European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/730

24.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/730 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 237ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), a mhéid a bhaineann le leasuithe 3, 12, agus 15 a ghabhann le hIarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) leis.

(2)

Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit go léir, agus is comhaltaí de EESI iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de EESI. Tá ionadaithe ó 6 Bhallstát ar Chomhairle EESI faoi láthair.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, is féidir le Comhairle EESI Caighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta (SARPanna) a ghlacadh, agus féadfaidh sí iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)

Ghlac Comhairle EESI leis na SARPanna maidir le cosaint an chomhshaoil mar Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(5)

Tá Comhairle EESI, le linn a 237ú seisiún, le roinnt leasuithe ar Iarscríbhinn 16 a ghlacadh, Imleabhair I go III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól Chomhairle EESI a bhunú, ós rud é go mbeidh na leasuithe atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (2).

(7)

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais tacú le leasuithe 3, 12 agus 15 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI faoi láthair, an seasamh atá le glacadh ag an Aontas a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais.

(9)

Más rud é go nglacann Chomhairle EESI leasuithe 3, 12 agus 15 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tá glacadh na leasuithe sin le fógairt ina dhiaidh sin ag Ardrúnaí EESI trí nós imeachta Litreach Stáit EESI. Sa chás sin, is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais tar éis a nglactha gan míshástacht a chlárú agus fógra faoin rún atá aige na leasuithe achomhlíonadh. I gcás ina mbeadh dlí an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta a beartaíodh a thiocfadh na SARPanna sin i bhfeidhm, ba cheart fógra a thabhairt do EESI faoi aon difríocht idir dlí an Aontais agus na SARPanna áirithe sin. Ba cheart seasamh an Aontais i ndáil le haon difríocht den sórt sin a bhunú ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas. Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 237ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, nó in aon seisiún ina dhiaidh sin, i dtaca le leasuithe 3, 12 agus 15 a ghabhann le hIarscríbhinn 16, Imleabhair I-III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tacú leis na leasuithe atá beartaithe ina n-iomláine.

2.   Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle EESI na leasuithe atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1, gan aon athrú suntasach, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt faoin rún atá aige an beart glactha a chomhlíonadh mar fhreagra ar an Litir Stáit EESI ábhartha.

3.   I gcás ina bhfuil dlí an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta a beartaíodh a thiocfadh na caighdeáin sin i bhfeidhm, tá fógra le tabhairt do ICAO faoi aon difríocht idir dlí an Aontais agus na SARPanna áirithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago. Sa chás sin, chun seasamh an Aontais maidir le haon difríocht idir dlí an Aontais agus na SARPanna sin a bhunú, in am trátha agus 2 mhí ar a laghad roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le héagsúlachtaí a fhógairt, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle i gcomhair a phléite agus a fhormheasta, ina leagfar amach na héagsúlachtaí mionsonraithe atá le fógairt ag na Ballstáit do ICAO, thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle EESI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Is iad na Ballstáit uile, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (3).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le haeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, fearas gaolmhar, aonad rialaithe agus faireacháin gaolmhar agus comhpháirteanna gaolmhara aonad rialaithe agus faireacháin, chomh maith le ceanglais maidir le cumas na n-eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/748/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/730/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)