|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/712 |
26.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/712 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2026
lena n-údaraítear don Bheilg maolú ar cheanglais theicniúla Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuga ‘HAVENSLEEPBOOT 21’
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1910)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (1), agus go háirithe Airteagal 25(1), pointe (b), de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Threoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Aibreán 2021, chuir an Bheilg in iúl don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici maolú ar cheanglais theicniúla áirithe atá in Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 le haghaidh an tuga ‘HAVENSLEEPBOOT 21’. Níor éirigh an tuga inoibrithe ach le déanaí agus is é sin an fáth a bhfuil sé iomchuí an cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadaítear deimhniú de chuid an Aontais a eisiúint don árthach sin. |
|
(2) |
Baineann an maolú atá beartaithe le hinnill dócháin inmheánaigh dhébhreosla a úsáid le haghaidh an tuga ‘HAVENSLEEPBOOT 21’. Feidhmíonn na hinnill sin mar thiomáint an tsoithigh agus dónn siad meatánól agus gás-ola mhuirí mar bhreosla, suas le cóimheas 70 % de mheatánól agus 30 % de ghás-ola mhuirí. |
|
(3) |
Teicneolaíocht a bhfuil gealladh fúithi is ea innill mheatánóil/ghás-ola muirí dhébhreosla a úsáid chun an soitheach a thiomáint i gcomhthéacs fuinneamh glan agus breoslaí malartacha a chur in úsáid le haghaidh soithí, rud a laghdóidh gáis ceaptha teasa agus truailleáin a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(4) |
Leis an maolú atá beartaithe, spreagtar nuálaíocht agus cumasaítear úsáid teicneolaíochta nua trí chur chun feidhme píolótach inneall meatánóil/gás-ola muirí débhreosla sa loingseoireacht intíre. Innill mheatánóil/gás-ola muirí dhébhreosla a chur chun feidhme ar bhonn píolótach ar an gcaoi sin, is cuid den chur in úsáid teicneolaíochta é agus is é an t-aon bhealach le tús a chur leis an gcéim táirgthe shrathaigh fhéideartha. |
|
(5) |
Leagtar síos na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre sa chaighdeán Eorpach arna bhunú ag an gCoiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta Intíre (‘CESNI’). Tugtar ES-TRIN ar an gcaighdeán sin. Nuair a ceapadh agus a tógadh an tuga, níor áiríodh leis an ES-TRIN is infheidhme, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629, forálacha sonracha maidir le húsáid mheatánóil/ghás-ola muirí dhébhreosla in innill tiomána an tsoithigh. Ar bhonn na léargas a fuarthas trí fhorbairt an tsoithigh phíolótaigh atá i gceist, áiríodh rialacha tiomnaithe maidir le húsáid meatánóil ar bord árthaí in ES-TRIN 2025/1 (3) nach raibh infheidhme go dtí gur tháinig sé faoi threoir Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 an 1 Eanáir 2026. |
|
(6) |
In éagmais forálacha rialála maidir le húsáid chomhcheangailte meatánóil agus gás-ola muirí le haghaidh innill tiomána an tsoithigh, go háirithe tráth a cheaptar agus a thógtar an soitheach, is gá leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a áirithiú maidir leis an úsáid atá beartaithe do chóras tiomána. |
|
(7) |
Is é Lloyd’s Register a d’ullmhaigh an doiciméadacht theicniúil a cuireadh isteach in éineacht leis an iarraidh ar mhaolú (‘an doiciméadacht theicniúil’), ar cumann aicmiúcháin aitheanta é le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre faoi Airteagal 21 de Threoir (AE) 2016/1629. Forbraíodh na sonraíochtaí teicniúla sin agus forálacha ábhartha Chaibidil 30 de ES-TRIN 2023/1 (Forálacha speisialta is infheidhme maidir le hárthaí atá feistithe le córais tiomána nó chúntacha a oibríonn ar bhreoslaí a bhfuil splancphointe acu atá cothrom le 55oC nó níos lú ná sin) agus Iarscríbhinn 8 a ghabhann le ES-TRIN 2023/1 (Forálacha forlíontacha is infheidhme maidir le hárthaí atá feistithe le córais tiomána nó chúntacha a oibríonn ar bhreoslaí a bhfuil splancphointe acu atá cothrom le 55oC nó níos lú ná sin) á gcur san áireamh. |
|
(8) |
Bunaithe ar an doiciméadacht theicniúil, scrúdaigh an Mheitheal um cheanglais theicniúla CESNI (‘an Mheitheal’) úsáid chomhcheangailte meatánóil agus gás-ola muirí mar bhreoslaí d’innill tiomána an tsoithigh agus na bearta sábháilteachta sa mhaolú atá beartaithe. Leagtar amach torthaí an scrúdaithe theicniúil sin sna sonraíochtaí teicniúla atá i gceangal leis an gCinneadh seo, atá bunaithe ar dhoiciméad CESNI/PT (20) 21 rev. 3. |
|
(9) |
Is é conclúid scrúdú teicniúil na Meithle gur féidir oibriú, buncaeireacht agus cothabháil an chórais a dhéanamh go sábháilte, ag féachaint do na bearta agus do na nósanna imeachta atá beartaithe agus atá leagtha amach sa doiciméadacht theicniúil. Dá bhrí sin, is féidir a lua go n-áirithítear leibhéal leordhóthanach sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2016/1629, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn. Dá bhrí sin, is féidir an maolú atá beartaithe a dheonú. |
|
(10) |
Mar sin féin, chun tacú le forbairt forálacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le cineálcheadú inneall dócháin inmheánaigh a oibrítear ar mheatánól, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus sa bhreis ar na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i bpointe 8 de dhoiciméad CESNI/PT (20) 21 rev. 3, ba cheart tuarascálacha ar astaíochtaí formaildéid a sholáthar freisin. Ós rud é go bhfuil easpa taithí phraiticiúil ar astaíochtaí formaildéid ó innill den chineál sin, ba cheart don Bheilg, sa chomhthéacs sin, na hoibleagáidí atá uirthi a eascraíonn as Treoracha 89/391/CEE (5) agus 98/24/CE ón gComhairle (6) agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur san áireamh. |
|
(11) |
Baineann an maolú atá beartaithe le heisiúint deimhnithe de chuid an Aontais um loingseoireacht intíre chun críoch trialach, deimhniú ina bhfuil sonraíochtaí teicniúla nua atá ina maolú ar Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629. Ní dheonófar maoluithe den sórt sin ach ar feadh tréimhse theoranta, ar tréimhse 5 bliana ó ghlacadh an Chinnidh seo ba cheart a bheith inti sa chás seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maoluithe ar cheanglais theicniúla Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 maidir leis an tuga ‘HAVENSLEEPBOOT 21’ ag a bhfuil uimhir aitheantais Eorpach uathúil soithí 06503824 maidir le deimhniú de chuid an Aontais um loingseoireacht intíre a eisiúint chun críoch trialach ina n-ionchorpraítear sonraíochtaí teicniúla nua, ceadaítear na maoluithe sin a mhéid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus faoi réir na gcoinníollacha sin. Tá na maoluithe sin gan dochar do reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde, go háirithe do na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoracha 89/391/CEE, 98/24/CE agus 2004/37/CE.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh 5 bliana tar éis a ghlactha.
Airteagal 3
Is chuig Ríocht na Beilge a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 252, 16.9.2016, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/1629/oj.
(2) IO L 373, 31.12.1991, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/672/oj.
(3) Caighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh Soithí Loingseoireachta Intíre, féach https://www.cesni.eu/wp-content/uploads/2024/11/ES_TRIN_2025_signed_de.pdf.
(4) Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1628/oj).
(5) Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ar shábháilteacht agus sláinte oibrithe ag an obair (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1989/391/oj).
(6) Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/24/oj).
(7) Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh ag an obair do charcanaiginí, do shó-ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/37/oj).
IARSCRÍBHINN
Tar éis iarraidh a fháil ón mBeilg ar mhaolú le haghaidh an tuga HAVENSLEEPBOOT 21, atá cláraithe sa Bheilg faoin uimhir aitheantais Eorpach uathúil soithí 06503824, ar Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629, rinne an Mheitheal um Cheanglais Theicniúla an Choiste Eorpaigh um Ullmhú Caighdeán i Réimse na Loingseoireachta Intíre (CESNI) scrúdú agus athbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil a d’ullmhaigh Lloyd’s Register agus a chuir an Bheilg isteach. Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú, a leagtar amach i ndoiciméad CESNI/PT (20) 21 rev. 3, gur féidir oibriú, buncaeireacht agus cothabháil an chórais dhébhreosla a dhéanamh go sábháilte, agus na bearta agus na nósanna imeachta atá beartaithe agus a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméadacht theicniúil á gcur san áireamh.
Bunaithe ar an measúnú sin, meastar, dá bhrí sin, go bhfuil úsáid meatánóil mar bhreosla sábháilte go leordhóthanach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:
|
(1) |
Is gá na córais agus na comhpháirteanna seo a leanas a mhodhnú nó a chur leis chun an córas tiomána a iarfheistiú: umar meatánóil, stáisiún buncaeireachta, córas támhgháis, seomra taosctha, na hinnill tiomána agus an córas aerála. |
|
(2) |
Tá measúnú riosca atá i gcomhréir le hIarscríbhinn 8 a ghabhann le ES-TRIN ar fáil don soitheach (Lloyd’s Register, leagan an 6 Feabhra 2020) — Iarscríbhinn 1 a ghabhann le CESNI/PT (20) 21 rev. 3. |
|
(3) |
Comhlíonadh na ceanglais bhreise agus éagsúla maidir le tógáil agus trealamh ar an soitheach de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
(4) |
Ní mór do bhuncaeireacht meatánóil na nósanna imeachta a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa nós imeachta buncaeireachta (leagan an 13 Feabhra 2020) — Iarscríbhinn 3 a ghabhann le CESNI/PT (20) 21 rev. 3. |
|
(5) |
Ní mór an córas tiomána a sheirbhísiú i gcomhréir le treoracha an mhonaróra, b’fhéidir Anglo Belgian Corporation nv. Ní mór na treoracha a choinneáil ar bord. |
|
(6) |
Tabharfar treoir do gach ball den chriú maidir le contúirtí, úsáid, seirbhísiú agus cigireacht an chórais tiomána dhébhreosla i gcomhréir leis an ábhar a shonraítear sa doiciméadacht theicniúil a bhaineann le hoiliúint an chriú agus na mball foirne (leagan an 13 Feabhra 2020) — Iarscríbhinn 4 a ghabhann le CESNI/PT (20) 21 rev. 3. |
|
(7) |
Déanfaidh an t-oibreoir na sonraí uile maidir le húsáid an chórais tiomána dhébhreosla a thaifeadadh agus a choinneáil ar feadh tréimhse nach lú ná 5 bliana. Tá na sonraí le seoladh chuig an údarás inniúil arna iarraidh sin dó. |
|
(8) |
Seolfar tuarascáil mheastóireachta bhliantúil ina mbeidh na sonraí uile a gabhadh chuig Rúnaíocht CESNI lena dáileadh ar na Ballstáit. Tá an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, le bheith sa tuarascáil mheastóireachta:
|
|
(9) |
Comhlíonann an soitheach tuairisc, pleananna agus léaráid an tionscadail — Iarscríbhinn 5 a ghabhann le CESNI/PT (20) 21 rev. 3:
|
|
(10) |
Cuirtear san áireamh sa tionscadal píolótach an anailís ar bhearnaí i gCaibidil 30 ES-TRIN agus in Iarscríbhinn 8 (leagan an 1 Nollaig 2020) — Iarscríbhinn 8 a ghabhann le CESNI/PT (20) 21 rev. 3. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/712/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)