|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/711 |
20.3.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/711 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Márta 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus modh nua anailíse chun an t-innéacs sárocsaíde sna holaí sin a chinneadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (1) (‘an Comhaontú’) an 18 Samhain 2016 thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (2) agus tugadh i gcrích é ag an Aontas trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (3). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, is féidir leis an gComhairle Comhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (CIO) (‘Comhairle na gComhaltaí’) cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
Tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an caighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus cinneadh maidir le modh nua anailíse chun an t-innéacs sárocsaíde sna holaí sin a chinneadh, trí chomhfhreagras a mhalartú roimh an 123ú seisiún dá cuid a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh 2026 nó le linn an tseisiúin sin. |
|
(4) |
Tá na cinntí atá le glacadh pléite go mion ag saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Leis na cinntí sin, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán olaí olóige agus bunófar creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir sa trádáil i dtáirgí ó earnáil na hola olóige. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh an chinnidh maidir le modh anailíse nua chun an t-innéacs sárocsaíde in olaí olóige agus olaí prabhaite olóige a chinneadh, trí chomhfhreagras a mhalartú. |
|
(6) |
Maidir leis na leasuithe ar chaighdeán trádála CIO (Caighdeán trádála COI/T.15/NC Uimh. 4 a bhfuil feidhm aige maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige), ba cheart don Aontas tacú le cineál Coratina a chur le cineálacha Koroneiki agus Nocellara del Belice, gan cur i bhfeidhm an fhonóta maidir leis an gcion iomlán stéaróil i gcineálacha Coratina, Koroneiki agus Nocellara del Belice a theorannú go dtí deireadh na bliana bairr 2026/27. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an Aontas ag na cinntí atá le glacadh a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta leis na comhaltaí eile de CIO agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin maidir leis na caighdeáin mhargaíochta agus na seiceálacha comhréireachta le haghaidh ola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(8) |
Má chuirtear glacadh na gcinntí ar atráth go dtí an 123ú seisiún a bheidh ag Comhairle na gComhaltaí, toisc nach bhfuil cuid de na comhaltaí de chuid CIO in ann a bhformheas a thabhairt maidir le glacadh na gcinntí roimh ré, ba cheart an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais le linn an 123ú seisiún a bheidh ag Comhairle na gComhaltaí. |
|
(9) |
Mar sin féin, ba cheart ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid CIO gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála nó leis an athbhreithniú ar an modh nua. |
|
(10) |
Chun leas an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí, áfach, a iarraidh go gcuirfí ar atráth glacadh an chinnidh lena leasaítear an caighdeán trádála agus glacadh an chinnidh maidir le modh nua chun an t-innéacs sárocsaíde in olaí olóige a chinneadh, dá mba dhócha go ndéanfadh faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfí i láthair sula dtionscnaítear an malartú comhfhreagrais roimh an 123ú seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Comhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (CIO) (‘Comhairle na gComhaltaí’) a mhéid a bhaineann le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú roimh an 123ú seisiún a bheidh aici i mí an Mheithimh 2026 nó le linn an tseisiúin sin.
Is iad na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír an cinneadh maidir leis an gcaighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige, agus an cinneadh maidir le modh nua chun an t-innéacs sárocsaíde sna holaí sin a chinneadh.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid CIO a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an Caighdeán Trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige nó leis an athbhreithniú ar an modh nua.
Airteagal 3
I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil nua arna cur i láthair sula dtionscnófar an malartú comhfhreagrais roimh an 123ú seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí, iarrfaidh ionadaithe an Aontais glacadh an chinnidh lena leasaítear an caighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus an chinnidh maidir leis an modh nua chun an t-innéacs sárocsaíde sna holaí sin a chinneadh a chur ar atráth go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) An Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/1892/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1892/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/848/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
IARSCRÍBHINN
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (CIO)
Tacóidh an tAontas Eorpach leis na leasuithe seo a leanas ar chaighdeán trádála Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (CIO) (Caighdeán trádála COI/T.15/NC Uimh. 4 a bhfuil feidhm aige maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige):
|
(1) |
athbhreithniú ar fhonóta maidir leis an gcion iomlán stéaróil in olaí olóige úríona aonchineálacha áirithe tríd an gcineál Coratina a chur leis na cineálacha Koroneiki agus Nocellara del Belice; |
|
(2) |
modh nua anailíse a chur leis chun an t-innéacs sárocsaíde in olaí olóige agus olaí prabhaite olóige a chinneadh. |
Tacóidh an tAontas freisin leis an gcinneadh lena bhformheastar modh nua anailíse (COI/T.20/Doic. Uimh. 38) ina ndéantar foráil maidir le rogha mhalartach níos sábháilte ná an modh reatha de chuid CIO (COI/T.20/Doic. Uimh. 35) lena gcinntear an t-innéacs sárocsaíde in olaí olóige agus olaí prabhaite olóige.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Comhaltaí CIO oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid CIO a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnaithe teicniúla sin ar leasuithe dá dtagraítear sa chéad mhír.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/711/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)