European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/718

23.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/718 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Márta 2026

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoscheanglais inbhuanaitheachta comhshaoil le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (1), agus go háirithe Airteagal 25(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1735 leagtar síos bearta chun feabhas a chur ar acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna, lena n-áirítear an t-éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus athléimneach a spreagadh trí sholáthar poiblí.

(2)

Le Rialachán (AE) 2024/1735 ceanglaítear ar an gCoimisiún íoscheanglais éigeantacha a shonrú maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Treoracha 2014/23/AE (2), 2014/24/AE (3) nó 2014/25/AE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina bhfuil na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k), de Rialachán (AE) 2024/1735 ag conarthaí mar chuid dá n-ábhar agus le haghaidh conarthaí oibreacha agus lamháltais oibreacha lena n-áirítear na teicneolaíochtaí glan-nialasachta sin.

(3)

Le Rialachán (AE) 2024/1735 ceanglaítear ar an gCoimisiún na híoscheanglais éigeantacha sin a shonrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá le glacadh faoin 30 Márta 2025. Mar gheall ar raon feidhme fhorálacha soláthair phoiblí Rialachán (AE) 2024/1735, i dtéarmaí na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chumhdaítear agus na n-íoscheanglas a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil araon atá le breithniú, bhí gá le mapáil agus anailís fhairsing, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir an sprioc-am a chomhlíonadh.

(4)

Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo na híoscheanglais inbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta áirithe, mar atá, teicneolaíochtaí gaoithe ar talamh agus teicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta, agus é á chur san áireamh gur cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1735 maidir le soláthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear soláthar den sórt sin chun tionscadail arna ndámhachtain i gcomhthéacs ceantanna fuinnimh in-athnuaite faoi réir Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1735 a dhéanamh.

(5)

Ar mhaithe le simplíocht agus éascaíocht cur chun feidhme, ba cheart na híoscheanglais sin a bheith ag brath ar mhodheolaíochtaí agus modhanna tomhais de chuid an Aontais, nó atá aitheanta ag an Aontas, ar modheolaíochtaí agus modhanna tomhais iad is infheidhme maidir leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus ba cheart gnéithe ábhartha comhshaoil a chumhdach leo. Faoi láthair, níl modheolaíochtaí ná modhanna tomhais den sórt sin ann i gcás líon mór de na teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Tá roinnt modheolaíochtaí á n-ullmhú agus d’fhéadfaí iad a úsáid sa chomhthéacs sin ag céim níos déanaí. Cuireann sé sin teorainn le raon feidhme na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta ar cheart íoscheanglais inbhuanaitheachta comhshaoil a leagan amach ina leith sa Rialachán seo.

(6)

Thairis sin, ós rud é go leagtar síos ceanglais inbhuanaitheachta comhshaoil maidir le soláthar poiblí teaschaidéal cheana féin in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún (6) agus in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), níor cheart teaschaidéil a chumhdach leis an Rialachán seo.

(7)

Ar an gcaoi chéanna, déanfar critéir dhámhachtana a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil le haghaidh soláthar poiblí ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, níor cheart ceallraí a chumhdach leis an Rialachán seo.

(8)

Maidir le táirgí fótavoltacha, tá bearta cur chun feidhme féideartha faoi Threoir 2009/125/AE (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1369 á n-ullmhú, rud a thabharfadh le tuiscint go mbeadh forálacha éigeantacha soláthair phoiblí cosúil le forálacha teaschaidéal ann.

(9)

Cé nach ndéantar ach líon beag cur in úsáid teicneolaíochta gaoithe go foirmiúil trí sholáthar poiblí, déanfaidh eintitis chonarthacha tuirbíní gaoithe a sholáthar go poiblí i roinnt margaí. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil siad faoi réir Threoir 2014/25/AE agus i gcás nach bhfuil an margadh neamhchosanta go díreach ar iomaíocht, ionas nach bhfuil feidhm ag an eisceacht in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE.

(10)

Cé gur féidir 80 % go 95 % de mhais iomlán tuirbín gaoithe a athchúrsáil toisc go bhfuil sé comhdhéanta den chuid is mó de chruach agus iarann, tá dúshláin ag baint le roinnt comhpháirteanna. Is amhlaidh atá i gcás lann, as a dtagann thart ar 15 % den mhais atá i dtuirbín gaoithe. Is iondúil go mbíonn ábhair chomhchodacha chasta iontu – meascán de shnáithíní treisithe agus maitrís pholaiméire. Dá bhrí sin, is iad na lanna an chomhpháirt de thuirbín gaoithe lena mbaineann na dúshláin is mó maidir le hin-athchúrsáilteacht a mhéadú (10). Meastar go sroichfidh dramhaíl ilchodach ó lanna gaoithe díchoimisiúnaithe thart ar 400 000 tona faoi 2040 (11).

(11)

Ag an am céanna, tá cuideachtaí agus institiúidí taighde ag forbairt teicnící athchúrsála agus ag féachaint ar chomhdhéanamh na n-ábhar agus na bpróiseas chun tuirbíní a dhíchoimisiúnú chun feabhas a chur ar in-athchúrsáilteacht, i.e. acmhainneacht athchúrsála lann tuirbíní gaoithe tráth an táirgthe. Chun tacú le ciorclaíocht iomlán tuirbíní gaoithe, is iomchuí íoscheanglas a áireamh maidir le hin-athchúrsáilteacht lann. Le híoscheanglas den sórt sin spreagfar an t-éileamh ar lanna in-athchúrsáilte agus dreasófar taighde agus forbairt sa réimse sin. I bhfianaise chéim reatha na forbartha teicneolaíche, dealraíonn sé gurb iomchuí íosmhéid uaillmhianach ach réadúil 70 % a leagan síos.

(12)

Le caighdeán Eorpach EN 45555:2019, soláthraítear modhanna chun táirgí a bhaineann le fuinneamh a athchúrsáil agus ba cheart, dá bhrí sin, é a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht lann gaoithe.

(13)

Ós rud é go n-éilíonn EN 45555:2019 teicneolaíochtaí úrscothacha, tacóidh coigeartuithe iomchuí maidir leis an leibhéal ullmhachta teicneolaíochta is gá le teicneolaíochtaí athchúrsála lann nua agus nuálacha a fhorbairt. Tá sainmhíniú ar leibhéil ullmhachta teicneolaí le fáil i gCinneadh C(2014)4995 ón gCoimisiún (12). De réir an tsainmhínithe sin, is féidir a mheas gurb iomchuí leibhéal ullmhachta teicneolaíochta de luach sé (6), lena dtugtar le tuiscint gur léiríodh an teicneolaíocht ag feidhmiú i dtimpeallacht ábhartha, chun tacú le teicneolaíochtaí nuálacha athchúrsála lann.

(14)

Cé go gceanglaítear le EN 45555:2019 go mbeidh teicneolaíochtaí athchúrsála lann inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de faoi láthair, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le solúbthacht le haghaidh limistéir gheografacha ina bhfuil tionscail athchúrsála lann nuaghinte. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis chonarthacha an ceanglas sin a oiriúnú, mar shampla trí ghlacadh le teicneolaíochtaí a mheastar a bheidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de sa limistéar geografach ábhartha le linn shaolré oibríochtúil na dtuirbíní gaoithe.

(15)

Is féidir le bealaí athchúrsála éagsúla le haghaidh lann, amhail deighilt cheimiceach, deighilt theirmeach, nó mionghearradh meicniúil, a bheith an-éagsúil ó thaobh mhéid a gcaomhnaithe ábhair de. Chun an ráta in-athchúrsáilteachta a ríomh, féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, dá bhrí sin, measúnú a éileamh ar cháilíocht chaomhnú an ábhair sa phróiseas athchúrsála.

(16)

Ós rud é go gcuirfidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de cheangal ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha athruithe móra ar a nósanna imeachta a chur chun feidhme, chun am a thabhairt do na húdaráis chonarthacha agus do na heintitis chonarthacha na hathruithe sin a chur chun feidhme, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar. Beidh feidhm ag na híoscheanglais inbhuanaitheachta comhshaoil a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 a seoladh an 30 Meitheamh 2026 nó ina dhiaidh sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sonraítear sa Rialachán seo na híoscheanglais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a leagtar síos in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1735.

Airteagal 2

Teicneolaíochtaí gaoithe ar talamh agus teicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta

1.   Beidh ráta in-athchúrsáilteachta 70 % ar a laghad ag lanna tuirbíní gaoithe na dteicneolaíochtaí gaoithe ar talamh agus na dteicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta. Déanfar an ráta in-athchúrsáilteachta a ríomh mar mheáchan coibhneasta an ábhair in-athchúrsáilte. Léireofar ráta in-athchúrsáilteachta lanna na dtuirbíní gaoithe ar a dhéanaí nuair a bheidh cur i gcrích an chonartha curtha i gcrích.

2.   Féadfaidh an ceanglas a leagtar síos i mír 1 a bheith i bhfoirm clásail feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE agus phrionsabail ghinearálta Threoir 2014/23/AE, nó i bhfoirm sonraíochta teicniúla de réir bhrí Airteagal 36 de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 42 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE.

3.   Cuirfear an tAirteagal seo chun feidhme ar bhealach oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj.

(2)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/23/oj).

(3)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).

(4)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).

(5)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2013/811/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1542/oj).

(9)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).

(10)  An Coimisiún Eorpach, Achoimre ar Eolaíocht le haghaidh Beartais, Dúshláin maidir le ciorclaíocht fuinnimh gaoithe, a aisghabhadh trí https://setis.ec.europa.eu/document/download/6dfe5811-a603-42da-8298-2cc636ae1579_en?filename=JRC131723_wind_energy_circularity_challenges_v7.pdf&prefLang=pt. ina leagan an 1 Iúil 2025.

(11)  WindEurope: Dlús a chur le Ciorclaíocht Lann Tuirbín Gaoithe, a aisghabhadh trí https://windeurope.org/wp-content/uploads/files/about-wind/reports/WindEurope-Accelerating-wind-turbine-blade-circularity.pdf ina leagan an 1 Iúil 2025.

(12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2013)8631 lena nglactar an clár oibre 2014-2015 faoi chuimsiú an Chláir Shonraigh lena gCuirtear Fís 2020 Chun Feidhme – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/718/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)