|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/744 |
1.4.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/744 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2026
maidir le beart driogtha géarchéime sealadach eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona sa Fhrainc sa bhliain mhargaíochta 2025/2026
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1) agus in éineacht le hAirteagal 228 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun suaití sa mhargadh i margadh fíona an Aontais a chosc le haghaidh na bliana margaíochta 2023/2024, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 (2) lena n-áirítear driogadh géarchéime eisceachtúil i mBallstáit áirithe. Ba é ab aidhm don bheart na stoic iomarcacha fíona i roinnt de na réigiúin táirgthe fíona san Aontas a laghdú, leibhéil a mbeadh tionchar acu go háirithe ar fhíonta dearga agus rosé, mar thoradh ar thionchar carnach géarchéimeanna éagsúla le linn na mblianta roimhe sin chomh maith leis an treocht ghinearálta maidir le tomhaltas fíona san Aontas a laghdú, agus maidir le méideanna onnmhairithe, i gcomhthéacs boilsciú ard do thomhaltóirí agus costais arda do tháirgeoirí fíona. |
|
(2) |
Mar thoradh air sin, baineadh níos mó ná 3,5 milliún heictilítear d’fhíonta dearga agus rosé den mhargadh i sé Bhallstát táirgthe (an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir agus an Phortaingéil) agus bhain 77 % den mhéid a tarraingíodh siar ón margadh leis an bhFrainc. Bhí táirgeacht an Aontais níos ísle ná an meán meántéarmach in 2023, 2024 agus 2025, agus cé gur rannchuidigh sé sin le cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir soláthar agus éileamh ar leibhéal an Aontais, bhí brú mór ar mhargadh na Fraince go fóill, go háirithe i ndeighleoga an mhargaidh dheirg agus rosé i ngach catagóir fíonta socra, bíodh tásc geografach ag gabháil leo nó ná bíodh. |
|
(3) |
Sa Fhrainc, d’ainneoin leibhéal stoc fíonta dearga agus rosé de 20 milliún heictilítear a bheith ann an 31 Iúil 2025 (5,6 % faoi bhun mheán na 5 bliana roimhe sin) agus táirgeadh in 2025 nach raibh ach 2,7 % níos airde ná leibhéal íseal 2024 agus 16 % faoi bhun an mheáin mheántéarmaigh, lean praghsanna sa deighleog mhargaidh sin de bheith ag laghdú. De réir na sonraí a thuairiscigh údaráis na Fraince, tá meánphraghas idirbhearta fhíonta dearga agus rosé na Fraince ar an mórchóir le linn na chéad 5 mhí den bhliain mhargaíochta reatha 19,6 % faoi bhun mheánphraghsanna na 5 bliana roimhe sin. Tá an staid mar atá d’ainneoin na mbeart driogtha a cuireadh chun feidhme in 2023 agus 2024 agus d’ainneoin na 35 000 heicteár d’fhíonghoirt a stoitheadh ó fhréamh le linn na tréimhse céanna, rud a maoiníodh le Státchabhair. |
|
(4) |
Tá praghsanna fhíonta dearga agus rosé na Fraince ag dul i laghad mar thoradh ar an titim ar an tomhaltas intíre, mar aon le laghdú leanúnach ar onnmhairí le blianta beaga anuas. Tháinig laghdú 8 % ar dhíolacháin fíonta dearga agus rosé ar an leibhéal miondíola le haghaidh na tréimhse ó mhí Eanáir go mí na Samhna 2025 i gcomparáid le meán na 3 bliana roimhe sin le linn na tréimhse céanna. Idir an dá linn, tá laghdú ag teacht ar onnmhairí iomlána na Fraince d’fhíonta dearga agus rosé gach bliain ó bhí 2021 ann, nuair a bhí téarnamh sealadach ann ón tobchliseadh praghsanna le linn na paindéime roimhe seo. Tháinig laghdú 5,2 % ar mhéideanna na bhfíonta dearga agus rosé a onnmhairíodh ón bhFrainc in 2025 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus laghdú 12 % i gcomparáid leis an meán 4 bliana. |
|
(5) |
Níor dhearnadh na treochtaí laghdaithe sin maidir le tomhaltas intíre agus onnmhairí a chothromú le laghdú comhchosúil ar an táirgeacht sa dá fhómhar dheireanacha, agus meastar go dtiocfaidh méadú arís ar stoic ag deireadh na bliana margaíochta reatha. Tá brú suntasach á chur ag an gcarnadh stoc ar phraghsanna i margadh fíona na Fraince. Mura ndéantar gníomhaíocht gan mhoill, tá coinne leis go dtiocfaidh meath breise ar an margadh náisiúnta. An brú atá ann faoi láthair i margaí fíona dheirg agus rosé na Fraince, tá an baol ann go ndéanfaidh sé difear do Bhallstáit eile atá in iomaíocht lena chéile sna margaí céanna san Aontas agus lasmuigh de. |
|
(6) |
Trí chuid den toirt sa stoc do na deighleoga margaidh fíonta dearga agus rosé is mó a ndéantar difear dóibh a bhaint de mhargadh fíona na Fraince, cuideofar leis an bhFrainc aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht ar an margadh agus cosc a chur ar an suaitheadh atá ann faoi láthair a bheith ina ghéarchéim níos déine nó níos faide, agus ar leathadh chuig margaí fíona na mBallstát eile. Agus staid reatha an mhargaidh á cur san áireamh, meastar gur thart ar 1,2 milliún heictilítear atá i méid iomarcach na stoc d’fhíonta dearga agus rosé sa Fhrainc. Trí dheireadh a chur leis an méid iomarcach sin, d’fhéadfaí cothromaíocht áirithe sa mhargadh a bhaint amach arís le haghaidh na bliana margaíochta 2025/2026 agus an brú ar phraghsanna an mhargaidh a laghdú. Ós rud é gur géarchéim struchtúrach í an ghéarchéim maidir leis na deighleoga margaidh sin d’fhíonta dearga agus rosé, d’fhógair an Fhrainc cheana féin go leanfar de na cláir um stoitheadh ó fhréamh, ar cláir iad a mhaoinítear go náisiúnta. Is bearta ar leithligh iad na cláir sin, agus ní chumhdaítear iad leis an Rialachán seo. |
|
(7) |
Chun an brú ar an margadh a laghdú agus aon riosca róchúitimh a sheachaint an tráth céanna, measann an Fhrainc go bhfágfadh leibhéal cúitimh EUR 33 in aghaidh an heictilítir go bhféadfaí na fíonta sin nach bhfuil chomh hoiriúnaithe céanna do threochtaí reatha an mhargaidh a bhaint. Is é sin thart ar 50 % den leibhéal praghsanna a taifeadadh le haghaidh bulc-idirbheart le linn na bliana margaíochta 2025/2026 i gcás fíonta dearga agus rosé nach bhfuil tásc geografach ag gabháil leo, ach d’fhágfadh sé, i gcás stoic áirithe nach bhfuil áit ann dóibh i gcomhthéacs an mhargaidh atá ann faoi láthair, i gcatagóirí éagsúla fíona, go bhféadfaí na stoic sin a bhaint den mhargadh. |
|
(8) |
Dhearbhaigh an Fhrainc nach raibh sí in ann an méid fíona sa bhreis a bhaint den mhargadh le híocaíochtaí náisiúnta faoi Airteagal 216 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 toisc go bhfuil sé beartaithe aici na híocaíochtaí náisiúnta uile atá ar fáil a leithdháileadh ar stoitheadh ó fhréamh fíonghort. Aon bheart eile atá ar fáil faoin Rialachán sin, is cosúil nach leor iad nó nach bhfuil siad oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht ar an margadh atá ann faoi láthair maidir le margadh na Fraince i gcás fíonta dearga agus rosé. Dá bhrí sin, tá sé ábhartha úsáid a bhaint as an gcúlchiste talmhaíochta chun driogadh spriocdhírithe géarchéime a chur chun feidhme sa Fhrainc. |
|
(9) |
Chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint, níor cheart úsáid alcól a fhaightear a cheadú do thionscal an bhia agus na dí agus ba cheart úsáid an alcóil sin a theorannú chun críoch tionsclaíoch agus chucu sin amháin, lena n-áirítear dífhabhtú agus cógaisíocht, agus chun críocha fuinnimh. Chun aon mhí-úsáid nó róchúiteamh a sheachaint tar éis an beart eisceachtúil sin a chur chun feidhme, díreofar an beart go heisiach ar na fíonta dearga agus rosé atá thíos leis an míchothromaíocht mhór ar an margadh agus cuirfear teorainn leis an gcúiteamh atá le soláthar go leibhéal atá i bhfad faoi bhun na bpraghsanna margaidh ábhartha a bhí ann le déanaí. Catagóirí éagsúla fíonta lena ngabhann ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus catagóirí nach bhfuil tásca geografacha den sórt sin ag gabháil leo, fiú dá gcumhdófaí na catagóirí sin leis an mbeart, tá an ghéarchéim éilimh chéanna ag déanamh difear do na catagóirí fíona sin uile ina bhfuil stoic iomarcacha fíonta nach bhfuil áit ann dóibh sa mhargadh. Dá bhrí sin, mhol údaráis na Fraince an méid cúitimh céanna le haghaidh na gcatagóirí uile. |
|
(10) |
Ba cheart don Fhrainc faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis seo. |
|
(11) |
Mar gheall ar staid reatha an mhargaidh sa Fhrainc, tá gá le hidirghabháil mhear a mbeidh éifeacht láithreach aici ar an margadh chun nach leathfaidh an cur isteach go dtí an bhliain mhargaíochta atá le teacht. Dá bhrí sin, níor cheart don Aontas an caiteachas arna thabhú ag an bhFrainc chun an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur chun feidhme a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoin 31 Nollaig 2026. |
|
(12) |
Ina theannta sin, ba cheart faireachán tráthúil ar an mbuiséad a áirithiú chomh maith le bearta leantacha cothrom le dáta agus úsáid éifeachtúil an chúlchiste talmhaíochta, agus, ar an gcaoi sin, infhaighteacht an chúlchiste a uasmhéadú agus feabhas a chur ar an acmhainneacht freagairt go pras do ghéarchéimeanna a thagann chun cinn. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta incháilitheachta a shainiú le haghaidh an Bhallstáit chun an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc leis na tairbhithe. Aon íocaíocht a dhéanfar tar éis an dáta incháilitheachta sin, ba cheart a mheas go mbeadh sí neamh-incháilithe do mhaoiniú ón Aontas. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, níor cheart don Aontas an caiteachas arna thabhú faoin mbeart eisceachtúil sin a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin agus na híocaíochtaí gaolmhara leis na tairbhithe faoin 31 Nollaig 2026. |
|
(14) |
Ó tharla nach measfar aon íocaíocht a dhéanfar tar éis an 31 Nollaig 2026 a bheith incháilithe in imthosca ar bith, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), lena ndéantar foráil maidir le laghdú comhréireach ar na híocaíochtaí míosúla a dhéantar tar éis an sprioc-ama. |
|
(15) |
Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ní mór d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an beart eisceachtúil maidir le driogadh géarchéime i bhfeidhm seiceálacha a dhéanamh chun comhlíonadh na gcoinníollacha agus na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú. |
|
(16) |
Ar mhórchúiseanna práinne, i bhfianaise an tsuaite leanúnaigh ar an margadh chomh maith leis an tréimhse ghearr ama atá ar fáil don Fhrainc chun tús a chur le cur chun feidhme an bhirt a áirítear sa Rialachán seo roimh an mbuaint atá le teacht i mí Mheán Fómhair 2026, is gá gníomhú láithreach agus barrachas an tsoláthair a bhaint den mhargadh a luaithe is féidir. Murach sin, rachadh staid an mhargaidh in olcas a thuilleadh, agus thabharfaí an míchothromaíocht atá ann faoi láthair anonn go dtí an chéad bhliain mhargaíochta eile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le géarchéim fhada sa Fhrainc a d’fhéadfadh difear a dhéanamh freisin do mhargaí fíona Ballstát eile. Dá bhrí sin, dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht, bheadh an baol ann go laghdófaí a éifeachtúlacht chun margadh fíona na Fraince a chobhsú. |
|
(17) |
I bhfianaise na mórchúiseanna práinne dá dtagraítear thuas, ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh de bhun an nós imeachta práinne a leagtar síos in Airteagal 228 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(18) |
I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maoiniú ón Aontas agus íocaíochtaí náisiúnta
1. Beidh tacaíocht airgeadais EUR 40 000 000 ón Aontas ar fáil don Fhrainc chun tacú leis an mbeart sealadach eisceachtúil maidir le driogadh géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Leithdháilfear an tacaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh as sin ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.
3. Caiteachas a sheasfaidh an Fhrainc dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 2, ní bheidh sé incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 31 Nollaig 2026.
Airteagal 2
Driogadh sealadach géarchéime fíona
1. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh fíonta dearga agus rosé a tháirgtear i gcríoch ilchríochach na Fraince.
2. An t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1, úsáidfear an t-alcól sin chun críoch tionsclaíoch amháin, lena n-áirítear dífhabhtú nó chun chríoch cógaisíochta, nó chun críoch fuinnimh chun saobhadh iomaíochta a sheachaint.
3. Fiontair fíona a tháirgeann nó a mhargaíonn na táirgí fíniúna dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, eagraíochtaí táirgeoirí fíona, comharchumainn fíona, comhlachais de dhá tháirgeoir nó níos mó nó driogairí táirgí fíniúna, is iad na heintitis seo a bheidh i dtairbhithe na tacaíochta dá dtagraítear i mír 1.
4. Ní bheidh ach na costais a bhaineann le fíon a sholáthar do dhriogairí agus na costais a bhaineann le driogadh an fhíona sin incháilithe le haghaidh tacaíochta. Ní bheidh cáin bhreisluacha incháilithe le haghaidh tacaíochta. Beidh an fíon atá le driogadh faoin mbeart seo i gcomhréir leis na ceanglais atá le margú laistigh den Aontas.
5. Féadfaidh an Fhrainc critéir thosaíochta a bhunú do thairbhithe an bhirt seo. Beidh na critéir thosaíochta sin oibiachtúil agus ní bheidh siad idirdhealaitheach.
6. Féadfaidh an Fhrainc foráil a dhéanamh maidir le suas le 80 % den tacaíocht d’oibríocht áirithe driogtha géarchéime, a chumhdaítear le hiarratas ar thacaíocht a bhfuil glacadh leis faoin Airteagal seo agus atá le cur ar aghaidh i bhfoirm airleacain chuig tairbhithe, ar choinníoll gur thaisc an tairbhí ráthaíocht bainc nó urrús coibhéiseach i bhfabhar an Bhallstáit, ar ráthaíocht í arb ionann ar a laghad an méid a ghabhann léi agus méid an airleacain sin. Chun go mbeidh oibríocht den sórt sin incháilithe, déanfar íocaíocht deiridh na tacaíochta faoin dáta dá dtagraítear in Airteagal 1(3).
7. Leagfaidh an Fhrainc síos rialacha maidir leis an nós imeachta um iarratas don tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus maidir leis an mbeart a rialú, lena n-áireofar rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhéadfaidh iarratais a chur isteach; |
|
(b) |
iarratais a chur isteach agus a roghnú, lena n-áireofar ar a laghad na spriocdhátaí le haghaidh iarratais a chur isteach, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht gach gníomhaíochta atá beartaithe agus le haghaidh fógra a thabhairt do na hoibreoirí faoi thorthaí an nós imeachta roghnúcháin; |
|
(c) |
comhlíonadh na bhforálacha maidir le táirgí incháilithe agus na costais dá dtagraítear i mír 4 agus critéir thosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir thosaíochta i bhfeidhm, é sin a fhíorú; |
|
(d) |
roghnú na n-iarratas, ina n-áireofar ar a laghad an t-ualú a shanntar do gach critéar tosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir tosaíochta i bhfeidhm; |
|
(e) |
comhshocraíochtaí chun réamhíocaíochtaí a íoc agus urrúis a sholáthar; |
|
(f) |
faireachán agus rialú a dhéanamh ar oibríochtaí an driogtha, ar incháilitheacht na bhfíonta driogtha agus ar úsáid an alcóil táirgthe. |
8. Socróidh an Fhrainc méid na tacaíochta do thairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha ar leibhéal réigiúnach nó náisiúnta. Ní fhéadfaidh méid na tacaíochta a bheith níos mó ná EUR 33 in aghaidh an heictilítir.
Airteagal 3
Fógraí agus rialuithe
1. Faoin 31 Eanáir 2027, cuirfidh an Fhrainc fógra chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na cainníochtaí fíona a tarraingíodh siar ón margadh do gach réigiún agus do gach cineál fíona incháilithe, iad mionsonraithe de réir datha agus de réir cibé acu a chumhdaítear iad le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint, nó nach gcumhdaítear iad le ceachtar acu; |
|
(b) |
na toirteanna alcóil a tháirgtear ón bhfíon a sheachadtar agus a dhriogtar i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
an tacaíocht airgeadais ón Aontas a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1(1). |
2. An fógra don Choimisiún dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar iad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (4).
3. I ndáil leis an driogadh géarchéime eisceachtúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla na Fraince seiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun incháilitheacht fíonta a fhíorú agus chun a fhíorú go n-urramaítear na coinníollacha agus na ceanglais uile is infheidhme maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí driogtha géarchéime.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (IO L 160, 26.6.2023, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1225/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1183/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/744/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)