European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/800

1.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/800 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2026

lena gceaptar Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (2),

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),

Ag féachaint don togra maidir le gearrliosta iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin an 8 Deireadh Fómhair 2025, i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, d’fhonn Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cheapadh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/1939, bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

(2)

Is é nó is í an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach Ceann OIPE agus is é nó is í a eagraíonn obair OIPE, a stiúrann a chuid gníomhaíochtaí, agus a ghlacann cinntí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 agus rialacha nós imeachta inmheánacha OIPE. Is é atá i gColáiste OIPE an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus aon Ionchúisitheoir Eorpach amháin in aghaidh an Bhallstáit.

(3)

Trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceapadh Laura Codruța KÖVESI mar an chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE. Rachaidh a sainordú in éag an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(4)

Dá bhrí sin, is gá do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach nua OIPE a cheapadh de chomhthoil.

(5)

Foilsíodh glao oscailte ar iarrthóirí ar phost an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh OIPE, mar ghníomhaire sealadach ar ghrád AD 15, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 28 Aibreán 2025 (5).

(6)

Leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin’).

(7)

I gcomhréir leis an gcéad mhír de Riail VII.1 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, tá gearrliosta de cheathrar iarrthóirí tarraingthe suas ag an bpainéal roghnúcháin, a thug na cúiseanna le roghnú na n-iarrthóirí ar an ngearrliosta. I gcomhréir leis an dara mír de Riail VII.1 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin ach níl sé ina cheangal ar Pharlaimint na hEorpa ná ar an gComhairle. An 8 Deireadh Fómhair 2025, chuir an painéal roghnúcháin an gearrliostachomh maith le curricula vitae agus litreacha iarratais na n-iarrthóirí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus thug an painéal na cúiseanna leis na hiarrthóirí a bheith ar an ngearrliosta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(8)

An 3 Nollaig 2025, tar éis don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i bParlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí a eagrú don cheathrar iarrthóirí ar an ngearrliosta i gcomhar leis an an gCoiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa, agus tar éis dó tuairim a fháil uaidh, chuaigh sé ar aghaidh le vóta chun tacú leis an Uasal Andrés RITTER mar an t-iarrthóir is fearr leis an bParlaimint le haghaidh phost Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE..

(9)

An 3 Nollaig 2025, bunaíodh seasamh na Comhairle chun tacú le Andrés RITTER a cheapadh ina Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE..

(10)

Tá Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE le ceapadh de chomhthoil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar feadh téarma neamh-inathnuaite 7 mbliana ón 1 Samhain 2026.

(11)

Tar éis measúnú a dhéanamh ar na hiarrthóirí, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú comhchoiteann maidir le Andrés RITTER a cheapadh mar Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE..

(12)

Agus Andrés RITTER á cheapadh acu, rinne an dá institiúid measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, agus aird á tabhairt acu ar an ráiteas ar chúiseanna a thug an bord roghnúcháin, chomh maith le curricula vitae agus litreacha iarratais na n-iarrthóirí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Andrés RITTER ina Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach OIPE, mar ghníomhaire sealadach ar ghrád AD 15, ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 7 mbliana ón 1 Samhain 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj.

(2)   IO L 282, 12.11.2018, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1696/oj.

(3)   IO L 238, 21.9.2018, lch. 92, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1275/oj.

(4)  Cinneadh (AE) 2019/1798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena gceaptar Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 274, 28.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1798/oj).

(5)   IO C, C/2025/2468, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2468/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/800/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)