European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/720

24.3.2026

MOLADH (AE) 2026/720 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2026

maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Compás Iomaíochais don Aontas’ (1) meabhraítear go bhfuil an nuálaíocht ina príomhspreagadh don iomaíochas agus don fhás san Aontas.

(2)

Tá gá le samhail nua iomaíochais atá bunaithe ar tháirgiúlacht atá faoi stiúir na nuálaíochta chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo. Fiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú, go háirithe i réimse na teicneolaíochta doimhne, tá ról lárnach acu i bhforbairt agus i dtráchtálú teicneolaíochtaí nuálacha, rud a chuireann iad i gcroílár samhlacha eacnamaíocha atá bunaithe ar an nuálaíocht.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú’ (2), d’fhógair sé go molfadh sé sainmhíniú ar fhiontair nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú.

(4)

Tá tábhacht ar leith don nuálaíocht ag baint le fiontair dhomhainteicneolaíochta, lena n-áirítear iad siúd i dteicneolaíochtaí straitéiseacha amhail an teicneolaíocht dhigiteach, an bhith-theicneolaíocht agus an teicneolaíocht ghlan, ach gan a bheith teoranta dóibh, toisc go n-aistríonn siad dul chun cinn ceannródaíoch eolaíoch agus teicneolaíoch ina dtáirgí agus ina dtionscail inscálaithe, agus is minic a ghineann siad réitigh chlaochlaitheacha a bhfuil tionchar suntasach fadtéarmach eacnamaíoch agus sochaíoch acu. Dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh sna sainmhínithe na gnéithe ar leith a bhaineann le fiontair dhomhainteicneolaíochta toisc go mbíonn a dtimthriallta forbartha níos faide agus níos déine ar chaipiteal de ghnáth mar gheall ar ghníomhaíochtaí casta taighde agus forbartha (T&F), bailíochtú rialála agus aibiú teicneolaíochta.

(5)

Ghlac roinnt Ballstát sainmhínithe dlíthiúla éagsúla ar fhiontair nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú, agus le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar amach sainmhínithe ar leibhéal an Aontais freisin chun a gcríoch faoi seach.

(6)

Déantar bearta beartais nuálaíochta a cheapadh ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais chun tacú le fiontair nuálacha, le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha nó le gnólachtaí nuálacha atá ag méadú. In éagmais sainmhínithe coiteanna, d’fhéadfadh sé go gcuirfí na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach neamhréireach idir na Ballstáit agus idir an tAontas agus na Ballstáit. D’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh air sin nach gcáileodh gnóthais a aicmítear mar fhiontair nuálacha, mar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha nó mar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú i mBallstát amháin do scéimeanna tacaíochta inchomparáide i mBallstát eile, rud a chuirfeadh srian ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus ar leathnú laistigh den mhargadh aonair. D’fhéadfadh an éiginnteacht dhlíthiúil sin a bheith ar cheann de na cúiseanna iomadúla lena ndíspreagtar na fiontair lena mbaineann oibriú nó athlonnú ar fud na mBallstát. De réir loighic mhargadh aonair de chuid an Aontais gan teorainneacha inmheánacha, agus lena n-áiritheofaí gur féidir le hinstitiúidí an Aontais agus na Ballstáit iad féin a bhunú ar thagairt chomhsheasmhach, chuideofaí le cothrom iomaíochta a áirithiú maidir leis an gcaoi a gcaitear le fiontair ar fud an Aontais ach sainmhínithe coiteanna a úsáid ar fhiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú.

(7)

Tá gá le sainmhínithe coiteanna freisin i bhfianaise na hidirghníomhaíochta fairsinge idir bearta náisiúnta agus bearta an Aontais lena dtugtar cúnamh d’fhiontair nuálacha, do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus do ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú. Ina theannta sin, dá gcuirfeadh an Coimisiún, na Ballstáit, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) an sainmhíniú céanna i bhfeidhm, chuirfí feabhas ar ailíniú, comhsheasmhacht agus éifeachtacht na mbeartas lena ndírítear ar fhiontair nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú agus, dá bhrí sin, chuirfí teorainn leis an riosca go ndéanfaí saobhadh iomaíochta a bhaineann le rochtain neamhchothrom ar thacaíocht phoiblí (5).

(8)

Tá sainmhínithe curtha ar bun ag an gCoimisiún cheana féin lenar féidir fiontair a aicmiú de réir méide, agus idirdhealú á dhéanamh idir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), fiontair mheánchaipitlithe bheaga (FMBanna) agus fiontair mhóra. Níor cheart na sainmhínithe ar fhiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú amhras a chaitheamh ar bhealach ar bith ar na haicmithe sin atá bunaithe cheana féin. I gcás inarb ábhartha, leis na sainmhínithe ar fhiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú, ba cheart cur leis na critéir atá bunaithe le haghaidh FBManna agus FMBanna, lena n-áirítear tairseacha méide agus saintréithe struchtúracha.

(9)

Chun a áirithiú go bhfreastalóidh na sainmhínithe sin ar na cuspóirí atá beartaithe dóibh, ba cheart iad a bheith ina léiriú ar na sainghnéithe a bhaineann le braisle fiontar an-sonrach, mar atá, fiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú agus ba cheart dóibh tógáil ar chritéir oibiachtúla agus ar thairseacha oibiachtúla. Is gá, dá bhrí sin, na sainmhínithe sin a bhunú ar chritéir is infheidhme go héasca, amhail infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí nuálaíochta, aois, méid nó fás.

(10)

I gcomhréir le haicmithe idirnáisiúnta a úsáidtear go forleathan, ba cheart ‘nuálaíocht’ a shainmhíniú mar tháirge, seirbhís nó próiseas nua nó feabhsaithe atá an-éagsúil le leaganacha roimhe seo agus a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí ionchasacha.

(11)

Is féidir gníomhaíochtaí nuálaíochta a léiriú le hiarrachtaí T&F, rud a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí eagraithe agus d’aon ghnó atá dírithe ar eolas nua a ghiniúint, agus ar tháirgí, seirbhísí agus próisis nua nó fheabhsaithe a fhorbairt. Ba cheart gníomhaíochtaí T&F a shainmhíniú i gcomhréir le haicmithe idirnáisiúnta a úsáidtear go forleathan (6) agus le rialacha an Aontais. Is féidir tiomantas straitéiseach fiontair do ghníomhaíochtaí T&F a léiriú leis na hacmhainní a infheistítear sna gníomhaíochtaí sin mar chion de na costais oibriúcháin nó mar chion den ioncam, dá ngairtear déine T&F de ghnáth.

(12)

D’fhéadfadh fiontar a bheith nuálach fiú mura n-infheistíonn sé i ngníomhaíochtaí T&F. Dá bhrí sin, ba cheart fiontar a mheas mar fhiontar nuálach freisin más féidir leis a léiriú, le 3 bliana anuas, go bhfuil táirgí, seirbhísí nó próisis ghnó forbartha aige, go bhfuil siad á bhforbairt aige nó go bhforbróidh sé iad sna blianta beaga atá amach romhainn, d’fhonn iad a thráchtálú, ar táirgí, seirbhísí nó próisis iad atá nua nó a bhfuil feabhas nach beag curtha orthu i gcomparáid leis an úrscothacht ina thionscal, agus a bhfuil riosca teipthe teicneolaíochta nó tionsclaíochta ag baint leo.

(13)

Ba cheart gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú a shainmhíniú mar fhothacar den fhiontar nuálach, toisc gurb í an nuálaíocht an phríomhghné idirdhealaitheach a d’fhéadfadh údar a thabhairt le cóir bheartais dhifreáilte, tacaíocht phoiblí spriocdhírithe, agus éascú rialála, rud a dhéanann iad a dheighilt ó ghnáthghnólachtaí nua nó ó ghnáthghnólachtaí atá ag fás go tapa agus a leathnaíonn gan táirgí, seirbhísí, teicneolaíochtaí nó samhlacha gnó nuálacha a ghiniúint.

(14)

Ba cheart gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a shainmhíniú trí úsáid a bhaint as critéir lena léirítear a gcineál nuálach, mar aon le teorainneacha méide agus aoise. Chun a oiread comhsheasmhachta agus is féidir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (7) a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na critéir maidir le hiomlán an chláir chomhardaithe agus láimhdeachas d’fhiontar beag a leagtar síos i Moladh 2003/361/CE maidir leis an sainmhíniú ar ghnólacht nuathionscanta nuálach. Mar sin féin, i dtéarmaí líon na ndaoine atá fostaithe, tá sé níos iomchuí an líon uasta daoine atá fostaithe a shocrú ag 99, ós rud é go bhféadfadh sé sin é a chur ar a gcumas do go leor gnólachtaí nuathionscanta nuálacha, go háirithe in earnálacha domhainteicneolaíochta agus dianscála, foirne ildisciplíneacha níos mó a thógáil le linn a gcéime luath fáis. Is iomchuí teorainn aoise 10 mbliana le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta nuálacha chun gnólachtaí nuathionscanta, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta, a chumhdach freisin a bhféadfadh timthriallta T&F níos faide, céimeanna forbartha atá dian ar chaipiteal, próisis bhailíochtaithe rialála, agus giniúint ioncaim mhoillithe a bheith ag teastáil ina leith.

(15)

Ba cheart gnólachtaí nuálacha atá ag méadú a shainmhíniú trí úsáid a bhaint as critéir lena léirítear a gcineál nuálach, mar aon le dinimic méide agus fáis, bunaithe ar an réasúnaíocht is bun le sainmhíniú cainníochtúil ECFE ar ghnólachtaí atá ag méadú a leagtar amach in aicmithe a úsáidtear go forleathan. Chun idirdhealú a dhéanamh idir gnólachtaí nuálacha atá ag méadú agus fiontair níos seanbhunaithe, is iomchuí uasmhéid a shonrú le haghaidh cuideachtaí atá liostaithe go poiblí, bunaithe ar an tairseach a bunaíodh le haghaidh cuideachtaí meánchaipitlithe beaga i Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún (8). Ina theannta sin, chun a áirithiú go ngabhfar leis an sainmhíniú ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú fiontair a bhfuil aibíocht leordhóthanach acu agus nach mbeidh forluí ann leis an sainmhíniú ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha, is gá láimhdeachas íosta nó iomlán an chláir chomhardaithe a chur i bhfeidhm bunaithe ar thairseacha ábhartha arna mbunú d’fhiontair mheánmhéide i Moladh 2003/361/CE.

AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Baineann an Moladh seo leis an sainmhíniú ar fhiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú, ar sainmhínithe iad a úsáidtear i mbeartais an Aontais a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2.

Iarrtar ar na Ballstáit, ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ar an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na sainmhínithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a úsáid agus bearta tacaíochta reachtacha, beartais nó airgeadais á nglacadh nó cláir á gcur chun feidhme atá dírithe ar fhiontair nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus ar ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú;

(b)

na sainmhínithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a úsáid chun sonraí a bhailiú maidir le fiontair nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú.

3.

Is chuig na Ballstáit, BEI agus CEI a dhírítear an Moladh seo.

4.

Iarrtar ar na Ballstáit, ar BEI agus ar CEI an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon bheart atá déanta acu chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Ekaterina ZAHARIEVA

Comhalta den Choimisiún


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, COM(2025) 30 final, 29 Eanáir 2025.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, COM(2025) 270 final, an 28 Bealtaine 2025.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach don mhargadh inmheánach maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(5)  Tá an méid sin gan dochar do cheanglais bhreise nó éagsúla a d’fhéadfaí a fhorchur chun cuspóirí tionscnamh beartais a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh.

(6)  Mar shampla, ECFE, Lámhleabhar Frascati 2015, Treoirlínte maidir le Sonraí faoi Thaighde agus Forbairt Thurgnamhach a Bhailiú agus a Thuairisciú.

(7)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(8)  Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe (mid-cap) bheaga (IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj).


IARSCRÍBHINN

SAINMHÍNIÚ AR FHIONTAIR NUÁLACHA, AR GHNÓLACHTAÍ NUATHIONSCANTA NUÁLACHA AGUS AR GHNÓLACHTAÍ NUÁLACHA ATÁ AG MÉADÚ

1.   Réamhrá

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘costais oibriúcháin’ na costais a thabhaíonn an fiontar le linn a ghnáthoibríochtaí gnó, lena gcuimsítear na costais uile is gá chun earraí a tháirgeadh agus seirbhísí a sholáthar le linn na tréimhse cuntasaíochta, ach gan maoiniú ná míreanna cánach a áireamh, lena n-áirítear costais amhail costais phearsanra, ábhair, seirbhísí conarthacha, cumarsáid, fuinneamh, cothabháil, cíos, riarachán, ach gan maoiniú ná míreanna cánach a áireamh;

(b)

ciallaíonn ‘glandíolacháin’ na méideanna arna ndíorthú ó dhíol táirgí agus soláthar seirbhísí tar éis lacáistí díolacháin agus cáin bhreisluacha maille le cánacha eile a bhaineann go díreach le láimhdeachas a asbhaint;

(c)

ciallaíonn ‘forbairt agus taighde’ aon obair a thagann faoi chatagóir an taighde bhunúsaigh, an taighde thionsclaíoch nó na forbartha turgnamhaí tionsclaíche mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí 84, 85 agus 86, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, faoi seach;

(d)

ciallaíonn ‘fiontar’ aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go tráthrialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch.

2.   Fiontar nuálach

2.1.

Is éard is ‘fiontar nuálach’ ann fiontar a chomhlíonann aon cheann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

in 1 bhliain ar a laghad de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, thabhaigh sé costais taighde agus forbartha arb é atá iontu 10 % ar a laghad dá chostais oibriúcháin iomlána nó 5 % ar a laghad dá ghlandíolachán iomlán;

(b)

agus an tráchtáil mar chuspóir aige, le 3 bliana airgeadais anuas tá táirgí, seirbhísí nó próisis ghnó forbartha aige, tá siad á bhforbairt aige nó forbróidh sé iad go ceann i bhfad, ar táirgí, seirbhísí nó próisis iad atá nua nó a bhfuil feabhas nach beag curtha orthu i gcomparáid leis an úrscothacht ina thionscal, agus a bhfuil riosca teipthe teicneolaíochta nó tionsclaíochta ag baint leo.

2.2.

Chun méid na gcostas taighde agus forbartha dá dtagraítear i bpointe 2.1(a) a chinneadh, ba cheart na costais seo a leanas a chur san áireamh sna chostais taighde agus forbartha:

(a)

costais phearsanra, lena n-áirítear costais taighdeoirí, teicneoirí agus ball foirne tacaíochta eile a mhéid atá siad fostaithe ar thionscadail taighde agus forbartha;

(b)

costais na n-ionstraimí agus an trealaimh a mhéid a úsáidtear le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha iad agus don tréimhse a úsáidtear dóibh sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin le haghaidh shaolré iomlán na dtionscadal, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na dtionscadal, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, ba cheart a mheas a bheith incháilithe;

(c)

costais le haghaidh foirgneamh agus talún a mhéid a úsáidtear le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha iad agus don tréimhse a úsáidtear dóibh sin iad; maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na dtionscadal, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin; maidir le talamh, na costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó na costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;

(d)

costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach do thionscadail taighde agus forbartha;

(e)

forchostais bhreise agus costais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar na tionscadail taighde agus forbartha.

3.   Gnólacht nuathionscanta nuálach

Is éard is ‘gnólacht nuathionscanta nuálach’ ann fiontar a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)

is fiontar nuálach é de réir bhrí phointe 2;

(b)

is fiontar uathrialaitheach é de réir bhrí phointe 5.1.

(c)

is fiontar é a fhostaíonn níos lú ná 100 bhfostaí agus nach mó ná EUR 10 mhilliún a láimhdeachas bliantúil nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil, nó an dá cheann;

(d)

tá sé ag feidhmiú le níos lú ná 10 mbliana tar éis a chláraithe.

4.   Gnólacht nuálach atá ag méadú

Is éard is ‘gnólacht nuálach atá ag méadú’ ann fiontar a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)

is fiontar nuálach é de réir bhrí phointe 2;

(b)

is fiontar uathrialaitheach é de réir bhrí phointe 5.1;

(c)

is fiontar é ar mó ná EUR 10 milliún a láimhdeachas bliantúil nó iomlán a chláir chomhardaithe, nó an dá cheann;

(d)

is fiontar é ar mó a mheánmhéadú bliantúlaithe ar an líon fostaithe nó ar an ioncam ná 20 % le linn an 2 bhliain roimhe sin;

(e)

Comhlíonann sí ceann amháin ar a laghad den dá chritéar seo a leanas:

(i)

is fiontar é ina bhfostaítear níos lú ná 750 duine;

(ii)

níl sé liostaithe go poiblí.

5.   Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh

5.1.

Is éard is ‘fiontar uathrialaitheach’ ann aon fhiontar nach n-aicmítear mar fhiontar comhpháirtíochta de réir bhrí phointe 5.2 ná mar fhiontar nasctha de réir bhrí phointe 5.5.

5.2.

Is éard is ‘fiontair chomhpháirtíochta’ ann na fiontair uile nach n-aicmítear mar fhiontair nasctha de réir bhrí phointe 5.4 agus i gcás ina sealbhaíonn fiontar amháin (fiontar réamhtheachtach), cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le fiontar nasctha amháin nó níos mó de réir bhrí phointe 5.5, 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála de chuid fiontar eile (fiontar iartheachtach).

5.3.

Ach amháin sna cásanna a leagtar amach i bpointe 5.4, ní mheastar fiontar a bheith ina ghnólacht nuathionscanta nuálach ná ina ghnólacht nuálach atá ag fás má tá 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó, i gcomhpháirt nó go haonarach.

5.4.

De mhaolú ar phointe 5.2, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus dá bhrí sin mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, fiú amháin má bhíonn 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála i seilbh na n-infheisteoirí seo a leanas, ar choinníoll nach bhfuil na hinfheisteoirí sin nasctha, de réir bhrí phointe 5.5, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:

(a)

corparáidí infheistíochta poiblí, cistí caipitil fiontair nó cothromais phríobháidigh, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht thráthrialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (‘aingil ghnó’), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 5 000 000;

(b)

ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;

(c)

infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;

(d)

údaráis áitiúla uathrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus ina bhfuil líon is lú ná 5 000 áitritheoir

5.5.

Is éard is ‘fiontair nasctha’ ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:

(a)

sealbhaíonn fiontar an tromlach de na cearta vótála scairshealbhóirí nó comhaltaí atá i bhfiontar eile;

(b)

tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;

(c)

tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán comhlachais nó ina airteagail chomhlachais;

(d)

déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar thromlach de na cearta vótála scairshealbhóirí nó comhaltaí atá san fhiontar sin

Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 5.4 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.

5.5.1.

Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a leagtar amach i bpointe 5.5 thuas trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó aon cheann de na hinfheisteoirí a luaitear i bpointe 5.4, meastar iad a bheith nasctha freisin.

5.5.2.

Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh a leagtar amach i bpointe 5.5 thuas trí dhuine nádúrtha nó trí ghrúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha. Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘margadh cóngarach’ an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh ábhartha.

Féadfaidh fiontair dearbhú stádais a dhéanamh mar fhiontar uathrialaitheach, mar fhiontar comhpháirtíochta nó mar fhiontar nasctha, agus na sonraí maidir leis na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4 á gcur san áireamh.

5.5.3.

I gcás ina mbeidh ciste infheistíochta malartach, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tar éis infheistiú i bhfiontar, níor cheart na heintitis seo a leanas a mheas mar ‘fhiontair nasctha’ chun críocha phointe 5.5 den Iarscríbhinn seo:

(a)

an fiontar sin agus an ciste infheistíochta malartach sin;

(b)

an fiontar sin agus bainisteoir an chiste infheistíochta mhalartaigh sin

(c)

an fiontar sin agus fiontar eile inar infheistigh an ciste infheistíochta malartach sin.

Tá feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcoinníonn an ciste infheistíochta malartach agus a bhainisteoir, agus na fiontair lena mbaineann, taifid chuntasaíochta ar leithligh;

(b)

go mbíonn straitéis infheistíochta réamhshainithe ag an gciste infheistíochta malartach agus ag a bhainisteoir chun imeacht ón bhfiontar nó ó na fiontair lena mbaineann, lena n-áirítear trína luach a réadú tríd an bhfiontar a dhíol nó trí mhodhanna eile.

Féadfar an dearbhú a dhéanamh fiú amháin má scaiptear an caipiteal ar bhealach a fhágann nach féidir an sealbhóir a chinneadh go beacht, agus sa chás sin féadfaidh an fiontar a dhearbhú de mheon macánta gur féidir leis a thoimhdiú go dlisteanach nach bhfuil 25 % nó níos mó ná sin de faoi úinéireacht ag fiontar amháin nó ag fiontair nasctha le chéile i gcomhpháirt. Déantar dearbhuithe den sórt sin gan dochar do na seiceálacha agus do na himscrúduithe dá bhforáiltear i rialacha náisiúnta nó i rialacha an Aontais.

6.   Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha

6.1.

Is iad na sonraí nach mór a chur i bhfeidhm maidir leis an líon foirne agus leis na méideanna airgeadais na sonraí a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta fhormheasta is déanaí agus a ríomhtar ar bhonn bliantúil. Cuirtear san áireamh ón dáta a dhúntar na cuntais iad. Déantar an méid a roghnaítear don láimhdeachas a ríomh gan cáin bhreisluacha ná cánacha indíreacha eile a chur san áireamh.

6.2.

Más rud é, an dáta a dhúntar na cuntais, go bhfaigheann fiontar amach gur sháraigh sé an líon foirne nó na huasteorainneacha airgeadais a luaitear i bpointe 2 nó gur thit sé faoina mbun ar bhonn bliantúil, ní bheidh mar thoradh air sin caillteanas nó gnóthú stádais mar fhiontar nuálach ach amháin má sháraítear na huasteorainneacha sin in imeacht dhá thréimhse chuntasaíochta as a chéile.

6.3.

I gcás fiontair nuabhunaithe nár formheasadh a gcuntais go fóill, beidh na sonraí atá le cur i bhfeidhm le díorthú ó mheastachán bona fide a rinneadh le linn na bliana airgeadais.

7.   Líon foirne

7.1.

Comhfhreagraíonn an líon foirne don líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas (‘aonaid oibre bhliantúla’). Is mar chodáin d’aonaid oibre bhliantúla a chomhairtear obair na ndaoine nár oibrigh i rith na bliana iomláine, obair na ndaoine a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar fhad na tréimhse oibre, agus obair oibrithe séasúracha. Tá an fhoireann comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Fostaithe;

(b)

daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;

(c)

bainisteoirí is úinéirí;

(d)

comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht thráthrialta san fhiontar agus a thairbhíonn de bhuntáistí airgeadais ón bhfiontar.

7.2.

Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar bhaill den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheora san áireamh.

8.   Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú

8.1.

I gcás fiontar uathrialaitheach, cinntear na sonraí, lena n-áirítear an líon foirne, ar bhonn chuntais an fhiontair sin agus orthu sin amháin.

8.2.

Maidir le fiontar ag a bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha dá dtagraítear i bpointe 5, déantar na sonraí a bhaineann leis, an líon foirne san áireamh, a chinneadh ar bhonn na gcuntas agus sonraí eile de chuid an fhiontair nó, sa chás gur ann dóibh, ar bhonn chuntais chomhdhlúite an fhiontair, nó ar bhonn na gcuntas comhdhlúite ina n-áirítear an fiontar trí chomhdhlúthú.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála, cibé acu is mó, a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, bíonn feidhm ag an gcéatadán is airde.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den phointe seo cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, i gcás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana le comhdhlúthú sna cuntais.

8.3.

Chun pointe 8.2 a chur i bhfeidhm, díorthaítear sonraí na bhfiontar comhpháirtíochta den fhiontar i gceist óna gcuntais agus óna gcuid sonraí eile, na cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leis na sonraí sin cuirtear 100 % de shonraí na bhfiontar atá nasctha leis na fiontair chomhpháirtíochta sin, ach amháin i gcás inar cuireadh sonraí a gcuntas san áireamh cheana le comhdhlúthú.

Chun pointe 8.2 a chur i bhfeidhm, tá sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist le díorthú óna gcuntas agus óna sonraí eile, na cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leis na sonraí sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta fhéideartha de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin iad sna cuntais chomhdhlúite de réir céatadán atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán arna shainaithint faoi phointe 8.2, an dara mír.

8.4.

I gcás nach dtaispeántar sna cuntais chomhdhlúite aon sonraí foirne le haghaidh fiontar ar leith, ríomhtar na sonraí foirne sin trí chomhiomlánú a dhéanamh go comhréireach ar na sonraí óna fhiontair chomhpháirtíochta agus trí na sonraí ó na fiontair lena bhfuil an fiontar i gceist nasctha a chur leis an gcomhiomlánú sin.

(1)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/720/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)