde iomlán chomhréireachta leis an gcaighdeán do phointe 4.2.2.1.2.1(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ós rud é nach dtugtar aghaidh leis an gcaighdeán sin ar an mír maidir leis an aonad atá beartaithe lena oibriú go heisiach laistigh de chóras áirithinte suíochán. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Maidir le caighdeán EN 16586-1:2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar toimhde chomhréireachta leis an gcaighdeán do phointe 4.2.2.1.2(4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 toisc nach soláthraítear dóthain ábhair ina leith sin le hIarscríbhinn B a ghabhann leis an gcaighdeán sin. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Maidir le caighdeán EN 16586-2:2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar toimhde chomhréireachta leis an gcaighdeán do phointe 4.2.2.12.2 (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ós rud é go dtugtar isteach le clásal 5.5 den chaighdeán diall nach gceadaítear leis an rialachán sin, cé nach gceadaítear ach plátaí idirlinne uathoibríocha de bhun phointe 4.2.2.12.1 (2) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán sin. Chomh maith leis sin, níor cheart toimhde chomhréireachta a thabhairt leis an gcaighdeán do phointe 4.2.2.12.3(1) den Iarscríbhinn chéanna ós rud é gur sainmhíniú é an pointe sin. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(11) |
Caighdeáin EN 12663-1:2010+A1:2014, EN 12663-2:2010, EN 13232-2:2003+A1:2011, EN 13232-3:2003+A1:2011, EN 13232-4:2005+A1:2011, EN 13232-5:2005+A1:2011, EN 13232-6:2005+A1:2011, EN 13232-7:2006+A1:2011, EN 13232-8:2007+A1:2011, EN 13232-9:2006+A1:2011, EN 13803-1:2010, EN 13803-2:2006+A1:2009, EN 14067-4:2013+A1:2018, EN 15877-1:2012+A1:2018, EN 16235:2013, tá siad imithe i léig toisc gur tharraing CEN nó Cenelec siar iad agus níor cheart an toimhde chomhréireachta maidir le Treoir (AE) 2016/797 a thabhairt leo a thuilleadh. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (7). |
|
(12) |
Rinneadh caighdeáin EN 16494:2025, EN 16584-1:2025, EN 16584-3:2025, EN 16585-1:2025, EN 16585-2:2025, EN 16585-3:2025, EN 16586-1:2025 agus EN 16586-2:2025 a athbhreithniú nó a leasú, mar sin is gá a dtagairtí a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586. |
|
(13) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtáirgí a oiriúnú a chumhdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe EN 16494:2025, EN 16584-1:2025, EN 16584-3:2025, EN 16585-1:2025, EN 16585-2:2025, EN 16585-3:2025, EN 16586-1:2025 agus EN 16586-2:2025, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 ón gCoimisiún (8) a leasú dá réir sin. |
|
(15) |
Nuair a chomhlíontar caighdeán comhchuibhithe, tugtar toimhde chomhréireachta leis na ceanglais bhunriachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointí (3), (5), (7), (9), (11), (13), (15) agus (17) den Iarscríbhinn ón 13 Deireadh Fómhair 2027.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2023 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le táirgí mar thacaíocht le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1302/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 321/2013 ón gCoimisiún an 13 Márta 2013 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh na hidir-inoibritheachta a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — vaigíní lastais’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/861/CE (IO L 104, 12.4.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/321/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1300/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hidir-inoibritheacht na gcóras iarnróid a dréachtaíodh chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2584, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2584/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar rónna 2, 3, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 22, 23, 25, 54 agus 62; |
|
(2) |
cuirtear isteach an ró 16a seo a leanas:
|
|
(3) |
scriostar ró 68; |
|
(4) |
cuirtear isteach an ró 68a seo a leanas:
|
|
(5) |
scriostar ró 69; |
|
(6) |
cuirtear isteach an ró 69a seo a leanas:
|
|
(7) |
scriostar ró 71; |
|
(8) |
cuirtear isteach an ró 71a seo a leanas:
|
|
(9) |
scriostar ró 72; |
|
(10) |
cuirtear isteach an ró 72a seo a leanas:
|
|
(11) |
scriostar ró 73; |
|
(12) |
cuirtear isteach an ró 73a seo a leanas:
|
|
(13) |
scriostar ró 74; |
|
(14) |
cuirtear isteach an ró 74a seo a leanas:
|
|
(15) |
scriostar ró 75; |
|
(16) |
cuirtear isteach an ró 75a seo a leanas:
|
|
(17) |
scriostar ró 76; |
|
(18) |
cuirtear isteach an ró 76a seo a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 98 agus 99:
|
|
(20) |
cuirtear isteach an ró 102a seo a leanas:
|
|
(21) |
cuirtear isteach an ró 114b seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/803/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)