European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/755

27.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/755 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 20 Márta 2026

lena gceaptar Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 283(2) de,

Ag féachaint do Mholadh ón gComhairle a 26 Eanáir 2026 maidir le ceapadh Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (1),

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/509 ón gComhairle Eorpach (4), rachaidh téarma oifige Luis DE GUINDOS JURADO, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, in éag an 31 Bealtaine 2026. Dá bhrí sin, is gá Leas-Uachtarán nua a cheapadh ar an mBanc Ceannais Eorpach.

(2)

Is iomchuí don Chomhairle Eorpach Boris VUJČIĆ, a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 283(2) den Chonradh, a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Boris VUJČIĆ ina Leas-Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach ar feadh téarma oifige 8 mbliana ón 1 Meitheamh 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

A. COSTA


(1)   IO C, C/2026/707, 28.1.2026,ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/707/oj.

(2)  Tuairim an 10 Márta 2026 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 25 Feabhra 2026 (IO C, C/2026/1307, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1307/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2018/509 ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2018 lena gceaptar Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 83, 27.3.2018, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/755/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)