|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/770 |
30.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/770 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2026
maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Córas iompair tapa, áisiúil, inacmhainne agus, thar aon ní eile, neamhdhíobhálach don aeráid, do na hEorpaigh uile’
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2014)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 5 Feabhra 2026 cuireadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Córas iompair tapa, áisiúil, inacmhainne agus, thar aon ní eile, neamhdhíobhálach don aeráid, do na hEorpaigh uile’ faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(2) |
Is é is aidhm don tionscnamh, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ar an gCoimisiún ‘fíor-rogha mhalartach ar an eitlíocht a dhéanamh den taisteal traenach trí líonra agus eagraíocht láidir mhór-roinn na hEorpa a chruthú, agus trí dheireadh a chur le míchothromaíochtaí sa mhargadh’. Go sonrach, molann na heagraithe an méid seo a leanas: cáin breosla eitlíochta a thabhairt isteach ar fud an Aontais (dleacht mháil ar cheirisín); deireadh a chur le díolúintí CBL agus praghsáil chóir a thabhairt isteach agus ioncam a leithdháileadh ar eagraíocht iarnróid Eorpach láidir a bhfuil údarás forleathan aici. |
|
(3) |
Measann an Coimisiún gur féidir leis glacadh le tograí le haghaidh gníomhartha dlí chun dleacht mháil ar cheirisín a thabhairt isteach, deireadh a chur le díolúintí CBL agus ioncam a leithdháileadh ar eagraíocht iarnróid Eorpach láidir a bhfuil údarás forleathan aici ar bhonn Airteagail 113 agus 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(4) |
Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(6) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(7) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Córas iompair tapa áisiúil, inacmhainne agus, thar aon ní eile, neamhdhíobhálach don aeráid, do na hEorpaigh uile’ a chlárú. |
|
(9) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Córas iompair tapa áisiúil, inacmhainne agus, thar aon ní eile, neamhdhíobhálach don aeráid, do na hEorpaigh uile’.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe ar an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Córas iompair tapa áisiúil, inacmhainne agus, thar aon ní eile, neamhdhíobhálach don aeráid, do na hEorpaigh uile’ a bhfuil Jim ODENHOVEN agus Nils LEHMAN ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/770/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)