|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/787 |
15.6.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/787 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Aibreán 2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar foráil i gCaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE maidir le córas trádála astaíochtaí ar leithligh le haghaidh breoslaí a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. Leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún (2) rialacha sonracha maidir leis an gceantáil lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Chun tús rianúil a áirithiú don chóras trádála astaíochtaí ar leithligh, ba cheart roinnt forálacha maidir le huainiú agus riar na gceantanna le haghaidh na lamháltas sin a leasú agus a shoiléiriú. |
|
(2) |
Le tús a chur le ceantanna le haghaidh lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí níos mó ná ceant amháin le haghaidh lamháltas a reáchtáil ar lá ar leith. Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach reáchtálfar ceantanna arna n-eagrú ag an ardán ceantála coiteann agus ceantanna arna n-eagrú ag ardáin cheantála leithleacha an lá céanna, ba cheart é a bheith indéanta ceantanna le haghaidh lamháltas a chumhdaítear le Caibidlí II agus III de Threoir 2003/87/CE ar thaobh amháin, agus lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir sin ar an taobh eile, a reáchtáil an lá céanna. |
|
(3) |
Beidh dea-fheidhmiú mhargadh na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ag brath ar leachtacht leordhóthanach a áirithiú ag céim luath ionas go gcuirfear comhartha praghais soiléir intuartha ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ón tús. Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur le ceantáil le haghaidh lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ó 2027 ar aghaidh. Ba cheart an modh lena mbunaítear agus lena gcoigeartaítear cainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise thús na ceantála luaithe agus na taithí a fuarthas agus forálacha an dara fomhír d’Airteagal 10(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 á gcur chun feidhme. |
|
(4) |
Tá rannpháirtíocht tairgeoirí i gceantanna le haghaidh lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE nasctha leis an leibhéal éilimh ó eintitis rialáilte maidir le lamháltais a thabhairt suas chun a n-oibleagáidí comhlíontachta a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil dlíthe náisiúnta i bhfeidhm ag Ballstát go fóill maidir le lamháltais a thabhairt suas ag eintitis rialáilte faoi Airteagal 30e(2) de Threoir 2003/87/CE agus maidir le pionóis i leith astaíochtaí iomarcacha faoi Airteagal 16(1) go (4) den Treoir sin le haghaidh astaíochtaí a thuairiscítear faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, d’fhéadfadh cealuithe ceantanna nó praghas imréitigh ceantála neamhionadaíoch a bheith mar thoradh air sin mar gheall ar rósholáthar lamháltas agus easpa rannpháirtíochta tairgeoirí. Chun dea-riarachán ceantanna a áirithiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart ailíniú a dhéanamh ar an líon lamháltas atá le ceantáil thar ceann na mBallstát agus ar an uainiú chun dlí náisiúnta na mBallstát a dhéanamh den oibleagáid maidir le lamháltais a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí a thuairiscítear faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar a mhéid a cuireadh na ceanglais maidir le tabhairt suas i bhfeidhm freisin. |
|
(5) |
Chun ceanglais nós imeachta a shimpliú do dhaoine a dhéanann tairiscint thar ceann daoine eile agus chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha leasaithe maidir le díolúintí i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh daoine a sholáthraíonn, mar ghníomhaíocht choimhdeach, seirbhísí infheistíochta do chliaint nó do sholáthróirí a bpríomhghnó, is iomchuí deireadh a chur leis an gceanglas údarú a fháil ó údaráis náisiúnta inniúla do dhaoine atá in ann tairiscint a dhéanamh thar ceann daoine eile faoi chreat CTA AE. |
|
(6) |
Ba cheart do gach Ballstát aon cheantálaí amháin ar laghad a cheapadh, a bheidh freagrach as lamháltais a cheantáil thar ceann an Bhallstáit ceapacháin. Ba cheart é a bheith indéanta ag níos mó ná Ballstát amháin an ceantálaí céanna a cheapadh. Ba cheart don cheantálaí/na ceantálaithe a bheith freagrach as na lamháltais a cheantáil ar an ardán ceantála agus as fáltais an cheant a fháil agus a eisíoc. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Foráiltear le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 go bhfoilseoidh an t-ardán ceantála coiteann féilire ceantanna 2027 le haghaidh na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE faoin 31 Iúil 2026 nó a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm go práinneach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 14, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. De mhaolú ar mhír 1, beidh daoine a chumhdaítear leis an díolúine in Airteagal 2(1), pointe (j), de Threoir 2014/65/AE incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh trí fheidhm dhíreach sna ceantanna, bíodh sin ar a son féin nó thar ceann chliaint a bpríomhghnólachta.’ |
|
(5) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ceapfaidh gach Ballstát aon cheantálaí amháin ar a laghad. Ní chuirfidh aon Bhallstát lamháltais ar ceant gan ceantálaí a cheapadh. Féadfaidh níos mó ná Ballstát amháin an ceantálaí céanna a cheapadh.’ |
|
(6) |
in Airteagal 50, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6: ‘4. Na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Treoir (AE) 2015/849 ag na Ballstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh freagracht acu as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha iompraíochta ag na daoine sin agus as iad a fhorfheidhmiú, ar rialacha iad a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, lena n-áirítear aon ghearán a dhéantar mar gheall ar neamhchomhlíonadh na rialacha iompraíochta sin a láimhseáil. 5. Comhlíonfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:
6. Údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfaidh siad faireachán ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 5 agus déanfaidh siad iad a fhorfheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L, 2023/2830, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj).
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/787/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)