|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/761 |
31.3.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/761 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Bheinin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá dálaí slándála ag dul in olcas i réigiúin thuaisceartacha thíortha cósta Mhurascaill na Guine, eadhon Gána, an Cósta Eabhair, Beinin agus Tóga, i ngeall ar an ngéarchéim atá ag dul i bhfeidhm ar an tSaiheil láir. |
|
(3) |
I gcomhthéacs na géarchéime atá ag dul i bhfeidhm ar an tSaiheil láir, mar chuid de chur chuige comhtháite, aithnítear neartú fhórsaí cosanta agus slándála Bheinin mar phríomhchuspóir de chuid an Aontais chun tacú le hiarrachtaí cobhsaíochta sa tír sin. |
|
(4) |
An 7 Deireadh Fómhair 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Bheinin go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’fhórsaí armtha Bheinin le trealamh agus oiliúint thábhachtach bhreise a fháil chun cumais oibríochtúla agus oiliúna na n-aonad míleata arna n-imscaradh i dtuaisceart Bheinin laistigh d’Oibríocht Mirador a neartú, chun tacú lena n-iarrachtaí srian a chur le leathnú na bagartha ó ghrúpaí armtha neamhstáit ó Bhuircíne Fasó agus ón Nígir, agus chun deiseanna do na grúpaí armtha sin ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh a chomhrac agus a laghdú. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe go ndéantar Comhsheasamh 2008/944/CBES ón = gComhairle (2) a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Bheinin (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is iad seo an leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:
|
(a) |
comhar idir an tAontas agus Beinin a neartú i réimse na slándála agus na cosanta; |
|
(b) |
cumais mhíleata agus chosanta Fhórsaí Armtha Bheinin a neartú; |
|
(c) |
feabhas a chur ar chumais Fhórsaí Armtha Bheinin chun iomláine chríochach agus ceannasacht Bheinin agus a pobal sibhialta a chosaint ar fhogha inmheánach agus seachtrach, agus rannchuidiú le síocháin agus cobhsaíocht sa réigiún. |
3. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:
|
(a) |
trealamh cosanta aonair, líonta duaithníochta, raidiónna, agus brathadóirí miotail; |
|
(b) |
trealamh speisialaithe a bhíonn ag teastáil chun faisnéis leasa mhíleata a bhailiú agus a anailísiú; |
|
(c) |
aerárthaí oiliúna aon innill agus ionsamhlóir eitilte ilsamhalta cineálach, chomh maith le hoiliúint ar leibhéal teagascóra do phíolótaí agus do phearsanra cothabhála. |
Maoineofar soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara leis an mbeart cúnaimh freisin, lena n-áirítear oiliúint ar an trealamh a sheachadtar, i gcás inar gá.
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 10 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas a chur chun feidhme arna maoiniú faoi SES.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh na haonaid dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a sholáthrófar faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht faoin mbeart cúnaimh a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International (DCI Group) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag na haonaid dá dtugtar cúnamh faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí arb iad na húsáideoirí deiridh iad le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-earraí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin dó. |
3. Ar thabhairt chun críche an bhirt cúnaimh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh air chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha gach 6 mhí don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh freisin go ndéanfadh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/761/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)