|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/705 |
27.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/705 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Márta 2026
lena mbunaítear múnla do dhoiciméid aitheantais agus múnla do dhearbhuithe le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 245(4) agus 253(1), pointe (a) agus Airteagal 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear, i measc nithe eile, na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch. Go háirithe, foráiltear leis nach bhfuil peataí le gluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch chun críoch neamhthráchtála mura bhfuil doiciméid aitheantais shonracha agus dearbhuithe sonracha ag gabháil leo. |
|
(2) |
Glacadh múnla do dhoiciméid aitheantais agus múnla do dhearbhuithe a bunaíodh i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún (2) agus (AE) 2021/1938 (3) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 le hAirteagal 270(2) de Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 277 den Rialachán sin, d’ainneoin na haisghairme sin, go leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2026 maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí. Dá bhrí sin, beidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 agus (AE) 2021/1938 imithe i léig tar éis an 21 Aibreán 2026. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún (5), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, beidh doiciméad aitheantais i bhfoirm phas ag gabháil le peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad a thugtar isteach i mBallstát ó Bhallstát eile chun críoch neamhthráchtála i gcomhréir le múnla atá le glacadh ag an gCoimisiún. Beidh iontrálacha sa mhúnla sin de phas chun faisnéis áirithe a chur isteach i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, chomh maith le ceanglais bhreise maidir le teanga, leagan amach, bailíocht nó gnéithe slándála. Is iomchuí, dá bhrí sin, an múnla de phas agus na ceanglais bhreise a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, beidh doiciméad aitheantais i bhfoirm deimhnithe sláinte ainmhithe ag gabháil le peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad a thugtar isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch chun críoch neamhthráchtála i gcomhréir le múnla atá le glacadh ag an gCoimisiún. Beidh na hiontrálacha maidir le faisnéis áirithe a chur isteach sa deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, chomh maith le ceanglais bhreise maidir le teanga, leagan amach, bailíocht agus gnéithe slándála. Is iomchuí, dá bhrí sin, an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus na ceanglais bhreise a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 20, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, ceadaítear peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad a aistriú ó thríú tíortha áirithe nó ó chríocha áirithe gan deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil leo, ar choinníoll go bhfuil pas ag gabháil leo a eisíodh i gcomhréir le múnla a leagtar amach, chun na críche sin, i ndlí an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, an múnla de phas a leagan amach do na gluaiseachtaí sin sa Rialachán seo. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, beidh doiciméad aitheantais i bhfoirm deimhnithe sláinte ainmhithe ag gabháil le peataí éan a aistrítear isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch chun críoch neamhthráchtála i gcomhréir le múnla atá le glacadh ag an gCoimisiún. Beidh na hiontrálacha maidir le faisnéis áirithe a chur isteach sa deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, chomh maith le ceanglais bhreise áirithe maidir le teanga, leagan amach, bailíocht agus gnéithe slándála. Is iomchuí, dá bhrí sin, an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus na ceanglais bhreise sa Rialachán seo a leagan amach. |
|
(8) |
Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) [C(2026) 20] gur gá dearbhú i scríbhinn arna shíniú ag úinéir an pheata lena n-údaraítear do dhuine údaraithe an ghluaiseacht neamhthráchtála a dhéanamh thar a cheann a bheith i gceangal leis an doiciméad aitheantais ábhartha. Is iomchuí, dá bhrí sin, formáid, leagan amach agus ceanglais teanga an dearbhaithe sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(9) |
Foráiltear le hAirteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 go bhfuil dearbhú i scríbhinn arna shíniú ag úinéir an pheata nó ag an duine údaraithe, lena ndeimhnítear gur gluaiseachtaí neamhthráchtála iad gluaiseachtaí na bpeataí madraí, na bpeataí cat agus na bpeataí firéad isteach san Aontas, le cur i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán Tarmligthe sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, formáid, leagan amach agus ceanglais teanga an dearbhaithe sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(10) |
Foráiltear le hAirteagal 26(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 go bhfuil dearbhú i scríbhinn arna shíniú ag úinéir an pheata nó ag an duine údaraithe, lena ndeimhnítear gur gluaiseachtaí neamhthráchtála iad gluaiseachtaí na bpeataí éan isteach san Aontas agus lena léirítear na socruithe réamhghluaiseachta agus iarghluaiseachta a rinneadh, le cur i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán Tarmligthe sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, formáid, leagan amach agus ceanglais teanga an dearbhaithe sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(11) |
Ní dhéanfar peataí madraí, peataí cat ná peataí firéad a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile mura bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu, vacsaíniú lena gcomhlíontar na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (6). Mar sin féin, de réir Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, ceadaítear gluaiseacht peataí óga madraí, cat agus firéad nach bhfuil vacsaínithe nó nach gcomhlíonann na ceanglais bhailíochta a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII i gcás, inter alia, ina soláthraíonn an t-úinéir nó an duine údaraithe dearbhú sínithe nach raibh aon teagmháil ag na peataí, ó thráth a mbreithe go dtí tráth na gluaiseachta neamhthráchtála, le hainmhithe fiáine de speicis atá soghabhálach i leith an chonfaidh. Is iomchuí, dá bhrí sin, formáid, leagan amach agus ceanglais teanga an dearbhaithe sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(12) |
Níl peataí madraí, peataí cat ná peataí firéad le gluaiseacht isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, ach amháin má tá tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh déanta orthu, ar tástáil í lena gcomhlíontar na ceanglais bhailíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (7). Ní bheidh idirthuras trí cheann de na tríú tíortha nó ceann de na críocha sin faoi réir na tástála sin, áfach, i gcás ina soláthraíonn an t-úinéir nó an duine údaraithe dearbhú sínithe lena gcuirtear in iúl nach raibh aon teagmháil ag na hainmhithe le hainmhithe de speicis atá soghabhálach i leith an chonfaidh agus go bhfuil siad á gcoimeád laistigh de mhodh iompair nó laistigh de theorainn aerfoirt idirnáisiúnta. Is iomchuí, dá bhrí sin, formáid, leagan amach agus ceanglais teanga an dearbhaithe sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(13) |
Chun a áirithiú gur féidir stoic doiciméad aitheantais a chomhlíonann na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 a úsáid ar feadh tréimhse ama iomchuí agus chun gur féidir leis na Ballstáit oiriúnú don mhúnla nua do dhoiciméid aitheantais, is gá foráil a dhéanamh maidir le haistriú rianúil ó chur i bhfeidhm na bhforálacha aisghairthe i ndáil le múnla do dhoiciméid aitheantais le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí. |
|
(14) |
Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a sheachaint, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 a aisghairm leis an Rialachán seo le héifeacht ar an lá céanna a thiocfaidh deireadh le cur i bhfeidhm leanúnach Rialachán aisghairthe (AE) Uimh. 576/2013 agus a mbeidh feidhm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 22 Aibreán 2026. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme agus ábhar
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha a bhaineann le doiciméad aitheantais agus dearbhuithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429, a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429 isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch.
2. Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
múnla do dhoiciméid aitheantais agus na nótaí chun na doiciméid sin a líonadh isteach, san fhoirm seo a leanas:
|
|
(b) |
múnla do dhearbhuithe a ghabhann le pasanna nó deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch (Iarscríbhinn V). |
Airteagal 2
Múnla do phas le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad
1. Chun críche gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach i mBallstát ó Bhallstát eile, déanfar an pas dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na ceanglais bhreise a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn sin.
2. Chun críche gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach i mBallstát ó thríú tíortha áirithe nó ó chríocha áirithe, déanfar an pas dá dtagraítear in Airteagal 20, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na ceanglais bhreise a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad isteach san Aontas
Chun críche gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach san Aontas, maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) [C(2026) 20], déanfar é:
|
(a) |
a tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
a líonadh isteach go cuí agus a eisiúint i gcomhréir leis na nótaí míniúcháin a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
a fhorlíonadh leis an dearbhú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) [C(2026) 20], arna tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus lena gcomhlíontar na ceanglais bhreise a leagtar amach i gCuid 6 den Iarscríbhinn sin. |
Airteagal 4
Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach san Aontas
Chun críche gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach san Aontas, maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, déanfar é:
|
(a) |
a tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
a líonadh isteach go cuí agus a eisiúint i gcomhréir leis na nótaí míniúcháin a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
a fhorlíonadh leis an dearbhú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus lena gcomhlíontar na ceanglais bhreise a leagtar amach i gCuid 6 den Iarscríbhinn sin. |
Airteagal 5
Formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9, pointe (b)(i) agus Airteagal 17, pointe (2)(c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
1. I gcás ina ndéanann duine údaraithe gluaiseacht neamhthráchtála peata, déanfar an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an leagan amach a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na ceanglais teanga a leagtar amach i gCuid 6 den Iarscríbhinn sin.
2. Déanfar an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an leagan amach a leagtar amach i gCuid 4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na ceanglais teanga a leagtar amach i gCuid 6 den Iarscríbhinn sin.
3. Déanfar an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (2)(c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a tharraingt suas i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an leagan amach a leagtar amach i gCuid 5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na ceanglais teanga a leagtar amach i gCuid 6 den Iarscríbhinn sin.
Airteagal 6
Bearta idirthréimhseacha
1. Maidir le pas arna tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla de phas a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013, measfar go gcomhlíonann sé an múnla de phas a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás inar eisíodh é roimh an 1 Eanáir 2028 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach i mBallstát ó Bhallstát eile.
2. Maidir le pas arna tharraingt i gcomhréir leis an múnla de phas a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013, measfar go gcomhlíonann sé an múnla de phas a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás inar eisíodh é roimh an 1 Eanáir 2028 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/131 ón gCoimisiún (8).
3. Ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Márta 2027, deimhniú sláinte ainmhithe arna tharraingt suas i gcomhréir leis an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013, measfar go gcomhlíonann sé an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás inar eisíodh é roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat agus peataí firéad isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch.
4. Deimhniú sláinte ainmhithe arna tharraingt suas i gcomhréir leis an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach a leagtar amach i gCuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938, measfar go gcomhlíonann sé an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás inar eisíodh é roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch.
Airteagal 7
Aisghairmeacha
Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas ón 22 Aibreán 2026:
|
(a) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013; |
|
(b) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938. |
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis an múnla do dhoiciméid aitheantais le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí de chríocha agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/577/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena mbunaítear an múnla de dhoiciméad sainaitheantais maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (IO L 396, 10.11.2021, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1938/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003(IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/131, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/131/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/688/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún an 20 Márta 2026 lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/636, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/636/oj).
IARSCRÍBHINN I
CUID 1
Múnla de phas arna eisiúint i mBallstát agus dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad
CUID 2
Ceanglais bhreise maidir leis an múnla de phas arna éisiúint i mBallstát agus dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
|
1. |
Formáid an phas:
100 × 152 mm a bheidh i dtoise an phas. |
|
2. |
Cumhdach an phas:
|
|
3. |
Seichimh na gceannteidil agus uimhriú leathanaigh an phas:
|
|
4. |
Teangacha:
Is i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla a bheidh an téacs priontáilte go léir. |
|
5. |
Gnéithe slándála:
|
|
6. |
Scriosadh pasanna:
Scriosfar pasanna ina ndearnadh Ranna I go IV a líonadh isteach go mícheart. |
(1) Treoir ghrafaice maidir leis an suaitheantas Eorpach: https://style-guide.europa.eu/ga/content/-/isg/topic?identifier=annex-a1-graphics-guide-european-emblem.
IARSCRÍBHINN II
CUID 1
Múnla de phas arna eisiúint i dtríú tíortha áirithe nó i dtríú críocha áirithe agus dá dtagraítear in Airteagal 20, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad
CUID 2
Ceanglais bhreise maidir leis an múnla de phas arna eisiúint i dtríú tíortha áirithe nó i gcríocha áirithe agus dá dtagraítear in Airteagal 20, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
|
1. |
Formáid an phas:
100 × 152 mm a bheidh i dtoise an phas. |
|
2. |
Cumhdach an phas:
|
|
3. |
Seichimh na gceannteidil agus uimhriú leathanaigh an phas:
|
|
4. |
Teangacha:
Is i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an tríú tír eisiúna nó na críche eisiúna agus i mBéarla a bheidh an téacs priontáilte go léir. |
|
5. |
Gnéithe slándála:
|
|
6. |
Scriosadh pasanna:
Scriosfar pasanna ina ndearnadh Ranna I go IV a líonadh isteach go mícheart. |
IARSCRÍBHINN III
CUID 1
Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, peataí cat nó peataí firéad isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch, dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
Cuid I : Sonraí na coinsíneachta seolta
|
TÍR: |
Deimhniú sláinte ainmhithe don Aontas Eorpach |
|
|
I.2.a. |
||||
|
||||||
|
||||||
|
|
|||||
|
Cód ISO |
|
Cód |
|
Cód ISO |
|
Cód |
||||||||
|
|
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
||||||
|
|
||||
|
|
|
|||||
|
|
||||
|
||||||||
|
Speiceas (Ainm eolaíoch) |
Gnéas |
Dath |
Pór |
Uimhir aitheantais |
Córas aitheantais agus suíomh |
Dáta breithe [ll/mm/bbbb] |
||
Cuid II: Deimhniú
|
|
TÍR: |
Deimhniú sláinte ainmhithe don Aontas Eorpach |
|||||
|
|
|
|
II.b. |
||||
|
Déanaimse, tréidlia oifigiúil (1)/tréidlia atá údaraithe ag údarás inniúil (1) … (cuir isteach ainm an tríú tír nó an tríú críoch), a bhfuil mo shíniú anseo thíos, a dheimhniú:
Nótaí
Cuid I:
Cuid II:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tréidlia oifigiúil/Tréidlia údaraithe |
|
|
Ainm (i gceannlitreacha): |
Cáilíocht agus teideal: |
|
Seoladh: |
|
|
Teileafón: |
|
|
Dáta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
|
Formhuiniú ón údarás inniúil (ní gá seo i gcás ina mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe sínithe ag tréidlia oifigiúil) |
|
|
Ainm (i gceannlitreacha): |
Cáilíocht agus teideal: |
|
Seoladh: |
|
|
Teileafón: |
|
|
Dáta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
|
Oifigeach ag an bpointe teacht isteach taistealaithe |
|
|
Ainm an oifigigh nó an údaráis phoiblí ábhartha (i gceannlitreacha): |
|
|
Seoladh: |
|
|
Teileafón: |
|
|
Seoladh ríomhphoist: |
|
|
Dáta a críochnaíodh na seiceálacha doiciméadacha agus céannachta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
CUID 2
Nótaí míniúcháin chun an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a líonadh isteach
|
1. |
I gcás ina luafar sa deimhniú sláinte ainmhithe go gcoimeádfar ráitis áirithe de réir mar is iomchuí, féadfaidh an tréidlia oifigiúil líne a chur trí aon ráiteas nach bhfuil ábhartha agus a insileacha a chur leo agus a stampáil, sin nó féadfaidh sé iad a scriosadh go hiomlán ón deimhniú sláinte ainmhithe. |
|
2. |
Is bileog shingil pháipéir a bheidh sa bhunchóip de gach deimhniú sláinte ainmhithe, nó, mura leor sin, beidh an deimhniú sláinte ainmhithe i bhfoirm ina mbeidh na bileoga páipéir ar fad is gá comhtháthaithe agus doroinnte. |
|
3. |
Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit teacht isteach agus i mBéarla. Is i mbloclitreacha a líonfar isteach é. |
|
4. |
Má chuirtear bileoga breise páipéir nó doiciméid tacaíochta i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe, measfar gur cuid den deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh iad na bileoga páipéir nó na doiciméid sin freisin, agus chuige sin cuirfidh an tréidlia oifigiúil a shíniú agus a stampa le gach ceann de na leathanaigh. |
|
5. |
An deimhniú sláinte ainmhithe maille le bileoga breise páipéir dá dtagraítear i bpointe 4, is gcás ina mbeidh níos mó ná leathanach amháin ann, cuirfear uimhir ar bhun gach leathanaigh, mar atá (uimhir an leathanaigh den líon iomlán leathanach), agus ar bharr gach leathanaigh beidh uimhir thagartha an deimhnithe sláinte ainmhithe, uimhir a bheidh sannta ag an údarás inniúil. |
|
6. |
An duine a eiseoidh an deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh, beidh sé ina thréidlia oifigiúil de chuid thríú tír nó chríoch an tseolta, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta an deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh a fhormhuiniú. Áiritheoidh údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta go gcomhlíonfar rialacha agus prionsabail deimhniúcháin atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625. |
|
7. |
An dath a bheidh ar an síniú ar an deimhniú sláinte ainmhithe, beidh sé éagsúil leis an dath a bheidh ar an gcló. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le stampaí seachas na stampaí sin atá cabhartha nó a bhfuil comhartha uisce orthu. |
|
8. |
Uimhir thagartha an deimhnithe sláinte ainmhithe, uimhir dá dtagraítear i mBoscaí I.2 agus II.a, is é údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta a eiseoidh í. |
IARSCRÍBHINN IV
CUID 1
Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peata éin isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch, dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
Cuid I: Sonraí na coinsíneachta seolta
|
TÍR: |
Deimhniú sláinte ainmhithe don Aontas Eorpach |
|
|
I.2.a. |
||||
|
||||||
|
||||||
Ainm Seoladh Cód poist Uimh. theileafóin |
|
|||||
|
Cód ISO |
|
Cód |
|
Cód ISO |
|
Cód |
|
|
|||||
|
Ainm |
Ainm |
Uimhir formheasa |
||||
|
Seoladh |
Seoladh |
|||||
|
|
|||||
|
|
||||
|
|
|
|||||
|
|
|
|
||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
|||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
|
Speiceas (Ainm eolaíoch) |
Córas aitheantais |
Uimhir aitheantais |
Cainníocht |
||
Cuid II: Deimhniú
|
|
TÍR: |
Deimhniú sláinte ainmhithe don Aontas Eorpach |
|||||
|
|
II. Faisnéis sláinte |
|
|
||||
|
Déanaimse, an tréidlia oifigiúil(1)/tréidlia atá údaraithe ag údarás inniúil (1) … (cuir isteach ainm an tríú tír nó an na críche), a bhfuil mo shíniú anseo thíos, a dheimhniú:
Nótaí Cuid I:
Cuid II:
An dáta a shíneoidh tréidlia oifigiúil thríú tír nó chríoch an tseolta an deimhniú sláinte ainmhithe, is ar feadh tréimhse 10 lá ón dáta sin amach a bheidh an deimhniú sláinte ainmhithe sin bailí. I gcás iompar muirí, cuirtear tréimhse bhreise leis an tréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn d’fhad an turais ar muir. |
|
Tréidlia oifigiúil/Tréidlia údaraithe |
|
|
Ainm (i gceannlitreacha): |
Cáilíocht agus teideal: |
|
Dáta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
|
Formhuiniú ón údarás inniúil (ní gá é seo i gcás ina mbeidh an chigireacht chliniciúil déanta agus ina mbeidh an deimhniú tréidliachta sínithe ag tréidlia oifigiúil) |
|
|
Ainm (i gceannlitreacha): |
Cáilíocht agus teideal: |
|
Dáta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
|
Oifigeach ag an bpointe teacht isteach taistealaithe |
|
|
Ainm an oifigigh nó an údaráis phoiblí ábhartha (i gceannlitreacha): |
|
|
|
|
|
Seoladh: |
|
|
Teileafón: |
|
|
Seoladh ríomhphoist: |
|
|
Dáta a críochnaíodh na seiceálacha doiciméadacha agus céannachta: |
|
|
Síniú: |
Stampa: |
CUID 2
Nótaí míniúcháin chun an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 a líonadh isteach
|
1. |
I gcás ina luafar sa deimhniú sláinte ainmhithe go gcoimeádfar ráitis áirithe de réir mar is iomchuí, féadfaidh an tréidlia oifigiúil líne a chur trí aon ráiteas nach bhfuil ábhartha agus a insileacha a chur leo agus a stampáil, sin nó féadfaidh sé iad a scriosadh go hiomlán ón deimhniú sláinte ainmhithe. |
|
2. |
Is bileog shingil pháipéir a bheidh sa bhunchóip de gach deimhniú sláinte ainmhithe, nó, mura leor sin, beidh an deimhniú sláinte ainmhithe i bhfoirm ina mbeidh na bileoga páipéir ar fad is gá comhtháthaithe agus doroinnte. |
|
3. |
Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit teacht isteach agus i mBéarla. Is i mbloclitreacha a líonfar isteach é. |
|
4. |
Má chuirtear bileoga breise páipéir nó doiciméid tacaíochta i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe, measfar gur cuid den deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh iad na bileoga páipéir nó na doiciméid sin freisin, agus chuige sin cuirfidh an tréidlia oifigiúil a shíniú agus a stampa le gach ceann de na leathanaigh. |
|
5. |
An deimhniú sláinte ainmhithe maille le bileoga breise páipéir dá dtagraítear i bpointe 4, is gcás ina mbeidh níos mó ná leathanach amháin ann, cuirfear uimhir ar bhun gach leathanaigh, mar atá (uimhir an leathanaigh den líon iomlán leathanach), agus ar bharr gach leathanaigh beidh uimhir thagartha an deimhnithe sláinte ainmhithe, uimhir a bheidh sannta ag an údarás inniúil. |
|
6. |
An duine a eiseoidh an deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh, beidh sé ina thréidlia oifigiúil de chuid thríú tír nó chríoch an tseolta, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta an deimhniú sláinte ainmhithe bunaidh a fhormhuiniú. Áiritheoidh údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta go gcomhlíonfar rialacha agus prionsabail deimhniúcháin atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
7. |
An dath a bheidh ar an síniú ar an deimhniú sláinte ainmhithe, beidh sé éagsúil leis an dath a bheidh ar an gcló. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le stampaí seachas na stampaí sin atá cabhartha nó a bhfuil comhartha uisce orthu. |
|
8. |
Uimhir thagartha an deimhnithe sláinte ainmhithe, uimhir dá dtagraítear i mBoscaí I.2 agus II.a, is é údarás inniúil thríú tír nó chríoch an tseolta a eiseoidh í. |
IARSCRÍBHINN V
Formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9, pointe (b)(i), Airteagal 17, pointe (2)(c), Airteagal 18(3) agus Airteagal 26(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
CUID 1
Formáid agus leagan amach an dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
DEARBHÚ
Déanaimse, a bhfuil mó shíniú anseo thíos
… (1)
[úinéir na bpeataí atá sonraithe sa tábla thíos]
a dhearbhú go bhfuil an duine ainmnithe seo a leanas
… (1)
údaraithe agam chun gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí seo a leanas a dhéanamh thar mo cheann:
Sonraí na bpeataí atá faoi réir na gluaiseachta neamhthráchtála
|
Uimhir aitheantais ainmhí |
Uimhir an phas nó uimhir an deimhnithe sláinte ainmhithe |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Áit agus dáta: …
Síniú: …
Dáta gluaiseachta an úinéara: … (2)
CUID 2
Formáid agus leagan amach an dearbhaithe i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
DEARBHÚ
Déanaimse, a bhfuil mó shíniú anseo thíos …
[úinéir na bpeataí atá sonraithe sa tábla thíos nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú i scríbhinn faighte aige nó aici ón úinéir chun gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí a dhéanamh thar ceann an úinéara (3)]
a dhearbhú gur gluaiseacht neamhthráchtála í gluaiseacht na bpeataí seo a leanas agus nach é is aidhm di úinéireacht na bpeataí lena mbaineann a dhíol ná cineál eile aistrithe úinéireachta a dhéanamh orthu.
Sonraí na bpeataí atá faoi réir na gluaiseachta neamhthráchtála
|
Uimhir aitheantais ainmhí |
Uimhir an deimhnithe sláinte ainmhithe |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ar feadh na gluaiseachta neamhthráchtála, beidh na hainmhithe thuasluaite fós faoi fhreagracht na ndaoine seo a leanas:
|
(1) cibé acu |
[an t-úinéir.] |
|
(1) nó[an duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige nó aici ón úinéir chun an |
ghluaiseacht neamhthráchtála a dhéanamh thar ceann an úinéara.] |
Áit agus dáta: …
Síniú an úinéara nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige nó aici ón úinéir an ghluaiseacht neamhthráchtála a dhéanamh thar ceann an úinéara (3): …
CUID 3
Formáid agus leagan amach an dearbhaithe i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
DEARBHÚ
Déanaimse, a bhfuil mó shíniú anseo thíos …
[úinéir na bpeataí éan atá sonraithe sa tábla thíos nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige nó aici ón úinéir chun an ghluaiseacht neamhthráchtála a chur i gcrích thar ceann an úinéara (4)]
Seoladh: …
Uimhir theileafóin: …
a dhearbhú:
|
1. |
Gur gluaiseacht neamhthráchtála í gluaiseacht na bpeataí éan seo a leanas agus nach é is aidhm di na peataí éan lena mbaineann a dhíol ná cineál eile aistrithe úinéireachta a dhéanamh orthu. Sonraí na bpeataí éan atá faoi réir na gluaiseachta neamhthráchtála
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
2. |
Ar feadh na gluaiseachta neamhthráchtála, go mbeidh na peataí éan atá luaite thuas fós faoi fhreagracht na ndaoine seo a leanas:
|
|
3. |
Le linn na tréimhse idir an chigireacht chliniciúil réamhghluaiseachta a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe agus an t-imeacht féin, go mbeidh na héin á leithlisiú agus nach mbeidh teagmháil acu le haon éan eile. |
|
4. (1) cibé acu |
|
Áit agus dáta: …
Síniú an úinéara nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige nó aici ón úinéir an ghluaiseacht neamhthráchtála a dhéanamh thar ceann an úinéara (4): …
CUID 4
Formáid agus leagan amach an dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (b)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
DEARBHÚ
Déanaimse, a bhfuil mó shíniú anseo thíos
… (7)
[úinéir na bpeataí atá sonraithe sa tábla thíos nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú i scríbhinn faighte aige nó aici ón úinéir chun gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí a dhéanamh thar ceann an úinéara (8)]
a dhearbhú gurb amhlaidh, ón mbreith go dtí tráth na gluaiseachta neamhthráchtála, nach raibh aon teagmháil ag na peataí seo a leanas le hainmhithe talún ar coimeád atá faoi bhrat amhrais ionfhabhtaithe le víreas an chonfaidh ná le hainmhithe fiáine de speicis atá soghabhálach i leith an chonfaidh:
Sonraí na bpeataí atá faoi réir na gluaiseachta neamhthráchtála
|
Cód alfa-uimhriúil an trasfhreagróra más ann dó |
Uimhir phas |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Áit agus dáta: … Síniú: …
CUID 5
Formáid agus leagan amach an dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
DEARBHÚ
Déanaimse, a bhfuil mó shíniú anseo thíos
… (9)
[úinéir na bpeataí atá sonraithe sa tábla thíos nó an duine nádúrtha a bhfuil údarú i scríbhinn faighte aige nó aici ón úinéir chun gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí a dhéanamh thar ceann an úinéara (10)]
a dhearbhú gurb amhlaidh, ar feadh an idirthurais trí thríú tír nó trí chríoch seachas iad siúd a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún, nach raibh aon teagmháil ag na peataí seo a leanas le hainmhithe de speiceas atá soghabhálach i leith an chonfaidh agus go raibh siad á gcoimeád laistigh de mhodh iompair nó laistigh de theorainn calafoirt nó aerfoirt idirnáisiúnta(2):
Sonraí na bpeataí atá faoi réir na gluaiseachta neamhthráchtála
|
Cód alfa-uimhriúil an trasfhreagróra más ann dó |
Uimhir an deimhnithe sláinte ainmhithe |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Áit agus dáta: … Síniú: …
CUID 6
Ceanglais teanga maidir leis na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9, pointe (b)(i) agus Airteagal 17, pointe (2)(c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
Déanfar na dearbhuithe a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit cinn scríbe/teacht isteach agus i mBéarla.
(1) Le líonadh isteach i mbloclitreacha.
(2) Déanfar an ghluaiseacht laistigh de 5 lá ó ghluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí atá sonraithe thuas.
(3) Scrios de réir mar is iomchuí.
(4) Scrios de réir mar is iomchuí.
(6) Cuir isteach ainm, uimhir formheasa agus sonraí teagmhála na bunaíochta coraintín.
(7) Le líonadh isteach i mbloclitreacha.
(8) Scrios de réir mar is iomchuí.
(9) Le líonadh isteach i mbloclitreacha.
(10) Scrios de réir mar is iomchuí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/705/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)