|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/708 |
25.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/708 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2026
lena gcealaítear clárú an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Terre di Chieti’ (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 25(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán céanna, an t-iarratas a sheol an Iodáil an 23 Bealtaine 2025 ina raibh an iarraidh ar chlárú an táisc gheografaigh faoi chosaint (TGFC) ‘Terre di Chieti’ a chealú, foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) . |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm ‘Terre di Chieti’ a chealú ó chlár an Aontais um thásca geografacha. |
|
(4) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cealaítear leis seo clárú an ainm ‘Terre di Chieti’ (TGFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) IO C, C/2025/5108/, 22.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5108/oj .
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/708/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)