European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/740

26.3.2026

CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE UIMH. 202/25/COL

an 10 Nollaig 2025

maidir le díolúintí ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais a chumhdaítear le CTA AE (an Iorua) [2026/740]

Tá Údarás Faireacháin CSTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), go háirithe Airteagail 61 agus 62,

Ag féachaint do Phrótacal 26 a ghabhann le Comhaontú LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (‘an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte’), go háirithe Airteagal 24,

Ag féachaint do Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte (‘Prótacal 3 SCA’), go háirithe Airteagal 1(3) de Chuid I agus Airteagal 7(2) agus 7(6) de Chuid II,

tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach, agus ag féachaint dá gcuid barúlacha (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

I.   FÍORAIS

1   Nós imeachta

(1)

An 29 Feabhra 2024, thug údaráis na hIorua fógra) faoi dhíolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais atá faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘Beart 1’) agus ii) faoi dhíolúine ón gcáin CO2 le haghaidh gás peitriliam leachtaithe (‘GPL’) agus gás nádúrtha don tionscal próiseála do ghnóthais atá faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘Beart 2’), de bhun Airteagal 1(3) de Chuid I de Phrótacal 3 SCA (2).

(2)

Le Cinneadh Uimh. 039/24/COL an 27 Márta 2024 (‘an Cinneadh Tosaigh’) (3), thionscain Údarás Faireacháin CSTE an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil. An 30 Aibreán 2024 (4), chuir údaráis na hIorua a mbarúlacha isteach maidir leis an gCinneadh Tosaigh.

(3)

Foilsíodh an Cinneadh Tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhForlíonadh LEE a ghabhann leis (5). Fuair Údarás Faireacháin CSTE barúlacha ó pháirtithe leasmhara maidir le Beart 1 (6). An 14 Meitheamh 2024 (7), chuir Údarás Faireacháin CSTE iad sin ar aghaidh chuig údaráis na hIorua. An 21 Meitheamh 2024 (8), chuir údaráis na hIorua a mbarúlacha isteach maidir leis na barúlacha ó na páirtithe leasmhara.

(4)

An 18 Feabhra 2025 (9) , d’iarr Údarás Faireacháin CSTE faisnéis bhreise ar údaráis na hIorua. An 27 Feabhra 2025, tionóladh cruinniú idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua. An 18 Márta 2025 (10), thug údaráis na hIorua freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis an 18 Feabhra 2025. An 19 Bealtaine 2025, tionóladh cruinniú eile idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua, agus an 28 Bealtaine 2025 (11), sheol Údarás Faireacháin CSTE ceisteanna leantacha chuig údaráis na hIorua. Chuir údaráis na hIorua freagraí ar cheisteanna Údarás Faireacháin CSTE isteach an 1 Iúil 2025 (12). Tionóladh cruinnithe breise idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua an 25 Lúnasa 2025 agus an 4 Meán Fómhair 2025. Trí chomhaontú idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua agus de bhun Airteagal 7(6) de Chuid II de Phrótacal 3 SCA, cuireadh síneadh leis an teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh tar éis an imscrúdaithe fhoirmiúil go dtí an 31 Nollaig 2025. Tionóladh cruinnithe breise idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua an 10 Deireadh Fómhair 2025, an 14 Samhain 2025 agus an 21 Samhain 2025.

(5)

Ní bhaineann an cinneadh seo ach le Beart 1. A mhéid a bhaineann le Beart 2, ar a dtugtar tuairisc i míreanna 7 go 11 den Chinneadh Tosaigh, coinníonn Údarás Faireacháin CSTE an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil ar bun.

2   Tuairisc ar an mbeart

2.1   Cúlra

(6)

Ina thogra buiséid do 2022, mhol Rialtas na hIorua dleacht mháil ar loscadh dramhaíola a thabhairt isteach chun astaíochtaí CO2 a laghdú trí chostais na n-astaíochtaí CO2 a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin a inmheánú (13).

(7)

Tugadh isteach an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola an 1 Eanáir 2022. Is é NOK 830 in aghaidh an tona CO2 in 2025 an ráta cánach ginearálta ar loscadh dramhaíola faoi láthair (14) (15).

(8)

Tugadh isteach Acht na hIorua um Chuótaí Aeráide (‘an tAcht um Chuótaí Aeráide’) (16) chun oibleagáidí na hIorua a chur chun feidhme de bhun Threoir an Aontais maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (‘Treoir CTA’) (17). Laistigh dá raon feidhme, forchuirtear leis an Acht um Chuótaí Aeráide oibleagáid ar ghnóthais lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas mar a shonraítear sa ghníomh.

(9)

Faoi láthair, ní bhaineann astaíochtaí a chumhdaítear leis an Acht um Chuótaí Aeráide tairbhe as díolúine iomlán ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola ach toibhítear ráta laghdaithe ina leith, a tugadh isteach faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (18). Mar sin féin, ionas nach mbeidh gnóthais faoi réir na dleachta máil ar loscadh dramhaíola ar ráta laghdaithe, agus faoi réir na hoibleagáide lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas de bhun an Achta um Chuótaí Aeráide, tá sé beartaithe ag údaráis na hIorua Beart 1 a thabhairt isteach. Má chinneann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil sé i gcomhréir le rialacha LEE maidir le Státchabhair, le Beart 1 dhéanfaí astaíochtaí a chumhdaítear leis an Acht um Chuótaí Aeráide a dhíolmhú go hiomlán ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola (19).

(10)

Dar le húdaráis na hIorua, ní cháilíonn Beart 1 mar Státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE, toisc gur beart neamhroghnaitheach é. Mar sin féin, tugadh fógra faoin mbeart ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil.

2.2   Cuspóir

(11)

Is é cuspóir an bhirt a sheachaint go mbeidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 faoi réir dhá shraith ceanglas reachtach, arb é is aidhm dóibh araon costais na n-astaíochtaí a inmheánú. Tá Beart 1 ceaptha chun a áirithiú nach mbeidh loscadh dramhaíola faoi réir dleacht mháil ná faoi réir chostais na lamháltas astaíochtaí a eascraíonn as an Acht um Chuótaí Aeráide.

2.3   Bunús dlí náisiúnta agus riarachán

(12)

Is é an bunús dlí náisiúnta do Bheart 1 na cinntí maidir le dleachtanna máil agus cánacha a ghlacann Parlaimint na hIorua go bliantúil trí bhuiséad an Stáit, agus na rialacháin is infheidhme de chuid na hIorua lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme. Is í Aireacht Airgeadais na hIorua a riarfaidh an beart. Tá córas cánach na hIorua bunaithe, áfach, ar oibleagáid féinmheasúnaithe. Is éard atá i gceist leis an dualgas sin go bhfuil sé d’oibleagáid ar cháiníocóirí faisnéis atá ceart go fíorasach a chur faoi bhráid na n-údarás cánach agus na rialacha cánach ábhartha a chur i bhfeidhm chun an cháin a ríomh.

2.4   Dlíthe agus beartais chomhshaoil ábhartha

(13)

Tá an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) tiomanta geilleagar atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus neodrach ó thaobh carbóin de a dhéanamh den Eoraip. Chuige sin, tháinig an Dlí Aeráide Eorpach i bhfeidhm an 29 Iúil 2021 (20). Áirítear ann cuspóir dlíthiúil don Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus sprioc maidir le laghdú 55% ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.

(14)

Mar a léirítear i gCinneadh Uimh. 269/2019 ó Chomhchoiste LEE (21), tháinig an Iorua ar chomhaontú in 2019 maidir le hoibleagáidí nua faoi dhlí LEE chun a sprioc a bhaint amach, faoi 2030, maidir le laghdú 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 mar thoradh ar Chomhaontú Pháras. Tar éis an Chinnidh sin ón gComhchoiste, tá an Iorua faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill (22) agus an Rialacháin maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (’ÚTAÚTF’) (23), i dteannta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘CTA’), a bhfuil sí ina cuid de ó 2008 i leith. Mar chuid dá phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, rinne an tAontas athbhreithniú ar na gníomhartha sin chun an sprioc mhéadaithe de laghdú 55% ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 a léiriú (24). Mar sin féin, níor oiriúnaíodh ná níor ionchorpraíodh na leasuithe ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i gComhaontú LEE go fóill, murab ionann agus na leasuithe ar CTA.

2.4.1   Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais

(15)

Cumhdaítear le CTA astaíochtaí ó thionscail agus gníomhaíochtaí ard-astaíochta, amhail táirgeadh fuinnimh, an earnáil peitriliam agus eitlíocht. Caidhp agus ionstraim trádála, mar a thugtar orthu, is ea CTA. Bunaítear leis uasteorainn ar astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa áirithe ó earnálacha CTA, agus córas chun lamháltais astaíochtaí intrádála a eisiúint agus a thabhairt suas laistigh den uasteorainn sin. Bunaíodh CTA leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí agus tháinig sé i bhfeidhm in 2005. Tá an Iorua páirteach sa chóras ó 2008 i leith (25).

(16)

Leis an teorainn ar líon iomlán na lamháltas, in éineacht leis an oibleagáid lamháltais a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do leibhéal na n-astaíochtaí, áirithítear go rannchuidíonn CTA le costais na n-astaíochtaí a inmheánú. De bhun CTA, leithdháiltear roinnt lamháltas ar ghnóthais saor in aisce.

(17)

Gach bliain, ní mór do ghnóthais lamháltais a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn dá n-astaíochtaí a chumhdaítear le CTA don bhliain roimhe sin. Gearrtar fíneálacha mura gcomhlíontar an oibleagáid sin. Is féidir le gnóthais a raibh astaíochtaí níos ísle acu ná na lamháltais atá ina seilbh barrachas lamháltas a choinneáil. Laghdaítear an chaidhp laistigh de CTA le himeacht ama ionas go dtiocfaidh laghdú ar iomlán na n-astaíochtaí.

(18)

Leasaíodh CTA le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) chun muiriompar a chumhdach ón 1 Eanáir 2024.

(19)

I dteannta na leasuithe a rinneadh ar CTA, tugadh isteach córas breise trádála astaíochtaí chun astaíochtaí ó fhoirgnimh, ó iompar de bhóthar agus ó earnálacha breise a chumhdach, ar astaíochtaí iad nár cumhdaíodh roimhe seo le CTA (‘CTA 2’). Is córais trádála astaíochtaí ar leithligh iad CTA agus CTA 2 sa mhéid nach bhfuil lamháltais inaistrithe eatarthu. Gníomhaíochtaí atá faoi réir dualgas lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas de bhun CTA 2, eisiatar iad ó raon feidhme an bhirt a dtugtar fógra ina leith (27).

(20)

In 2023, bhí praghas na lamháltas astaíochtaí faoi CTA thart ar EUR 80 in aghaidh an tona d’astaíochtaí CO2 ar an meán. I mí Feabhra 2024, ba é thart ar EUR 60 in aghaidh an tona d’astaíochtaí CO2 an praghas agus i mí Dheireadh Fómhair 2025, ba é thart ar EUR 78 in aghaidh an tona d’astaíochtaí CO2 an praghas.

2.4.2   An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill

(21)

De réir Airteagal 2(1) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, tá feidhm ag an rialachán maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh, próisis thionsclaíocha agus úsáid táirgí, talmhaíocht agus bainistiú dramhaíola, cé is moite d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. Dá bhrí sin, déantar astaíochtaí atá faoi réir CTA a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill, cé is moite d’iompar muirí agus gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I chun críche faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe agus chun na gcríoch sin amháin (28).

(22)

Leagtar síos leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill sprioc náisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do gach Stát. Is faoi na húdaráis náisiúnta sna Stáit faoi seach atá sé ionstraimí beartais a chur chun feidhme chun a spriocanna náisiúnta a chomhlíonadh.

(23)

Agus an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á ionchorprú i gComhaontú LEE, leag Comhchoiste LEE síos sprioc náisiúnta laghdaithe astaíochtaí don Iorua le haghaidh 2030 faoin rialachán.

2.4.3   CTA a chur i bhfeidhm maidir le loscadh dramhaíola san Iorua

(24)

Mhínigh údaráis na hIorua go mbraitheann áireamh gléasra nó suiteála in CTA ar an gcaoi a n-aicmítear an ghníomhaíocht atá i gceist i Rialachán Trádála na hIorua (29), lena ndéantar CTA a ionchorprú i ndlí na hIorua in éineacht leis an nGníomh um Chuótaí Aeráide. Tagann formhór an loiscthe dramhaíola a áirítear in CTA faoin gcatagóir ‘dóchán breoslaí i suiteálacha ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW’ (30). Mar sin féin, tá feidhm ag eisceacht maidir le dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl chathrach a loscadh, ar dramhaíl í a tuigeadh agus a cuireadh i bhfeidhm, de réir údaráis na hIorua, i gcomhréir leis an idirdhealú idir gléasraí loiscthe dramhaíola agus gléasraí comhloiscthe (31).

(25)

Míníonn údaráis na hIorua, i gcomhréir lena nós imeachta náisiúnta, go bhfuil gléasraí loiscthe dramhaíola díolmhaithe ó CTA, agus go dtagann gléasraí comhloiscthe faoi raon feidhme CTA (32). Tugann Údarás Faireacháin CSTE dá aire go ndearna Cúirt Achomhairc Borgarting iarraidh ar thuairim chomhairleach ó Chúirt CSTE i gCás E-2/25 (33) maidir le léirmhíniú raon feidhme na díolúine chun dramhaíl ghuaiseach agus chathrach a loscadh faoin gcéad ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. Sa chás sin, chinn Cúirt CSTE nach bhfuil aicmiú atá bunaithe ar idirdhealú idir loisceoirí agus comhloisceoirí i gcomhréir leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. Glacann Údarás Faireacháin CSTE leis go gcuirfidh údaráis na hIorua an dealú idir astaíochtaí CTA agus astaíochtaí neamh-CTA i bhfeidhm amach anseo i gcomhréir leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí agus leis an gcásdlí ábhartha, lena n-áirítear breithiúnas Chúirt CSTE i gCás E-2/25. Mar sin féin, measann Údarás Faireacháin CSTE nach bhfuil athruithe sa chleachtas amach anseo a eascraíonn as an mbreithiúnas agus as nósanna imeachta náisiúnta leanúnacha ábhartha don mheasúnú ar Státchabhair sa chinneadh seo: D’fhéadfadh athruithe sa chleachtas a bheith ina gcúis le hathrú ar aicmiú le haghaidh gléasraí/aonaid shonracha, ach ní dhéanann siad difear don idirdhealú bunúsach idir astaírí atá faoi réir CTA agus astaírí nach bhfuil.

(26)

Ina theannta sin, úsáideann roinnt gléasraí táirgthe tionsclaíocha dramhaíl mar cheann de roinnt breoslaí chun freastal ar a riachtanais fuinnimh. D’fhéadfadh na gléasraí sin a bheith cumhdaithe ag CTA freisin.

(27)

Mhínigh údaráis na hIorua go gcuirfear Beart 1 i bhfeidhm maidir le gléasraí/aonaid atá faoi réir CTA, gléasraí/aonaid a bheidh díolmhaithe ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola le héifeacht Bheart 1. Os a choinne sin, ní bheidh feidhm ag Beart 1 maidir le gléasraí/aonaid nach bhfuil faoi réir CTA. Dá bhrí sin, gearrfar an dleacht mháil ar na gléasraí/aonaid sin.

2.5   Argóintí a chuir údaráis na hIorua i láthair san fhógra

(28)

Dar le húdaráis na hIorua, ní Státchabhair é Beart 1, toisc nach bhfuil sé roghnaitheach.

(29)

D’áitigh údaráis na hIorua gurb é is aidhm don dleacht mháil ar loscadh dramhaíola praghas a thabhairt isteach ar astaíochtaí CO2 i gcás nach dtoibhítear praghas den sórt sin trí ionstraimí malartacha eile. Thairis sin, chuir údaráis na hIorua i dtábhacht gurb iad cánacha aeráide an ionstraim is fearr leis an Iorua chun astaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a laghdú. Dar le húdaráis na hIorua, is é an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola nach dtagann faoi raon feidhme CTA ach is cúis le hastaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill an córas tagartha chun measúnú a dhéanamh ar roghnaíocht Bheart 1 faoi rialacha LEE maidir le Státchabhair dá bhrí sin. Thairis sin, dearbhaíonn údaráis na hIorua nach bhfuil Beart 1 roghnaitheach prima facie toisc go bhfuil gnóthais atá faoi réir na ndíolúintí a tugadh isteach trí Bheart 1 i staid dhlíthiúil agus fhíorasach éagsúil le gnóthais nach bhfuil díolmhaithe, de bhua iad a bheith faoi réir CTA.

(30)

I gcás ina gcinnfidh Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil na bearta roghnaitheach prima facie, dearbhaíonn údaráis na hIorua go mbeadh údar leis an maolú ar an gcóras tagartha mar sin féin de bharr loighic an chórais. I ndáil leis sin, chuir údaráis na hIorua i dtábhacht go bhfuil an aidhm chéanna ag an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola astaíochtaí CO2 a laghdú agus atá ag CTA trí phraghas a fhorchur ar astaíochtaí den sórt sin. Gan Beart 1, ghearrfaí praghas carbóin faoi dhó go héifeachtach ar na hastaíochtaí lena mbaineann. Ós rud é gurb é is cuspóir don dleacht mháil ar loscadh dramhaíola laghduithe costéifeachtacha ar astaíochtaí an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a sholáthar, ní mór, de réir údaráis na hIorua, cosc a chur ar phraghsáil dhúbailte astaíochtaí a mheas mar iarmhairt loighciúil ar an gcóras.

3   Na forais chun an t-imscrúdú foirmiúil a thionscnamh

(31)

Sa Chinneadh Tosaigh, ba é réamhthuairim Údarás Faireacháin CSTE go bhféadfadh Beart 1 a bheith ina státchabhair mar a shainmhínítear in Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE, toisc go bhféadfadh an beart buntáiste roghnaitheach a dheonú do na faighteoirí.

(32)

Bunaithe ar réamh-mheasúnú, shainaithin Údarás Faireacháin CSTE córas tagartha Bheart 1 mar an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola. Thairis sin, ba é tuiscint Údarás Faireacháin CSTE gurb é an cuspóir atá ina dhlúthchuid den chóras tagartha an praghas ar na hastaíochtaí CO2 uile ó loscadh dramhaíola a inmheánú ar leibhéal atá coibhéiseach ar a laghad leis an dleacht mháil.

(33)

Bhí amhras ar Údarás Faireacháin CSTE an bhféadfaí a mheas go bhfuil gnóthais i staid fhíorasach nó dhlíthiúil dhifriúil i bhfianaise an chuspóra atá ina dhlúthchuid den chóras tagartha, bunaithe go simplí ar cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear a n-astaíochtaí leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill nó le CTA. Ar deireadh, chuir Údarás Faireacháin CSTE amhras in iúl maidir le cé acu a bhí nó nach raibh údar le Beart 1 mar gheall ar loighic intreach an chórais i ndáil lena chuspóir rialáil dhúbailte a sheachaint.

(34)

Chuir Údarás Faireacháin CSTE amhras in iúl freisin maidir le comhoiriúnacht Bheart 1 le feidhmiú Chomhaontú LEE.

4   Barúlacha ó údaráis na hIorua

(35)

Ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh agus a bhfreagraí ar iarrataí Údarás Faireacháin CSTE ar fhaisnéis, chuir údaráis na hIorua i dtábhacht go bhforchuirtear an dleacht mháil chun praghas a chur ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola nár cuireadh praghas air roimhe sin.

(36)

Chuir údaráis na hIorua i dtábhacht gurb iad rannpháirtíocht in CTA agus cánacha aeráide ilearnála an dá phríomhionstraim atá ag an Iorua chun astaíochtaí CO2 a laghdú go náisiúnta (34): Cumhdaíonn ionstraimí den sórt sin thart ar 85 faoin gcéad d’astaíochtaí san Iorua (35).

(37)

Is é is aidhm don dá ionstraim sin astaíochtaí a phraghsáil ar phraghas aonfhoirmeach laistigh de gach córas, rud a fhágfaidh go laghdófar astaíochtaí ar an gcostas is ísle don tsochaí ina hiomláine. Cé gur ionstraim mhargadhbhunaithe é CTA ina socraítear praghsanna i gcomhréir le sásraí margaidh, tá sé d’aidhm ag údaráis na hIorua na cánacha aeráide ilearnála éagsúla ar astaíochtaí a shocrú ar ghnáthleibhéal thart ar NOK 1 405 in aghaidh an tona de choibhéisí CO2 le haghaidh 2025 (36).

(38)

Thug údaráis na hIorua dá n-aire gur shainaithin Údarás Faireacháin CSTE an córas tagartha roimh ré sa Chinneadh Tosaigh mar cháin ar na hastaíochtaí CO2 uile ó loscadh dramhaíola ar leibhéal atá coibhéiseach ar a laghad leis an dleacht mháil. Áitíonn údaráis na hIorua, in ainneoin go bhfuil sé d’aidhm ag CTA agus ag cánacha aeráide ilearnála araon praghas astaíochtaí CO2 a inmheánú, nár cheart go mbeadh na praghsanna ar astaíochtaí laistigh agus lasmuigh den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill mar an gcéanna. Bunaíonn údaráis na hIorua an beartas sin ar an bhfíoras go bhfuil dlúthnaisc idir astaíochtaí neamh-CTA na hIorua agus oibleagáidí aeráide na hIorua faoi Chomhaontú Pháras agus faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill araon. Tá an leibhéal praghsanna a shocraítear leis na cánacha aeráide ilearnála éagsúla socraithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Iorua a hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, cé nach gcuirtear aon oibleagáid den sórt sin ar an Iorua faoi CTA. Is iad na himpleachtaí eacnamaíocha a bhaineann údaráis na hIorua as na hoibleagáidí sin gur cheart an praghas ar astaíochtaí lasmuigh de CTA a bheith éagsúil leis an bpraghas faoi CTA.

(39)

Thairis sin, de réir údaráis na hIorua, ní áireofar ciorruithe a bhain an Iorua amach ina hastaíochtaí faoi réir CTA chun spriocanna na hIorua faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Mhínigh údaráis na hIorua gurb é is cúis leis sin gur dócha go leithdháilfear laghduithe ar astaíochtaí a eascraíonn as CTA idir Stáit LEE, gan beann ar an gcríoch ina ndearnadh na laghduithe iarbhír (37). Chuir údaráis na hIorua i dtábhacht freisin, i bhfianaise na caidhpe ar astaíochtaí in CTA, nach bhfuil ach tionchar teoranta ag ciorruithe breise ar astaíochtaí a eascraíonn as cáin ar astaíochtaí atá faoi réir CTA ar laghduithe astaíochtaí domhanda, ós rud é gur féidir le gnóthais in áiteanna eile in CTA an méid céanna coibhéisí CO2 a astú. Is í an chaidhp iomlán ar astaíochtaí in CTA a chinneann méid iomlán na n-astaíochtaí.

(40)

Os a choinne sin, is iondúil go socraíonn údaráis na hIorua leibhéal na gcánacha aeráide a thoibhítear in earnálacha neamh-CTA chun a áirithiú go mbainfidh an Iorua a laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa amach de bhun a hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus faoi Chomhaontú Pháras.

(41)

Mhínigh údaráis na hIorua freisin, nuair a thoibhítear cánacha aeráide ar leibhéal aonfhoirmeach, gur bealach costéifeachtach iad chun astaíochtaí a laghdú faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill agus, dá bhrí sin, a n-oibleagáid faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh. Soláthraíonn cánacha aeráide praghas d’astaíochtaí faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill, rud a dhreasaíonn an laghdú ar astaíochtaí ach a fhágann faoi chuideachtaí agus faoi theaghlaigh é a chinneadh cé na ciorruithe ar astaíochtaí is inacmhainne agus is éasca a chur chun feidhme.

(42)

Ar deireadh, chuir údaráis na hIorua in iúl gur thug gnóthais atá faoi réir CTA agus an Ghnímh um Chuótaí Aeráide roinnt oibleagáidí dlíthiúla dóibh. Áirítear ar na hoibleagáidí sin an oibleagáid astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas, a thuairisciú agus a fhíorú, chomh maith le lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas. Thairis sin, áitíonn údaráis na hIorua, gan beann ar an modh fála tosaigh, gur costas malartach iad na lamháltais sin i ráitis airgeadais/i gcláir chomhardaithe cuideachtaí agus go soláthraíonn siad dreasacht do chuideachtaí astaíochtaí a laghdú.

5   Barúlacha ó pháirtithe leasmhara

(43)

Chuir Norsk Industri, Cónaidhm thionscail na hIorua (‘Norsk Industri’), barúlacha isteach maidir le Beart 1. Ina bharúlacha, cuireann Norsk Industri i dtábhacht go bhfuil comhloisceoirí faoi réir dhá shraith beart a dhéanann praghas ar CO2. Dar leis, ní státchabhair í díolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola le haghaidh saoráidí comhloiscthe tionsclaíocha atá faoi réir CTA, go háirithe i bhfianaise na dlí-eolaíochta ó Chúirteanna an Aontais le déanaí lena leagtar béim ar neamhspleáchas fioscach na mBallstát.

(44)

Creideann Norsk Industri gur tuairisc chruinn ar an gcóras tagartha a bheadh sa cháin mar atá sainithe ag údaráis na hIorua: Sonraítear sa dleacht mháil, lena n-áirítear an díolúine fhéideartha a léirítear le Beart 1, go bhfuil loscadh dramhaíola cathrach faoi réir na dleachta máil agus nach bhfuil gníomhaíochtaí atá faoi réir CTA faoi réir aici. Ós rud é gur cuid den chóras tagartha é neamhchánachas ar ghníomhaíochtaí loiscthe dramhaíola a chumhdaítear le CTA, ní bheadh aon ghá a mheas an maolú í an díolúine.

(45)

Ar an dara dul síos, áitíonn Norsk Industri go bhfuil sé de chuspóir comhroinnte ag CTA agus Beart 1 araon athruithe ar iompraíocht a dhreasú as a dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí. Rogha beartais údaráis na hIorua an dleacht mháil a dhearadh ar bhealach comhlántach le CTA, ionas nach n-úsáidfear ionstraimí forluiteacha chun an sprioc maidir le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, is léiriú í ar neamhspleáchas fioscach údaráis na hIorua agus ba cheart í a urramú. Ina theannta sin, íocann gnóthais atá faoi réir CTA praghas ar a n-astaíochtaí cheana féin, rud a fhágann gur léir nach bhfuil siad inchomparáide leo siúd nach bhfuil faoi réir CTA.

(46)

Ar deireadh, ós rud é gurb é cuspóir intreach na dleachta máil dreasacht amháin, ach gan níos mó ná sin, a sholáthar chun astaíochtaí a laghdú, tá údar le Beart 1 de bharr chineál nó scéim ghinearálta na dleachta máil.

II.   MEASÚNÚ

6   Státchabhair a bheith ann

(47)

Is mar a leanas atá Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE: ‘Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, aon chabhair a thabharfaidh Ballstáit den Aontas, Stáit CSTE nó a thabharfar trí acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí bheith i bhfabhar gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe, a mhéid a dhéanann sí difear do thrádáil idir Páirtithe Conarthacha, ní bheidh sí comhoiriúnach le feidhmiú an Chomhaontaithe seo.’

(48)

Dá bhrí sin, chun beart a cháiliú mar chúnamh de réir bhrí na forála sin, ceanglaítear go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas: (i) ní mór don Stát an beart a dheonú nó ní mór é a dheonú trí acmhainní Stáit; (ii) ní mór dó buntáiste a thabhairt do ghnóthas; (iii) tús áite a thabhairt do ghnóthais áirithe (roghnaíocht); agus (iv) ní mór baol de shaobhadh iomaíochta a bheith ann dá bharr agus difear a dhéanamh do thrádáil leis.

6.1   Acmhainní Stáit a bheith ann agus a mhéid atá siad inleagtha ar an Stát

(49)

Maidir le beart a bheith inleagtha i leith an Stáit agus buntáiste a dheonú trí acmhainní Stáit, is dhá choinníoll charnacha ar leithligh iad maidir le Státchabhair a bheith ann, a ndéantar measúnú orthu le chéile go minic, áfach, toisc go mbaineann siad araon le tionscnamh poiblí an bhirt atá i gceist (38).

(50)

Maidir le hinleagthacht, tá an beart inleagtha i leith an Stáit de réir sainmhínithe má dheonaíonn údarás poiblí an buntáiste, fiú má tá neamhspleáchas dlíthiúil ag an údarás poiblí sin ó údaráis phoiblí eile (39).

(51)

Maidir leis an gceanglas go mbeadh acmhainní Stáit i gceist, áirítear orthu sin acmhainní uile na hearnála poiblí (40).

(52)

Comhlíonann Beart 1 na coinníollacha sin. Tá sé inleagtha i leith an Stáit ós rud é gurb é atá ina bhunús dlí cinntí arna nglacadh ag Parlaimint na hIorua agus rialacháin na hIorua lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme (féach mír (12)). Thairis sin, tá acmhainní Stáit i gceist le Beart 1 toisc go gcuimsítear leis díolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola as a n-eascróidh caillteanas ioncaim Stáit i gcomparáid leis an gcás nár suíodh aon díolúine den sórt sin.

6.2   Buntáiste a thabhairt do ghnóthas

(53)

Leis an mbeart, ní mór buntáiste a thabhairt do ghnóthais a bhaineann muirir díobh a íoctar óna mbuiséad de ghnáth. Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE, aon tairbhe eacnamaíoch nach bhféadfadh gnóthas a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh (41).

(54)

Trí fhoráil a dhéanamh maidir le díolúine ón dleacht mháil a bheadh dlite murach sin do loisceoirí dramhaíola atá faoi réir CTA, is faoiseamh é Beart 1 freisin ó ualaí eacnamaíocha a bheadh ar na tairbhithe a iompar mura mbeadh an beart ann.

6.3   Éifeacht ar thrádáil agus ar shaobhadh iomaíochta

(55)

Ní mór go bhféadfadh an beart iomaíocht a shaobhadh agus difear a dhéanamh do thrádáil idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE.

(56)

Is é tuiscint Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil cóireáil dramhaíola faoi réir iomaíochta agus trádála laistigh de LEE. Thairis sin, níor chuir údaráis na hIorua faisnéis isteach a léiríonn nach bhfuil na tairbhithe gníomhach ach amháin ar mhargaí nach bhfuil aon iomaíocht ná trádáil iontu nó ina bhfuil iomaíocht agus trádáil theoranta idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE. Bunaithe ar an méid sin, tá Údarás Faireacháin CSTE den tuairim gur dócha go ndéanfaidh Beart 1 saobhadh ar an iomaíocht agus go ndéanfaidh sé difear don trádáil idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE.

6.4   Roghnaíocht

(57)

Tá beart Stáit roghnaitheach má tá sé i bhfabhar gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe i gcomparáid le gnóthais eile atá i staid dhlíthiúil agus fhíorasach atá inchomparáide i bhfianaise an chuspóra a shaothraítear leis an mbeart (42). Bearta a bhfuil feidhm iomlán ginearálta acu agus nach bhfuil i bhfabhar gnóthais áirithe amháin nó táirgeadh earraí áirithe amháin, ní thagann siad faoi raon feidhme Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE (43).

(58)

Ní leor an cuspóir a shaothraítear le beart Stáit nó leis an teicníc a úsáideann an Stát chun é a chur chun feidhme chun an beart a eisiamh ó aicmiú mar státchabhair. Ní dhéantar idirdhealú in Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE idir cúiseanna ná cuspóirí beart Stáit ach sainmhínítear iad i ndáil lena n-éifeachtaí (44).

(59)

Déantar roghnaíocht na mbeart cánach a mheasúnú trí bhíthin anailís trí chéim de ghnáth. Ar an gcéad dul síos, sainaithnítear córas tagartha. Ar an dara dul síos, ní mór a chinneadh an ionann beart ar leith agus maolú ar an gcóras tagartha sin, a mhéid a dhéantar idirdhealú leis idir oibreoirí eacnamaíocha atá, i bhfianaise na gcuspóirí atá ina ndlúthchuid den chóras, i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide. Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin, tá an beart roghnaitheach prima facie. Ní mór measúnú a dhéanamh ansin ar cé acu atá nó nach bhfuil údar leis an mbeart de bharr chineál nó scéim ghinearálta an chórais (45). Má tá údar le beart roghnaitheach prima facie de bharr chineál nó scéim ghinearálta an chórais, ní mheasfar é a bheith roghnaitheach agus, dá bhrí sin, tiocfaidh sé lasmuigh de raon feidhme Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE.

(60)

Tá beart roghnaitheach freisin má cumraíodh an creat tagartha féin, mar a leanann sé ón dlí náisiúnta, de réir paraiméadair atá idirdhealaitheach go follasach agus atá beartaithe chun dul timpeall ar an dlí maidir le Státchabhair (46).

6.4.1   An córas tagartha

(61)

Chun measúnú a dhéanamh ar roghnaíocht birt faoin anailís trí chéim, is gá an córas tagartha a bhunú ar dtús. Is ionann an córas tagartha agus an tagarmharc a ndéantar roghnaíocht birt a mheasúnú ina aghaidh (47).

(62)

Tá an córas tagartha comhdhéanta de shraith chomhsheasmhach rialacha a bhfuil feidhm acu go ginearálta — ar bhonn critéir oibiachtúla — maidir leis na gnóthais uile a thagann faoina raon feidhme mar a shainítear lena chuspóir (48). I gcás cánacha, is é an córas tagartha an gnáthchánachas (49), bunaithe ar ghnéithe amhail an bonn cánach, na daoine inchánach, an teagmhas inchánach agus na rátaí cánach (50). Ní mór cinneadh an chreata tagartha a bheith mar thoradh ar scrúdú oibiachtúil ar ábhar, ar struchtúr agus ar éifeachtaí sonracha na rialacha is infheidhme faoi dhlí náisiúnta Stát CSTE LEE, tar éis malartú argóintí leis an Stát sin (51).

(63)

I gcás ina bhfuil an beart cánach atá i gceist doscartha ó chóras cánach ginearálta an Stáit CSTE LEE lena mbaineann, ní mór tagairt a dhéanamh don chóras sin. Ar an taobh eile, i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil beart den sórt sin inscartha go soiléir ón gcóras ginearálta sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh an creat tagartha atá le cur san áireamh a bheith níos teoranta ná an córas ginearálta lena mbaineann, nó fiú go bhféadfadh sé gurb ionann é agus an beart féin, i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil a loighic dhlíthiúil féin ag an mbeart sin agus nach féidir corpas comhsheasmhach rialacha a shainaithint lasmuigh den bheart sin (52) (53).

(64)

Is é an Stát CSTE LEE lena mbaineann a chinneann, trína inniúlacht féin a fheidhmiú maidir le cánachas díreach agus le haird chuí ar a neamhspleáchas fioscach agus ar dhlí LEE, na saintréithe a bhaineann leis an gcáin, lena sainítear i bprionsabal an córas tagartha. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le rogha an ráta cánach, an bonn cánach, an teagmhas inchánach agus aon díolúine a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm a chinneadh (54). Tá an ráta cánach agus an grúpa daoine inchánach mar chuid de shaintréithe bunúsacha an chórais dlí (55). Áirítear le cinneadh na saintréithe arb iad an cháin iad an bonn measúnachta, ach áirítear leis freisin aon díolúine a bhfuil an cháin faoina réir (56). Tagann sé faoi inniúlacht Stát CSTE LEE boinn mheasúnaithe a ainmniú agus an t-ualach cánach a scaipeadh ar fud na dtosca éagsúla táirgeachta agus eacnamaíocha.

(65)

De ghnáth, ní aicmítear díolúine ghinearálta agus theibí a bhfuil cáin dhíreach faoina réir mar Státchabhair. Mar riail ghinearálta, a mhéid a ghlactar leis go bhfuil an díolúine ina gné dhílis den ghnáthchóras cánach, ní féidir léi buntáiste roghnaitheach a thabhairt (57). Tá an fhéidearthacht ag Stáit CSTE LEE, trína neamhspleáchas fioscach, úsáid a bhaint as aicmithe cánach, agus go háirithe as díolúintí cánach, a mheasann siad a bheith ar na cinn is oiriúnaí chun na cuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú acu a bhaint amach, bíodh na cuspóirí sin bainteach le cáin nó ná bíodh (58). Trí chánachas díreach, féadfaidh Stáit CSTE LEE cuspóirí a shaothrú go dlisteanach nach cuspóirí buiséadacha amháin iad, agus arb ionann iad le chéile agus cuspóir an chreata tagartha.

(66)

Agus an creat tagartha á chinneadh chun críoch Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE i ndáil le bearta cánach, ceanglaítear ar Údarás Faireacháin CSTE, i bprionsabal, glacadh le léirmhíniú fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta arna thabhairt ag an Stát CSTE LEE lena mbaineann sa mhalartú argóintí le hÚdarás Faireacháin CSTE, ar choinníoll go bhfuil an léirmhíniú comhoiriúnach le foclaíocht an dlí náisiúnta (59).

(67)

Sa chás seo, measann údaráis na hIorua gur dleacht mháil é an córas tagartha ar loscadh dramhaíola le haghaidh na n-astaíochtaí uile nach dtagann faoi raon feidhme CTA, ach atá faoi réir oibleagáidí na hIorua faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Is féidir é sin a thuiscint freisin mar an córas tagartha arb é an dleacht mháil ann féin é, i gcás inar cuid chomhtháite den chóras tagartha sin í an díolúine d’astaíochtaí atá faoi réir CTA. De réir údaráis na hIorua, níl i raon feidhme na dleachta máil ach astaíochtaí ó loscadh dramhaíola faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill.

(68)

Leagtar amach an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola i mbuiséad Stát na hIorua (60) (61). Is é an teagmhas inchánach dramhaíl a sheachadadh lena loscadh i ngléasra loiscthe, i gcás ina mbíonn astú CO2 iontaise san aer tríd an dramhaíl sin a loscadh mar thoradh ar an loscadh sin (62). Is loisceoirí dramhaíola iad ábhair na dleachta máil (63). Is é an bonn cánach don dleacht mháil an líon tonaí CO2 iontaise a scaoiltear tríd an bpróiseas loiscthe dramhaíola (64) (65).

(69)

Tugann Údarás Faireacháin CSTE dá aire nach cuid de chóras cánach níos leithne í an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola inti féin ach gur cáin neamhspleách í. Cé go dtoibhítear an cháin ar astaíochtaí CO2 isteach san aer, ní bhaineann sé sin ach le hastaíochtaí tar éis na gníomhaíochta truaillithe sonraí a bhaineann le dramhaíl a dhó. Thairis sin, tá an dleacht mháil neamhspleách agus éagsúil le dleachtanna máil agus ó chánacha aeráide eile a chuirtear i bhfeidhm san Iorua: Tá a bhonn cánach, a rátaí cánach agus a theagmhais inchánach féin aige agus a ghrúpa daoine inchánach atá éagsúil le cánacha aeráide eile (66) (67).

(70)

Sa Chinneadh Tosaigh, cheistigh Údarás Faireacháin CSTE an córas tagartha mar a shainmhínigh údaráis na hIorua é toisc gur chosúil gurbh é aidhm na dleachta máil praghas a chur ar na hastaíochtaí CO2 uile, ar leibhéal aonfhoirmeach chun íoschostas foriomlán astaíochtaí CO2 a áirithiú le haghaidh gach loiscthe dramhaíola. Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, shoiléirigh údaráis na hIorua a thuilleadh, cé gurb é is cuspóir don dleacht mháil an praghas astaithe CO2 a inmheánú ionas go gcumhdaítear na hastaíochtaí uile le costas astaithe, nach é an cuspóir atá á shaothrú leibhéal aonfhoirmeach praghsanna amháin a chur i bhfeidhm maidir leis na hastaíochtaí uile, bíodh na hastaíochtaí sin faoi réir CTA nó faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill. Is é is cúis leis sin go príomha breithnithe beartais ag údaráis na hIorua. Tá dhá ghné ag baint leis na breithnithe (féach freisin an mhír (39) thuas). Ar an gcéad dul síos, measann údaráis na hIorua gur dócha nach rannchuideoidh aon laghdú breise in earnálacha CTA i gcríoch na hIorua le comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta na hIorua maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú toisc go leithdháilfear laghduithe a eascraíonn as CTA idir Stáit LEE is páirtithe in CTA. Ar an dara dul síos, measann údaráis na hIorua go ndéanfadh cáin sa bhreis ar CTA struchtúr dreasachta CTA a shaobhadh agus go mbeadh laghduithe astaíochtaí nach bhfuil chomh costéifeachtúil laistigh den dá ionstraim mar thoradh uirthi.

(71)

De ghnáth, le struchtúr na dtobhach sainchuspóireach, amhail cánacha aeráide a fhorchuirtear chun gníomhaíochtaí a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol a dhíspreagadh, déanfar an cuspóir beartais a shaothraítear leis an dleacht mháil a chomhtháthú (68). Mhínigh údaráis na hIorua gur tugadh isteach an dleacht mháil chun a áirithiú go dtoibhítear loscadh dramhaíola nach bhfuil faoi réir praghais trí CTA an praghas sin ar astaíochtaí CO2(69)

(72)

Tugadh isteach an dleacht mháil atá i gceist chun cuidiú le hoibleagáidí údaráis na hIorua a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnáil an loiscthe dramhaíola faoi réir oibleagáidí an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill agus údaráis na hIorua faoi Chomhaontú Pháras. Mar a thugtar faoi deara i mír (21) agus mar a mhínigh údaráis na hIorua (féach mír (39)), ní áirítear laghduithe ar astaíochtaí atá faoi réir CTA mar chuid d’oibleagáidí laghdaithe Stát na hIorua faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Ós rud é go bhfuil gléasraí/aonaid ábhartha faoi réir ionstraim inmheánaithe praghsanna cheana féin trí CTA, fágtar astaíochtaí den sórt sin as raon feidhme na cánach trí Bheart 1. Mar a leagtar amach i mír (27) thuas, cumhdaítear leis an dleacht mháil na gléasraí/aonaid loiscthe dramhaíola eile nár toibhíodh aon phraghas orthu ar a ngníomhaíochtaí astaithe CO2 sular tugadh isteach an dleacht mháil.

(73)

Aithníonn Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil an gnáthchóras cánach mar atá leagtha amach ag údaráis na hIorua comhoiriúnach le foclaíocht an dlí náisiúnta (70) (71): Is éard atá sa dleacht mháil, agus Beart 1 san áireamh, cáin ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola nach bhfuil faoi réir costas carbóin tríd an nGníomh maidir le CTA/Cuótaí Aeráide.

(74)

Deonaítear an díolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola le haghaidh aon astaíochta ó loscadh dramhaíola atá faoi réir dualgas lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas mar a shonraítear san Acht um Chuótaí Aeráide. Dá réir sin, sainítear i bhfoclaíocht an dlí náisiúnta ciorcal thairbhithe na díolúine ar bhealach teibí agus ginearálta (72). Tairbhíonn aon astaíocht ó loscadh dramhaíola atá faoi réir CTA den díolúine faoi Bheart 1.

(75)

Aithníonn Údarás Faireacháin CSTE freisin go dtagann na breithnithe beartais, mar a luaigh údaráis na hIorua, faoi neamhspleáchas fioscach Stát LEE, atá saor chun díolúintí ginearálta nó sásraí athrúcháin (73) (74) a thabhairt isteach a mheasann sé a bheith oiriúnach chun an cuspóir comhshaoil a shaothraítear leis an gcáin atá i gceist a bhaint amach.

(76)

Thairis sin, na coinníollacha a bhunaítear le Beart 1, is cosúil nach bhfuil baint acu, le dlí ná le gníomh, le saintréith shonrach amháin nó níos mó den chatagóir aonair gnóthas atá in ann tairbhe a bhaint as (75). Is cosúil nach bhfuil dlúthbhaint idir na saintréithe ábhartha chun astaíochtaí áirithe a dhíolmhú ón dleacht mháil agus cineál na ngnóthas a ghineann na hastaíochtaí nó cineál a ngníomhaíochtaí.

(77)

Ina ionad sin, leanann an t-idirdhealú idir gnóthais a dtairbhíonn a n-astaíochtaí de Bheart 1 an dealú mar a leagtar amach in CTA agus san Acht um Chuótaí Aeráide, agus a eascraíonn as an gcóras rialála sin. Dá bhrí sin, is í an tsaintréith ábhartha lena gcinntear cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh astaíocht tairbhiú den díolúine atá i mBeart 1, cé acu atá nó nach bhfuil na hastaíochtaí faoi réir sásra inmheánaithe praghsanna cheana féin faoi ionstraim rialála chomhlántach eile le haghaidh astaíochtaí praghsála, is é sin CTA. Dá bhrí sin, leanann an dealú an dealú mar a rinne CTA, ina leagtar amach cé na hastaíochtaí atá faoi réir chreat rialála CTA, agus cé na hastaíochtaí atá faoi fhreagracht Stáit LEE a laghdú i gcomhréir lena spriocanna náisiúnta.

(78)

Thairis sin, cumhdaítear le CTA roinnt earnálacha agus suiteálacha atá níos mó ná méid áirithe, chomh maith le cineálacha áirithe próiseas táirgthe a tharlaíonn in earnálacha éagsúla. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag an díolúine i mBeart 1 maidir le gnóthais atá faoi réir oibleagáide lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas faoi CTA, lena bhféadfaí gnóthais a áireamh arb é a bpríomhghníomhaíocht dramhaíl a loscadh agus gnóthais in earnálacha eile a fhéadfaidh dramhaíl a úsáid mar cheann amháin de roinnt breoslaí chun a riachtanais fuinnimh a chomhlíonadh agus táirgí a thagann faoi earnálacha eile sa gheilleagar á dtáirgeadh an tráth céanna (76).

(79)

Bunaithe ar na breithnithe sin, aontaíonn Údarás Faireacháin CSTE le háitiú údaráis na hIorua gurb é an córas tagartha an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola, agus Beart 1 á áireamh mar chuid bhunúsach den chóras tagartha. Dá bhrí sin, tagann Údarás Faireacháin CSTE ar an gconclúid go sainmhínítear an córas tagartha i gceart mar an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola le haghaidh na n-astaíochtaí uile nach dtagann faoi raon feidhme CTA, ach atá faoi réir oibleagáidí na hIorua faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill.

(80)

Tar éis tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh tríd an imscrúdú foirmiúil agus trí mhalartuithe argóintí le húdaráis na hIorua maidir leis na rialacha náisiúnta ábhartha maidir leis an dleacht mháil agus a cuspóirí, agus i bhfianaise na béime a chuireann Cúirteanna an Aontais ar neamhspleáchas fioscach Stáit LEE, measann Údarás Faireacháin CSTE gur maolaíodh an t-amhras a cuireadh in iúl go háirithe i míreanna 44-46 den Chinneadh Tosaigh.

(81)

Measann Údarás Faireacháin CSTE go mbaineann an cás ar a dtugtar tuairisc sa chásdlí dá dtagraítear i mír 45 den Chinneadh Tosaigh le díolúine ó cháin nach bhfuil inchomparáide leis an díolúine sa chás atá idir lámha, ós rud é nach raibh an díolúine sin ginearálta agus teibí, ach gur deonaíodh í do thionscail shonraithe ina ionad sin. Thairis sin, murab ionann agus an cásdlí dá dtagraítear i mír 45 den Chinneadh Tosaigh, tá an córas tagartha mar atá leagtha amach ag údaráis na hIorua comhoiriúnach le foclaíocht an dlí náisiúnta agus níl sé contrártha do struchtúr na cánach (féach mír (73) thuas).

(82)

Ina theannta sin, i bhfianaise na forbartha sa chásdlí a bhaineann leis an measúnú ar roghnaíocht dá dtagraítear i mír 44 den Chinneadh Tosaigh, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil na hargóintí a ardaíodh i ndáil leis an gcinneadh sin foirmiúil agus nach bhfuil siad ionadaíoch a thuilleadh ar na critéir lena gcruthaítear an measúnú roghnaíochta mar atá leagtha amach ag Cúirteanna an Aontais.

(83)

Ar deireadh, níl aon fhaisnéis ar fáil d’Údarás Faireacháin CSTE a thugann le fios gur cumraíodh an córas tagartha de réir paraiméadair atá idirdhealaitheach go follasach agus atá beartaithe chun dul timpeall ar dhlí LEE maidir le Státchabhair (77) (78).

(84)

Mar chonclúid, ní mór Beart 1 a mheas mar ghné bhunúsach den chóras tagartha agus ní eascraíonn buntáiste roghnaitheach as.

6.4.2   Maolú ar an gcóras tagartha

(85)

Tar éis na conclúide i mír (84) thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE nach beart roghnaitheach é an beart. Mar sin féin, fiú dá measfaí nach cuid den chóras tagartha é Beart 1, ionas gur cáin ghinearálta ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola é an córas tagartha (gan an díolúine a léirítear le Beart 1 a áireamh), ní mheasann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil an beart roghnaitheach prima facie, ar na cúiseanna a leagtar amach thíos.

(86)

Sa dara céim den anailís trí chéim ar bhearta cánach (féach mír (59) thuas), ní mór measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar idirdhealú le Beart 1 idir gnóthais de mhaolú ar an gcóras tagartha. Chun é sin a chinneadh, is gá a shuí an bhféadfadh an beart a bheith i bhfabhar gnóthais áirithe, nó i bhfabhar táirgeadh earraí áirithe, i gcomparáid le gnóthais eile atá i staid fhíorasach agus dhlíthiúil chomhchosúil i bhfianaise chuspóir intreach an chórais tagartha (79).

(87)

Ina fhógra, mhínigh údaráis na hIorua gurb é is cuspóir don dleacht mháil ar loscadh dramhaíola a áirithiú go dtoibhítear praghas ar astaíochtaí ón ngníomhaíocht loiscthe dramhaíola i gcás nach dtoibhítear praghas den sórt sin trí ionstraimí malartacha (80) (81). D’athdhearbhaigh údaráis na hIorua é sin freisin le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil.

(88)

I mír 50 den Chinneadh Tosaigh, thug Údarás Faireacháin CSTE dá aire gur chosúil gurbh é an cuspóir a bhí ann freisin praghas na n-astaíochtaí a inmheánú ar leibhéal a bhí cothrom ar a laghad leis an leibhéal a socraíodh leis an dleacht mháil. Mar sin féin, tar éis measúnú breise a dhéanamh ar bhunús dlí náisiúnta agus ar chuspóirí na dleachta máil i malartú argóintí le húdaráis na hIorua, aithníonn Údarás Faireacháin CSTE gurb é an cuspóir atá ann i ndáiríre astaíochtaí a phraghsáil nach dtoibhítear praghas orthu cheana féin trí ionstraimí eile a úsáid, féach míreanna (70)-(72).

(89)

Deartar an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola ar bhealach comhlántach le CTA, chun a áirithiú go dtoibheofar praghas ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola nach dtoibhítear praghas trí CTA trí ionstraim mhalartach i bhfoirm dleacht mháil ar gach aonad a astaítear (82).Cuirtear an loighic i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach mar atá doiciméadaithe ag údaráis na hIorua (83): Aon astaíocht ó ghníomhaíochtaí loiscthe dramhaíola atá faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a a astaíonn CO2 isteach san atmaisféar (84), tá costas carbóin le híoc tríd an gcáin (85). Ar an gcaoi chéanna, ní mór do ghnóthais atá freagrach as aon astaíocht atá faoi réir CTA lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin. Cé go bhféadfadh leibhéal na cánach a bheith éagsúil le praghas na lamháltas astaíochtaí (atá athraitheach de réir a gcineáil ar feadh na dtréimhsí trádála ábhartha agus an tacair caidhpe), eascraíonn costas carbóin in aghaidh an aonaid CO2 a astaítear as an dá ionstraim, trína leagan amach teicniúil agus praiticiúil éagsúil. Spreagann sé sin ciorruithe ar astaíochtaí i gcás ina bhfuil na ciorruithe sin níos saoire ná costas an charbóin sa chóras ábhartha.

(90)

Dá bhrí sin, measann Údarás Faireacháin CSTE, i bhfianaise chuspóir an chórais tagartha cáin a ghearradh ar na hastaíochtaí nach bhfuil faoi réir ionstraim eile le haghaidh inmheánú praghsanna, go mbaineann an díolúine i mBeart 1 le hastaíochtaí nach bhfuil sa staid dhlíthiúil agus fhíorasach chéanna leis na hastaíochtaí atá faoi réir na dleachta máil ar loscadh dramhaíola. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil na chéad astaíochtaí faoi réir sásra inmheánaithe praghsanna cheana féin, is é sin CTA, cé nach bhfuil na hastaíochtaí deiridh sin faoi réir sásra den sórt sin.

(91)

Tar éis dó imscrúdú breise a dhéanamh ar an dleacht mháil agus ar Bheart 1, cinneann Údarás Faireacháin CSTE freisin nach bhfuil fíorais an cháis agus cur i bhfeidhm na díolúine sa chás seo inchomparáide leis na fíorais a ndearnadh measúnú orthu sa chleachtas cinnteoireachta dá dtagraítear i mír 53 den Chinneadh Tosaigh. Is é is cúis leis sin, inter alia, go bhfuil feidhm ghinearálta ag an mbeart sa chás seo agus go bhfuil córais agus cuspóirí tagartha na gcóras tagartha éagsúil sna cásanna sin.

(92)

Mar chonclúid, fiú más rud é, contrártha do mheasúnú Údarás Faireacháin CSTE, nach meastar Beart 1 a bheith ina dhlúthchuid den chóras tagartha, ionas gur cáin ghinearálta ar loscadh dramhaíola é an córas tagartha, measann Údarás Faireacháin CSTE nach beart roghnaitheach prima facie é an beart in aon chás. Is foras breise é sin nach n-eascraíonn buntáiste roghnaitheach as Beart 1 ar a bhonn.

7   Conclúid

(93)

Ar bhonn an mheasúnaithe thuasluaite, measann Údarás Faireacháin CSTE, ós rud é nach gcomhlíonann an díolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais a chumhdaítear le CTA critéar na roghnaíochta, nach Státchabhair í de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beart 1, arb é atá ann díolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais atá faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ní Státchabhair é de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE. Dúntar leis seo an t-imscrúdú foirmiúil le haghaidh Bheart 1.

Airteagal 2

Is ar Ríocht na hIorua atá an cinneadh seo dírithe.

Airteagal 3

Is é an leagan Béarla den chinneadh seo amháin atá barántúil.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2025.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE,

Arne RØKSUND

Uachtarán

Comhalta Coláiste Freagrach

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste

Árni Páll ÁRNASON

Comhalta Coláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)   Cinneadh Uimh. 039/24/COL ó Údarás Faireacháin CSTE, lena n-osclaítear imscrúdú foirmiúil ar na díolúintí ó dhleacht mháil ar loscadh dramhaíola agus ó cháin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA, (IO C, C/2024/3127, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3127/oj) agus Forlíonadh LEE Uimh. 38, 8.5.2024, lch. 1.

(2)  Doiciméid Uimh. 1439561, 1439563, agus 1439565.

(3)  Cinneadh Uimh. 039/24/COL ó Údarás Faireacháin CSTE, lena n-osclaítear imscrúdú foirmiúil ar na díolúintí ó dhleacht mháil ar loscadh dramhaíola agus ó cháin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA.

(4)  Doiciméid Uimh. 1453310, 1453306, 1453308, agus 1453304.

(5)   IO C/2024/3127, 8.5.2024 agus Forlíonadh LEE Uimh. 38, 8.5.2024, lch. 1.

(6)  Doiciméad Uimh. 1509369.

(7)  Doiciméad Uimh. 1463157.

(8)  Doiciméid Uimh. 1465942 agus 1465940.

(9)  Doiciméad Uimh. 1509413.

(10)  Doiciméid Uimh. 1525019 agus 1525021.

(11)  Doiciméad Uimh. 1539541.

(12)  Doiciméid Uimh. 1552680 agus 1552681.

(13)  Moladh. 1 LS (2021-2022), Skatter, avgifter og toll 2022, mír 9.9.5.

(14)  Idir mí Eanáir agus mí Iúil 2025, ba é NOK 908 an ráta cánach. Tá an ráta cánach NOK 830 in aghaidh an tona CO2 atá ann faoi láthair infheidhme ó mhí Lúnasa 2025.

(15)  Tá leibhéal reatha na dleachta máil sealadach, ós rud é go bhfuil an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola á tabhairt isteach de réir a chéile. Ar dtús, bhí sé beartaithe ag údaráis na hIorua an ráta cánach le haghaidh loscadh dramhaíola a ardú i dtreo an ráta ghinearálta a mhuirearaítear le haghaidh astaíochtaí comhchosúla in 2026, féach mír (37). Mar sin féin, mar gheall ar ábhair imní maidir le soláthar na cumhachta don eangach agus mar gheall ar mheasúnú leanúnach an Choimisiúin Eorpaigh ar cé acu ba cheart nó nár cheart Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a leathnú chuig loscadh dramhaíola, tá údaráis na hIorua ag smaoineamh ar stop a chur le méaduithe breise ar an leibhéal cánach in 2026.

(16)   LOV-2004-12-17-9.

(17)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle, (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32), an gníomh dá dtagraítear i bpointe 21 al d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, arna leasú.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear catagóirí áirithe cabhrach ag luí leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), dá dtagraítear i bpointe 1j d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, arna leasú. Faoi láthair, toibhítear ráta laghdaithe NOK 182 in aghaidh an tona CO2 ar ghníomhaíochtaí atá faoi réir an Achta um Chuótaí Aeráide, arb ionann iad agus 22 faoin gcéad den ráta cánach ginearálta, féach an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine 11/2024/ENV.

(19)  FOR-2024-12-13-3220, Stortingsvedtak om avgift på avfallsforbrenning le haghaidh 2025, uimhir II.

(20)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1) Measadh nach raibh an Dlí Aeráide Eorpach ábhartha lena ionchorprú i gComhaontú LEE.

(21)  Féach Cinneadh Uimh. 269/2019 ó Chomhchoiste LEE an 25 Deireadh Fómhair 2019 agus na dearbhuithe a rinneadh i gcomhar leis an gcinneadh sin (IO L 11, 12.1.2023, lch. 38) Féach freisin an phreaseisiúint ón gCoimisiún Eorpach an 25 Deireadh Fómhair 2019.

(22)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (‘an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill’) (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26), an gníomh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 8(a), an dara fleasc, de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE.

(23)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1), an gníomh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 8(a), an chéad fhleasc, de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE.

(24)  Tá forléargas ar ghlacadh na reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’ ar fáil anseo.

(25)  Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 146/2007 an 26 Deireadh Fómhair 2007 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (IO L 100, 10.4.2008, lch. 92).

(26)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134), an gníomh dá dtagraítear i bpointe 21al d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE.

(27)  An fógra, an chéad mhír.

(28)  Rialachán 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/857/oj), lena leasaítear Airteagal 2(1) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, lena sonraítear go bhfuil an muiriompar fós faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill d’ainneoin é a áireamh in CTA tar éis athbhreithniú CTA in 2023 (féach mír (18)). Níl Rialachán (AE) 2023/857, lena leasaítear an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, ionchorpraithe i gComhaontú LEE go fóill.

(29)   FOR-2004-12-23-1851.

(30)   Ibid, roinn 1-3.

(31)  Mhínigh údaráis na hIorua go n-aicmíonn siad mar ghléasraí loiscthe dramhaíola gléasraí den sórt sin a dhónn dramhaíl chathrach agus/nó dramhaíl ghuaiseach den chuid is mó. Idir an dá linn, aicmíonn údaráis na hIorua mar ghléasraí comhloiscthe dramhaíola na gléasraí sin a dhónn dramhaíl freisin ach a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu ní dramhaíl a dhiúscairt, ach fuinneamh nó táirgí eile a tháirgeadh, agus dramhaíl á húsáid mar thoisc ionchuir.

(32)  Féach doiciméid Uimh. 1525019 agus 1525021, dá dtagraítear i bhfonóta 10.

(33)  Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 11 Samhain 2025, Cás E-2/25, Sarpsborg Avfallsenergi AS agus Eile v Staten ved Klima- og miljødepartementet.

(34)  Prop 1 LS (2024-2025), Skatter, avgifter og toll, Roinn 10.9 lch. 214 ff.

(35)  Áirítear i gcánacha aeráide na hIorua an cháin CO2 ar tháirgí mianracha, an dleacht mháil ar loscadh dramhaíola, cáin ar heicseafluairíd sulfair (SF6), cáin ar hidreafluaracarbóin agus ar fhluaracarbóin (HFC/PFC) agus cáin ar astaíochtaí CO2 sa tionscal peitriliam.

(36)  Féach fonóta 34. Mar a mhínítear i mír (7) agus i bhfonóta 15, tá leibhéal na dleachta máil ar loscadh dramhaíola níos ísle faoi láthair, ag NOK 830 in aghaidh an tona CO2.

(37)  Chuir údaráis na hIorua in iúl go bhfuil siad fós i mbun idirphlé leis an Aontas a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a roinnfear an fhreagracht as astaíochtaí in CTA don tréimhse trádála reatha faoi chuimsiú Chomhaontú Pháras. Dá bhrí sin, déantar na toimhdí ó údaráis na hIorua maidir le leithdháiltí astaíochtaí bunaithe ar roinnt na bhfreagrachtaí maidir le hastaíochtaí i dtréimhsí trádála roimhe sin.

(38)  Treoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE (‘CnaC’) (IO L 342, 21.12.2017, lch. 35 agus Forlíonadh LEE Uimh. 82, 21.12.2017, lch. 1), mír 38.

(39)  CnaC, mír 39.

(40)  CnaC, mír 48 agus an cásdlí a luaitear.

(41)  CnaC, mír 66 agus an cásdlí a luaitear.

(42)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Samhain 2001, Adria-Wien Pipeline, C-143/99, ECLI: EU:C:2001:598, mír 41.

(43)  CnaC, mír 118.

(44)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Nollaig 2008, British Aggregates v an Coimisiún, C-487/06 P, ECLI: EU:C:2008:757, míreanna 81-89.

(45)  CnaC, mír 128.

(46)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Samhain 2011, An Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus na Ríochta Aontaithe, Cásanna Uamtha C-106/09 P agus C-107/09 P, ECLI: EU:C:2011:732, míreanna 100-108.

(47)  CnaC, mír 132.

(48)  CnaC, mír 133.

(49)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2006, an Phortaingéil v an Coimisiún, C-88/03, ECLI: AE: C:2006:511, mír 56.

(50)  CnaC, mír 134.

(51)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-451/21 P agus C-454/21 P, mír 111.

(52)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Banco Santander agus eile v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C53/19 P agus C65/19 P, ECLI: EU:C:2021:795, mír 63.

(53)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI:EU:C:2025:285, mír 47.

(54)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v Amazon.com agus Eile, C-457/21 P, ECLI: EU:C:2023:985, mír 39; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-451/21 P agus C-454/21 P, ECLI: EU:C:2023:948, mír 118 agus breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún. T-112/22, ECLI: EU:T:2024:250, mír 50.

(55)  Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún. T-112/22, ECLI: EU:T:2024:250, mír 50.

(56)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, mír 49.

(57)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, mír 50.

(58)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, mír 51.

(59)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-451/21 P agus C-454/21 P, ECLI: EU:C:2023:948, mír 120.

(60)  Moladh. 1 LS (2024-2025) Skatter og avgifter 2025, roinn 22-18.

(61)  FOR-2024-12-13-3220, Stortingsvedtak om avgift på avfallsforbrenning le haghaidh 2025.

(62)  Rialachán an 11 Nollaig 2001 Uimh.1451 maidir le dleachtanna máil, FOR-2001-12-11-1451, roinn 3-13-1 agus 3-13-2.

(63)  Ibid, Roinn 3-13-2.

(64)  Ibid, Roinn 3-13-4.

(65)  Cé go dtoibhítear an cháin bunaithe ar astú CO2, is neastachán é sin atá bunaithe ar an méid dramhaíola i dtonaí a bhfuil fachtóir astaíochtaí ar leith ag baint leo.

(66)  Cé go bhfuil cuspóir beartais uileghabhálach ag údaráis na hIorua astaíochtaí a phraghsáil faoi réir an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill ar an leibhéal céanna, tá sé sin faoi réir breithnithe sonracha maidir le gach cáin aeráide agus feidhmíonn sé mar threoirphrionsabal ar fud cánacha éagsúla.

(67)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, míreanna 47 agus 70.

(68)  CnaC, mír 136.

(69)  Glacadh Beart 1 mar chuid den dleacht mháil a tugadh isteach in 2022 (féach mír (7)) ach ní chuirfear i bhfeidhm é sula bhformheasfaidh Údarás Faireacháin CSTE é.

(70)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-451/21 P agus C-454/21 P, mír 120.

(71)  FOR-2024-12-13-3220, roinn 1 agus litir II.

(72)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, míreanna 42 agus 50.

(73)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, míreanna 51 agus 58.

(74)  Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún. T-112/22, ECLI: EU:T:2024:250, míreanna 89 agus 91.

(75)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, míreanna 54-55.

(76)  Féach doiciméid Uimh. 1525019 agus 1525021, dá dtagraítear i bhfonóta 10, leathanaigh 3-4.

(77)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus na Ríochta Aontaithe, Cásanna Uamtha C-106/09 P agus C-107/09 P, ECLI: EU:C:2011:732, míreanna 100-108, dá dtagraítear i bhfonóta 46.

(78)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2025, Prezydent Miasta Mielca, C-453/23, ECLI: EU:C:2025:285, míreanna 53 agus 73.

(79)  CnaC, mír 135.

(80)  Féach an fógra, leathanaigh 2, 5-6 agus 10.

(81)  Féach freisin an Cinneadh Tosaigh, míreanna 25-30 agus 43.

(82)  Ní áirítear astaíochtaí atá faoi réir ÚTAÚTF.

(83)  Féach doiciméid Uimh. 1525019 agus 1525021, dá dtagraítear i bhfonóta 10, leathanaigh 6-9.

(84)  I gcás nach ngabhtar agus nach stóráiltear an CO2.

(85)  Cé is moite de dhramhaíl ghuaiseach, nach bhfuil oiriúnach lena cóireáil le gnáthdhramhaíl ó thomhaltóirí mar gheall ar riosca éillithe thromchúisigh nó contúirte do dhaoine, d’ainmhithe agus don chomhshaol.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/740/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)