|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/747 |
1.4.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/747 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2026
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach bicsleasón i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Iúil 2018, fuair an Ísiltír iarratas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó FMC International Switzerland Sarl (‘an t-iarratasóir’) ar fhormheas na substainte gníomhaí bicsleasón. |
|
(2) |
An 28 Lúnasa 2018 thug an Ísiltír, mar Bhallstát is rapóirtéir, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi inghlacthacht an iarratais, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(3) |
An 31 Lúnasa 2021, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, lena meastar cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh bicsleasón na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Sa dréacht-tuarascáil mheasúnachta uaidh, mhol an Ballstát is rapóirtéir gur féidir bicsleasón a fhormheas mar shubstaint ghníomhach. |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnachta a scaipeadh ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát is rapóirtéir, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 31 Deireadh Fómhair 2023 i bhformáid dréacht-tuarascála measúnachta nuashonraithe. |
|
(5) |
An chonclúid (2) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach bicsleasón na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an tÚdarás í in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2024. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
|
(6) |
Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 2 Deireadh Fómhair 2025 agus an 10 Nollaig 2025, faoi seach. |
|
(7) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na tuarascála athbhreithniúcháin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus tugadh aird chuí orthu. |
|
(8) |
Maidir le haon úsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as ar a laghad táirge cosanta plandaí amháin ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, is éard a suíodh gurbh amhlaidh a comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, is iomchuí bicsleasón a fhormheas. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá coinníollacha áirithe a chur san áireamh. Is iomchuí go háirithe uasmhéideanna a shocrú maidir le heisíontas amháin (TBAB) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í. Sa bhreis air sin, d’fhonn inghlacthacht na sonraíochta tagartha molta a dheimhniú, tá gá le faisnéis deimhniúcháin maidir le sonraíocht theicniúil na substainte gníomhaí mar a mhonaraítear í ar bhonn tráchtála, maidir le hábharthacht ceann amháin de na heisíontais agus le comhréireacht na mbaisceanna tocsaineachta leis an tsonraíocht theicniúil dheimhnithe. Thairis sin, d’fhonn an chonclúid a dheimhniú nach bhfuil coinne le hábhair imní mar gheall ar nochtadh tríd an aiste bia, is iomchuí tuilleadh faisnéise deimhniúcháin a iarraidh maidir leis an dóigh a dtagann roinnt meitibilítí bicsleasón chun cinn go nádúrtha, maidir lena dtocsaineacht agus lena n-ábharthacht agus leis an tionchar a bhíonn ag próisis cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce, nuair a dhéantar iad a astarraingt le haghaidh uisce óil. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
Déantar an tsubstaint ghníomhach bicsleasón, a shonraítear in Iarscríbhinn I, a fhormheas faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) ‘Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach bicsleasón’, EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e9054, le fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9054.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||||||||
|
Bicsleasón Uimh. CAS: 81777-95-9 Uimh. CIPAC: Gan uimhir |
2-(2,4-déchlóraibeinsil)-4,4-démheitilísocsasóilidin-3-ón |
≥ 960 g/kg Ní bheidh cion an eisíontais TBAB níos mó ná 2 g/kg san ábhar teicniúil. |
an 21 Aibreán 2026 |
an 21 Aibreán 2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin i ndáil le bicsleasón, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann leis seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 go dtí 5 den cheathrú fomhír thuas faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 21 Aibreán 2028. |
(1) Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint (IO L 75, 14 3 2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/574/oj).
IARSCRÍBHINN II
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
Uimh. |
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||||||||
|
‘178 |
Bicsleasón Uimh. CAS: 81777-95-9 Uimh. CIPAC: Gan uimhir |
2-(2,4-déchlóraibeinsil)-4,4-démheitilísocsasóilidin-3-ón |
≥ 960 g/kg Ní bheidh cion an eisíontais TBAB níos mó ná 2 g/kg san ábhar teicniúil. |
an 21 Aibreán 2026 |
an 21 Aibreán 2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin i ndáil le bicsleasón, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann leis seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 go dtí 5 den cheathrú fomhír thuas faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 21 Aibreán 2028.’ |
(1) Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/747/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)